Committee Reports::Report No. 01 (1963) - Statutory Instruments [11]::01 August, 1962::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 1 Lúnasa, 1962.

Wednesday, 1st August, 1962.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Ó Braonáin, Ó Riain agus Sheldon.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Ranna isteach de réir Ordú an 11 Iúil, 1962, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (iii) den Ordú Tagartha:—


Scéim Aoisliúntais Bhord Soláthair an Leictreachais (Comhaltaí), 1961.


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir leis an ionstraim seo a leanas, ar an údarás lena mbaineann, meabhrán breise a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


Na Rialacháin um Scrúduithe Cógaisíochta, 1961.


4. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an triocha ionstraim a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


Ordú Gáis Chorcaí, 1961 [I.R. Uimh. 179 de 1961].


Ordú na mBannaí Talún (Uimh. 3), 1961 [I.R. Uimh. 307 de 1961].


An tOrdú chun Onnmhairí a Rialú, 1962 [I.R. Uimh. 27 de 1962].


An tOrdú um Ola-Thruailliú na Farraige (Tíortha an Choinbhinsiúin) (Stáit Aontaithe Mheiriceá), 1961 [I.R. Uimh. 302 de 1961].


Na Rialacháin fá na Rialacháin um Choistí Talmhaíochta (Costais Taistil agus Liúntas agus Costais Chothabhála d’Oifigigh), 1956 (Leasú), 1961 [I.R. Uimh. 244 de 1961].


An tOrdú d’Fhorchur Dleachtanna (Cannaí le haghaidh Bainne), 1961 [I.R. Uimh. 207 de 1961].


An tOrdú d’Fhorchur Dleachtanna (Stiall d’Alúmanaim Brata), 1961 [I.R. Uimh. 208 de 1961].


An tOrdú d’Fhorchur Dleachtanna (Sorchóirí Tuinsimh Gáis), 1961 [I.R. Uimh. 260 de 1961].


Orduithe d’Fhorchur Dleachtanna —Abhras de Shnáithíní de Dhéantús an Duine, 1961 [I.R. Uimh. 298 de 1961].


An tOrdú um an Acht Toradh Talmhaíochta (Uibheacha), 1961 (Tosach Feidhme), 1961 [I.R. Uimh. 205 de 1961].


Na Rialacháin Toradh Talmhaíochta (Uibheacha) (Leasú), 1961 [I.R. Uimh. 206 de 1961].


An tOrdú um Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1961 (Tosach Feidhme), 1962 [I.R. Uimh. 2 de 1962].


An tOrdú um Thairgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Eanlaith Clóis agus Coiníní a Onnmhairiú) (Leasú Sealadach), 1961 [I.R. Uimh. 263 de 1961].


Na Rialacháin Chraolacháin (Ceadúnais Ghlacadóireachta), 1961 [I.R. Uimh. 174 de 1961].


Na Rialacháin um Monarchana (Rialacháin a Oiriúnú), 1961 [I.R. Uimh. 247 de 1961].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal an tSníomhacháin Mustairte) (Eisiamh), 1962 [I.R. Uimh. 1 de 1962].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal an Éadaigh Gloine-shnáithrigh) (Eisiamh), 1961 [I.R. Uimh. 292 de 1962].


An tOrdú um an Acht Printíseachta (Ceird Ainmnithe) (Ceird an Troscáin), 1962 [I.R. Uimh. 30 de 1962].


An tOrdú um an Acht Printíseachta (Ceird Ainmnithe) (Meicneoir Gluaisteáin), 1962 [I.R. Uimh. 28 de 1962].


An tOrdú um an Acht Printíseachta (Ceird Ainmnithe) (Leictreoir), 1962 [I.R. Uimh. 29 de 1962].


Na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Treoirmharcanna) (Leasú), 1961 [I.R. Uimh. 283 de 1961].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Fodhlíthe agus Rialacha Sealadacha). 1961 [I.R. Uimh. 219 de 1961].


An tOrdú um Fheithiclí Inneallghluaiste (Cúrsaíocht Idirnáisiúnta) (Leasú), 1962 [I.R. Uimh. 12 de 1962].


Na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Clárú agus Ceadúnú) (Leasú), 1962 [I.R. Uimh. 12 de 1962].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Árachas Éigeantach), 1962 [I.R. Uimh. 14 de 1962].


An tOrdú um Chiaróg Cholorado, 1962 [I.R. Uimh. 3 de 1962].


An tOrdú um Onnmhairiú Adhmaid Chónaiféaraigh Neamhfheannta (Toirmeasc), 1962.


An tOrdú um an Acht Loingis Thráchtála, 1955 (Stát Comharaíochta) (Ceanada), 1961.


An tOrdú Bainne (Praghas Mionreaca) (Ceantar Díola Bhaile Átha Cliath), 1962 [I.R. Uimh. 25 de 1962].


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir leis an ionstraim seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann, meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


Na Rialacháin Chraolacháin (Ceadúnais Ghlacadóireachta), 1961 [I.R. Uimh. 279 de 1961].


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5 p.m.