Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1962 - 1963::18 June, 1964::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 18 Meitheamh, 1964.

Thursday, 18th June, 1964.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Eoin (i gCeannas), na Teachtaí Mac Artúir, Ó Leathlobhair agus Ó Treasaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1962-63.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1962-63. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—An Dánlann Náisiúnta, Rialtas Áitiúil, Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, Árachas Sóisialach agus Cúnamh Sóisialach. Tosnaíodh ar bhreithniú an Chuntais seo a leanas:—Talmhaíocht.


4. An Cruinniú ar Fionraí.


Ordaíodh: An Cruinniú a chur ar fionraí anois go dtí 1.15 p.m. [An Teachta Mac Artúir].


Cuíreadh an Cruinniú ar fionraí dá réir sín ar 1 p.m.


Ar 1.15 p.m. athchromadh ar an gCruinniú.


5. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1962-63.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1962-63. Críochnaíodh an Cuntas seo a leanas:—Talmhaíocht,


6. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. de Faoite (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), S. Ó Gairbhín (Rúnaí, An Roinn Rialtais Áitiúil), L. Ó hUanacháin (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh), S. de Nógla (Rúnaí, An Roinn Talmhaíochta), L, Ó Néill agus S. de Faoite (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


7. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.50 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.