Committee Reports::Report - A Statement reported in the press to have been made by a Member::29 April, 1964::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

6 Nollaig, 1961:—Ordaíodh: Go gceapfar Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí a bheidh comhdhéanta den Cheann Comhairle mar Chathaoirleach agus de sheacht gComhalta dhéag eile a ainmneoidh an Coiste Roghnóireachta; go dtabharfar cumhacht don Choiste chun breithniú a dhéanamh ar chúrsaí nós imeachta i gcoitinne agus chun aon bhreiseanna nó leasuithe ar na Buan-Orduithe atá ann cheana a mheasfar a bheith riachtanach a mholadh, agus fós chun breithniú agus tuairisciú a dhéanamh fé mar agus nuair a iarrfar sin i dtaobh pribhléidí Comhaltaí.


Gur ochtar córam don Choiste (Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh).


7 Nollaig, 1961:—Comhaltaí a ceapadh chun fónamh ar an gCoiste:—Na Teachtaí Ó Blathmhaic, Booth, Seosamh Ó Braonáin, Ó Colla, Séamas Ó Coileáin, Seán Ó Coileáin, Mac Cuinneagáin, Easmonn, Ó Fachtna, Mac Giobúin, Ó Cadhain, Mac Cárthaigh, Micheál Ó hUiginn, Ó Súilleabháin, Ó Searbháin, Suatman agus Ó Tuichligh.


8 Aibreán, 1964:—Chuir an Taoiseach in iúl gur foilsíodh tuairisc sa Phreas 7 Aibreán, 1964, inar cuireadh an ráiteas seo a leanas i leith an Teachta Risteárd Ó Riain:—


“Many members of Dáil Éireann are blatantly dishonest in this regard. They make claims for travel expenses when they travel in other Deputies’ cars”


agus dúirt gur dealraitheach go raibh pribhléidí Dháil Éireann i gceist ann.


Chinn an Ceann Comhairle gur sárú pribhléidí a bhí prima facie sa ráiteas a tuairiscíodh.


Ordaíod: Go gcuirfear an t-ábhar faoi bhráid an Choiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí (An Taoiscach).