Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1962 - 1963::11 June, 1964::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 11 Meitheamh, 1964.

Thursday, 11th June, 1964.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Eoin (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Mac Artúir, de Cliontún, Mac Cuinneagáin, Nioclás Mac Aodhagáin, Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Áránn Theas), Ó Cionaodha, Ó Leathlobhair agus Ó Treasaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1962-63.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1962-63. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Iompar agus Cumhacht, Tionscal agus Tráchtáil, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh Thekla Beere (Rúnaí, An Roinn Iompair agus Cumhachta), S. Mac Cárthaigh (Rúnaí, An Roinn Tionscail agus Tráchtála), H. Mundow (Cathaoirleach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí), C. Ó Broin (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.50 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.