Committee Reports::Joint Committee on Interim, 2nd Interim, 3rd Interim and Final Reports - Electoral Law ::17 April, 1961::Report

AN TRÍÚ TUARASCÁIL EATRAMHACH

1. Tá tuilleadh dul chun cinn déanta ag an gComhchoiste sna cúrsaí a cuireadh faoina bhráid agus d’aontaigh sé leis an tríú Tuarascáil eatramhach seo a leanas.


2. I mír 29 den dara Tuarascáil eatramhach mhol an Comhchoiste go mbeadh iarrthóir i dtoghchán Dála i dteideal ainm an dreama polaitíochta ar díobh é a chur isteach sa pháipéar ainmniúcháin agus go bhféadfadh iarrthóir an abairt “Neamhspleách” a úsáid gan a thuilleadh foirmiúlachta. Chuir an Coiste in iúl go raibh an cheist á breithniú aige agus go gcuirfeadh sé moladh ar fáil go luath maidir le feidhm a thabhairt di.


3. D’aontaigh an Comhchoiste, tar éis an cheist a bhreithniú, leis na moltaí atá luaite i mír 4 anseo thíos.


4. Molann an Comhchoiste:


(i) go mbunóidh agus go gcoimeádfaidh Cléireach Dháil Éireann clár, ar a dtabharfar Clár na bPáirtithe Polaitíochta, ina dtaifeadfaidh sé ainm gach páirtí polaitíochta a chuirfidh iarratas ar chlárú chuige, agus ar dóigh leis gur dearbhpháirtí polaitíochta é;


(ii) go gcuirfear sa Chlár sin, maidir le gach páirtí polaitíochta a chlárófar ann, na sonraí seo a leanas :—


(a) ainm an pháirtí,


(b) seoladh cheannoifig an pháirtí, agus


(c) ainm an oifigigh nó na n-oifigeach don pháirtí ag a mbeidh údarás deimhnithe a shíniú ag fíordheimhniú daoine a bheith ina n-iarrthóirí ag an bpáirtí sin i dtoghcháin do Dháil Éireann ;


(iii) nach gclárófar páirtí polaitíochta sa Chlár má tá a ainm nó a theideal, nó aon ghiorrú ar a ainm nó a theideal, comhionnan le hainm nó teideal, nó le haon ghiorrú ar ainm nó teideal, aon pháirtí atá cláraithe cheana sa Chlár, nó más dóigh le Cléireach Dháil Éireann é a bheith chomh cosúil sin leis an ainm nó leis an teideal nó leis an ngiorrú sin go bhféadfadh sé bheith ina ábhar míthreorach nó mearbhaill nó mealltachta. Chun críocha na fomhíre seo den mholadh seo, is dóigh leis an gCoiste gur ceart go measfaí, a luaithe a bheidh an Clár bunaithe, gach páirtí ag a bhfuil ionadaithe i nDáil Éireann faoi láthair a bheith cláraithe sa Chlár, faoin teideal lena n-aithnítear go coitianta é faoi láthair, ar choinníoll go ndéanfaidh an Páirtí na sonraí atá luaite i mír 4 (ii) den Tuarascáil seo a thabhairt do Chléireach Dháil Éireann laistigh de mhí ó dháta bunaithe an Chláir;


(iv) go gceanglófar ar gach páirtí polaitíochta a chlárófar sa Chlár ainm an oifigigh nó na n-oifigeach atá luaite i bhfomhír (ii) (c) thuas a chur in iúl do Chléireach Dháil Éireann ó am go ham;


(v) go bhfiafróidh Cléireach Dháil Éireann, uair amháin ar a laghad i ngach bliain féilire, trí litir a sheolfar go dtí na hoifigigh dá dtagraítear i bhfomhír (ii) (c) thuas, de gach páirtí atá cláraithe sa Chlár an mian leis an bpáirtí fanacht faoi chlárú sa Chlár, agus más rud é, laistigh de lá is fiche ó dháta na litreach sin a eisiúint, nach bhfaighidh an Cléireach freagra á rá gur mian, go scriosfaidh sé den Chlár na sonraí go léir a bhaineann leis an bpáirtí áirithe;


(vi) go gcinnfidh bord achomairc aon amhras, aighneas nó ceist a tharlóidh maidir leis an gClár. Ar an mbord achomhairc sin ba cheart go mbeadh Breitheamh den Ard-Chúirt (le hainmniú ag Uachtarán na hArd-Chúirte), agus gurb eisean an Cathaoirleach, an Ceann Comhairle agus Cathaoirleach Sheanad Éireann. Maidir le haon ní a chinnfidh an bord achomhairc, déanfaidh Cléireach Dháil Éireann de réir mar a chinnfidh an bord;


(vii) ar an tríú lá tar éis Dáil Éireann a lánscor, nó tar éis an dáta ar a n-eiseoidh Cléireach Dháil Éireann rit do chorrthoghchán chun folúntas a líonadh i gcomhaltas Dháil Éireann, go soláthróidh Cléireach Dháil Éireann cóip de Chlár na bPáirtithe Polaitíochta, amhail mar a bheidh sé ar an dáta eisiúna, do cheann comhairimh gach dáilcheantair a bheidh i gceist;


(viii) go bhféadfaidh iarrthóir i dtoghchán Dála ainm an pháirtí polaitíochta chláraithe a bhfuil sé ina iarrthóir dó a chur isteach ina pháipéar ainmniúcháin ar choinníoll go dtabharfaidh sé ar aird don cheann comhairimh deimhniú arna fhíordheimhniú ag an oifigeach nó na hoifigigh don pháirtí a bhfuil a n-ainmneacha sa Chlár. Féadfaidh an ceann comhairimh, más deimhin leis gur cuí é a dhéanamh i leith an iarrthóra sin, a chur faoi deara go gcuirfear ainm an pháirtí, mar a thaispeántar sa pháipéar ainmniucháin é, ar na páipéir bhallóide go léir sa toghchán iomchuí;


(ix) i gcás iarrthóir i dtoghchán do Dháil Éireann nach iarrthóir do pháirtí atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta, go mbeidh sé i dteideal, i gcúig fhocal ar a mhéid, an polasaí atá aige nó an dream a bhfuil sé ag seasamh dóibh a lua, ach nach mbeidh sé i dteideal feidhm a bhaint as ainm nó teideal aon pháirtí polaitíochta atá cláraithe sa Chlár, ná as aon ghiorrú air a bheidh chomh cosúil le hainm nóle teideal an pháirtí sin atá cláraithe sa Chlár go bhféadfadh sé a bheith ina ábhar míthreorach nó mearbhaill nó mealltachta. Ní cheadófar don iarrthóir sin, ach oiread, ainm aon pháirtí a bheidh cláraithe sa Chlár a úsáid, leis féin ná maraon le focail eile. I gcás aon amhrais faoin tuairisc a bheidh tugtha ag aon iarrthóir sa pháipéar ainmniúcháin a bheith i gcomhréir le forálacha na fomhíre seo, ba cheart gur ag an gceann comhairimh a bheadh cinneadh na ceiste.


(Sínithe) A. A. Ó hÉALUIGHTHE,


Cathaoirleach.


17 Aibreán, 1961.