Committee Reports::Report No. 01 - Statutory Instruments::18 November, 1964::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN HOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 18 Samhain, 1964.

Wednesday, 18th November, 1964.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.15 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Giolla Chomhghaill, Deasmhumhnaigh, Eoin Ó Riain agus Sheldon.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Ranna isteach de réir Orduithe an 24 Meitheamh, 1964, agus 15 Iúil, 1964, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (vi) den Ordú Tagartha:—


Na Rialacháin um Théiteoirí Ola, 1963 [I.R. Uimh. 9 de 1963].


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le na hionstraimí seo a leanas, ar an Roinn Rialtais Áitiúil ionadaí a cheapadh chun teacht os comhair an Choiste mar fhinné chun an ionstraim seo a leanas a mhíniú:—


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Feithiclí Seirbhíse Poiblí) 1963 [I.R. Uimh. 191 de 1963].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Soilsiú Feithiclí), 1963 [I.R. Uimh. 189 de 1963].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Déanamh, Trealamh agus Usáid Feithiclí), 1963 [I.R. Uimh. 190 de 1963].


4. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis na naoi n-ionstraim reachtúla a luaitear thíos a bhreithniú—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na h-ionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Treoir-Mharcanna) (Leasú), 1964 [I.R. Uimh. 8 de 1964].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Síneacha) (Leasú), 1964 [I.R. Uimh. 56 de 1964].


An tOrdú um Fheithiclí Inneallghluaiste (Cúrsaíocht Idirnáisiúnta) (Leasú), 1964 [I.R. Uimh. 59 de 1964).


Na Rialacháin um Thácht ar Bhóithre (Feithiclí Seirbhíse Poiblí) (Leasú), 1964 [I.R. Uimh. 106 de 1964].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Peitriliam), 1964 [I.R. Uimh. 174 de 1964].


Na Rialacháin fán Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 (Alt 103) (Cionta) (Leasú), 1964 [I.R. Uimh. 191 de 1964].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Árachas Éigeantach) (Leasú), 1964 [I.R. Uimh. 58 de 1964].


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar ar an Roinn Rialtais Áitiúil ionadaí a cheapadh chun teacht os comhair an choiste mar fhinné chun na hionstraimí seo a leanas a mhíniú:—


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Tiománaithe a Cheadúnú), 1964 [I.R. Uimh. 29 de 1964].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha), 1963 [I.R. Uimh. 18 de 1963].


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.40 p.m.