Committee Reports::Report No. 01 (1963) - Statutory Instruments [11]::11 July, 1962::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 11 Iúil, 1962.

Wednesday, 11th July, 1962.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Seanadóirí Ó Braonáin, de Brún, Mac Giolla Chomhghaill agus Sheldon.


3. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Seanadóir Mac Giolla Chomhghaill):


“That Senator Sheldon be the temporary Chairman of the Committee.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Seanadóir Sheldon i gCeannas dá réir sin.


4. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an ceathracha a cúig ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na h-ionstraimí seo a leanas:—


An tOrdú Bainne (Praghas Mionreaca) (Ceantar Díola Bhaile Átha Cliath), 1961 [I.R. Uimh. 80 de 1961].


An tOrdú um an Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960 (Rialacháin faoi Thalamh a Thógáil), 1961 [I.R. Uimh. 97 de 1961].


An tOrdú fán Acht um Ola-Thruailliú na Farraige, 1956 (Réigiúin Toirmiscthe a Leathnú), 1961 [I.R. Uimh. 104 de 1961].


An tOrdú um Ola-Thruailliú na Farraige (Tíortha an Choinbhinsiúin) (An Fhionlainn agus an Pholainn), 1961 [I.R. Uimh. 154 de 1961].


An tAcht um Láithreáin Tréigthe, 1961, Rialacháin, 1961 [I.R. Uimh. 105 de 1961].


An tOrdú Caomhanta Éanacha Géim, 1961 [I.R. Uimh. 113 de 1961].


An tOrdú um an Acht Muc agus Bagúin (Leasú), 1961 (Tosach Feidhme Ailt 7, 8, 9 agus 31), 1961 [I.R. Uimh. 116 de 1961].


An tOrdú um an Acht Muc agus Bagúin (Leasú), 1961 (Tosach Feidhme) (Uimh. 2), 1961 [I.R. Uimh. 134 de 1961].


An tOrdú um an gCoimisiún Muc agus Bagúin (Comhlachtaí Ainmniúcháin) (Leasaitheoirí Bagúin), 1961 [I.R. Uimh. 117 de 1961].


An tOrdú um an gCoimisiún Muc agus Bagúin (Comhlachtaí Ainmniúcháin) (Táirgeoirí Muc), 1961 [I.R. Uimh. 118 de 1961].


An tOrdú um an gCoimisiún Muc agus Bagúin (an Lá Ceaptha), 1961 [I.R. Uimh. 135 de 1961].


Ordú na mBannaí Talún (Uimh. 2), 1961 [I.R. Uimh. 131 de 1961].


Ordú Bhord Bainne Cheantar Bhaile Átha Cliath (Lá Toghcháin, 1961), 1961 [I.R. Uimh. 133 de 1961].


An tOrdú Cruithneachta, 1961 [I.R. Uimh. 141 de 1961].


An tOrdú Cruithneachta (Leasú), 1961 [I.R. Uimh. 155 de 1961].


An tOrdú um Thobhach Cruithneachta, 1961 [I.R. Uimh. 157 de 1961].


An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (Rialacháin um Dheimhnithe Cáilíochta) (Leasú), 1961 [I.R. Uimh. 161 de 1961].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Srian le Gluaiseacht), 1961 [I.R. Uimh. 169 de 1961].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Gluaiseacht Bhólachta agus Díolacháin Phoiblí Bólachta a Rialú) (Uimh. 2), 1961 [I.R. Uimh. 266 de 1961].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar Dearbhghlan) (Leasú) (Uimh. 5), 1961 [I.R. Uimh. 228 de 1961].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochair Fhorluiteacha) (Leasú) (Uimh. 2), 1961 [I.R. Uimh. 270 de 1961].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Ranníocaí) (Leasú), 1961 [I.R. Uimh. 139 de 1961].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochair Fhorluiteacha) (Leasú) 1961 [I.R. Uimh. 160 de 1961].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Pinsean (Ranníocach) Seanaoise) (Idirlinn) (Leasú), 1961 [I.R. Uimh. 138 de 1961]


An tOrdú um an Aire Sláinte (Gníomhaireacht) 1961.


An tOrdú um an Aire Leasa Shóisialaigh (Gníomhaireacht), 1961.


An tOrdú fán Acht um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1961 (Tosach Feidhme), 1961 [I.R. Uimh. 168 de 1961].


An tOrdú Loingis Cheannaíochta (Coinbhinsiún Sábháilteachta) (Tíortha lena mBaineann), 1961 [I.R. Uimh. 167 de 1961].


An tOrdú um Shiopaí Eadaí agus Bróg (Uaireanta Trádála ar Laethanta Seachtaine) (An Uaimh) 1961.


An tOrdú um Shiopaí Eadaí agus Bróg (Uaireanta ar Trádála ar Laethanta Seachtaine) (Caisleán an Bharraigh), 1961.


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal na dToitíní (Eisiamh), 1961 [I.R. Uimh. 192 de 1961].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal na gCoróin-Chorcanna) (Eisiamh), 1961 [I.R. Uimh. 190 de 1961].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal na nAbhras Teirilín) (Eisiamh), 1961 [I.R. Uimh. 184 de 1961].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal na nÉadaí Cadáis agus Olla) (Eisiamh), 1961 [I.R. Uimh. 176 de 1961].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal an Phacáistithe Phlaistigh) (Eisiamh), 1961 [I.R. Uimh. 271 de 1961].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal na Fíodóireachta Cairpéad) (Eisiamh), 1961 [I.R. Uimh. 282 de 1961].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Monarú Earraí Siúite J. & L. F. Goodbody, Limited) (Ógánaigh a Mheastar a bheith ina nOibrithe Aosaithe), 1961 [I.R. Uimh. 175 de 1961].


An tOrdú um Pá an Gharda Síochána, 1961 [I.R. Uimh. 257 de 1961].


An tOrdú um Chiste na Nótaí Dlíthairgthe (Foirm Shócmhainne Bhreise), 1961 [I.R. Uimh. 186 de 1961].


Orduithe d’Fhorchur Dleachtanna:—


Iascghlae agus Geilitin Inite, 1961 [I.R. Uimh. 234 de 1961].


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim aca seo a leanas, ar an Roinn nó an údarás eile lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


Rialacháin Óglaigh na hÉireann:—


C.S.7.


R.O.É. A.7—Leasaithe. Leasú Uimh. 27.


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Ranníocóirí Saorálacha), 1961 [I.R. Uimh. 170 de 1962].


Na Rialacháin Um Scrúduithe Cógaisiochta, 1961.


Scéim Aoisliúntais Bhord Soláthair an Leictreachais (Comhaltaí), 1961.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.20 p.m.