Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1962 - 1963::14 May, 1964::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 14Bealtaine, 1964.

Thursday, 14th May, 1964.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Eoin (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Mac Artúir, de Cliontún, Mac Cuinneagáin, Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas) agus Ó Leathlobhair.


3. Rinne an Coiste breithniú.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1962-63.


Tosaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1962-63. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oíreachtais, Roinn an Taoisigh, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Oifig an Aire Airgeadais, An tSaotharlann Stáit, Coímisiún na Státseírbhíse, An Chomhairle Ealaíon, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, An tSeirbhís Sicréideach, Costais faoin Acht Toghcháin agus faoi Acht na nGiúiréithe, Deontais Talmhaíochta, DlíMhuirír, Costais Ilghnéitheacha, Méadú ar Phinsin, Aisíocaí leis an gCiste Teagmhais, Tabhartais agus Tiomnachtaí Carthanúla, Oifig an Aire Dlí agus Cirt, An Garda Síochána, Príosúin, na Cúirteanna Breithiúnais, Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas, Gnóthaí Eachtracha agus Comhar Idirnáisiúnta.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. Whitaker (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), S. Ó Máirtín (Rúnaí, Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla), P. Ó Béara (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), A. Mac Canna (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.40 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.