Committee Reports::Report - Royal College of Surgeons in Ireland (Charter Amendment) Bill, 1963 [Private]::12 August, 1964::Orders of Reference

SEANAD ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

4 Márta, 1964:—Beartaíodh: Go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste den dá Theach a cheapadh chun an Bille um Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn (Leasú Cairte), 1964, a bhreithniú, eadhon, Bille dá ngairtear Acht do leasú na gcairteacha faoinar corpraíodh Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn.


18 Márta, 1964:—Ordaíodh: Go gceapfar Roghchoiste a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Dáil Éireann chun an Bille um Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn (Leasú Cairte), 1964, a bhreithniú.


13 Bealtaine, 1964:—Seanadóirí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:—Tomás Mac Giolla Phádraig, Eoin Ó Riain agus Liam Sheldon.


13 Bealtaine, 1964:—Ceapadh Cathaoirleach don Chomhchoiste:—An Teachta Gearóid Suatman.


DÁIL ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

5 Márta, 1964:—Beartaíodh: Go gcomhthoilíonn Dáil Éireann le Seanad Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Dháil Éireann an 4ú lá de Mhárta, 1964, go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste den dá Theach a cheapadh chun an Bille um Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn (Leasú Cairte), 1964, a bhreithniú.


8 Aibreán, 1964:—Ordaíodh: Go gceapfar Roghchoiste a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste atá ceaptha ag Seanad Éireann chun an Bille um Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn (Leasú Cairte), 1964, a bhreithniú.


14 Bealtaine, 1964:—Teachtaí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:—Lionel Booth, Vivion de Valéra agus Seán Ó Duinn.


14 Bealtaine, 1964:—Ceapadh Cathaoirleach don Chomhchoiste:—An Teachta Gearóid Suatman.