Committee Reports::Report No. 01 (1963) - Statutory Instruments [11]::11 April, 1962::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 11 Aibreán, 1962.

Wednesday, 11th April, 1962.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Ó Braonáin, de Brún, Mac Giolla Chomhghaill, Ó Deasmhumhnaigh agus Sheldon.


3. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an ceathracha a cúig ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na h-ionstraimí seo a leanas:—


An tOrdú Staidrimh (Daonáireamh) 1961.


An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Imdháil), 1961.


An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh), 1961.


An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (Tréimhse Fostaíochta), 1961 [I.R. Uimh. 45 de 1961].


An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (An Dara Tréimhse Fostaíochta). 1961 [I.R. Uimh. 107 de 1961].


An tOrdú d’Fhorchur Dleachtanna (Cartúis Ghunna Gráin), 1961 [I.R. Uimh. 35 de 1961].


An tOrdú d’Fhorchur Dleachtanna (Clúdaigh Urláir), 1961 [I.R. Uimh. 85 de 1961].


An tOrdú d’Fhorchur Dleachtanna (Leathán, Stiall agus Scragall Alúmanaim), 1961 [I.R. Uimh. 128 de 1961].


Na Rialacháin fá na Rialacháin um Choistí Talmhaíochta (Tuarastail Oifigeach), 1952 (Leasú), 1961 [I.R. Uimh. 12 de 1961].


Na Rialacháin um Choistí Talmhaíochta (Tuarastail Oifigeach), 1961 [I.R. Uimh. 95 de 1961].


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Abhainn na Finne agus Abhainn an Fheabhail) (Séasúr Coiscthe le haghaidh Duánachta), 1961.


Na Rialacháin um Chruithneacht Inmheilte, 1961 [I.R. Uimh. 140 de 1961].


An tOrdú Cruithneachta (Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1961 [I.R. Uimh. 158 de 1961].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar Dearbhghlan) (Leasú), 1961 [I.R. Uimh. 9 de 1961].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar Dearbhghlan) (Leasú) (Uimh. 2), 1961 [I.R. Uimh. 17 de 1961].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar Dearbhghlan) (Leasú) (Uimh. 3), 1961 [I.R. Uimh. 29 de 1961].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar Dearbhghlan) (Leasú) (Uimh. 4), 1961 [I.R. Uimh. 156 de 1961].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar atá le Glanadh), 1961 [I.R. Uimh. 38 de 1961].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar atá le Glanadh) (Uimh. 2), 1961 [I.R. Uimh. 137 de 1961].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Gluaiseacht Bólachta agus Díolacháin Phoiblí Bólachta a Rialú), 1961 [I.R. Uimh. 39 de 1961].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Gluaiseacht Bólachta agus Díolacháin Phoiblí Bólachta a Rialú), (Leasú) 1961 [I.R. Uimh. 136 de 1961].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar atá le Glanadh) (Srianta Speisíalta), 1961 [I.R. Uimh 65 de 1961].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Srianta le Tástálacha Breise), 1961 [I.R. Uimh 94 de 1961].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Tástáil 14 Lá) (Leasú), 1961 [I.R. Uimh. 125 de 1961].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Tásálacha Áirithe a Rialú) (Leasú), 1961 [I.R. Uimh. 126 de 1961].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Forálacha Ginearálta) (Leasú), 1961 [I.R. Uimh. 159 de 1961].


An tOrdú chun Onnmhairí a Rialú (Uimh. 3), 1961 [I.R. Uimh 59 de 1961].


An tOrdú fán Acht um Margú Táirgí Déiríochta (Tosach Feidhme), 1961 [I.R. Uimh 46 de 1961].


An tOrdú fán Acht um Margú Táirgí Déiríochta (Lá Bunaithe), 1961 [I.R. Uimh. 48 de 1961].


Na Rialacháin fán Acht um Margú Táirgí Déiríochta (Lá Ainmniúcháin) 1961 [I.R. Uimh. 47 de 1961].


Na Rialacháin fán Acht um Margú Táirgí Déiríochta (Ainmniúcháin agus Ballóidí). 1961 [I.R. Uimh. 49 de 1961].


Na Rialacháin fán Acht um Margú Táirgí Déiríochta 1961 (Ainmniúcháin agus Ballóidí) (Leasú), 1961 [I.R. Uimh. 73 de 1961].


An tOrdú um an Acht um Margú Táirgí Déiríochta, 1961 (Tosach Feidhme) (Uimh. 2), 1961 [I.R. Uimh. 145 de 1961].


An tOrdú um an Acht um Margú Táirgí Déiríochta, 1961 (Lá Aistrithe), 1961 [I.R. Uimh. 146 de 1961].


An tOrdú um Iompar, Breosla agus Cumhacht (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1961 [I.R. Uimh. 62 de 1961].


Na Rialacháin um Scrúdóireacht Scannán (Deimhniú an Scrúdóra a Thaispeáint) (Leasú), 1961 [I.R. Uimh. 55 de 1961].


Na Rialacháin um Thraenálaithe Cúnna, 1961 [I.R. Uimh. 58 de 1961].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal na Rópaí) (Eisiamh), 1961 [I.R. Uimh. 119 de 1961].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (An Tionscal Éadaigh Gloine) (Eisiamh), 1961 [I.R. Uimh. 68 de 1961].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (An Tionscal Guma Coganta) (Eisiamh), 1961 [I.R. Uimh. 69 de 1961].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal an Mhilseogra Siúcra Reoite) (Eisiamh), 1961 [I.R. Uimh. 82 de 1961].


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


An tOrdú um Pá agus Liúntais an Gharda Síochána, 1961 [I.R. Uimh. 41 de 1961].


An tOrdú chun Onnmhairí a Rialú (Uimh. 2), 1961.


(iii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann ionadaí a cheapadh chun teacht os comhair an Choiste mar fhinné chun an ionstraim a mhíniú:—


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Liontóireacht a Shrianadh), 1961.


Na Rialacháin Sláinteachais Bia (Leasú), 1961 [I.R. Uimh. 24 de 1961].


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.10 p.m.