Committee Reports::Report No. 01 (1963) - Statutory Instruments [11]::21 November, 1962::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 21 Samhain, 1962.

Wednesday, 21st November, 1962.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Ó Braonáin, Mac Giolla Chomhghaill. Ó Deasmhumhaigh, Ó Riain agus Sheldon.


3. Scrúdú ar Ionadaithe Roinne.


Ceistíodh Pádraig Mac Giolla Choillín, an t-ionadaí a cheap an Roinn Cosanta chun teacht os comhair an Choiste mar fhinné de dhroim Ordaithe an 24 Deireadh Fómhair, 1962.


4. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Ranna isteach do réir Orduithe an 11 agus 18 Iúil, 1962, agus 24 Deireadh Fómhair, 1962, a bhreithniú:—


(i) Aontaíodh: Nár bhain Ordú Tagartha an Choiste leis na hionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacha Aturnaetha (An Coiste Araíonachta), 1961 [I.R. Uimh. 30 de 1961].


An tOrdú Grádala (Uimh. 1) Faoi na hActanna Muc agus Bagúin, 1935 go 1961 (An Coimisiún Muc agus Bagúin) (Uimh. 61 de 1962].


(ii) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na h-ionstraimí seo a leanas:—


An tOrdú um na hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 go 1961 (An Coimisiún Mue agus Bagúin) (Tobhach ar Tháirgeadh Muca Bagúin) (Uimh. 1), 1962 [I.R. Uimh. 56 de 1962].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Ranníocóirí Saorálacha), 1961 [I.R. Uimh. 170 de 1961].


(iii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (vi) den Ordú Tagartha:—


Na Rialacháin um Chuntais Aturnaetha (Leasú), 1961 [I.R. Uimh. 51 de 1961].


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 6.15 p.m.