Committee Reports::Report - Royal College of Surgeons in Ireland (Charter Amendment) Bill, 1963 [Private]::22 July, 1964::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 22 Iúil, 1964.

Wednesday, 22nd July, 1964.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Suatman (i gCeannas), na Teachtaí de Valéra agus Seán Ó Duinn; na Seanadóirí Mac Giolla Phádraig, Eoin Ó Riain agus Sheldon.


3. Láithriú thar ceann na dTionscnóirí.


Láithrigh Frank FitzGibbon, Q.C., A. D. Pringle, A.S., agus Messrs. Milward Jones, Mayne and Knapp, Gníomhairí Parlaiminte, thar ceann na dTionscnóirí, Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn.


4. Tacaíocht leis an Réamhrá.


Éisteadh Frank FitzGibbon, Q.C., agus A. D. Pringle, A.S., ag tacú le Réamhrá an Bhille agus ghlaodar finnéithe.


5. Ceistiú Finnéithe.


Rinneadh Terence J. Millin, F.R.C.S.I., Uachtarán Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn agus an Dochtúir Harry O’Flanagan, Cláraitheoir Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn, a chur faoi mhionn agus a scrúdú.


Folmhaíodh an seomra.


6. Rinne an Coiste breithniú.


7. Miontuairiscí ar an bhFianaise.


Ordaíodh: Gan an fhianaise a chlóbhualadh, de bhun Buan-Ordú 80 (Gnó Príobháideach).


8. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.30 p.m. go dtí 2.30 p.m., Dé Céadaoin, 12 Lúnasa, 1964.