|
IMEACHTAÍ AN HOISTE.THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEEDé Céadaoin, 15 Iúil, 1964.Wednesday, 15th July, 1964.1. Chruinnigh an Coiste ar 4.30 p.m. 2. Comhaltaí i Láthair. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:— An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí de Brún, Mac Giolla Chomhghaill, Eoin Ó Riain agus Sheldon. 3. Fianaise Béil a Bhreithniú. Tar éis an fhianaise béil a thug Messrs F. Griffin S.C., D. J. O’Malley, Solicitor agus D. B. Holland os comhair an Choiste an l Iúil, 1964, a bhreithniú:— Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhorais (iii) agus (vi) den Rún Tagartha:— Na Rialacháin um Dhíolacháin Phoiblí Cúnna, 1963 [I.R. Uimh. 34 de 1963]. 4. Breithniú ar Mheabhráin. Tar éis meabhráin a chuir an Roinn isteach de réir Orduithe an 24 Meitheamh, 1964, a bhreithniú:— Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na hionstraimí seo a leanas ar fhoras (vi) den Ordú Tagartha:— An Barántas Leasaithe Teileagraf (Teileagraim Scríofa Intíre) (Uimh. 8), 1963 [I.R. Uimh. 179 de 1963]. Na Rialacháin Chraolacháin (Ceadúnais Ghlacadóireachta) (Leasú) 1963 [I.R. Uimh. 199 de 1963]. 5. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla. Tar éis an tríocha ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:— (i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:— Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochair Fhorluiteacha) (Leasú), 1963 [I.R. Uimh. 217 de 1963]. Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Míchumais, Dífhostaíochta agus Pósta) (Leasú) (Uimh. 2), 1962 [I.R. Uimh. 227 de 1962]. Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Pinsean (Ranníocach) Seanaoise) (Idirlinn) (Leasú), 1963 [I.R. Uimh. 229 de 1963]. Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochair Fhorluiteacha) (Leasú) (Uimh. 2), 1962 [I.R. Uimh 236 de 1962]. Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Pinsean (Ranníocach) Seanaoise) (Leasú), 1963 [I.R. Uimh. 247 de 1963]. An tOrdú um an Ordú fán Acht Stroighne, 1933 (Oibreacha Iompair) (Bóthar Iarainn), 1938 (Leasú), 1963 [I.R. Uimh. 242 de 1963]. An tOrdú um an Ordú fé sna hAchtanna Stroighne, 1933 agus 1938 (Oibreacha Iompair) (Leataobhacha Bóthar Iarainn), 1939 (Leasú), 1963 [I.R. Uimh. 243 de 1963]. Na Rialacháin um na Rialacháin faoin Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Deontais faoi alt 109), 1939 (Leasú), 1963 [I.R. Uimh. 44 de 1963]. Rialacháin an Fhórsa Cosanta. A.7—Leasuithe. Leasú Uimh. 29. Q.2—Leasuithe. Leasú Uimh. 19. R.6—Leasuithe. Leasú Uimh. 25. S.3—Leasuithe. Leasú Uimh. 214. Barántas Leasaithe an Phoist Intíre (Uimh. 12), 1963 [I.R. Uimh. 153 de 1963]. Na Rialacháin um Choinníollacha (Tionscal Pacáistithe Siúcra) (Eisiamh), 1963 [I.R. Uimh. 46 de 1963]. An tOrdú fán Ordú Pá Talmhaíochta (Rátaí Íosta), 1962 (Cúlghairm), 1963 [I.R. Uimh. 248 de 1963]. An tOrdú um Praghas Miondíola (Bia) a Thaispeáint, 1963 [I.R. Uimh. 218 de 1963]. An tOrdú um Fhorchur Dleachtanna (Fionraí Ilghnéitheacha), 1962 [I.R. Uimh. 228 de 1962]. An tOrdú um an Acht Iompair, 1958 (alt 14 (6)) (Uimh. 2), 1963 [I.R. Uimh. 103 de 1963]. An tOrdú fán Acht Aerphoirt Neamhchustam (Leasú), 1958 (Tosach Feidhme alt 7), 1963 [I.R. Uimh. 137 de 1963]. An tOrdú um Ola-Thruailliú na Farraige (Tíortha an Choinbhinsiúin) (An Astráil agus Aintillí na hÍsiltíre), 1963 [I.R. Uimh. 8 de 1963]. An tOrdú um Ola-Thruailliú na Farraige (Tíortha an Choinbhinsiúin) (Ilghnéitheach), 1963 [I.R. Uimh. 240 de 1963]. An tOrdú Loingis Cheannaíochta (Coinbhinsiún Sábháilteachta) (Tíortha lena mBaineann), 1963 [I.R. Uimh. 239 de 1963]. Rialacháin na mBannaí Talún (Bannaí Talún 5½ % a Tharraingt), 1963 [I.R. Uimh. 13 de 1963]. Na Rialacháin um Dhaoine Míchumasaithe (Athinmheachan), 1963 [I.R. Uimh. 141 de 1963]. Scéim Aoisliúntais na Meán-Mhúinteoirí (Leasú) (Uimh). 2), 1963 [I.R. Uimh. 244 de 1963]. (ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar na Ranna lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:— Na Rialacháin um Dhaoine Míchumasaithe (Liúntais Chothabhála), 1963 [I.R. Uimh. 142 de 1963]. Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Soilsiú Feithiclí), 1963 [I.R. Uimh. 189 de 1963]. Na Rialachaín um Thrácht ar Bhóithre (Déanamh, Trealamh agus Úsáid Feithiclí), 1963 [I.R. Uimh. 190 de 1963]. Na Rialacháin um Ghalair Aicídeacha (Cothabháil), 1963 [I.R. Uimh. 200 de 1963]. Na Rialacháin um Théiteoirí Ola 1963 [I.R. Uimh. 9 de 1963]. 6. Athlá. Chuaigh an Coiste ar athló ar 5 p.m. |
||||||||||||