Committee Reports::Report - A Statement reported in the press to have been made by a Member::22 April, 1964::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 22 Aibreán, 1964.

Wednesday, 22nd April, 1964.

1. Tionóladh an tAonú Cruinniú is Fiche den Choiste ar 4.30 p.m., i Seomra 106.


2. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Ceann Comhairle (Cathaoirleach), Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí Booth, Séamas Ó Coileáin, Seán Ó Coileáin, Mac Cuinneagáin, Ó Fachtna, Mac Giobúin, Ó Cadhain, Micheál Ó hUiginn, Ó Súilleabháin, Ó Searbháin, Suatman agus Ó Tuichligh.


3. Ráiteas a Tuairiscíodh sa Phreas a bheith déanta ag Comhalta.


Léadh an tOrdú a rinne an Dáil an 8 Aibreán ag cur ráitis faoi bhráid an Choiste a tuairiscíodh i bPreas an 7 Aibreán a bheith déanta ag an Teachta Risteard Ó Riain ag cruinniú de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Foilsíodh ar Scéala Eireann an ráiteas dá dtagraítear agus seo é an ráiteas:—


“Many members of Dáil Éireann are blatantly dishonest in this regard. They make claims for travel expenses when they travel in other Deputies’ cars”.


Rinne an Coiste breithniú.


Beartaíodh: Go gcuirfeadh an Coiste an Teachta Risteárd Ó Riain faoi agallamh [An Teachta Booth].


9. Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.35 p.m.