Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1962 - 1963::04 June, 1964::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 4 Meitheamh, 1964.

Thursday, 4th June, 1964.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Eoin (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Pádraig de Búrca, Mac Artúir, Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas), Ó Leathlobhair agus Ó Treasaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1962-63.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1962-63. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Roinn na Gaeltachta, Scéimeanna Fostaíochta agus Éigeandála, Cosaint, Arm-Phinsin, Luacháil agus Suirbhéireacht an Ordanáis agus Rátaí ar Mhaoin Rialtais.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Ó Braonáin (Rúnaí, Roinn na Gaeltachta), R.Ó hÉigeartaigh (Stiúrthóir, Scéimeanna Fostaíochta agus Éigeandála), Aodh Mac Brádaigh (Rúnaí, an Roinn Cosanta), S. Ó Maonaigh (Coimisinéir Luachála), S. de Faoite (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.15 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.