Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1960 - 1961::29 March, 1962::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 29 Márta, 1962.

Thursday, 29th March, 1962.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Seóin (i gCeannas), na Teachtaí de Béalatún, Booth, Pádraig de Búrca, Mac, Artúir, de Cliontún, Ó Cionaodha, Ó Searbháin agus Ó Treasaigh.


3. Rinne an Coiste breithniú.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1960-61.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1960-61. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—An Dánlann Náisiúnta, Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, Árachas Sóisialach, Cúnamh Sóisialach, Roinn na Gaeltachta, Tailte, Foraoiseacht, Iascach, Oifig an Aire Oideachais, Bunoideachas, Meánoideachas, Ceardoideachas, Eolaíocht agus Ealaín, Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath agus Ollscoileanna agus Coláistí.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. Mac Riabhaigh (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), L. Ó hUanacháin (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh), S. Ó Braonáin (Rúnaí, Roinn na Gaeltachta), T. Ó Briain (Rúnaí, An Roinn Tailte), T. Ó Raifeartaigh (Rúnaí, An Roinn Oideachais), S. Ó hArgadáin, P. Mac Guill agus S. de Faoite (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 2.05 p.m. go dtí Déardaoin seo chugainn.