Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1960 - 1961::08 March, 1962::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 8 Márta, 1962.

Thursday, 8th March, 1962.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Seóin (i gCeannas), na Teachtaí de Béalatún, Booth, Mac Artúir, de Cliontún, Mac Cuinneagáin, Ó Cionaodha agus Ó Searbháin.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1960-61.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1960-61. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Gnóthaí Eachtracha, Comhar Idirnáisiúnta, Scéimeanna Fostaíochta agus Éigeandála, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh C. Ó Creimín (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), R. Ó hÉigeartaigh (Stiúrthóir, Scéimeanna Fostaíochta agus Éigeandála), H. Mundow (Cathaoirleach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí), Máire Bhreathnach (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.