Committee Reports::Report No. 01 (1963) - Statutory Instruments [11]::05 December, 1962::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 5 Nollaig, 1962.

Wednesday, 5th December, 1962.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Ó Braonáin, de Brún, Mac Giolla Chomhghaill, Ó Deasmhumhnaigh, Ó Riain agus Sheldon.


3. Fianaise Béil a Bhreithniú.


Tar éis an fhianaise béil a thug Pádraig Mac Giolla Choillín os comhair an Choiste an 21 Samhain, 1961, a bhreithniú:—


Ordaíodh: Go dtabharfar deis don Roinn Cosanta meamram eile a chur isteach maidir le Rialacháin Óglaigh na hÉireann.


4. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Ranna isteach an Choiste de réir Orduithe an 18 Iúil, 1962, a bhreithniú:—


Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na hionstraimí seo a leanas ar fhoras (vi) den Ordú Tagartha:—


An tOrdú um Chontae Chiarraí (Liostaí de Ghiúróirí agus Clár de Thoghthóirí, 1961 [I.R. Uimh. 204 de 1961].


An tOrdú um Tháillí Ceann Comhairimh (Dáilcheantair Bhuirge agus Dáilcheantair Chontae), 1961 [I.R. Uimh. 203 de 1961].


An tOrdú um Tháillí Ceann Comhairimh (Dáilcheantair Bhuirge agus Dáilcheantair Chontae) (Uimh. 2), 1961 [I.R. Uimh. 278 de 1961].


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.15 p.m.