Committee Reports::Report No. 01 (1963) - Statutory Instruments [11]::03 April, 1963::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 3 Aibreán, 1963.

Wednesday, 3rd April, 1963.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.15 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Giolla Chomhghaill agus Sheldon.


3. Breithsiú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Ranna faoi bhráid an Choiste de réir Orduithe an 24 Deireadh Fómhair, 1962, agus 5 Nollaig, 1962, a bhreithniú:—


(i) Aontaíodh: Nach gáaon bheart eile a dhéanamh i leith na meamram a chuir an Roinn Cosanta isteach.


(ii) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairidiú (Baile Átha Cliath), 1962 [I.R. Uimh. 75 de 1962].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Cill Dara), 1962 [I.R. Uimh. 76 de 1962].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Cill Mantáin), 1962 [I.R. Uimh. 77 de 1962].


(iii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (iii) den Ordú Tagartha:—


An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (Rialacháin um Dheimhnithe Cáilíochta) (Leasú), 1962 [I.R. Uimh. 137 de 1962].


4. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an caoga a ceithre ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na h-ionstraimí seo a leanas:—


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar Dearbhghlan) (Leasú), (Uimh. 7), 1962.


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar Dearbhghlan) (Leasú), (Uimh. 8), 1962.


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar atá le Glanadh) (Srianta Speisialta) (Leasú), 1962.


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar atá le Glanadh) (Srianta Speisialta) (Leasú) (Uimh. 2), 1962.


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Srianta Speisialta) (Baile Átha Cliath), 1962.


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Gluaiseacht Bhólachta agus Díolacháin Phoiblí Bólachta a Rialú) (Baile Átha Cliath), 1962.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann R.O.É. R.5—Leasuithe. Leasú Uimh. 82.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann R.O.É. R.6—Leasuithe. Leasú Uimh. 22.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann (Breitheanna agus Básanna Áirithe a Tharlaíonn Lasmuigh den Stát a Chlárú), 1962.


An tOrdú d’Fhorchur Dleachtanna (Flocas), 1962.


An tOrdú d’Fhorchur Dleachtanna (Lionóil Iontlaise), 1962.


An tOrdú d’Fhorchur Dleachtanna (Clúdaigh Urláir), 1962.


An tOrdú d’Fhorchur Dleachtanna (Iascghlae agus Geilitin Inite), 1962.


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buanchoiméad), Uimh. 1 de 1962.


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buanchoimeád). Uimh. 2 de 1962.


Na Rialacháin um an Acht Cróinéirí, 1962 (Táillí agus Costais), 1962 [I.R. Uimh. 92 de 1962].


An tOrdú um an Acht Cróinéirí, 1962 (Tosach Feídhme), 1962 [I.R. Uimh. 93 de 1962].


Na Rialacháin um an Acht Cróinéirí, 1962 (Foirmeacha), 1962 [I.R. Uimh. 94 de 1962].


Na Rialacháin um an Acht Cróinéirí, 1962 (Sonraí chun Bás a Chlárú), 1962 [I.R. Uimh. 95 de 1962].


An tOrdú um Im nach Im Uachtarlainne (Toirmeasc ar Onnmhairiú), 1962 [I.R. Uimh. 101 de 1962].


An tOrdú Caomhanta Éanacha Géim, 1962 [I.R. Uimh. 107 de 1962].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Fodhlíthe agus Rialacha Sealadacha) (Leasú), 1962 [I.R. Uimh. 62 de 1962].


Na Rialacháin fán Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 (alt 103) (Cionta), 1962 [I.R. Uimh. 91 de 1962].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Cóiríocht do Phaisnéirí i bhFeithiclí Inneall-ghluaiste), 1962 [I.R. Uimh. 143 de 1962].


Na Fodhlíthe Ginearálta (Áiteanna Staid agus Seasaimh) do Bhusanna, 1962.


An tOrdú um Patraiscí, Piasúin agus Cearca Fraoigh (Onnmhairiú a Rialú), 1962 [I.R. Uimh. 151 de 1962].


An tOrdú um na Rialacháin Aerloingseoireachta (Ginearálta), 1930 (Leasú), 1962 [I.R. Uimh. 187 de 1962].


Na Rialacháin Aerfoirt Neamhchustam (Réim Dlíthe a Leathnú), 1962 [I.R. Uimh. 186 de 1962].


An tOrdú um Chóras Iompair Éireann (Dún Droma-Gabhal Sulchóide) (Crosaire Comhréidh na Gráinsí). 1962 [I.R. Uimh. 157 de 1962].


Ordú Gáis Dhún Dealgan, 1962 (Dréacht).


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (An Tionscal Próiseála Bia) (Eisiamh), 1962 [I.R. Uimh. 181 de 1962].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal Olla i mBéal Easa) (Eisiamh), 1962 [I.R. Uimh. 149 de 1962].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (An Tionscal Mear-Reothriomacháin agus Mear-Aerthriomacháin) (Eisiamh), 1962 [I.R. Uimh. 196 de 1962].


An tOrdú um Ordú na nEachtrannach (Saoirse), 1935 (Cúlghairm), 1962 [I.R. Uimh. 113 de 1962].


Na Rialacháin um Choistí Talmhaíochta (Tuarastail Oifigeach), 1962 [I.R. Uimh. 185 de 1962].


Na Rialacháin Gairmoideachais (Deontais le haghaidh Scéimeanna Bliantúla Coistí), 1962 [I.R. Uimh. 170 de 1962].


Rialacháin na dTithe (Ranníocaí i leith Muirear Iasachtaí) (Leasú), 1962 [I.R. Uimh. 179 de 1962].


Na Rialacháin um Rialú Iomlaoide, 1962 [I.R. Uimh. 205 de 1962].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Ranníocaí) (Leasú), 1962 [I.R. Uimh. 210 de 1962].


Na Rialacháin um an Acht Aturnaethe, 1954 (Táillí Printíseach), 1962 [I.R. Uimh. 131 de 1962].


Na Rialacháin um Bailiúcháin Sráide agus ó Theach go Teach (Foirmeacha Forordaithe), 1962 [I.R. Uimh. 134 de 1962].


An tOrdú um an Saint Stephen’s Green (Dublin) Act, 1877, a Oiriúnú, 1962 [I.R. Uimh. 153 de 1962].


An tOrdú um Ola-Thruailliú na Farraige (Tíortha an Choinbhinsiúin) (Gána, an Ioslainn, Cuáit agus an Libéir), 1962 [I.R. Uimh. 158 de 1962].


Na Rialacháin um Ghalair Aicídeacha (Cothabháil), 1962 [I.R. Uimh. 132 de 1962].


Na Rialacháin um Dhaoine faoi Mhíchumas (Liúntais Chothabhála) (Leasú), 1962 [I.R. Uimh. 133 de 1962].


Na Rialacháin um Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath (Coiste Áitiúla), 1962 [I.R. Uimh. 120 de 1962].


Na Rialacháin um Ullmhóidí Leighis (Rialú Díolacháin) (Sealadach), 1962 [I.R. Uimh. 199 de 1962].


An tOrdú Pá Talmhaíochta (Rátaí Íosta), 1962 [I.R. Uimh. 82 de 1962].


An tOrdú fán Ordú Pá Talmhaíochta (Rátaí Íosta), 1961 (Cúlghairm), 1962 [I.R. Uimh. 81 de 1962].


An tOrdú um Thobhach Cruithneachta (Leasú), 1962 [I.R. Uimh. 167 de 1962].


An tOrdú um an Bord Gráin (Feidhm Bhreise a Shannadh) (Uimh. 2), 1962 [I.R. Uimh. 168 de 1962].


An tOrdú um An Bord Gráin (Feidhm Bhreise a Shannadh) (Uimh. 4), 1962 [I.R. Uimh. 194 de 1962].


(iv) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann meabhráin a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


Ordú na nEachtrannach (Leasú), 1962 [I.R. Uimh. 112 de 1962].


An tOrdú um Chlárlann na nGníomhas (Táillí), 1962 [I.R. Uimh. 195 de 1962].


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.15 p.m.