Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1960 - 1961::15 March, 1962::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 15 Márta, 1962.

Thursday, 15th March, 1962.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Seóin (i gCeannas), na Teachtaí de Béalatún, Booth, Pádraig de Búrca, Mac Artúir, de Cliontún, Mac Cuinneagáin, Nioclás Mac Aodhagáin agus Ó Searbháin.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1960-61.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1960-61. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Gealtlann Dhúndroma, Tabhartais agus Tiomnachtaí Carthanúla, Oifig an tSoláthair, Luacháil agus Suirbhéireacht an Ordanáis, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, Sláinte, Cosaint agus Arm-Phinsin.


4. Cathaoirleach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Booth):


“That Deputy Belton be elected Chairman for the remainder of the meeting.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta de Béalatún i gCeannas dá réir sin.


5. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1960-61.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1960-61. Críochnaíodh an Cuntas seo a leanas:—Rialtas Áitiúil.


6. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh an Dr. L. Ó Cadhain (Gobharnóir, Gealtlann Dhúndroma), S. Ó Máirtín (Rúnaí, Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla), B. Ó Brolcháin (Ceannasaí, Oifig an tSoláthair), S. Ó Maonaigh (Coimisinéir Luachála), P. Ó Muireadhaigh (Rúnaí An Roinn Sláinte), A. Mac Brádaigh (Rúnaí, An Roinn Cosanta), S. Ó Gairbhín (Rúnaí, An Roinn Rialtais Aitiúil), Máire Bhreathnach, P. Mac Guill agus S. de Faoite (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


7. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.55 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.