Committee Reports::Report - A Statement reported in the press to have been made by a Member::23 April, 1964::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Déardaoin, 23 Aibreán, 1964.

Thursday, 23rd April, 1964.

1. Tionóladh an Dóú Cruinniú is Fiche den Choiste ar 12.30 p.m., i seomra 106.


2. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Ceann Comhairle (Cathaoirleach), Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí Booth, Séamus Ó Coileáin, Mac Cuinneagáin, Ó Fachtna, Ó Cadhain, Mac Cárthaigh, Micheál Ó hUiginn, Ó Súilleabháin, Ó Searbháin, Suatman agus Ó Tuichligh.


3. Ráiteas a Tuairiscíodh sa Phreas a bheith déanta ag Comhalta.


D’athchrom an Coiste ar bhreithniú a dhéanamh ar an ngearán i dtaobh sárú pribhléide maidir le ráiteas a tuairiscíodh i bPreas an 7 Aibreán a bheith déanta ag An Teachta Rísteárd Ó Riain.


Rinne an Coiste an Teachta Ó Riain a agallamh. Dúirt sé nach ndearna sé an chaint a cuireadh ina leith sa tuairisc agus nár dhóigh leis go bhféadfaí an bhrí a baineadh as a ndúirt sé ar an ócáid a bhaint as.


Chinn an Coiste glacadh le ráiteas an Chomhalta agus a mholadh don Dáil nach ndéanfaí a thuilleadh i dtaobh an scéil.


Dréacht-Thuarascáil le hullmhú.


4. Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.10 p.m.