Committee Reports::Report - A Statement reported in the press to have been made by a Member::29 April, 1964::Report

TUARASCÁIL

1. De bhun an Ordaithe a rinne an Dáil an 8 Aibreán, 1964, d’inscrúdaigh an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí ráiteas a tuairiscíodh i bPreas an 7 Aibreán, 1964, a bheith déanta ag an Teachta Risteard Ó Riain ag cruinniú de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Foilsíodh ar Scéala Éireann an ráiteas faoina ndearnadh an gearán agus seo é an ráiteas:


“Many members of Dáil Éireann are blatantly dishonest in this regard. They make claims for travel expenses when they travel in other Deputies’ cars”.


2. Tar éis don Choiste tuairisc an nuachtáin a bhreithniú, chinn an Coiste ar an Teachta Risteárd Ó Riain a agallamh i dtaobh an scéil.


3. Tháinig an Teachta Ó Riain i láthair ag cruinniú den Choiste agus dúirt sé leis an gCoiste nach ndearna sé an chaint a cuireadh ina leith sa tuairisc agus nár dhóigh leis go bhféadfaí an bhrí a baineadh as a ndúirt sé ar an ócáid a bhaint as.


4. Glacann an Coiste lena ndúirt an Comhalta agus molann sé nach ndéanfaí a thuilleadh i dtaobh an scéil.


(Sínithe) PÁDRAIG Ó hÓGÁIN,


Cathaoirleach.


29 Aibreán, 1964.