Committee Reports::Report No. 01 (1963) - Statutory Instruments [11]::31 July, 1963::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 31 Iúil, 1963.

Wednesday, 31st July, 1963.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.15 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Ó Braonáin, de Brún, Mac Giolla Chomhghaill, Ó Riain agus Sheldon.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Ranna faoi bhráid an Choiste de réir Ordaithe an 3 Aibreán, 1963, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann sa dara Tuarascáil ón gCoiste ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (vi) den Ordú Tagartha:—


Ordú na nEachtrannach (Leasú), 1962 [I.R. Uimh. 112 de 1962].


(ii) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar an ionstraim seo a leanas:—


An tOrdú um Chlárlann na nGníomhas (Táillí), 1962 [I.R. Uimh. 195 de 1962].


4. Tuarascáil an Choiste.


Thug an Cathaoirleach Dréacht-Thuarascáil i láthair agus léadh í mar leanas:—


Aontaíodh míreanna 1 go 10 go huile.


Aontaíodh an Dréacht-Thuarascáil.


Ordaíodh: An Tuarascáil a thíolacadh do Sheanad Éireann.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.35 p.m.