Committee Reports::Report No. 01 (1963) - Statutory Instruments [11]::18 July, 1962::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 18 Iúil, 1962.

Wednesday, 18th July 1962.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Ó Braoináin. de Brún, Mac Giolla Chomhghaill, Ó Riain agus Sheldon:


3. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an cúig ionstraim reachtúil déag a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na h-ionstraimí seo a leanas:—


An tOrdú um an mBord Gráin (Feidhm Bhreise), 1961 [I.R. Uimh. 273 de 1961].


An tOrdú Bainne (Praghas Mionreaca) (Ceantar Díola Bhaile Átha Cliath), 1961 [I.R. Uimh. 233 de 1961].


Na Rialacháin Gairmoideachais (Deontais le haghaidh Scéimeanna Bliantúla Coistí), 1961 [I.R. Uimh. 189 de 1961].


An tOrdú um Fheithiclí Inneallghluaiste (Cúrsaíocht Idirnáisiúnta), 1961 [I.R. Uimh. 269 de 1961].


An tOrdú um an Acht Iompair, 1958 (alt 14 (6)), 1961 [I.R. Uimh. 274 de 1961].


An tOrdú um Iompar, Breosla agus Cumhacht (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú) (Uimh. 2), 1961 [I.R. Uimh. 246 de 1961].


An tOrdú um an Acht chun Éanacha Fiadhaine do Chomhaint, 1930 (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1961 [I.R. Uimh. 259 de 1961].


An tOrdú Iascaigh (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1961 [I.R. Uimh. 258 de 1961].


An tOrdú um an Ordú Pá Talmhaíochta (Rátaí Íosta) (Uimh. 2), 1960 (Cúlghairm), 1961 [I.R. Uimh. 221 de 1961].


An tOrdú Pá Talmhaíochta (Rátaí Íosta), 1961 [I.R. Uimh. 222 de 1961].


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar an Roinn nó an údarás eile lena mbaineann, meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


An tOrdú um Chontae Chiarraí (Liostaí de Ghiúróirí agus Clár de Thoghthóirí), 1961 [I.R. Uimh. 204 de 1961].


Na Rialacháin um Chuntais Aturnaetha (Leasú), 1961 [I.R. Uimh. 51 de 1961].


An tOrdú um Tháillí Ceann Comhairimh (Dáilcheantair Bhuirge agus Dáilcheantair Chontae), 1961 [I.R. Uimh. 203 de 1961].


An tOrdú um Tháillí Ceann Comhairimh (Dáilcheantair Bhuirge agus Dáilcheantair Chontae) (Uimh. 2), 1961 [I.R. Uimh. 278 de 1961].


Na Rialacha Aturnaetha (An Coiste Araíonachta), 1961 [I.R. Uimh. 30 de 1961].


4. Athlá.


Chuaigh an Choiste ar athló ar 4.55 p.m.