Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1960 - 1961::01 March, 1962::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 1 Márta, 1962.

Thursday, 1st March, 1962.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí de Béalatún, Booth, Mac Artúir, de Cliontún, Mac Cuinneagáin, Ó Deasmhumhnaigh, Nioclás Mac Aodhagáin, Mac Seóin, Ó Cionaodha, Ó Searbháin agus Ó Treasaigh.


3. Cathaoirleach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Mac Artúir):


“That Deputy Jones be Chairman of the Committee”.


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Mac Seóin i gCeannas dá réir sin.


4. Rinne an Coiste breithniú.


5. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1960-61.


Tosaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1960-61. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Oifig an Aire Airgeadais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Státseirbhíse, An Chomhairle Ealaíon, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, An tSeirbhís Sicréideach, Costais faoin Acht Toghcháin agus faoi Acht na nGiúiréithe, Deontais Fhorlíontacha Talmhaíochta, Dlí-Mhuirir, Costais Ilghnéitheacha, Méadú ar Phinsin, Cuntas Taisce an Chiste Teagmhais agus Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.


6. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. Whitaker (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), S. Réamonn (Cathaoirleach na Coimisinéirí Ioncaim), L. Ó Néill (An Roinn Airgeadais), agus Rúnaí agus Stiúrthóir na hIniúchóireachta.


7. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.20 p.m. go dtí 11 a.m., Déardaoin seo chugainn.