Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1960 - 1961::22 March, 1962::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 22 Márta, 1962.

Thursday, 22nd March, 1962.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Seóin (i gCeannas), na Teachtaí de Béalatún, Booth, Pádraig de Búrca, Mac Artúir, de Cliontún, Mac Cuinneagáin, Ó Cionaodha, Ó Searbháin agus Ó Treasaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1960-61.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1960-61. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Iompar agus Cumhacht, Tionscal agus Tráchtáil agus Talmhaíocht.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh Thekla Beere (Rúnaí, An Roinn Iompair agus Cumhachta), S. Mac Cárthaigh (Rúnaí, An Roinn Tionscail agus Tráchtála), S. de Nógla (Rúnaí, An Roinn Talmhaíochta) S. Ó hArgadáin agus Máire Ní Chadhla (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.55 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.