Committee Reports::Report No. 01 (1963) - Statutory Instruments [11]::13 June, 1962::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 13 Meitheamh, 1962.

Wednesday, 13th June, 1962.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Ó Braonáin, de Brún, Ó Deasmhumhnaigh, Ó Riain agus Sheldon.


3. Scrúdú ar Ionadaithe Roinne.


Tar éis scrúdú a dhéanamh ar M. J. Fletcher agus A. Mac Cormaic na hionadaithe faoi seach a cheap na Ranna Tailte agus Sláinte chun teacht os comhair an Choiste mar fhinnéithe de dhroim Ordaithe an 11 Aibreán, 1962—


(i) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (vi) den Ordú Tagartha:—


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Líontóireacht a Shrianadh), 1961.


(ii) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar an ionstraim seo a leanas:—


Na Rialacháin Sláinteachais Bia (Leasú), 1961 [I.R. Uimh. 24 de 1961].


4. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Ranna faoi bhráid an Choiste de réir Ordaithe an 11 Aibreán, 1962, a bhreithniú:—


Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na hionstraimí seo a leanas ar fhoras (vi) den Ordú Tagartha:—


An tOrdú um Pá agus Liúntais an Gharda Síochána, 1961 [I.R. Uimh. 41 de 1961].


An tOrdú chun Onnmhairí a Rialú (Uimh. 2), 1961.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.10 p.m.