Committee Reports::Report No. 01 - Statutory Instruments::16 December, 1964::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN HOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 16 Nollaig, 1964.

Wednesday, 16th December, 1964.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Ó Braonáin, de Brún, Mac Giolla Chomhghaill, Eoin Ó Riain agus Sheldon.


3. Fianaise Béil a Bhreithniú.


Tar éis an fhianaise béil a thug E. T. Sheehy, M. J. Murphy agus K. Coghlan os comhair an Choiste an 2 Nollaig, 1964, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar an ionstraim seo a leanas:—


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha), 1963 [I.R. Uimh. 18 de 1963].


(ii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na h-ionstraimí seo a leanas ar fhoras (i) den Rún Tagartha:—


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Feithiclí Seirbhíse Poiblí), 1963 [I.R. Uimh. 191 de 1963].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Tiománaithe a Cheadúnú), 1964 [I.R. Uimh. 29 de 1964].


(iii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (iii) den Ordú Tagartha:—


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Tiománaithe a Cheadúnú), 1964 [I.R. Uimh. 29 de 1964].


(iv) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na h-ionstraimí seo a leanas ar fhoras (vi) den Ordú Tagartha:—


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Soilsiú Feithiclí), 1963 [I.R. Uimh. 189 de 1963].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Déanamh, Trealamh agus Úsáid Feithiclí), 1963 [I.R. Uimh. 190 de 1963].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Feithiclí Seirbhíse Poiblí), 1963 [I.R. Uimh. 191 de 1963].


4. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhrán a chuir an Roinn Sláinte isteach de réir Ordú an 10 Meitheamh, 1964, a bhreithniú:—


Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na h-ionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairidiú (Corcaigh), 1963 [I.R. Uimh. 29 de 1963].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairidiú (Luimneach), 1963 [I.R. Uimh. 30 de 1963].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairidiú (Port Láirge), 1963 [I.R. Uimh. 31 de 1963].


5. Rinne an Coiste breithniú.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5 p.m.