Committee Reports::Report - Royal College of Surgeons in Ireland (Charter Amendment) Bill, 1963 [Private]::12 August, 1964::Report

TUARASCÁIL.

1. Tuairiscíonn an Comhchoiste gur scrúdaigh sé an Réamhrá a ghabhann leis an mBille agus chun é a chur i gcomhréir le forálacha an Bhille arna leasú ag an gCoiste, go bhfuil sé tar éis an Réamhrá a leasú tríd an mír seo a leanas a chur isteach ann:—


AGUS DE BHRÍ gur fóirsteanach gurbh é an tAire Oideachais an t-údarás formheasa le haghaidh fodhlíthe a dhéanfaidh Comhairle an Choláiste sin:.


Chinn sé gur cruthaíodh chun a shástachta na líomhaintí atá luaite sa Réamhrá, arna leasú.


2. Bhreithnigh an Coiste an Bille agus rinne sé leasuithe air á fhoráil go n-ainmneofaí an tAire Oideachais mar údarás formheasa le haghaidh fodhlíthe a dhéanfaidh Comhairle an Choláiste. Rinne sé roinnt leasuithe dréachtóireachta freisin agus leasaigh sé an Teideal chun go léifidh sé mar a leanas:—


ACHT DO LEASÚ NA gCAIRTEACHA NÓ NA LITREACHA PAITINNE FAOINAR CORPRAÍODH COLÁISTE RÍOGA NA MÁINLEÁ IN ÉIRINN.


3. Ag breithniú an Bhille dó rinne an Coiste breithniú ar thuarascáil ó Choimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d’Éirinn. Níor mheas an Coiste gur chuí ná gur ghá an moladh a rinneadh sa tuarascáil sin, agus dá réir sin níor thug sé éifeacht don mholadh sin.


(Sínithe) GEARÓID SUATMAN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


12 Lúnasa, 1964.