Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1962 - 1963::21 May, 1964::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 21 Bealtaine, 1964.

Thursday, 21st May, 1964.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Eoin (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Mac Artúir, de Cliontún, Nioclás Mac Aodhagáin, Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas), Ó Cionaodha, Ó Leathlobhair agus Ó Treasaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1962-63.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1962-63. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—An Príomh-Oispidéal Meabhair Ghalar, Oifig an tSoláthair, Sláinte, Poist agus Telegrafa agus Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh an Dr. L. Ó Cadhain (Gobharnóir, An Príomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar), B. Ó Brolcháin (Ceannasaí, Oifig an tSoláthair), P. Ó Muireadhaigh (Rúnaí, An Roinn Sláinte), L. Ó Broin (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa), S. Réamonn (Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim), S. Ó Faoláin (An Roinn Airgeadais) agus an tArd Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.35 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin, 4 Meitheamh.