Committee Reports::Report No. 01 - Statutory Instruments::02 December, 1964::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN HOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 2 Nollaig, 1964.

Wednesday, 2nd December, 1964.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Giolla Chomhghaill, Ó Deasmhumhnaigh, Eoin Ó Riain agus Sheldon.


3. Scrúdú ar Ionadaithe Roinne.


Rinneadh E. T. Sheehy, M. J. Murphy agus K. Coghlan, na hionadaithe a cheap an Roinn Rialtais Áitiúil chun teacht os comhair an Choiste de dhroim Ordaithe an 18 Samhain, 1964 a cheistiú maidir leis na h-ionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Tiománaithe a Cheadúnú), 1963 [I.R. Uimh. 191 de 1963].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Tiománaithe a Cheadúnú), 1964 [I.R. Uimh. 29 de 1964].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Soilsiú Feithiclí), 1963 [I.R. Uimh. 189 de 1963].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Déanamh Trealamh agus Úsáid Feithiclí), 1963 [I.R. Uimh. 190 de 1963].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha), 1963 [I.R. Uimh. 18 de 1963].


4. Rinne an Coiste breithniú.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 6.5 p.m.