Committee Reports::Report No. 02 - Statutory Instruments::08 September, 1965::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 8 Meán Fómhair, 1965.

Wednesday, 8th September, 1965.

1. Chruinnigh an Coiste ar 3.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Giolla Chomhghaill, Ó Maoil Eoin agus Mac Sítigh-Sceimhealtún.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir an Roinn Rialtais Áitiúil isteach de réir Ordú an 28 Iúil, 1965, a bhreithniú:—


Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na h-ionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin um an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Fobrairt), 1963 (Achomhairc agus Tarchuir), 1964 [I.R. Uimh. 216 de 1964].


Na Rialacháin um an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 (Ceadúnú), 1964 [I.R. Uimh. 218 de 1964].


Na Rialacháin um an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus forbairt), 1963 (Cúiteamh), 1964 [I.R. Uimh. 217 de 1964].


4. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an daichead is cúig ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na h-ionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacha i dtaobh Coistí Gairmoideachais (Liúntais do Chomhaltaí) (Leasú), 1964 [I.R. Uimh. 226 de 1964].


Na Rialacháin Ghairmoideachais (Deontais i leith Scéimeanna Bliantúla Coistí), 1964 [I.R. Uimh. 228 de 1964].


Na Rialacháin Ghairmoideachais (Conarthaí) (Leasú), 1964 [I.R. Uimh. 234 de 1964].


Na Rialacháin Telex (Leasú), 1964 [I.R. Uimh. 229 de 1964].


An tOrdú fán Acht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936 (Iompar nach Iompar Idirnáisiúnta), 1964 [I.R. Uimh. 264 de 1964].


An tOrdú um an Acht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1963 (Tosach Feidhme), 1964 [I.R. Uimh. 291 de 1964].


Na Rialacháin Aerfoirt Neamhchustam (Réim Dlíthe a Leathnú) (Uimh. 2), 1964 [I.R. Uimh. 245 de 1964].


An tOrdú fán Ordú um Ospidéal Déadliachta Bhaile Átha Cliath (Bunú), 1963 (Leasú), 1964 [I.R. Uimh. 260 de 1964].


An tOrdú um an mBord Córacha Aimride d’Ospidéil (Bunú), 1965 [I.R. Uimh. 1 de 1965].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal Tógála agus Deisiúcháin Long) (Eisiamh), 1964 [I.R. Uimh. 295 de 1964].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Leatháin Chlóite a Chleandaráil) (Eisiamh), 1964 [I.R. Uimh. 283 de 1964].


An tOrdú um Shiopaí Ilghnéitheacha (Uaire Trádála ar Laethanta na Seachtaine) (Tuaim), 1964.


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Cill Dara) (Leasú) 1964 [I.R. Uimh. 273 de 1964].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Laoighis), 1964 [I.R. Uimh. 274 de 1964].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Lú), 1964 [I.R. Uimh. 275 de 1964].


Na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Treoir-Mharcanna) (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 30 de 1965].


Na Rialacháin um an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 (Ceadúnú), 1965 [I.R. Uimh. 76 de 1965].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Déanamh, Trealamh agus Úsáid Feithiclí) (Leasú) 1965 [I.R. Uimh. 79 de 1965].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 86 de 1965].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Leasú) (Uimh. 2), 1965 [I.R. Uimh. 116 de 1965].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Leasú) (Uimh. 3), 1965 [I.R.Uimh. 142 de 1965].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Uíbh Fhailí), 1964 [I.R. Uimh. 276 de 1964].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Tiobraid Árann, an Trian Theas), 1964 [I.R. Uimh. 277 de 1964].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (An Iarmhí), 1964 [I.R. Uimh. 278 de 1964].


Na Rialacháin um Thobhach Onnmhairithe Bradán (Leasú), 1964 [I.R. Uimh. 292 de 1964].


Ordú d’Fhorchur Dleachtanna (Tairgí Iarainn agus Cruach) (Uimh. 2), 1964 [I.R. Uimh. 296 de 1964].


Ordú na mBannaí Talún, 1965 [I.R. Uimh. 7 de 1965].


Na Rialacháin um Rialú Iomlaoide, 1965 [I.R. Uimh. 66 de 1965].


Na Rialacháin um Rialú Iomlaoide (Uimh. 2), 1965 [I.R. Uimh. 150 de 1965].


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Innill Iascaireachta a Cheadúnú) (Leasú), 1965.


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Abhainn na Finne agus Abhainn an Fheabhail) (Séasúr Coiscthe le haghaidh Duánachta), 1965.


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Sruth-Líontóireacht), 1965.


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Cairpéadra Tomach) (Eisiamh), 1965 [I.R.Uimh. 25 de 1965].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal na nÉadaí Cniotáilte) (Eisiamh), 1965 [I.R. Uimh. 45 de 1965].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Feisteáin Leictreachais Áirithe) (Eisiamh), 1965 [I.R. Uimh. 46 de 1965].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Múnlú Plaisteach) (Eisiamh), 1965 [I.R. Uimh. 53 de 1965].


An tOrdú um Shiopaí Eadaí agus Coisbhirt (Uaire Trádála ar Laethanta Seachtaine) (Baile Locha Riach), 1965


An tOrdú um Shiopaí Gruagaireachta (Uaire Trádála ar Laethanta na Seachtaine) (Ceantar Uirbeach Dhún Dealgan) 1965.


Scéim Óglaigh na hÉireann (Pinsin) (Leasú), 1964 [I.R. Uimh. 247 de 1964].


Scéim Óglaigh na hÉireann Pinsin (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 154 de 1965].


Rialacháin Óglaigh na hÉireann:—


An Slua Muirí. R.Ó.É. R. 6.— Leasuithe. Leasú Uimh. 29.


Pá agus Liúntáis (Na BuanÓglaigh). R.Ó.É. S.3-Leasuithe.Leasú Uimh.236.


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar an údarás lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


Na Rialacháin um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1965 [I.R. Uimh. 12 de 1965].


Na Rialacháin um an Acht Cróinéirí, 1962 (Táillí agus Costais), 1965 [I.R. Uimh. 32 de 1965].


Na Fodhlíthe Ginearálta um Thrácht ar Bhóithre, 1964 [I.R. Uimh. 294 de 1964].


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.40 p.m.