Committee Reports::Report No. 01 (1963) - Statutory Instruments [11]::24 October, 1962::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 24 Deireadh Fómhair, 1962.

Wednesday, 24th October, 1962.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Seanadóirí Ó Deasmhumhnaigh, Ó Riain agus Sheldon.


3. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Seanadóir Ó Riain):


“That Senator Sheldon be the temporary Chairman of the Committee.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Seanadóir Sheldon i gCeannas dá réir sin.


4. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Ranna isteach de réir Orduithe an 11 Iúil agus 1 Lúnasa, 1962, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na h-ionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin Chraolacháin (Ceadúnais Ghlacadóireachta), 1961 [I.R. Uimh. 279 de 1961].


Na Rialacháin um Scrúduithe Cógaisíochta, 1961.


(ii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na hionstraimí seo a leanas ar fhoras (iv) den Ordú Tagartha:—


Rialacháin Óglaigh na hÉireann:—


C.S. 7.


R.O.É. A.7—Leasaithe. Leasú Uimh. 27.


(iii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le Rialacháin Oglaigh na hÉireann i gcoitinne ar an Roinn Cosanta ionadaí a cheapadh chun teacht os comhair an Choiste mar fhinné chun an ionstraim seo a leanas a mhíniú.


5. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an ceathracha a cúig ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar atá le Glanadh), 1962 [I.R. Uimh. 51 de 1962].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar atá le Glanadh) (Uimh. 2), 1962 [I.R. Uimh. 105 de 1962].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar atá le Glanadh) (Srianta Speisialta), 1962 [I.R. Uimh. 87 de 1962].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Srian le Gluaiseacht), 1962 [I.R. Uimh. 106 de 1962].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Srian le Gluaiseacht agus Díolacháin Phoiblí Bólachta a Rialú), 1962 [I.R. Uimh. 52 de 1962].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Gluaiseacht Bólachta agus Díolacháin Phoiblí Bólachta a Rialú) (Uimh. 2) (Leasú), 1962 [I.R. Uimh. 43 de 1962].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Srian le Gluaiseacht agus Díolacháin Phoiblí Bólachta a Rialú) (Uimh. 2) (Leasú Uimh. 2), 1962 [I.R. Uimh. 86 de 1962].


An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh), 1962.


An tOrdú um Shiopaí Gruagaireachta (Uaireanta Trádála ar Laethanta Seachtaine) (Droichead Átha), 1962.


An tOrdú um an Acht Stroighne (Leasú), 1962 (Tosach Feidhme), 1962 [I.R. Uimh. 70 de 1962].


Na Rialacháin um Scrúdóireacht Scannán (Deimhniú an Scrúdóra a Thaispeáint), 1962 [I.R. Uimh. 46 de 1962].


Barántas Leasaithe an Phoist Intíre (Uimh. 11), 1962 [I.R. Uimh. 66 de 1962].


Rialacháin Óglaigh na hÉireann


R.O.É. S.3—Leasaithe. Leasú Uimh. 200.


Scéim Óglaigh na hÉireann (Pinsin) (Leasú), 1962 [I.R. Uimh. 42 de 1962].


Scéim Óglaigh na hÉireann (Pinsin) (Leasú) (Uimh. 2), 1962 [I.R. Uimh. 126 de 1962].


Rialacháin an Gharda Síochána (Ardú Céime), 1962 [I.R. Uimh. 97 de 1962].


An tOrdú um Pá an Gharda Síochána, 1962 [I.R. Uimh. 45 de 1962].


An tOrdú um Pá an Gharda Síochána (Uimh. 2), 1962 [I.R. Uimh. 103 de 1962].


Rialacháin an Gharda Síochána (Comhlachtaí Ionadaitheacha), 1962 [I.R. Uimh. 64 de 1962].


Na Rialacháin um Rialacháin an Gharda Síochána (Comhlachtaí Ionadaitheacha), 1927 (Leasú), 1962 [I.R. Uimh. 6 de 1962].


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Tráth Coiscthe Seachtainiúil), 1962.


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Pinsean (Ranníocach) Seanaoise) (Leasú), 1962 [I.R. Uimh. 136 de 1962].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochair Fhorluiteacha) (Leasú), 1962 [I.R. Uimh. 138 de 1962].


Na Rialacháin um Choiníollacha Fostaíochta (Monarú Earraí Siúite) (Ogánaigh a Mheastar a bheith ina nOibrithe Aosaithe), 1962 [I.R. Uimh. 71 de 1962].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal na Sac Páipéir) (Eisiamh), 1962 [I.R. Uimh. 125 de 1962].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal na nGrodchalóg Prátaí) (Eisiamh), 1962 [I.R. Uimh. 63 de 1962].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal na Lampaí Leictreachais) (Eisiamh), 1962 [I.R. Uimh. 65 de 1962].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (An Tionscal Mear-Reothriomachain) (Eisiamh), 1962 [I.R. Uimh. 129 de 1962].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal na nEadaí Lánchumtha Cadáis agus Olla) (Ogánaigh a Mheastar a bheith ina nOibrithe Aosaithe), 1962 [I.R. Uimh. 74 de 1962].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (An Tionscal Neachtlainne sa Gheata Bán) (Eisiamh), 1962 [I.R. Uimh. 127 de 1962].


An tOrdú Cruitheachta, 1962 [I.R. Uimh. 119 de 1962].


An tOrdú um An mBord Gráin (Feidhmeanna Breise a Shannadh), 1962 [I.R. Uimh. 128 de 1962].


An tOrdú um Thobhach Cruithneachta, 1962 [I.R. Uimh. 124 de 1962].


Ordú Bhord Bainne Cheantar Chorcaí (Lá Toghcháin. 1962), 1962 [I.R. Uimh. 57 de 1962].


An tOrdú fán Acht um Margú Táirgí Déiríochta, 1961 (Tobhach ar Bhainne), 1962 [I.R. Uimh 73 de 1962].


Na Rialacháin um Leigheasanna Ainmhithe (Ábhair Aestrigineacha a Rialú), 1962 [I.R. Uimh. 96 de 1962].


An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (Tréimhse Fostaíochta), 1962 [I.R. Uimh. 38 de 1962].


An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (An Dara Tréimhse Fostaíochta), 1962 [I.R. Uimh. 83 de 1962].


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Séasúr Coiscthe le haghaidh Duánachta), 1962.


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas ar an Roinn nó an údarás eile lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Cill Mantáin), 1962 [I.R. Uimh. 77 de 1962].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Cill Dara), 1962 [I.R. Uimh. 76 de 1962].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Baile Átha Cliath), 1962 [I.R. Uimh. 75 de 1962].


An tOrdú um Chúnamh Dífhosaíochta (Rialacháin um Dheimhnithe Cáilíochta) (Leasú), 1962 [I.R. Uimh. 137 de 1962].


An tOrdú Grádala (Uimh. 1) faoi na hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 go 1961 (An Coimisiún Muc agus Bagúin), 1962 [I.R. Uimh. 61 de 1962].


An tOrdú um na hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 go 1961 (An Coimisiún Muc agus Bagúin) (Tobhach ar Tháirgeadh Muca Bagúin) (Uimh. 1), 1962 [I.R. Uimh. 56 de 1962].


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.15 p.m.