Committee Reports::Joint Committee on Interim, 2nd Interim, 3rd Interim and Final Reports - Electoral Law ::12 July, 1961::Report

TUARASCÁIL DHEIRIDH

CLÁR

 

I. RÉAMHRÁITEACH

Mír

1-3

Réamhráiteach.

 

II. AN TOGHCHÓRAS AGUS CLÁRÚ TOGHTHÓIRÍ DO THOGHCHÁIN DÁLA AGUS DO THOGHCHÁIN ÁITIÚLA

4-8

Vóta breise d’úinéirí maoine.

9-13

Freagracht maidir le toghthóirí a chlárú.

14

Achomhairc ó chinneadh oifigeach cláraitheachta.

15

An tagairt do chléirigh corónach agus síochána a aisghairm.

16-17

Cláraitheoirí maoirseachta do chur breitheanna agus básanna in iúl.

18

Forlíonadh ar an gclár de thoghthóirí.

19

Daoine ar chóir cóipeanna den chlár a sholáthar dóibh.

20

Aois toghthóra a ríomh.

21

Toghthóirí rialtais áitiúil a chlárú.

22

Daoine a chónaíonn i dteaghlaigh chontae.

23-24

An seoladh ag a gclárófar toghthóir.

25

An bhrí atá le “gnáth-chónaí” chun críocha cláraitheachta.

26

Bainisteoir cathrach a cheapadh mar leas-oifigeach cláraitheachta.

27-28

Costais chláraitheachta.

29

Pionós ar chur isteach ar fhógraí cláraitheachta.

 

III. STIÚRADH AGUS COSTAS TOGHCHÁN DÁLA

30

Cinn chomhairimh, cinn chomhairimh chúnta agus leas-chinn chomhairimh.

31

Riteanna a eisiúint agus a chur ar ais.

32-34

Éarlaisí ó iarrthóirí.

35

Gan daoine a bheith i dteideal iad a ainmniú i níos mó ná aon dáilcheantar amháin in olltoghchán.

36

Bás iarrthóra.

A. An vótaíocht

37-38

Saoráidí le haghaidh post-vótála.

39

Forálacha speisialta i gcás dhá thoghchán a bheith ar siúl an lá vót aíochta céanna.

40-42

Limistéir vótaíochta agus áiteanna vótaíochta.

43

Iarrthóirí bheith i láthair i stáisiún vótaíochta.

44-45

Uaireanta vótaíochta.

46

Deireadh na vótaíochta a mhíniú.

47-48

Vótaíocht i ndeireadh na seachtaine.

49-51

A fhógairt gur lá saoire náisiúnta lá na vótaíochta.

52

Vótáil éigeantach.

53

Vótaíocht déanach ar oileáin.

54-56

Páipéir bhallóide a mharcáil.

57-65

Rúndacht na ballóide.

66-67

Dearbhú rúndachta.

68-70

Oifigigh ceannais agus cléirigh vótaíochta.

71

Ceisteanna agus mionnaí i dtoghcháin.

 

B. An Comhaireamh agus ina Dhiaidh

72-74

An áit le haghaidh comhaireamh na vótaí.

75

Gníomhairí i láthair ag comhaireamh.

76-77

An t-am le haghaidh comhairimh.

78

Páipéir bhallóide tairgthe a chomhaireamh.

78

Vótaí a aistriú.

79

Ceann Comhairimh d’athchomhaireamh vótaí.

80

Sonraí a bheidh le tabhairt ag ceann comhairimh.

80

Doiciméid a dhiúscairt tar éis toghcháin.

80

An tréimhse a choinneofar doiciméid tar éis toghcháin.

81

Cleachtais éillitheacha agus cleachtais neamhdhleathacha.

82-83

Pionóis ar chleachtais éillitheacha.

84

Cleachtais neamhdhleathacha.

85

Pionóis ar chleachtais neamhdhleathacha.

86-89

Cleachtais éillitheacha agus cleachtais neamhdhleathacha áirithe a chur ar ceal.

90

Pionóis mar gheall ar chleachtais éillitheacha agus cleachtais neamhdhleathacha a mhodhnú.

91

Liosta de chleachtais éillitheacha agus de chleachtais neamhdhleathacha.

92

Comhdhlúthú a dhéanamh ar fhorálacha roimh 1923 a bhaineann le cleachtais éillitheacha agus le cleachtais neamhdhleathacha.

93

Pionós ar chleachtas neamhdhleathach.

94

Folúntais sa Dáil a tharla ar shlí seachas trí lánscor.

94

Míniú ar olltoghchán.

94

An míniú a leasú.

94

“Dáil Éireann” a chur in ionad “an tOireachtas.”

94

An tAcht Toghcháin (Dáil Éireann agus Údaráis Áitiúla), 1945, a aisghairm.

94

Tagairt atá i léig a aisghairm.

95

Achtacháin a oiriúnú.

96-97

Aisghairm.

 

IV. CÁILÍOCHTAÍ AGUS DÍCHÁILÍOCHTAÍ CHUN COMHALTAIS DE GACH TEACH DEN OIREACHTAS

98

Cáilíochtaí chun comhaltais na Dála.

99

Cáilíochtaí chun comhaltais an tSeanaid.

100-103

Dícháilíochtaí chun comhaltais Thithe an Oireachtais.

104

Dícháilíocht mar gheall ar asláithreacht.

105-109

Éagumais chun comhaltais Thithe an Oireachtais.

105-107

Gníomhaíochtaí polaitíochta státseirbhíseach.

108-109

Dícháilíocht mar gheall ar bheith ina chomhalta d’Óglaigh na hÉireann.

110-111

Dualgas a bheith ar dhuine ceapachán éagumais a thuairisciú.

 

V. ACHTACHÁIN LE hAISGHAIRM

112

Achtacháin le haisghairm.

TUARASCÁIL DHEIRIDH

I. RÉAMHRÁITEACH.

1. Tá an chéad tuarascáil eatramhach (T. 173. Pr. 5680), an dara tuarascáil eatramhach (T. 178. Pr. 5943) agus an tríú tuarascáil eatramhach (T.179. Pr. 5991) curtha isteach cheana féin ag an gComhchoiste.


2. Tá an Comhchoiste tar éis críoch a chur anois lena bhreithniú ar na ceisteanna a cuireadh faoina bhráid agus tar éis comhaontú ar an tuarascáil dheiridh seo a leanas.


3. Mar a rinneadh sa chéad tuarascáil eatramhach agus an dara tuarascáil eatramhach uaidh leag an Comhchoiste amach sa chló iodáileach agus i mionchló, na tograí agus na nótaí míniúcháin sa scéim ghinearálta do Bhille Toghcháin (Leasú) a chuir an tAire Rialtais Aitiúil faoina bhráid. Aon tograí ón gCoiste nach féidir go háiseach iad a áireamh ar na tograí sa scéim ghinearálta tá siad leagtha amach faoi mhírchinn ar leithligh.


II. AN TOGHCHÓRAS AGUS CLÁRÚ TOGHTHÓIRÍ DO THOGHCHÁIN DÁLA AGUS DO THOGHCHÁIN ÁITIÚLA.

Vóta breise d’úinéirí maoine.

4. Fuair an Comhchoiste uiríolla gur chóir vótaí breise i dtoghcháin áitiúla a bheith ag áititheoirí rátaithe maoine le luacháil thar luacháil íosta shonraithe nó, gur chóir go ndéanfadh na vótálaithe i gcoitinne méid áirithe suíochán ar chomhairlí áitiúla a líonadh, agus go ndéanfadh vótálaithe a íocann rátaí an chuid eile a líonadh.


5. Bhíodh socrú den sórt sin i gcathair Bhaile Átha Cliath faoin Acht Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930, trína ndearnadh foráil le haghaidh clár ceannaíochta a thiomsú agus baill ceannaíochta a thoghadh ar chomhairle na cathrach. Rinne an tAcht Toghcháin (Lucht Ceannaíochta Bhaile Átha Cliath) 1930, rialáil maidir leis an gclár ceannaíochta a ullmhú agus a chothabháil agus maidir le toghcháin ball ceannaíochta a stiúradh.


6. Ar na cúig bhall is tríocha den chomhairle bhí cúig bhall ceannaíochta. Pearsana, comhpháirtíochtaí, comhlachais neamhchorpraithe nó comhlachtaí corpraithe ab ea na toghthóirí ceannaíochta cláraithe, agus cónaí orthu i “Saorstát Éireann” (i gcás cuideachtaí níor bhfoláir a ngnó a bheith á bhainistí nó á stiúradh ar fad nó go formhór i “Saorstát Éireann” agus iad a bheith ag áitiú áitreabh dar luacháil £20 nó níos mó chun críocha gairme, tráchtála nó tionscail. Bhí vóta amháin ag toghthóir in aghaidh luacháil suas go dtí £50, agus é ag méadú de réir vóta amháin (go dtí sé vóta ar a mhéid) in aghaidh gach £50 nó codán de £50 os cionn an mhéid sin. D’ullmhaíodh clár 1930 ó éilimh ó thoghthóirí inteidil agus bhí 1,048 ainm air as 2,500, tuairim, a fhéadfadh a bheith air.


7. Rinne an Bille Rialtais Aitiúil (Baile Átha Cliath), 1933, iarracht ar an gclár ceannaíochta a chur ar ceal, ach buadh air sa tSeanad. Rinneadh dlí de sa deireadh i 1935, an bhliain a tugadh an vóta do gach saoránach lán-aoise faoin Acht Rialtais Aitiúil (Reacht-Shaoirse a Leathnú), 1935.


8. Faoi láthair féadfar duine a chlárú mar thoghthóir rialtais áitiúil in aon limistéar rialtais áitiúil a mbeidh sé ar an dáta cáilitheach ag áitiú maoine ann ar feadh sé mhí ar a laghad nó a mbeidh gnáth-chónaí air ann, féadfaidh sé vóta a chaitheamh sa toghchán do chomhaltaí na n-údarás áitiúil éagsúla ar ina limistéar atá sé cláraithe ach ní fhéadfaidh sé vóta a chaitheamh níos mó ná uair amháin sa toghchán do chomhaltaí an údaráis áitiúil chéanna. Measann an Comhchoiste gur mhór an chéim ar gcúl gan cloí leis an bprionsabal nár chóir ach vóta amháin a bheith ag gach fear i gcás gach údaráis áitiúil ar a bhfuil an toghchóras sin bunaithe. A fortiori measann an Coiste nár mhaith an rud go mbeadh toghadh speisialta ann de bhaill cheannaíochta nó “rátíocóirí.” Dá bhrí sin molann an Coiste gan aon athrú maidir leis sin a dhéanamh sa toghchóras maoine le haghaidh toghcháin áitiúla.


Freagracht maidir le toghthóirí a chlárú.

An Togra: Socrú a dhéanamh chun mír a chur le riail 7 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, á fhoráil go bhféadfaidh an t-oifigeach cláraitheachta, le toiliú an Aire Rialtais Aitiúil, daoine a cheapadh chun aon cheann de na dualgais dá dtagraítear sa riail a chomhlíonadh agus go bhféadfaidh sé aon cheapachán den sórt sin a fhoirceannadh.


Nóta faoin Togra


Cuireann Riail 7 d’oibleagáid ar an oifigeach cláraitheachta, i dteannta nithe eile, (a) a cheangal ar bhailitheoirí rátaí fiafraí ó theach go teach nó aon leorfhiafraí eile a dhéanamh agus leor-eolas a sholáthar chun go bhféadfar liostaí na dtoghthóirí a ullmhú, agus (b) a cheangal ar rúnaithe contae agus bailechléirigh contae nó buirge eile nó comhairlí ceantar uirbeach dréacht-liostaí na dtoghthóirí a ullmhú ón eolas a sholáthraigh na bailitheoirí rátaí nó a soláthra íodh ar shlí eile, agus iad a thabhairt dó. Faoi leasuithe ar riail 7 a rinneadh le horduithe reachtúla (Uimhreacha 177 de 1933, 341 de 1940 agus 342 de 1948) féadfaidh an t-oifigeach cláraitheachta daoine a cheapadh le toiliú an Aire chun gníomhú i gcás ina mbeidh oifig an bhailitheora rátaí folamh, nó ina bhfuil an bailitheoir curtha ar fionraí. Ba mhaith an rud réim na bhforálacha sin a leathnú chun go mbeidh feidhm acu go follasach maidir leis na socruithe faoina ndéantar liostaí na dtoghthóirí do Chontae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath a ullmhú ag foirinn a bhíonn cruinnithe go speisialta ag an mbaile-chléireach, agus ina theannta sin maidir le teagmhais, ar nós bailitheoir a bheith as láthair óna cheantar ar feadh i bhfad, comhairle contae do bhunú córas bailiúcháin rátaí tríd an bpost, etc. Ní bheidh fostú na ndaoine sin á rialú ag na hAchtanna Rialtais Aitiúil.


9. Rinne an Comchoiste mórchuid breithniú ar cheist na freagrachta ginearálta maidir le clárú toghthóirí. Forálann alt 11 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, gurb é dualgas an oifigigh chláraitheachta an clár bliantúil a thiomsú. Faoi alt 38 den Acht Oifigeach Cúirte, 1926, is é an cláraitheoir contae an t-oifigeach cláraitheachta anois.


10. An fiosrú ó theach go teach ar a bhfuil an clár bunaithe is bailitheoirí rátaí atá ina n-oifigigh d’údaráis áitiúla a dhéanann é i bhformhór na limistéar. Féadfar a cheangal ar rúnaithe contae agus ar bhaile-chléirigh, ar oifigigh údaráis áitiúla iad freisin, dréacht-liostaí toghthóirí a thiomsú ón eolas a sholáthraigh bailitheoirí rátaí agus a soláthraíodh ar shlí eile. Ní ar na húdaráis áitiúla, áfach, ach ar na cláraitheoirí contae atá an fhreagracht deiridh maidir leis an gclár a fhoilsiú.


11. Ina theannta sin, tá sé de fhreagracht ar údaráis áitiúla scéimeanna vótaíochta a cheapadh ar dá réir a chaithfear an clár a dhéanamh amach, agus is é an tAire Rialtais Aitiúil an tAire atá freagrach go ginearálta i leith riarachán rialtais áitiúil agus clárú toghthoirí. Níl aon fheidhm aige sin, áfach, maidir le cláraitheóirí contae a cheapadh ná maidir lena gcoinníollacha seirbhíse, ná maidir lena bhfoirinn oifige a cheapadh, ná maidir lena gcuid oibre i gcoitinne, obair a mbaineann a lán di le gnó Cúirte agus atá faoi dhlínse ghinearálta an Aire Dlí agus Cirt.


12. Measann na Comhchoiste nach maith an rud an fhreagracht a bheith á scaipeadh ar an gcuma sin agus go bhféafdaí go buntáisteach obair chláraitheachta a thabhairt faoi réim na haon aicme údaráis amháin agus sin faoi aon Aire amháin. Molann an Coiste, dá bhrí sin, gur chóir an obair seo a aistriú chun údaráis áitiúla, arb iad na daoine atá cláraithe sa chlár a thoghann iad agus a bhfuil sé le tuiscint dá bhrí sin, go bhfuil leas díreach acu ina thiomsú. Tuigtear don Choiste nach bhfuil aon fhoireann fostaithe go buan in oifigí cláraitheoirí contae ar obair chláraitheachta. Dá bhrí sin, níor chóir go dtarlódh aon deacrachtaí maidir leis sin mar gheall ar an aistriú. D’fhonn cearta toghthóirí a chosaint, molann an Coiste freisin go dtabharfadh cláraitheoirí contae breith ar éilimh go n-áireofaí ainmneacha sa chlár agus ar agóidí in aghaidh ainmneacha a áireamh sa chlár. Faoi réir na moltaí sin, tá an togra seo á mholadh ag an gCoiste.


13. Bhí sé faoi bhreithniú ag an gComhchoiste an bhféadfaí níos mó úsáid a bhaint as an nGarda Síochána ná mar baintear faoi láthair ar an mbunobair a ghabhann le tiomsú an chláir. Bhreithnigh an Coiste go mionchruinn freisin an bhféadfaí fir phoist a úsáid chuige sin. Chinn an Coiste nárbh fhéidir ceachtar de na nithe sin a dhéanamh.


Achomhaire ó chinneadh oifigeach cláraitheachta.

An Togra: Acht 16 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, agus alt 2 den Acht Toghcháin (Achomhairc Chláraitheachta), 1932, a aisghairm agus a athachtú mar aon ní amháin.


Nóta faoin Togra


Rinne alt 16 foráil go bhféadfaí achomhairc a chur chun na Cúirte Contae in aghaidh cinneadh ag oifigigh cláraitheachta maidir le héilimh ar chlárú agus maidir le hagóidí in aghaidh cláraithe, ach amháin i gcathair agus i gcontae Bhaile Átha Cliath mar ar coimeádadh ar bun an córas trína bhféadfadh abhcóide athfhéachana a ceapadh go speisialta, achomhairc den sórt sin a éisteacht. Rinneadh socrú le haghaidh achomhairc bhreise ar phoncanna dlí ón gCúirt Chontae nó ón abhcóide athfhéachana chun na Cúirte Achomhairc. D’aistrigh dlínse na mBreithiún Cúirte Contae chun na Cúirte Cuarda a bunaíodh faoin Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, agus do scoir an Chúirt Achomhairc d’fheidhm a bheith aige. Nuair a fuair an t-abhcóide athfhéachana deiridh bás cuireadh an nós imeachta i mBaile Átha Cliath ar aon dul le nós imeachta na coda eile den tír le halt 2 den Acht Toghcháin (Achomhairc Chláraitheachta), 1932, a d’oiriúnaigh freisin na tagairtí do na Cúirteanna roimh 1923 atá in alt 16 d’Acht 1923. Deallraíonn sé, áfach, nach mbaineann an t-oiriúnú seo ach amháin le hachomhairc Bhaile Átha Cliath.


Tograítear aon fhoráil iomlán lán-oiriúnaithe amháin a chur in ionad an dá alt a luaitear sa togra seo. Tarlóidh mion-oiriúnuithe iarmartacha i rialacha 28 agus 29 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, agus féadfar iomlán Acht 1932 a aisghairm.


14. Molann an Comchoiste an togra seo.


An tagairt do chléirigh corónach agus síochána a aisghairm.

An Togra: Alt 14 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, a aisghairm.


Nóta faoin Togra


Chuir an t-alt seo ar chumas an Aire Airgeadais orduithe a dhéanamh ag méadú tuarastail chléirigh corónach agus síochána ag féachaint do na dualgais bhreise a forchuireadh orthu le hAcht 1923. Tá sé i léig. Cuireadh cláraitheoirí contae in ionad cléirigh corónach agus síochána le Cuid II den Acht Oifigeach Cúirte, 1926.


15. Comhaontaíonn an Comhchoiste leis an togra seo.


Cláraitheoirí maoirseachta do chur breitheanna agus básanna in iúl.

16. Faoi riail 7 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, féadfar a cheangal ar chláraitheoir maoirseachta breitheanna agus básanna, liostaí nó aon eolas eile i dtaobh bás daoine ina limistéar a sholáthar don oifigeach cláraitheachta. Bhreithnigh an Comhchoiste ar chóir an fhoráil seo a leathnú chun go mbeadh ar gach cláraitheoir maoirseachta sonraí a thabhairt don oifigeach cláraitheachta ar na daoine go léir in limistéar a bheidh 21 bhliain d’aois an lú Eanáir nó aon dáta eile.


17. D’fhonn é seo a dhéanamh, tuigtear go gcaithfeadh cláraitheoirí maoirseachta liostaí speisialta a thiomsú ó chláir éagsúla, bealach oibre a bheadh mall fádálach. Níor chonstaic é sin dá gcabhródh an liosta leis an gclár a bheith cruinn. Ní deimhin don Chomhchoiste go dtiocfadh a leithéid sin de thairbhe as. Leis an oiread sin daoine a bheith ag aistriú le 21 bhliain agus leis an gclaonadh a bheith ag méadú máithreacha le haghaidh clainne a thabhairt chun ospidéil, tamall maith ó bhaile go minic, ní fhéadfaí in aon chor a bheith ag brath air go mbeadh liosta daoine a rugadh i limistéar 21 bhliain ó shoin ina chuntas cruinn ar ainmneacha na ndaoine a chónaíonn ann faoi láthair. I theannta sin, faoin Acht um Staidreamh Beatha agus um Chlárú Breitheanna, Bása agus Póstaí, 1952, dílseofar feidhmeanna chláraitheoirí maoirseachta sa deireadh in údaráis áitiúla, a gcaithfidh go leor acu anois na dréacht-liostaí toghthóirí a ullmhú don oifigeach cláraitheachta agus a mbeadh fáil díreach acu ar an eolas a bheadh i liosta mar gheall air sin. Má dhéantar de réir mholadh an Choiste i mír 12 gur ag údaráis áitiúla ba chóir obair chláraitheachta a dhéanamh cuirfear an argóint seo céim eile chun cinn. Sna himthoscaí seo, ní shíleann an Coiste gur chóir a thabhairt ar chláraitheoirí maoirseachta liostaí a sholáthar de dhaoine 21 bhliain d’aois ina limistéir.


Forlíonadh ar an gclár de thoghthóirí.

18. Pointe atá tagaithe go minic faoi umhail chomhaltaí an Chomhchoiste nach féidir le duine nach bhfuil cláraithe vóta a chaitheamh. Nuair atá vóta duine i gceist, ba chóir gach uile bheart a dhéanamh chun nach bhfágfar aon duine a bheidh cáilithe mar thoghthóir gan áireamh sa chlár nó chun nach dtabharfar a thuairisc ann go míchruinn. San am céanna is rí-thábhachtach an rud an clár a bheith críochnaitheach údarásach. Mar bhealach amach as an impasse molann an Coiste, nuair a fágtar ainm duine ar lár as an gclár nó nuair a chuirtear sa chlár é go míchruinn mar gheall ar earráid cló nó earráid éigin eile riaracháin, gur chóir cumhacht a bheith ag an oifigeach cláraitheachta liosta forlíontach ceartuithe a eisiúint. Ní bheadh fad ró-mhór sa liosta seo de ghnáth agus d’fhéadfaí é chlóbhualadh go tapaidh. Níor cheart dó a thuilleadh a dhéanamh ach earráidí riaracháin den sórt a luaitear a cheartú, a fhaightear amach, faoi cheann 10 lá, abair, tar éis foilsiú an chláir. Chuirfí leis an liosta agus bheadh sé ina chuid den chlár, agus foilseofaí é tráth nach déanaí, abair, ná coicís tar éis foilsiú an chláir.


Daoine ar chóir cóipeanna den chlár a sholáthar dóibh.

19. Féadfar cóipeanna de liostaí na dtoghthóirí agus de chlár na dtoghthóirí a cheannach ar 1s. móide 1d. ar gach céad nó cuid de chéad ainm, tar éis an chéad 100. Mar chuid d’fhoilsiú an Chláir tugtar cóip amháin in aisce, má iarrann sé é, do gach Teachta Dála i leith na coda den limistéar cláraitheachta a n-ionadaíonn an Teachta dó, agus do gach iarrthóir a bheidh ainmithe go cuí ag toghchán Dála. Molann an Comhchoiste go dtabharfaí, ina theannta sin, cóip do gach duine acu seo a leanas:


(a) gach Seanadóir—an chuid den chlár a bhaineann leis an dáilcheantar ina gcónaíonn sé, agus


(b) gach comhairleoir contae agus contae-bhuirge—an chuid den chlár a bhaineann leis an toghlimistéar a n-ionadaíonn sé dó.


Ba chóir go gcabhródh an leathantas breise seo le breis suime a chur sa chlár agus breis cruinnis a bheith ann.


Aois toghthóra a ríomh.

An Togra: A fhoráil go ndéanfaí 21 bhliain d’aois ar an dáta a thiocfaidh an clár i bhfeidhm a chur in ionad 30 bliain d’aois in alt 4 (3) den Representation of the People Act, 1918.


Nóta faoin Togra


Forálann alt 4 (3) go mbeidh bean i dteideal í a chlárú mar thoghthóir rialtais áitiúil i dtogh-limistéar áitiúil i gcás—


(1) ina mbeadh sí i dteideal í a chlárú ann dá mba fhear í, agus


(2) inar bhanchéile í ag fear a bhí i dteideal é a chlárú i leith áitribh ina gcónaíonn siad beirt agus 30 bliain a bheith slán aici.


Tá an tagairt do 30 bliain gan feidhm anois agus tograítear tagairt do 21 bhliain a chur ina ionad.


20. Molann an Comhchoiste an togra seo.


Toghthóirí rialtais áitiúil a chlárú.

An Togra: Alt 4 den Acht chun Toghthóirí Rialtais Aitiúla a Chlárú, 1924, a aisghairm agus a athachtú, agus é leasaithe chun go bhforálfaidh sé go ndéanfaidh an t-oifigeach cláraitheachta cibé athruithe agus ceartuithe sna liostaí toghthóirí a mheasann sé is gá chun nach gclárófar aon duine níos mó ná uair amháin mar thoghthóir rialtais áitiúil d’aon chontae, contaebhuirg, ceantar uirbeach nó baile.


Nóta faoin Togra


Forálann alt 4 go ndéanfaidh an t-oifigeach cláraitheachta athruithe á áirithiú “nach baol go gclárófar éinne níos mó ná aon uair amháin mar thoghthóir rialtais áitiúla in aon líomatáiste toghcháin chontae, cheantair, bhuirge, dhlí na mbocht ná bhaile.” Tá naoi thogh-limistéar buirge i gcontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath agus meánuimhir cúig thogh-limistéar contae i ngach contae. Dá bhrí sin, d’fhéadfaidh duine a bheith cláraithe níos mó ná uair amháin do chontae nó do chontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath. Ní haon mhaith an t-ilchlárú seo mar ní cheadaítear do thoghthóir vótáil níos mó ná uair amháin i dtoghadh ar aon údaráis áitiúil amháin. Chuirfeadh an leasú a luaitear sa togra deireadh leis an ilchlárú seo atá ina chúis le saothar gan ghá agus a fhéadfadh deis a thabhairt ar phearsanáil. An togra atá faoi thrácht i mír 23, déanann sé socrú i dtaobh cinneadh an áitribh áirithe dá gclárófar toghthóir atá cáilithe i leith dhá áitr eabh nó níos mó. Ní hé atá ar intinn, ar ndóigh, go ndéanfaí difir do cheart duine é a bheith cláraithe i dhá áit nó níos mó mar thoghthóir rialtais áitiúil chun úda ráis áitiúla éagsúla a thoghadh.


21. Molann an Comhchoiste an togra seo.


Daoine a chónaíonn i dteaghlaigh chontae.

2. Leasú eile ar alt 1 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, ba mhaith leis an gComhchoiste go ndéanfaí is ea na focail “tigh oibre, tigh do bhochtaibh” a scriosadh i bhfo-alt (9). Chuirfeadh sin ar chumas daoine a chónaíonn ar feadh tréimhsí fada i dteaghlaigh chontae agus i bhforais dá samhail iad a chlárú ansin. Isé éifeacht atá leis na focail i bhfo-alt (9) faoi láthair go mbaineann sé vótaí díobh agus dealraíonn nach bhfuil ann ach iarsma gan feidhm ó shean-dearcadh dhlí na mbocht.


An seoladh ag a gclárófar toghthóir.

An Togra: A fhoráil, i gcás ina mbeidh duine i dteideal é a chlárú mar thoghthóir Dála nó mar thoghthóir rialtais áitiúil do chontae, contae-bhuirg, buirg, ceantar uirbeach nó baile i leith níos mó aon áitreabh amháin, go gclárófar é


(a) maidir le cibé áitreabh acu sin a inseoidh sé i scríbhinn don oifigeach cláraitheachta tráth nach déanaí ná an lá deiridh le haghaidh éilimh ar chlárú a ghlacadh, nó


(b) mura n-inseoidh sé amhlaidh agus gurb é a áit chónaithe áitreabh amháin acu—maidir lena áit chónaithe, nó


(c) in aon chás eile—maidir le cibé áitreabh acu a chinnfidh an t-oifigeach cláraitheachta dá roghain féin, tar éis dó dul i gcomhairle le haon oifigeach cláraitheachta eile lena mbaineann,


agus aon leasuithe iarmartacha is gá a dhéanamh in alt 1 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, agus ar riail 22 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.


Nóta faoin Togra


Tá na rialacha cláraitheachta atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, ábhar débhríoch. Baineadh de bhrí astu i mBaile Átha Cliath gur cheanglaíodar ar an oifigeach cláraitheachta go gcuirfeadh sé ar an liosta gach toghthóir i ngach aonad cláraitheachta ina bhfuil seoladh aige agus a bhfuil sé i dteideal go gclárófaí é, cibé acu seoladh gnó nó seoladh cónaithe, agus ina dhiaidh sin taifid dúbláide a scriosadh as trí na liostaí do na haonaid cláraitheachta éagsúla a chur i gcomparáid lena chéile. I bhformhór mór na gcásanna ní deir an toghthóir cé acu is fearr leis go gclárófaí é ag a sheoladh gnó nó ag a sheoladh cónaithe, agus is don seoladh cónaithe a thugtar an rogha de ghnáth. Chuirfeadh an togra faoin mírcheann thuas deireadh leis an dé bhrí agus lena lán saothair agus clódóireachta nach gá.


23. Má dhéantar de réir thogra an Chomhchoiste ag mír 8 den dara tuarascáil eatramhach uaidh go gcuirfí deireadh leis an gcáilíocht áitreabh gnó le haghaidh clárú mar thoghthóir Dála ní bheidh duine i dteideal a chláraithe mar thoghthóir Dála ach san aon áit amháin, isé sin, an áit a bhfuil gnáth-chónaí air. Dá bhrí sin, ní gá déileáil sa togra seo le clárú toghthóirí Dála.


24. Faoi réir na nótaí sa mhír roimhe seo molann an Comhchoiste an togra seo.


An bhrí atá le “gnáth-chónaí” chun críocha cláraitheachta.

An Togra: A fhóráil mar leanas:


(a) Chun críocha cláraithe toghthóirí Dála nó rialtais áitiúil ní mheasfar gur éirigh duine as bheith ina ghnáthchónaí i ndáilcheantar mar gheall ar asláithreacht má bhíonn sé ar intinn aige leanúint de ghnáth-chónaí ann go buan nó go sealadach laistigh de thréimhse ocht mí déag óna éirí as.


(b) Mura mbeidh a mhalairt d’fhianaise ann, beidh ráiteas i scríbhinn ó dhuine á rá go bhfuil sé ar intinn aige leanúint dá ghnáth-chónaí ina fhianaise dhochloíte ar an gcéanna.


Nóta faoin Togra


Is é cuspóir an togra seo socrú a dhéanamh i leith cáis ina mbeidh an duine as láthair ar an dáta cáilitheach óna thigh cónaithe agus go mbeidh sé ar intinn aige filleadh laistigh de ocht mí déag, chun leanúint dá ghnáth-chónaí go buan nó go sealadach, e.g. chun a theach cónaithe sa dáilcheantar a choinneáil. Tá an tréimhse ocht mí déag ina chaighdeán cheana féin i limistéir áirithe. Cuirfidh an togra seo i bhfeidhm é go ginearálta i gcás chlárú toghthóirí Dála agus toghthóirí rialtais áitiúila.


25. Baineann oifigigh cláraitheachta bríonna an-éagsúla as an téarma “gnáth-chónaí,” go háirithe maidir le himirceoirí a thagann ar ais chun na tíre seo ó am go ham. Ba mhaith an rud an bhrí chéanna a bhaint as i ngach limistéar. Dá bhrí sin, aontaíonn an Comhchoiste leis an togra seo, ach déanamh dá réir sa chuma nach ar an duine a bheidh as láthair a chuirfear an dualgas a ainm a choinneáil sa chlár.


Bainisteoir cathrach a cheapadh mar leas-oifigeach cláraitheachta.

An Togra: A fhoráil go ndéanfaidh bainisteoir cathrach agus baile-chléireach contae-bhuirge, má iarrann an t-oifigeach cláraitheachta sin air, gníomhú mar leas-oifigeach cláraitheachta don chontae-bhuirg chun cibé críocha a shonróidh an t-oifigeach cláraitheachta, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil, agus riail 15 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, a aisghairm.


Nóta faoin Togra


Faoi riail 15 tá sé de cheangal ar an oifigeach cláraitheachta baile-chléireach contae-bhuirge a cheapadh chun gníomhú mar ionadaí dó “más mian leis an gCléireach Baile é” chun liostaí na dtoghthóirí a fhoilsiú agus chun glacadh le héilimh agus le hagóidí agus liostaí díobh sin a fhoilsiú. Rinneadh ceapacháin den sórt sin go rialta i mBaile Átha Cliath, i Luimnigh agus i bPort Láirge ach ní dhearnadh i gCorcaigh. Moltar sa togra seo go gcuirfí in ionad na bhforálacha seo foráil a chuirfeadh d’oibleagáid ar an mbainisteoir cathrach agus bailechléireach gníomhú mar leas-oifigeach cláraitheachta don chontae-bhuirg má iarrann an t-oifigeach cláraitheachta sin air agus údarás a thabhairt don oifigeach cláraitheachta na críocha a shonrú, le toiliú an Aire, a bhféadfar a cheangal ar an mbainisteoir cathrach agus baile-chléireach gníomhú ina leith amhlaidh. Mar shampla, d’fhéadfaí ceartú liostaí chun taifid dúbláide a scriosadh astu a áireamh ar dhualgais an bhainisteora chathrach agus bhaile-chléirigh.


26. Má dhéantar de réir an togra i mír 12 chun dualgais chláraitheachta a aistriú chun údaráis áitiúla ní bheidh aon ghá le dul ar aghaidh leis an togra seo.


Costais chláraitheachta.

An Togra: A fhoráil mar leanas:


(a) Deireadh a chur le táillí is iníoctha faoi láthair le cláraitheoirí contae, rúnaithe contae agus baile-chléirigh as obair chláraitheachta.


(b) Déanfaidh an chomairle chontae nó an bardas contaebhuirge, cibé acu é ar dheimhniú an oifigigh chláraitheachta, luach saothair agus costais bailithoirí rátaí nó a n-ionadaithe a bheidh ag gabháil d’ullmhú chláir na dtoghthóirí, a íoc de réir cibé rátaí agus ar cibé coinníollacha a fhorordófar i scála a cheapfaidh an tAire Rialtais Aitiúil le toiliú an Aire Airgeadais. Cúiteofar an tríú cuid den chaiteachas sin leis an údarás áitiúil as airgead a sholáthróidh an tOireachtas ach cúiteofar a leath i gcás bailitheoirí a ceapadh roimh an 15 Samhain, 1923.


(c) I gcás ina ngníomhaíonn bainisteoir cathrach agus bailechléireach contae-bhuirge mar leas-oifigeach cláraitheachta, íocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas don údarás áitiúil suim a chinnfear de réir scála a fhorordóidh an tAire Rialtais Aitiúil le toiliú an Aire Airgeadais.


(d) Iocfaidh an t-údarás áitiúil na caiteachais faoina ndeachaigh rúnaí contae nó baile-chléireach. I gcúinsí oiriúnacha féadfaidh an tAire Rialtais Aitiúil le toiliú an Aire Airgeadais a cheadú go ndéanfaí luach saothair uile nó cuid le luach saothair na ndaoine a bheidh fostaithe go riachtanach ag rúnaí contae nó bailechléireach a áireamh mar luach saothair bhailitheoirí rátaí chun críocha cúitimh.


(e) Leanúint den socrú atá ann trína roinntear mionchostais áirithe go cothrom idir an Stát agus údaráis áitiúla, e.g., táillí do chláraitheoirí maoirseachta breitheanna agus básanna, táillí do leas-oifigigh chláraitheachta, seachas baile-chléirigh, agus postas, agus a fhoráil go ndéanfaidh an tAire Rialtais Aitiúil an scála a rialóidh na costais sin a fhorordú le toiliú an Aire Airgeadais An caiteachas eile go léir faoina ndeachaigh cláraitheoir contae ag ullmhú an chláir íocfar é as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, agus aon suim a gheobhaidh sé mar íocaíocht as cóipeanna den chlár agus as doiciméid eile déanfar leis amhail mar a ordóidh an tAire Airgeadais.


(f) Cuirfidh Oifig an tSoláthair faoi ndear go ndéanfar an chlódóireacht go léir le haghaidh cláraitheachta, agus íocfar leath costas na clódóireachta sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, agus íocfar a leath ag comhairle contae nó bardas contae-bhuirge an limistéir chláraitheachta ar lena aghaidh a rinneadh an chlódóireacht sin. Má tharlaíonn aon cheist i dtaobh cén chineál clódóireachta a dhéanfar nó i dtaobh cionroinnt an chostais idir na limistéir chláraitheachta faoi seach, cuirfear é faoi bhráid an Aire Rialtais Áitiúil agus beidh a chinneadh sin air ina chinneadh críochnaitheach.


Nóta faoin Togra


Alt 12 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, arna leasú le halt 12 d’Acht na nGiúirithe, 1927, a rialaíonn an córas íoctha costas cláraitheachta atá ann faoi láthair. Faoin gcóras seo íocann an chomhairle chontae nó an bardas contaebhuirge leis an oifigeach cláraitheachta aon chostais chláraitheachta faoina ndeachaigh sé go cuí, is é sin, na suimeanna a chinnfear le Scála Costas Cláraitheachta a dhéanfaidh an tAire Airgeadais. I gcásanna neamhchoitianta measfar gur caiteachas faoina ndeachthas go cuí caiteachas de bhreis ar na suimeanna sin má cheadaíonn an chomhairle lena mbaineann agus an tAire é.


Faoi Acht 1923 roinntear na costais chláraitheachta go léir agus costais chlódóireachta a áireamh go cothrom idir an Stát agus na húdaráis áitiúla. I 1924 comhnascadh le hobair chláraitheachta toghthóirí an obair a bhain le dréachtliostaí giúróirí a thiomsú agus a fhoilsiú, freagracht a bhí ar na húdaráis áiti úla féin amháin ón am a bhí feidhmeanna leath-bhreithiúnacha ag na húdaráis sin. De thoradh Acht na gCoistí Dháréag (Leasú), 1924, (a aisghaireadh agus a códaíodh le hAcht na nGiúirithe, 1927) d’íocadh an Stát ranníoca éagsúla i leith costais chláraitheachta, de réir an chineál costas a bhí iontu, d’fhonn a áirithiú go leanfadh na húdaráis áitiúla d’íoc go hiomlán as eolas i dtaobh ghiúróirí a thiomsú agus a fhoilsiú. Na cionúireachtaí a bhí le ranníoc ag an Stát agus a tugadh isteach i 1924 níor athraíodh iad ó shoin agus is mar seo atá siad—


(a) I leith íocaíochtaí le rúnaithe contae agus baile-chléirigh a ceapadh tar éis an 15 Samhain, 1923—an ceathrú cuid.


(b) I leith íocaíochtaí le bailitheoirí rátaí a ceapadh tar éis an 15ú Samhain, 1923—an tríú cuid.


(c) I leith costas clódóireachta—trí sheachtú.


(d) I leith costais chláraitheachta eile—a leath.


Airítear ar na “costais chláraitheachta eile” íocaíochtaí le rúnaithe contae, baile-chléirigh, bailitheoirí rátaí a ceapadh an 15ú Samhain, 1923, nó roimhe sin, oifigigh chláraitheachta, leas-oifigigh chláraitheachta, cláraitheoirí maoirseachta breitheanna agus básanna agus muirir phoist áirithe.


An córas íoctha agus cúitimh costas cláraitheachta atá ann faoi láthair, tá sé casta thar mar is gá. Tá tuarastail uileghabhálacha ag na hoifigigh Stáit agus rialtais áitiúil a gheibheann íocaíochtaí ach amháin bailitheoirí rátaí agus cuireann siad na táillí vótaíochta i dtaisce chun creidmheasa an Stáit nó an údaráis áitiúil de réir mar bheidh. Toisc go ndéanann an Stát agus na húdaráis áitiúla i dteannta chéile iomlán na dtáillí a ranníoc, déantar go leor gnóthaí timpeallacha. Tograítear gnóthaí den sórt sin a chur ar neamhní oiread agus is féidir.


Faoi mhír (a) cuirfear deireadh leis na táillí is iníoctha ag na comhairlí contae agus na comhairlí contae-bhuirge le cláraitheoirí contae (£9,029—cúiteamh Stáit £4,514) rúnaithe contae agus baile-chléirigh (£17,017—cúiteamh Stáit £4,254). Toisc gur tuarastail uileghabhálacha atá ag na hoifigigh sin ní dhéanfaidh sé aon difir dá luach saothair pearsanta deireadh a chur leis na táillí. Nuair a chuirfear deireadh leis na táillí agus na cúitimh bainfidh caillteanas beag don Státchiste, ar comhardú, tuairim £260 de réir figiúirí 1959/60 atá luaite. Cuirfear an caillteanas seo ar ceal leis an sochar ó choinneáil na n-íocaíochtaí a bheidh faighte ag cláraitheoirí contae ar chóipeanna den chlár, etc., a thograítear i mír (e)—féach anseo thíos.


An fhreagracht maidir le méid táillí vótaíochta bhailitheoirí rátaí a fhorordú aistreoidh mír (b) é ón Aire Airgeadais chun an Aire Rialtais Aitiúil agus é ag gníomhú le toiliú an Aire Airgeadais agus cuirfidh an mhír sin faoi deara go bhféadfar coinníollacha íocaíochta a fhorordú. Aistreoidh an mhír sin freisin dualgas íoctha na dtáillí sin ón gcláraitheoir contae chun na comhairle contae nó chun an bhardais chontae-bhuirge. Cúiteoidh an Stát an chionúireacht chéanna de na táillí sin do na húdaráis áitiúla, amhail mar dhéanann faoi láthair.


Faoin togra ar a dtráchtar i mír 26 féadfaidh cláraitheoir contae a cheangal ar bhainisteoir cathrach agus baile-chléireach contae-bhuirge gníomhú mar ionadaí dó le haghaidh cibé críocha a shonrófar le toiliú an Aire Rialtais Aitiúil. Forálann mír (c) go bhféadfar íocaíocht a dhéanamh leis an údarás áitiúi l i gcás den sórt sin de réir scála a cheapfaidh an tAire Rialtais Aitiúil le toiliú an Aire Airgeadais. Déanfaidh sé sin simpliú ar an nós imeachta atá ann agus ní chuirfidh sé athrú ar bith ar chúrsaí airgid.


Údaróidh mír (d) d’údaráis áitiúla a gcostais oifige féin maidir le cláraitheacht a ghlanadh, lena n-áirítear caiteachais ar fhoirinn shealadach; leanann sé sin as deireadh a chur le táillí vótaíochta na rúnaithe contae agus na mbaile-chléireach. Tá socrú á dhéanamh freisin i dtaobh cúitimh i gcásanna neamhghnácha, e.g., i gContae-Bhuirg Bhaile Átha Cliath mar ar mó na costais chláraitheachta ná an tsuim iomlán a lamháiltear leis an scála atá ann faoi láthair. Baineann na costais seo go formhór le foirinn bhreise a fhostaíonn an baile-chléireach chun go ndéanfaidís, inter alia, an obair a dhéanann bailitheoirí rátaí in áiteanna eile.


I mír (e) tograítear go leanfadh an Stát agus na húdaráis áitiúla de mhionchostais áirithe a bhaineann le hoifigigh chláraitheachta a roinnt go cothrom eatarthu amhail mar dhéantar faoi láthair, e.g., táillí do chláraitheoirí maoirseachta breitheanna agus básanna, táillí do leas-oifigigh chláraitheachta a cheaptar nuair nach mbíonn oifigeach cláraitheachta ábalta ar a dhualgais a chomhlíonadh de dheasca breoiteachta, etc., agus postas foirmeacha cláraiteachta, ach aistreofar ón Aire Airgeadais chun an Aire Rialtais Aitiúil, agus é ag gníomhú le toiliú an Aire Airgeadais, an fhreagracht maidir le scála a cheapadh ag forordú na gcostas sin. Iocfaidh an Stát na costais chláraitheachta eile go léir a bhainfidh do chláraitheoirí contae ar nós costais oifige agus luach saothair d’fhoirinn shealadach; leanann an socrú sin as deireadh a chur leis na táillí toghchórais mar thograítear i mír (a). Tograítear freisin go gcreidiúnóidh an cláraitheoir contae don Stát as seo amach méid aon fháltas ó chóipeanna den chlár, etc.. a dhíol, in ionad é a chreidiúnú don údaráis áitiúil, amhail mar dhéanann faoi láthair. Bhí meánmhéid tuairim £450 sa bhliain sna fáltais seo i gcaitheamh na ndeich mblian suas go 1959/60 agus sin a áireamh. Téann oiread agus leath na bhfáltas sin chun sochair don Stát faoi láthair sa mhéid go ndéantar laghdú ar na costais chláraitheachta a háirítear i leith cúitimh 50%. As seo amach is chun an Stáit a chreidiúnófar na fáltais go léir.


Tograíonn mír (f) go ranníocfaidh an Stát leath costas na clódóireachta a bheidh an teastáil chun críocha cláraitheachta in ionad trí sheachtú mar dhéanann faoi láthair. Tá foirm liostaí agus chláir na dtoghthóirí tar éis athrú ó 1924 nuair a socraíodh an ranníoc Stáit atá ann faoi láthair, agus an modh atá i bhfeidhm faoi láthair chun giúróirí a thaispeáint, isé sin, an litir “(J)” a chur i ndiaidh a n-ainmneacha ní chuireann sé dada le costas na liostaí ná an chláir. Níl sé cóir ná ceart, dá bhrí sin, go leanfaí de bhreis agus leath an chostais chlódóireachta a bhaint d’údaráis áitiúla. Meastar go gcuirfeadh an togra seo tuairim £2,000 sa bhliain de chostas breise ar an Stát.


Déanfaí aisghairm ar alt 12 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, ar mhír (f) de riail 7 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, agus ar alt 12 d’Acht na nGiúirithe, 1927, de thoradh na dtograí láithreacha seo.


27. Ní dóigh leis an gComhchoiste gur chóir in aon chor leanúint de bheithá cheangal ar údaráis áitiúla íoc go hiomlán as eolas i dtaobh ghiúróirí a thiomsú agus a fhoilsiú, ná go mbuanófaí an t-idirdhealú idir bhailitheoirí rátaí a ceapadh roimh an 15 Samhain, 1923, agus bailitheoirí rátaí a ceapadh dá éis. Measann an Coiste gur chóir go gcúiteodh an Stát don údarás áitiúil leath (in ionad trian mar thograítear) luach saothair agus costas na mbailitheoirí rátaí uile nó a n-ionadaithe a bheidh ag gabháil d’ullmhú an Chláir mar baineann an Stát an tairbhe chéanna ar a laghad as an gclár agus a bhaineann údaráis áitiúla le toghcháin chúigbhlianacha.


28. Má dhéantar de réir mholadh an Chomhchoiste i mír 12 thuas go n-aistreofaí dualgais chláraitheachta ó chláraitheoirí contae chun údaráis áitiúla, ní foláir an togra seo a mhodhnú. Molann an Coiste go leanfaí an prionsabal go n-íocfadh an Stát leath na gcostas cláraitheachta uile agus go n-íocfadh údaráis áitiúla a leath agus nár chóir féachaint le haon chionroinnt speisialta a dhéanamh d’fhonn go mbuanófaí dliteanas na n-údarás áitiúil i leith na gcostas náisiúnta maidir le liostaí giúróirí a thiomsú.


Pionós as chur isteach ar fhógraí cláraitheachta.

An Togra: A fhoráil i gcás gach duine a dhéanfaidh, gan údarás dleathach, aon fhógra, liosta, cóip den chlár nó aon doiciméad eile a cuireadh ar fáil chun a iniúchta, a postáladh suas nó a foilsíodh ar shlí eile ag oifigeach cláraitheachta de bhun na rialacha cláraitheachta, a scriosadh, a mhilleadh, a aghlot nó a thógáil as, go ndlifear fineáil nach mó ná £5 a chur air ar a chiontú go hachomair ar an oifigeach cláraitheachta nó aon chomhalta den Gharda Síochána dá inchúiseamh. Riail 30 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, agus fo-alt (2) d’alt 47 den Acht chun Drochbhearta Toghcháin a Chosc, 1923, a aisghairm.


Nóta faoin Togra.


Baineann riail 30 agus fo-alt (2) d’alt 47 le fógraí, etc., a fhoilsigh oifigigh chláraitheachta, a aghlot agus a thógáil as. Forálann riail 30 pionós nach mó ná £5 agus forálann fo-alt (2) d’alt 47 pionós idir 10s. agus £2. Tograítear go gcuirfí aon fhoráil amháin in ionad an dá fhoráil.


29. Molann an Comhchoiste an togra seo, ach ba mhaith leo £10 de phionós a chur in ionad £5.


III. STIÚRADH AGUS COSTAS TOGHCHÁN DÁLA.

Cinn chomhairimh, cinn chomhairimh chúnta agus leas-chinn chomhairimh.

An Togra: Na forálacha a bhaineann leis na daoine atá le bheith ina gcinn chomhairimh agus a bhaineann le ceapadh cinn chomhairimh chúnta agus leas-chinn chomhairimh a aisghairm agus a athachtú faoi réir na modhnuithe seo a leanas:


(a) Focail arb é a n-éifeacht “do dháilcheantar a gceanglaítear de thuras na huaire comhaltaí Dháil Éireann a thoghadh ina leith” a chur in ionad “do dháilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo” in alt den Acht Toghcháin (Leasú), 1961.


(b) Mura bhféadfaidh an ceann comhairimh mar gheall ar bhreoiteacht nó ar aon chúis réasúnach eile a dhualgais nó aon dualgas dá chuid a chomhlíonadh, ceapfaidh an tAire duine chun bheith ina cheann comhairimh.


(c) Na feidhmeanna a bhféadfar leas-cheann comhairimh a cheapadh ina leith a leathnú chun go n-áireofar orthu ainmniúcháin a ghlacadh.


(d) Má bhíonn an t-aon duine amháin, ar cláraitheoir contae é, ina cheann comhairimh do dhá dháilcheantar nó níos mó, a fhoráil:—


(i) go bhféadfaidh an tAire an cléireach sinsearach nó an príomh-chléireach a cheapadh ina leas-cheann comhairimh, má bhíonn sé toilteanach gníomhú,


(ii) mura ndéantar aon cheapachán faoi (a), go bhféadfaidh an ceann comhairimh, le cead ón Aire, leas-cheann comhairimh a cheapadh,


(iii) mura ndéantar aon cheapachán faoi (a) (b), go bhféadfaidh an tAire an ceapachán a dhéanamh.


(e) An abairt “ceann comhairimh” a leathnú in aon fhoráil de na hAchtanna Toghcháin ach amháin iad sin a bhaineann le leas-chinn chomhairimh nó le cinn chomhairimh chúnta a cheapadh, chun go bhfolóidh sé leas-cheann comhairimh nó ceann comhairimh cúnta.


Nóta faoin Togra


Ná forálacha a bhaineann leis na daoine atá le bheith ina gcinn chomhairimh agus ina gcinn chomhairimh chúnta nó ina leas-chinn chomhairimh tá siad scaipithe trí roinnt Achtanna mar leanas:—


Cinn chomhairimh: Beidh foráil in alt 7 den Acht Toghcháin (Leasú), 1961, ar an gcéad lánscor eile, le haghaidh daoine atá le bheith ina gcinn chomhairimh do na dáilcheantair nua. (Tá an fhoráil faoi láthair in alt 7 den Acht Toghcháin (Leasú), 1947, agus aisghairfidh Acht 1961 é sin ar an gcéad lánscor eile).


Déanann an t-alt foráil i leith an duine atá le bheith ina cheann comhairimh “do dháilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.” Má chuirtear ina n-ionad focail arb é a n-éifeacht “do dháilcheantar a gceanglaítear de thuras na huaire comhaltaí Dháil Éireann a thoghadh ina leith” tabharfaidh sé feidhm don alt ní amháin i gcás na ndáilcheantar faoi Acht 1961 ach i gcás aon dáilcheantair san am le teacht.


Tá sé leagtha amach san alt cé hiad na daoine atá le bheith ina gcinn chomhairimh. Is é a éifeacht gurb iad féin na cláraitheoirí contae nó, má bhíonn sirriam ann, an sirriam.


Cinn chomhairimh chúnta: Forálann alt 7, i gcás ina bhfolaíonn dáilcheantar contae nó contae-bhuirg, go huile nó go páirteach, seachas é sin arb é an sirriam nó an cláraitheoir contae an ceann comhairimh ina leith, go bhféadfaidh sé, agus go gcaithfidh sé má iarrann an t-oifigeach lena mbaineann air é, an sirriam a cheapadh nó, mura bhfuil sirriam ann, an cláraitheoir contae a cheapadh mar cheann comhairimh cúnta don chuid sin den dáilcheantar.


Ní thograítear é sin a athrú.


Folúntas in oifig an chinn chomhairimh. I gcás inar sirriam an ceann comhairimh, ceapann an tAire duine chun gníomhú i gcaitheamh tréimhse an fholúntais faoi fho-alt (3) (g) d’alt 12 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945.


I gcás inar cláraitheoir contae an ceann comhairimh, tá feidhm ag alt 40 (7) den Acht Oifigeach Cúirte, 1926. Faoin alt seo freisin ceapann an tAire duine chun gníomhú i gcaitheamh tréimhse an fholúntais “go dtí go gceapfaidh an tAire Dlí agus Cirt fear ionaid”.


Tograítear na forálacha seo a aisghairm agus iad a chorprú in aon fhoráil nua amháin sa chód toghcháin.


Éagumas an chinn chomhairimh mar gheall ar bhreoiteacht, etc: Tá forálacha i bhfo-alt (3) (g) d’alt 12 d’Acht 1945 agus i bhfo-alt 7 d’alt 40 d’Acht 1926 atá díreach luaite á chumasú don Aire duine a cheapadh chun gníomhú mar cheann comhairimh i gcás an sirraim nó an cláraitheoir contae a bheith go sealadach as láthair nó faoi éagumas mar gheall ar bhreoiteacht.


Forálann alt 5 den Acht Toghcháin (Leasú), 1946, freisin, mura féidir leis an gceann comhairimh, mar gheall ar bhreoiteacht nó cúis réasúnach eile, an toghchán a stiúradh, go bhféadfaidh sé, le haontú an Aire, leas-cheann comhairimh a cheapadh agus go bhféadfaidh an leas-cheann comhairimh sin na dualgais dá gceapfar é a chomhlíonadh.


Mura ndéanann sé socrú faoin alt seo, feadfaidh an tAire, faoi alt 7, duine a cheapadh ina cheann comhairimh.


Tograítear go gcuirfí in ionad na bhforálacha seo aon fhoráil amháin á chumasú don Aire duine a cheapadh chun bheith ina cheann comhairimh mura féidir leis an gceann comhairimh a dhualgais a chomhlíonadh mar gheall ar bhreoitheacht nó ar chúis réasúnach eile.


Leas-chinn chomhairimh: I gcás inarb é an t-aon duine amháin is ceann comhairimh do dhá dháilcheantar nó níos mó, ní foláir dó faoi alt 5 den Acht Toghcháin (Leasú), 1946, duine a cheapadh le haontú an Aire ina leas-cheanu comhairimh don dáilcheantar nó do na dáilcheantair ina ngníomhaíonn sé féin. Is ceapachán é “chun na boscaí ballóide a oscailt agus na vótaí a chomhaireamh.”


Tograítear na feidhmeanna sin a leathnú chun go n-áireofar orthu ainmniúcháin a ghlacadh. Bhí leas-chinn chomhairimh á gceapadh go dtí seo faoi chumhacht ghinearálta an chinn chomhairimh, faoi fho-alt (2) d’alt 5 d’Acht 1946, chun leas-chinn chomhairimh a cheapadh chun “gach ceann nó aon cheann dá dhualgais” a chomhlíonadh nach féidir leis féin a chomhlíonadh mar gheall ar bhreoiteacht nó cúis réasúnach eile.


Tograítear freisin, i gcás inar cláraitheoir contae an ceann comhairimh, go bhféadfaidh an tAire an cléireach sinsearach nó an príomh-chléireach in oifig an chláraitheora chontae a cheapadh ina leas-cheann comhairimh má bhíonn sé sásta gníomhú. Mura gceapfaidh an tAire aon duine féadfaidh an ceann comhairimh, le ceadú an Aire, duine a cheapadh. Tograítear freisin go bhféadfaidh an tAire duine a cheapadh mura gceaptar aon duine faoi na forálacha seo.


I gcás inar sirriam an ceann comhairimh d’athachtófaí an fhoráil atá ann faoi láthair á chumasú dó leas-cheann comhairimh a cheapadh.


Bailíocht a thabhairt do bhearta an chinn chomhairimh chúnta agus an leaschinn chomhairimh: Forálann fo-alt (3) d’alt 7 den Acht Toghcháin (Leasú), 1961, gurb iad dualgais chinn chomhairimh chúnta dualgais an chinn chomhairimh a chomhlíonadh sa chuid den dáilcheantar dá gceapfar é seachas na dualgais a cheanglaítear ar an gceann comhairimh a chomhlíonadh i bpearsain. Tá foráil ann go gcinnfidh an tAire aon amhrais.


Forálann fo-alt (4) d’alt 5 d’Acht 1946 go bhfolaíonn an abairt “ceann comhairimh” sa Chúigiú Sceideal a ghabhann le hAcht 1923 leas-cheann comhairimh.


Déantar foráil cosúil leis seo le riail 54 den Chúigiú Sceideal a ghabhann le hAcht 1923.


Tograítear gur chóir na forálacha bailíochta seo a chomhdhlúthú agus ina theannta sin, a réim a leathnú chun go mbainfidh siad le bearta an duine a bheidh ag gníomhú mar cheann comhairimh, nach ndéantar faoin gCúigiú Sceideal a ghabhann le hAcht 1923, e.g. dualgais maidir leis an gcomhaireamh, vótaí poist, cártaí vótaíochta, socruithe éigeandála ar oileáin.


30. Molann an Comchoiste na tograí seo i dtaobh comhdhlúthú a dhéanamh, fara mion-leasuithe, ar na forálacha maidir le cinn chomhairimh, a gcúntóirí agus a n-ionadaithe.


Riteanna a eisiúint agus a chur ar ais.

An Togra: (1) Alt 54 agus na foirmeacha riteanna atá i gCuid III den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghcháin, 1923, arna oiriúnú leis an Ordú chun an tAcht Toghcháin, 1923, a Oiriúnú, 1945, a aisghairm agus a athachtú, leis na leasuithe seo a leanas:—


(a) “gach dáilcheantar a gceanglaítear de thuras na huaire comhaltaí Dháil Éireann a thoghadh ina leith” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “gach dáilcheanntar a hainmnítear san Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht so,”


(b) fo-alt nua a chur leis á fhoráil go ndéanfar rit a eiseofar faoin alt a chur chun bealaigh leis an bpost cláraithe i gclúdach a dhíreofar chun an chinn chomhairimh agus go gcuirfear ar aghaidh é saor ó mhuirear agus leis an bpost is túisce lenar féidir é chur, agus


(c) fo-alt eile a chur leis á fhoráil go ndéanfar an tuairisc ar thoghadh chomhalta nó chomhaltaí a shuífidh sa Dáil trí dheimhniú ar ainmneacha an chomhalta nó na gcomhaltaí sin faoi láimh an chinn chomhairimh agus í formhuinithe ar an rit, agus go ndéanfaidh an ceann comhairimh a luaithe is féidir tar éis fios a fháil ar thoradh an toghcháin an tuairisc sin ar thoghadh a sheachadadh i gclúdach, agus é dírithe chun Cléireach na Dála, go dtí an máistir poist nó go dtí ionadaí an mháistir poist ag príomh-phostoifig na háite a bheidh ceaptha chun na vótaí a chomhaireamh (nó mura raibh iomaíocht sa toghchán, an áit a bheidh ceaptha chun glacadh le hainmniúcháin) lena chur ar aghaidh leis an bpost cláraithe agus cuirfear é go dtí Cléireach na Dála saor ó mhuirear agus leis an bpost is tuisce lenar féidir é chur.


(2) An Parliamentary Writs Act, 1813, agus riail 42 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923 a aisghairm.


Nóta faoin Togra


Déanann alt 54 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, foráil i dtaobh riteanna a eisiúint le haghaidh toghcháin Dála. Tá foirmeacha na riteanna a bheidh le n-úsáid i gCuid III den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin. Rinneadh mion-athruithe de dhroim fhorálacha an Bhunreachta san alt agus sna foirmeacha leis an Ordú chun an tAcht Timpeall Toghchán, 1923, d’Oiriúnú, 1945.


Baineann fo-alt (1) d’alt 54 le riteanna a eisiúint d’olltoghcháin agus tagraíonn sé do na dáilcheantair a rinneadh i 1923. Tograítear an fo-alt a leasú chun go mbeidh feidhm aige ní amháin leis na dáilcheantair atá ann faoi láthair ach le haon dáilcheantair a dhéanfar san am le teacht.


Is é an Parliamentary Writs Act, 1813, a rialaíonn tarchur riteanna agus na freagraí orthu, agus tá forordú fada san Acht sin i dtaobh nós imeachta arb ionann ciall dó, geall leis, agus an rit a chur leis an bpost cláraithe. Ar ndóigh, is leis an bpost cláraithe a chuirtear riteanna faoi láthair agus tograítaer fo-alt a chur in ionad Acht 1813 á fhoráil díreach mar adeirtear i mír (b) thuas.


Tugtar an freagra ar rit trí dheimhniú arna fhormuiniú air agus síntear an rit, arna fhormhuiniú amhlaidh, chun an mháistir poist in áit an toghcháin agus cuirtear ar aghaidh é leis an gcéad phost go dtí Cléireach na Dála. Forordaítear an nós imeachta seo i riail 42 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923. Tograítear an riail sin a chorprú san alt beartaithe, i dteannta leasuithe á fhoráil go dtabharfar an freagra a luaithe is féidir tar éis fios a fháil ar an toradh agus go gcuirfear ar aghaidh é leis an bpost cláraithe, agus go sonrófar freisin an áit toghcháin chun na críche sin.


31. Molann an Comhchoiste na tograí sin.


Earlaisí ó iarrthóirí.

An Togra: Fo-alt (5) nua a chur isteach in alt 20 den Acht Timpeall Toghchchán, 1923, a bhforáilfear leis, ach amháin mar a fhoráiltear i bhfo-alt 6, go ndéanfar, aon uair a thoghfar iarrthóir i dtoghchán Dála, an éarlais a rinne seisean nó a rinneadh thar a cheann a chur ar ais, a luaithe is féidir tar éis toradh an toghcháin sin a dhearbhú chun an duine a rinne an éarlais, agus go n-aisghairfear alt 2 den Acht Toghcháin (Leasú), 1933.


Nóta faoin Togra


Tá na forálacha go léir i dtaobh éarlaisí iarrthóirí i dtoghcháin Dála in alt 20 ach amháin an fhoráil i dtaobh éarlais iarrthóra thofa a chur ar ais. Tá an fhoráil sin in alt 2 den Acht Toghcháin (Leasú), 1933. I dtosach, bhí fo-alt (5) in alt 20, á fhoráil go dtabharfaí ar ais an éarlais d’iarrthóir a thoghfaí dá nglacfadh sé an mhóid mar chomhalta den Oireachtas. Do haisghaireadh é sin i 1927 agus rinneadh foráil nua ina raibh teora ama chun an mhóid a ghlacadh. Do haisghaireadh é sin arís le hAcht 1933 agus rinneadh an fhoráil atá ann faoi láthair. Ba chóir an fhoráil sin a chur isteach in alt 20 i dteannta na bhforálacha eile i dtaobh éarlaisí ar mhaithe le caothúlacht tagartha. I dtaca leis sin de, tabharfaidh sin go bhféadfar Acht 1933 go huile a aisghairm sa mhéid nach bhfuil sé aisghairthe cheana, mar bheadh an t-alt substainteach eile atá ann faoi láthair (alt 3) á aisghairm de réir an chéad togra i gCuid IV den Tuarascáil seo.


Forálann fo-alt (6) nach mbeidh teideal ag duine i gcás ar bith, má ainmnítear do níos mó ná dáilcheantar amháin, go gcuirfí níos mó ná aon éarlais amhá in ar ais chuige.


32. Molann an Comhchoiste an togra sin.


33. £100 d’éarlais a iarrtar ar iarrthóirí i dtoghcháin Dála. Cuireadh coinníoll na héarlaise ar bun faoin Representation of the People Act, 1918, a shaor iarrthóirí ón dliteanas costais oifigiúla toghcháin a íoc. Bé a bhun-chuspóir ainmniúcháin mhístuama a chosc. Níor athraíodh a mhéid ó 1923. Bhí sé faoi bhreithniú ag an gComchoiste ar chóir an méid a mhéadú mar gheall ar an laghdú i luach an airgid ó shoin nó a laghdú toisc go mbacann sé ar dhaoine dul ar aghaidh le haghaidh toghcháin. Chinn an Coiste tar éis dóibh an dá argóint chontrártha sin a mheas nár chóir méid na héarlaise a athrú.


34. Faoi alt 20 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, forghéilleann iarrthóir i dtoghchán iomaíochta a éarlais muran mó ná an tríú cuid den chuóta an méid vótaí a bheidh faighte aige tráth a churtha as nó ag an gcomhaireamh deiridh. Molann an Comhchoiste go laghdófaí an codán go dtí ceathrú i gcorr-thoghchán.


Gan daoine a bheith i dteideal iad a ainmniú i níos mó ná aon dáilcheantar amháin in olltoghchán.

An Togra: A fhoráil nach mbeidh duine i dteideal a bheith ina iarrthóir in Olltoghchán Dála i níos mó ná dáilcheantar amháin agus fo-alt 6 d’alt 20 agus alt 55 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, a aisghairm.


Nóta faoin Togra


Forálann alt 55, má thoghtar duine mar chomhalta den Dáil do dhá dháilcheantar nó níos mó, go ndéanfaidh sé dearbhú sul a nglacfaidh sé a shuíochán, á rá cé acu dáilcheantar ar rogha leis ionadú dó agus mura ndéanfaidh sé é sin laistigh de mhí tar éis an chéad lae a shuífidh an Dáil nua measfar gur toghadh é mar ionadaí don dáilcheantar inar líonmhaire a fuair sé vótaí céadrogha.


Measfar go mbeidh sé tar éis éirí as a shuíochán nó a shuíocháin i ngach ceann de na dáilcheantair eile a luaithe a dhéanfaidh sé nó is tuigthe go ndearna sé an dearbhú sin. Caithfear corrthoghchán a chur ar siúl ansin chun an folúntas nó na folúntais a líonadh.


Forálann fo-alt (6) d’alt 20 nach mbeidh teideal ag iarrthóir go gcuirfí ar ais chuige níos mó ná aon éarlais amháin má bhíonn sé ainmnithe do níos mó ná dáilcheantar amháin.


Níor toghadh aon duine i níos mó ná aon dáilcheantar amháin le breis agus 30 bliain. D’fhéadfadh go mbeadh an fhoráil atá ann ina chúis le corrthoghcháin gan ghá agus ina theannta sin d’fhéadfaí mí-úsáid a bhaint as. Tograítear foráil a chur ina ionad á dhearbhú nach mbeidh duine i dteideal bheith ina iarrthóir i níos mó ná aon dáilcheantar amháin in olltoghchán.


35. Ní maith an rud go bhféadfaí an duine céanna a ainmniú in dhá dháilcheantar nó níos mó ag an toghchán céanna mar go bhféadfadh iomaíocht teacht de nuair nach dtarlódh a leithéid mura mbeadh sin agus, dá mbeadh an duine céanna i mbarr na vótaíochta i níos mó ná aon dáilcheantar amháin gur ró-dhócha go n-éireodh lena pháirtí in aon chorrthoghcháin a tiocfadh dá dhroim. B’fhearr leis an gComhchoiste, áfach, é fhágaint faoi rogha an té atá le bheith ina iarrthóir é a ainmniú nó gan é a ainmniú amhlaidh mar is air a thitfeadh sé éarlais amháin ar a laghad a chailliúint, agus costas na toghchánaíochta in dhá dháilcheantar nó níos mó. Ní mheasann an Coiste gur rud ró-mhór ina aghaidh an argóint i dtaobh corrthoghcháin do theacht dá dhroim. Ní dóigh leis go bhféadfadh sé an togra seo a mholadh.


Bás iarrthóra.

An Togra: Fo-alt 4 d’alt 19 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, a aisghairm agus a fhoráil mar leanas:—


(a) Más rud é, roimh nó tar éis atráthú toghcháin chun vótaíocht a thógáil agus roimh thosach na vótaíochta gur deimhin leis an gceann comhairimh go bhfuair iarrthóir bás (cibé acu roimh nó tar éis an atráthú) cuirfidh an ceann comhairimh an fógra vótaíochta ar ceal, agus tosófar arís ar na himeachtaí go léir maidir leis an toghchán. Sa toghchán nua sin déanfar na laethanta le haghaidh ainmníochtaí a ghlacadh agus lá na vótaíochta a shocrú sa tslí a fhoráiltear le haghaidh. corrthoghcháin agus chuige sin measfar an rit a bheith faighte ag an gceann comhairimh an lá a tugadh cruthú dó ar bhás an iarrthóra, ach ní gá aon ainmniú ná toiliú nua i leith aon iarrthóra a bhí ainmnithe an tráth a cuireadh an vótaíocht ar ceal.


(b) Más rud é tar éis tosach ach roimh dheireadh na vótaíochta gur deimhin leis an gceann comhairimh go bhfuair iarrthóir bás tabharfar neamhaird ar na vótaí go léir agus dítheofar na páipéir bhallóide, agus atosófar na himeachtaí amhail is dá mbeadh an fógra vótaíochta curtha ar ceal tráth tosaithe na vótaíochta.


(c) In aon chás eile ní thiocfaidh de bás iarrthóra go mbeidh a ainmniú ná aon rogha a taifeadadh ar a shon neamhbhailií agus má thoghtar é, ní bheidh a thoghadh neamhbhailí de dheasca a bháis, ach measfar gur éirigh sé as a chomhaltas i nDáil Éireann díreach tar éis a thoghadh chuige.


(d) I gcás ina gcuirfear fógra vótaíochta ar ceal tabharfar neamhaird ar na paipéir bhallóide uile a eisíodh chun vótálaithe poist agus dítheoidh an ceann comhairimh, gan iad a oscailt, na clúdaigh páipéar ballóide uile a gheobhaidh sé le háireamh sa vótaíocht a cuireadh ar ceal.


Nóta faoin Togra


Forálann fo-alt (4) d’alt 19 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, i gcás ina bhfaighidh iarrthóir bás tar éis atráthú toghcháin le haghaidh vótaíocht a thógá il ach roimh thosach na vótaíochta, go gcaithfidh an ceann comhairimh an vótaíocht a chur ar ceal ar bheith deimhin dó go bhfuair an t-iarrthóir sin bás. Tosaítear ansin arís ag céim na n-ainmniúchán. Is athachtú ar fho-alt (4) an chéad mhír thuas agus é modhnaithe chun go mbeidh feidhm aige freisin i gcás iarrthóra a gheibheann bás roimh an am is déanaí chun ainmniúchain a ghlacadh.


Níl aon fhoráil ann faoi láthair le haghaidh cás ina bhfaigheann iarrthóir bás le linn na vótaíochta. Tograítear déileáil le cor den sórt sin trína fhoráil go mbeadh toghchán nua ann más rud é, tar éis tosach ach roimh dheireadh na vótaíochta, gur deimhin leis an gceann comhairimh go bhfuair iarrthóir bás. Má thagann scéala i dtaobh bás iarrthóra le linn na vótaíochta ní dócha gur mhar a chéile an méid vótaí a gheobhadh sé agus an líon daoine a bhí i dtacaíocht leis. Meastar gurb é rud is cóir a dhéanamh i gcúrsaí den sórt sin gan aird a thabhairt ar na vótaí a chaiteadh agus an toghchán a chur ar siúl arís. Is é deireadh na vótaíochta deireadh an toghcháin agus níl sa chomhaireamh ach fios a fháil ar an toradh. Dá dhroim sin, má fhaigheann iarrthóir bás tar éis deireadh na vótaíochta ba chóir a chuid vótaí a chomhaireamh agus má fhaightear amach gur toghadh é, ansin beidh corrfholúntas ann de dheasca a bháis. Tograítear déileáil mar an gcéanna le hiarrthóir nár dheimhin leis an gceann comhairimh i dtaobh a bháis roimh dheireadh na vótaíochta mar de ghnáth i gcás den sórt sin bheadh a gcuid vótaí caite ag an toghlach á chreidiúint dóibh gur bheo dó agus ba chóir éifeacht a thabhairt dá gcuid vótaí. Sa chás sin freisin dá dtoghfaí an duine marbh tharlódh corrfholúntas dá bharr.


Eisítear páipéir bhallóide chun post-vótálaithe tamall éigin roimh lá na vótaíochta agus dá bhrí sin tograítear socrú a dhéanamh chun iad a dhíthiú i gcás ina gcuirfear an vótaíocht ar ceal.


36. Molann an Comhchoiste an togra seo, ach é bheith ar an gceann comhairimh an fógra vótaíochta a chur ar ceal i gcás duine a bheidh ainmnithe cheana féin d’fháil bháis laistigh den tréimhse a thosaigh ocht n-uaire an chloig is daichead roimh an am chun glacadh le hainmniúcháin.


A. AN VÓTAÍOCHT.

Saoráidí le haghaidh post-vótála.

37. Sa chéad tuarascáil catramhach uaidh mhol an Comhchoiste go gcuirfí na comhaltaí uile d’Óglaigh na hÉireann agus den Gharda Síochána ar liostaí na bpost-vótálaithe. Sin iad an t-aon dream amháin toghthóirí ar féidir leo vóta a chur leis an bpost. Tá an Coiste tar éis go leor machnaimh a dhéanamh ar na huiríolla a cuireadh chuige gur chóir na daoine i bhfostaíocht shibhialta a gcuireann a slí bheatha de dhualgas orthu bheith as baile an chuid is mó den tseachtain nó tréimhsí níos faide a chlárú mar phost-vótálaithe freisin. Admhaíonn an Coiste go bhfágfadh sé, dáiríre, duine in éagmais a vóta é a bheith as baile i gcásanna den sórt sin.


38. Dá leathnófaí saoráidí post-vótála, áfach, chun go mbainfidís le daoine mar sin, ní gá go leighisfeadh sin an scéal, go speisialta i gcás in a n-athraíonn seoladh an duine lena mbaineann ó lá go lá. Ina theannta sin, dá leathnófaí na saoráidí postvótála chun go mbainfeadh siad le haon aicme amháin daoine d’fhéadfaí á rá gur chóir iad a leathnú chun go mbainfeadh siad le gach aicme sa chor céanna, agus iad sin a athraíonn a n-áit chónaithe ón seoladh ag a bhfuil siad cláraithe a chur san áireamh, agus fiú amháin daoine a bheidh ar saoire lá na vótaíochta. Bhainfeadh an leathnú sin le líon an-mhór daoine. Ní mheasann an Comhchoiste gur chóir é dhéanamh mar gheall ar an mbaol mór a thiocfadh de go mbainfí mí-úsáid as. Dá bhrí sin, ní mholann an Coiste go leathnófaí na saoráidí sin a thuilleadh. Ná ní fheictear dó go bhfuil aon fhiúntas sa mholadh a cuireadh ina dháil gur chóir cead post-vótála a thabhairt do phríosúnaigh nó gur chóir saoráidí speisialta chun vótála a chur ar fáil i bpríosún.


Forálacha speisialta i gcás dhá thoghchán a bheith ar siúl an lá vótaíochta céanna.

An Togra: A fhoráil mar leanas i gcás ina mbeidh níos mó ná vótaíocht amháin le tógáil an lá céanna:—


(1) (a) tógfaidh na daoine céanna an vótaíocht ag an am céanna agus sna háiteanna céanna agus sa tslí chéanna.


(b) úsáidfear an marc oifigiúil céanna le haghaidh na bpáipéar ballóide i ngach vótaíocht,


(c) beidh malairt dath ar na páipéir bhallóide i ngach vótaíocht agus sínfear nó, i gcás post-vótálaithe, cuirfear iad chun gach vótálaí an t-am céanna,


(d) féadfaidh an ceann comhairimh na boscaí ballóide céanna nó cinn ar leithligh a chur ar fáil,


(e) má chuirtear boscaí ballóide ar leithligh ar fáil ní bheidh páipéar ballóide neamhbhailí trína chur sa bhosca mícheart,


(f) déanfar údarú ag ceann comhairimh do dhuine chun vótáil in aon vótaíocht amháin ag stáisiún vótaíochta seachas an stáisiún a ceapadh dó a fhorléiriú mar údarú don duine sin vótáil ag an vótaíocht nó na vótaíochtaí eile sa dáilcheanter céanna nó, i gcás toghcháin áitiúil, sa togh-limistéar áitiúil céanna.


(2) Féadfaidh an tAire, le treoir, ordú nó rialachán, foráil a dhéanamh i dtaobh cibé nithe a mheasfaidh sé is gá chun éifeacht a thabhairt don togra seo. Beidh éifeacht leis na treoracha, na horduithe nó na rialacháin sin d’ainneoin aon ní atá in aon Acht, ordú nó rialachán eile agus go háirithe:—


(a) féadfaidh siad cumhachtaí agus dualgais chinn chomhairimh agus aon daoine eile a bheidh fostaithe i ndáil leis na vótaíochtaí a mhíniú,


(b) cibé modhnuithe a dhéanamh ar na hAchtanna, na horduithe nó na rialacháin a rialaíonn tógáil na vótaíochtaí nó na socruithe le haghaidh comhaireamh na vótaí is dóigh leis an Aire is gá chun go bhféadfaí na vótaíochtaí a thógáil i dteannta chéile nó críochnú agus fionnadh torthaí na dtoghchán a urasú nó a bhrostú,


(c) forálacha a dhéanamh maidir le foirm na gcártaí vótaíochta agus a n-eisiúint.


(3) Féadfaidh an tAire Airgeadais le rialacháin na nithe seo a leanas a fhorordú chun críocha an togra seo:—


(a) scála táillí uasta,


(b) an t-am agus an tslí agus an fhoirm a bheidh cuntais le tabhairt dó,


(c) más údarás áitiúil nó údaráis áitiúla a íocfaidh costais tógála vótaíochta de ghnáth, an tslí ina ndéanfar costais tógála na vótaíochta an lá céanna a chionroinnt idir an bPríomh-Chiste agus an t-údarás áitiúil.


(4) Alt 28 d’Acht an Reifrinn, 1942, agus alt 4 d’Acht an Reifrinn (Leasú), 1959, a aisghairm.


Nóta faoin Togra


Is é cuspóir an togra seo a chumasú go dtógfar n a vótaíochtaí i níos mó ná an t-aon chineál amháin toghcháin an lá chéanna.


Na forálacha atá ann faoi láthair ina leith seo tá siad in Acht an Reifrinn, 1942, a bhaineann leis an vótaíocht in olltoghchán agus reifreann bunreachta a thógáil an lá céanna agus in Acht an Reifrinn (Leasú), 1959, a bhaineann leis na vótaíochtaí a thógáil i dtoghchán uachtaráin agus i reifreann bunreachta an lá céanna. Tógadh vótaíochtaí i níos mó ná aon chineál amháin toghcháin in 1938 (pobalbhreith agus olltoghchán faoin Acht Pobal-Bhreithe (Dréacht-Bhunreacht), 1937), i 1945 (toghchán Uachtaráin agus toghcháin áitiúla faoin Acht Toghcháin Uachtaráin agus Toghchán Aitiúla, 1945), i 1959 (toghchán Uachtaráin agus reifreann bunreachta faoi Acht an Reifrinn (Leasú), 1959), agus i 1960 (corrthoghchán Cheatharlach-Cill Chainnigh agus toghcháin áitiúla sa limistéar sin faoin Acht Toghchán, 1960).


Is iad na cineálacha toghcháin a bhfuil sé ar intinn go mbainfeadh an togra leo toghcháin uachtaráin, toghcháin Dála (idir olltoghcháin agus corrthoghcháin), toghcháin áitiúla agus reifrinn. I ngach cás ach amháin i dtoghcháin áitiúla, is é an tAire a shocraíonn an lá vótaíochta. I dtoghcháin áitiúla is iad na comhairlí contae agus na comhairlí contae-bhuirge a shocraíonn an lá vótaíochta agus caithfidh sé bheith idir an 23 Meitheamh agus an 1 Iúil agus an dá lá sin a áireamh. Tá an tAire tar éis a fhógairt go bhfuil sé ar intinn aige reachtaíocht a thabhairt isteach á fhoráil go gcuirfí toghcháin áitiúla ar siúl an lá céanna ar fud na tí re. Bá dhóigh, dá dhroim sin, gurb é an tAire a shocródh an lá vótaíochta.


I gcoitinne, is cosúil na tograí sin le tograí atá i reachtaíocht atá ann faoi láthair nó a rinneadh le déanaí agus a bhaineann le níos mó ná vótaíocht amháin a thógáil an t-am céanna. Maidir le mír (2) (c) tá foráil ann le haghaidh cártaí vótaíochta a eisiúint i ngach cineál toghcháin lena mbaineann an togra, ach amháin toghcháin áitiúla. Tá an tAire tar éis a fhógairt go bhfuil sé ar intinn aige reachtaíocht a thabhairt isteach á chumasú d’údaráis áitiúla cártaí vótaíochta a eisiúin t i dtogcháin áitiúla. Eolas den chineál céanna, i gcoitinne, a bheadh ar chárta vótaíochta i gcás gach ceann de na vótaíochtaí a thógfaí an t-am céanna. I gcúinsí den sórt sin d’fhéadfadh gur bhfearr gan ach aon chárta amháin a éisiúint chun gach toghthóra, agus tabharfaidh mír 2 (c) go bhféadfar é sin a dhéanamh.


39. Molann an Comhchoiste an togra seo. Tá an Coiste tar éis a nótáil go ndúirt an tAire Rialtais Áitiúil go bhfuil sé ar intinn aige reachtaíocht a thabhairt isteach á chumasú go n-eiseofaí i dtoghcháin áitiúla cártaí vótaíochta ar a mbeadh uimhir gach vótálaí ar an gclár agus a áit vótaíochta. Molann an Coiste go mbreithneofaí an bhféadfaí cárta vótaíochta a fhorordú a fhéadfaí a úsáid i ngach cineál toghcháin lena mbaineann an togra, eadhon, toghcháin Dála, toghcháin uachtaráin agus toghcháin áitiúla, agus ina dteannta sin reifrinn.


Limistéir vótaíochta agus áiteanna vótaíochta.

An Togra: (1) Alt 42 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, alt 14 den Acht um Thoghcháin Aitiúla, 1927, agus feidhm ailt 14 agus na rialacha faoi maidir le húdaráis áitiúla i gcathair agus i gcontae Bhaile Atha Cliath le halt 86 den Acht Rialtais Aitiúla (Baile Atha Cliath), 1930, a aisghairm.


(2) A fhoráil:—


(a) go ndéanfaidh gach comhairle chontae agus comhairle chontae-bhuirge, tar éis dul i gcomhairle leis an gceann comhairimh Dála agus de réir cibé rialacha a dhéanfaidh an tAire ó am go ham, scéim ag roinnt an chontae nó na contae-bhuirge ina gceantair vótaíochta le haghaidh toghcháin Dála agus toghcháin áitiúla agus ag ceapadh áit vótaíochta chaothúil do gach ceantar vótaíochta. Féadfaidh an chomhairle, ó am go ham, agus déanfaidh má ordaíonn an tAire sin di, an scéim sin a athscrúdú nó a leasú. A fhoráil go ndaingneoidh an tAire sin;


(b) go luafar sa scéim dáta tosach feidhme ar a mbeartófar í a theacht i ngníomh;


(c) go bhféadfaidh an tAire an scéim a mhodhnú roimh dhaingniú agus go bhféadfaidh sé an dáta tosach feidhme a athrú;


(d) go bhféadfaidh áit vótaíochta a bheith laistigh nó lasmuigh den chontae, den chontae-bhuirg, den dáilcheantar nó den togh-limistéar ina bhfuil an t-aonad cláraitheachta, ach gur áit ina mbeidh saoráidí réasúnacha vótála i gcomhair na dtoghthóirí a bheidh ceaptha di;


(e) i gcás ina ndéanfaidh comhairle buirge nach contaebhuirg nó comhairle cheantair uirbigh, nó coimisinéirí baile nó tríocha toghthóir ar a laghad i gcontae nó i gcontae-bhuirg a chruthú don Aire nach bhfuil na ceantair vótaíochta nó na háiteanna vótaíochta atá ainmnithe i scéim (nó aon cheann áirithe acu) de réir riachtanas réasúnach na dtoghthóirí sa chontae nó sa chontae-bhuirg nó i gcuid éigin den chéanna, go bhféadfaidh an tAire a cheangal ar an gcomhairle chontae nó ar an gcomhairle chontae-bhuirge an scéim a leasú agus mura ndéanfaidh siad amhlaidh laistigh de mhí, go bhféadfaidh an tAire féin í a leasú;


(f) go leanfaidh na ceantair vótaíochta agus na háiteanna vótaíochta atá ann faoi láthair de bheith ar marthain go dtí go ndéanfar athbhreithniú orthu faoi na forálacha seo agus go ndéanfar gach tagairt in aon Acht, Ordú nó Rialachán do cheantar vótaíochta nó d’áit vótaíochta a fhorléiriú mar ní a thagraíonn don cheantar vótaíochta athbhreithnithe nó don áit vótaíochta athbhreithnithe sin, más gá sin de réir na gcúinsí;


(g) gur feidhm fhorchoimeádta scéimeanna vótaíochta a dhéanamh, a athbhreithniú nó a leasú nó údarás áitiúil do dhéanamh uiríolla maidir leis an gcéanna;


(h) go leasófar riail 13 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, chun go bhforáilfear, i gcás nach féidir, mar gheall ar aon deacracht, stáisiún vótaíochta ná dóthain stáisiúin vótaíochta a chur ar fáil le haghaidh ceantair vótaíochta san áit vótaíochta a bheidh ceaptha don cheantar sin, go bhféadfaidh an ceann comhairimh stáisiún vótaíochta a chur ar fáil don cheantar in aon áit chaothúil eile ar fhógra réasúnach i dtaobh an athraithe a thabhairt san áit


(i) nuair a bheidh liostaí na dtoghthóirí agus clár na dtoghthóirí á dtiomsú, go ndéanfar an áit vótaíochta ina vótálfaidh na toghthóirí a bheidh cláraithe in aonad cláraitheachta, seachas post-vótálaithe, a chlárú ar leathanach teidil an aonaid;


(j) nach dtógfar aon cheist i dtaobh toghcháin mar gheall ar aon neamhchomhlíionadh ar fhorálacha an ailt seo nó aon neamhfhoirmilacht maidir le ceantair vótaíochta nó áiteanna vótaíochta.


Nóta faoin Togra


Ceanglaíonn alt 42 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, ar gach comhairle chontae agus comhairle chontae-bhuirge a limistéar a roinnt ina cheantair vótaíochta agus áiteanna vótaíochta a cheapadh sa tslí go dtabharfar do na toghthóirí go léir sa limistéar cibé saoráidí réasúnacha is féidir le haghaidh vótaíochta. Caithfidh scéimeanna a bheith de réir rialacha a dhéanfaidh an tAire Rialtais Aitiúil agus beidh siad faoi réir a cheadaithe. Má chuireann aon chomhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile, nó líon nach lú ná tríocha toghthóir uiríoll chun an Aire nach bhfuil na ceantair vótaíochta nó na háiteanna vótaíochta de réir riachtanas réasúnach na dtoghthóirí féadfaidh an tAire a ordú don chomhairle chontae nó don chomhairle chontae-bhuirge lena mbaineann a scéim a athrú, agus mura mbeidh déanta acu de réir a ordaithe faoi cheann míosa féadfaidh sé an t-athrú a dhéanamh é féin. Foráiltear freisin nach dtógfar aon cheist mar gheall ar thoghchán mar gheall ar aon neamhchomhlíonadh ar fhorálacha an ailt nó aon neamhfhoirmiúlacht maidir le ceantair vótaíochta nó áiteanna vótaíochta.


Déanann alt 14 den Acht um Thoghcháin Aitiúla, 1927, foráil den sórt céanna maidir le toghcháin áitiúla.


Ní foláir an clár toghthóirí a úsáidtear le haghaidh toghcháin Dála agus toghcháin áitiúla a thiomsú ina aonaid chláraitheachta ar leithligh de réir cheantair vótaíochta Dála. I gcoitinne is beag difríocht idir na scéimeanna do thoghcháin Dála agus do thoghcháin áitiúla agus tá glactha leis an scéim chéanna ina leith araon i roinnt contaetha. Tograíonn mír 2 (a) nach gá ach aon scéim vótaíochta amháin a ullmhú agus beidh sé sin ceaptha sa tslí gur féidir é a úsáid le haghaidh tochcháin Dála agus toghcháin áitiúla. I gcás ina sonraítear áiteanna vótaíochta ar leithligh faoi láthair le haghaidh an dá chineál toghcháin, is é a bheartaítear i dtosach go nglacfaí i gcoitinne le háit vótaíochta na dtoghchán áitiúla.


Tabharfaidh mír 2 (a) freisin go bhféadfar rialacha nua a dhéanamh i leith scéimeanna vótaíochta a cheapadh agus a leasú. I 1923 agus i 1925 a rinneadh na rialacha atá ann faoi láthair i dtaobh scéimeanna vótaíochta Dála, agus ní féidir iad a leathnú chun baint a bheith acu le leasuithe ar scéimeanna, mar níl aon fhoráil shonrach in Acht 1923 le haghaidh leasuithe. I 1923 a rinneadh na rialacha i dtaobh scéimeanna vótaíochta toghcháin áitiúla agus ní féidir iad a leasú in aon chor faoin dlí atá ann faoi láthair. Teastaíonn athbhreithniú a dhéanamh ar an dá fhoirinn rialacha.


Faoi mhír 2 (b) beidh dáta tosach feidhme beartaithe i scéim vótaíochta, faoi réir a dhaingnithe ag an Aire agus faoi mhír 2 (c) dá chumhacht chun scéim a mhodhnú beidh feidhm aige maidir leis an dáta tosach feidhme a athrú. Faoi láthair tagann scéim vótaíochta i ngníomh nuair a dhaingnítear í agus má tharlaíonn sé sin le linn liostaí na dtoghthóirí nó an clár a bheith á n-ullmhú, d’fhéadfadh deacrachtaí agus moill tarlódh á n-ullmhú agus á gcur i gcló mar gheall ar na leasuithe ba ghá a dhéanamh. Tá sé ar intinn go dtiocfaidh scéimeanna agus leasuithe nua vótaíochta i ngníomh, go ginearálta, lá foilsithe an chláir bhliantúla agus go ndaingneofar iad in am go leor roimh an dáta sin chun go bhféadfaidh an t-oifigeach cláraitheachta na hathruithe is gá a dhéanamh nuair a bheidh an clár á ullmhú le haghaidh clódóireachta.


Tá sé beartaithe léiriú a dhéanamh ar an gcumhacht chun áiteanna vótaíochta a fhorordú lasmuigh de na ceantair vótaíochta agus, más gá, lasmuigh de theorainn an chontae, na contae-bhuirge, nó an dáilcheantair—nuair ba chóir é sin a dhéanamh mar áis do thoghthóirí. De réir an dlí faoi láthair caithfidh an áit vótaíochta a cheaptar do cheantar vótaíochta le haghaidh toghcháin áitiúla a bheith sa cheantar vótaíochta. Uaireanta ní féidir an socrú sin a dhéanamh. Níl aon cheangal den tsamhail sin ar áiteanna vótaíochta Dála a roghnú, ach tá sé curtha i láthair mar argóint go gcaithfidh siad bheith sa dáilcheantar, agus ba mhaith an rud deireadh a chur le hamhrais i dtaobh an scéil.


Tograíonn míreanna 2 (e) agus 2 (j) go n-athachtófaí go ginearálta forálacha na reachtaíochta atá ann faoi láthair i dtaobh uiríolla ó thoghthóirí agus ó údarái s áitiúla go leasófaí scéim agus go gcuirfí deireadh le mírialtachtaí maidir le scéimeanna vótaíochta mar fhoras ar a bhféadfaí ceist a ardú i dtaobh toghcháin.


Maidir le scéimeanna a fhoilsiú, ní thograítear go n-athachtófaí an fhoráil i bhfo-alt (3) d’alt 42 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, a cheanglaíonn ar an údarás áitiúil nuair a bhíonn scéim vótaíochta Dála daingnithe, fógra a fhoilsiú ag taispeáint teorainneacha na gceantar vótaíochta uile agus na háiteanna vótaíochta uile. Baineadh de bhrí as sin go bhfoilseofaí an scéim go léir sna páipéir nuachta, rud nach gá agus is diomailt airgid.


Ina ionad sin ceanglófar le riail ar an údarás áitiúil fógra i dtaobh daingniú na scéime a fhoilsiú agus an scéim a choinneáil ar fáil le haghaidh iniúchta, amhail mar dhéantar faoi láthair i gcás scéim vótaíochta toghcháin áitiúla.


Faoi na hAchtanna um Bainistí Cathrach agus Contae is feidhmeanna iad “thogcháin pharlaiminte agus toghcháin áitiúla” a fhorchoimeádtar do chomhaltaí an údaráis áitiúla. Más gá sin, cuirfear foráil shonrach iontu á áirithiú gur feidhm fhorcoimeádta scéimeanna vótaíochta a dhéanamh, mar thograítear i mír 2 (g) thuas.


Is é a bheartaítear leis an leasú ar riail 13 den Chúigiú Sceideal a ghabhann le hAcht 1923 a thograítear i mír 2 (h) thuas lua sainráiteach a dhéanamh ar chumhacht a fheidhmíonn cinn chomhairimh ó am go ham mar chuid dá ndualgas ginearálta agus iad ag stiúradh toghcháin.


I limistéir áirithe tá an clár as céim leis na scéimeanna vótaíochta agus d’fhonn a fháil amach cé hiad na toghthóirí atá ceaptha d’áit vótaíochta áirithe ní mór roinnt aonad cláraitheachta a fhéachaint—agus ina theannta sin codanna den scéim vótaíochta. Tograítear i mír 2 (i) é chur de dhualgas ar an údarás clárai theachta áitiúil a rá ag ceann gach aonaid chláraitheachta cá vótálfaidh na toghthóirí, seachas na vótálaithe poist, san aonad sin.


40. Aontaíonn an Comhchoiste leis na tograí seo ach measann siad gur leor d’uimhir fiche toghthóir in ionad tríocha i gcontae nó i gcontae-bhuirg chun a chruthú don Aire Rialtais Aitiúil nach leor iad na saoráidí vótaíochta ina limistéar. Molann siad go leasófaí mír (2) (e) dá réir sin. Measann siad freisin gur chóir na focail “san áit vótaíochta a bheidh ceaptha don cheantar sin” a scriosadh i mír 2 (b) agus na focail “nó le haghaidh cuid de ag an ngnáth-áit vótaíochta” a chur ina n-ionad.


41. Molann an Comhchoiste gur chóir áiteanna vótaíochta le haghaidh toghthóirí i bhforais a bheith sna forais féin nó gar dóibh.


42. Molann an Comhchoiste freisin gur chóir an ainm “áit vótaíochta” a úsáid mar thuairisc ar an bhfoirgneamh ina mbíonn an vótaíocht agus “both vótaíochta” ar an eadrann féin ina dtaifeadtar na vótaí. Molann sé go ndéanfaí léiriú ar bhrí na habairte “áit vótaíochta.” Faoi láthair deallraíonn sé go mbaintear de bhrí as go míchruinn gur foirgneamh nó limistéar é.


Iarrthóirí a bheith i láthair i stáisiún vótaíochta.

An Togra: Riail 19 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, a leasú chun go bhfolóidh sé na hiarrthóirí ar na daoine nach féidir a choimeád amach as stáisiún vótaíochta.


Nóta faoin Togra


Forálann Riail 19 go ndéanfaidh an t-oifigeach ceannais i stáisiún vótaíochta “an méid toghthóirí a bheidh le ligean isteach in éineacht a shocrú, agus gach éinne eile a choimeád amach ach na cléirigh, gníomhairí na n-iarrthóirí agus na constáblaí póilíneachta a bheidh ar diúité”. Is é brí a bhain oifigigh ceannais áirithe as sin go gcaithfidís iarrthóir a choimeád amach ar a shon go bhforálann riail 49 go bhféadfaidh iarrthóir dualgais ghníomhaire a ghabháil air féin nó cabhrú lena ghníomhaire, agus “bheith i láthair in aon áit a bhféadfadh a ghníomhaire bheith ann de réir an Achta seo.” Tograítear leis an leasú seo é a rá go soiléir nach bhfuil aon oibleagáid ar oifigeach ceannais, ná aon cheart aige, iarrthóir a choimeád amach ó áit vótaíochta.


43. Molann an Comhchoiste an togra seo.


Uaireanta vótaíochta.

An Togra: Fo-alt (3) d’alt 41 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, arna chur isteach le halt 2 den Acht Toghcháin (Leasú), 1941, a aisghairm agus a fhoráil go dtosóidh an vótaíocht i dtoghchán Dála ar a 9 a.m. agus go gcoimeádfar ar oscailt í go dtí 9 p.m. mura n-ordóidh an tAire i gcás toghcháin áirithe nó dáilcheantair áirithe go n-osclóidh an vótaíocht ar a 8 a.m. agus/nó go ndúnfaidh sé ar a 9.30 p.m.; agus mír (c) de riail 30 den Chúigiú Sceideal a ghabhann le hAcht 1923 arna chur isteach le halt 3 den Acht Toghcháin (Leasú), 1946, a leasú.


Nóta faoin Togra


Forálann fo-alt (3) d’alt 41 go dtosóidh an vótaíocht ar a 9 a.m. agus go gcríochnóidh sé ar a 9 p.m. mura n-ordóidh an tAire go gcoimeádfar ar oscailt í go dtí 9.30 p.m. Tograítear go gcuirfí ar chumas an Aire a ordú freisin go n-osclófar an vótaíocht ar a 8 a.m. mar áis do dhaoine ar chaothúil dóibh vótaíl go luath.


Forálann mír (c) de riail 30 go bhfógróidh an ceann comhairimh cén áit a gcomhairfear na vótaí 48 n-uaire a chloig ar a laghad roimh 9 a.m. lá na vótaíochta. Tograítear go gcuirfí in ionad uair a 9 a.m. an uair a ordóidh an tAire le haghaidh oscailt na vótaíochta.


44. Rinne an Comhchoiste roinnt uaireanta vótaíochta eile a phlé agus chinneadar, tar éis vóta a ghlacadh ar an gceist, a mholadh gur ó 10 a.m. go dtí 10 p.m. ba chóir na huaireanta vótaíochta a bheith socair. Ba chóir go mbeadh vótaíocht ar bun go leanúnach idir na huaireanta sin.


45. Is léir gur buntáiste é uaireanta vótaíochta áirithe a bheith socair a mbeadh taithí ag an bpobal orthu i rith na mblianta. Measann an Comhchoiste gur chóir an t-am votaíochta a fhágáil gan athrú ba chuma samhradh nó geimhreadh é agus gur chóir cúlghairm a dhéanamh ar an gcumhacht atá ag an Aire faoi alt 2 den Acht Toghcháin (Leasú), 1946, an t-am vótaíochta a leathnú leathuair a chloig.


Deireadh na vótaíochta a mhíniú.

46. Ionas nach gcuirfear amach toghthóirí atá istigh san fhoirgneamh ina bhfuil vótaíocht á dhéanamh toisc deireadh bheith leis an am vótaíochta, molann an Comhchoiste go míneofaí gurb ionann deireadh na vótaíochta agus dúnadh doirse an fhoirgnimh ina bhfuil an vótaíocht á thógaíl.


Vótaíocht i ndeireadh na seachtaine.

47. Tá an Comhchoiste tar éis breithniú a dhéanamh ar uiríolla á iarraidh, mar áis do dhaoine a bhíonn de ghnáth as baile i lár na seachtaine, go dtógfaí an vótaíocht Dé hAoine, Dé Sathairn, Dé Domhnaigh nó Dé Luain. Tá sé le rá ina aghaidh sin gur ghá chun go bhféadfaí vótaíocht a thosú maidin Dé Luain, na boscaí ballóide agus na páipéir bhallóide a dháileadh ar na stáisiúin vótaíochta Dé Sathairn agus cosaint ghardaí a chur ar na stáisiúin i gcaitheamh an Domhnaigh, rud nach mbeadh sodhéanta, nó na boscaí agus na páipéir a dháileadh ar an Domhnach, rud ar a mbeadh locht le fáil.


48. Dá mba ar an Aoine a bheadh an vótaíocht ann, thiocfadh de in go leor cásanna gur ar an Domhnach a chomhairfí na vótaí, rud ar a mbeadh locht le fáil chomh maith céanna. Dá dtógtaí vótaíocht ar an Satharn ní bheadh dul as a comhaireamh ar an Domhnach. Measann an Comhchoiste go mbeadh locht le fáil ar chomhaireamh a dhéanamh nó vótaíocht a thógáil ar an Domhnach. Ní mheasann an Coiste, dá bhrí sin, gur maith an rud sa ghnáth-bhealach go dtógfaí vótaíocht na laethanta sin.


A fhógairt gur lá saoire náisiúnta lá na vótaíochta.

49. Tógadh an cheist freisin i dtaobh lá na vótaíochta a bheith ina lá saoire náisiúnta. Faoi Airteagal 28 de Bhunreacht Shaorstát Éireann (1922) fógraíodh gur lá saoire poiblí lá na vótaíochta in olltoghchán. D’athachtaíodh an fhoráil sin le halt 41 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, lenar foráladh freisin, ag alt 18, gur ar an Luan a chomórfaí an vótaíocht in olltoghchán. De thoradh leasú ar chéim an choiste is ea a cuireadh an fhoráil sin i dtaobh vótaíocht ar an Luan san Acht, agus is é cuspóir a bhí leis chun nach gcuirfí cúrsaí gnó ró-mhór as alt mar gheall ar shaoire lár na seachtaine.


50. Chuir an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 3), 1927, deireadh leis an bhforáil gur chóir lá na vótaíochta bheith ina lá saoire poiblí agus d’aisghair an tAcht Toghcháin (Leasú), 1927, na forálacha a bhí in Acht 1923 i dtaobh vótaíocht a bheith ar an Luan.


51. Le linn na díospóireachta ar an mBille Bunreachta (Leasú Uimh. 3), 1927, dúirt an tAire Rialtais Aitiúil agus Sláinte Poiblí gurbh é chúis a bhí le lá saoire poiblí a dhéanamh de lá na vótaíochta gach toghthóir a bheith saor an lá sin chun a vóta a chaitheamh. Fuaireadh amach, ina ionad sin, gur bhain cruatan d’oibrithe agus do roinnt fostóirí mar gheall ar lá oibre a chailliúint. Tráchtadh freisin ar an gclaonadh atá ag daoine lá na vótaíochta a ghlacadh mar lá saoire breise agus dul ó bhaile le haghaidh deireadh na seachtaine, gan bacadh teacht ar ais chun vótála. Measann an Comhchoiste gur bailí fós do na nithe sin agus, dar leis an gCoiste, nár chéillí an rud lá na vótaíochta a fhógairt ina lá saoire náisiúnta.


Vótáil éigeantach.

52. I ndáil leis an togra gur chóir lá na vótaíochta a fhógairt ina lá saoire náisiúnta phléigh an Comhchoiste ar chóir vótáil a dhéanamh éigeantach. Forálann fo-alt 2° d’alt 1 d’Airteagal 16 den Bhunreacht mar leanas:—


“Gach saoránach, cibé acu fear nó bean, ag a bhfuil bliain agus fiche slán agus ná cuirtear fá dhícháilíocht le dlí, agus a chomhlíonas coinníollacha an dlí i dtaobh toghcháin comhaltaí do Dháil Éireann, tá ceart vótála aige i dtoghchán comhaltaí do Dháil Éireann.”


Fuair an Coiste comhairle dlí agus bé a héifeacht gur dhócha go mbeadh reachtaíocht chun vótáil éigeantach a thabhairt isteach in aghaidh an Bhunreachta. Sna cúinsí sin ní dhéanann an Coiste aon mholadh i dtaobh na ceiste.


Vótaíocht déanach ar oileáin.

An Togra: Alt 8 den Acht Toghcháin (Leasú), 1946, a leasú trí fho-alt a chur leis á fhoráil, i gcás nach dtógfar an vótaíocht ar oileán an lá ceaptha mar gheall ar dhoineann nó deacrachtaí iompair, go dtógfar an vótaíocht an chéad lá a fhéadfar cóir iompair a úsáid.


Nóta faoin Togra


De réir alt 8 féadfar an vótaíocht a thógáil roimh ré ar oileáin más gá sin mar gheall ar chúrsaí aimsire agus córacha iompair, ach tá gá lena leathnú chun go mbainfidh sé freisin le cás ina dtarlóidh stoirm gan choinne, fé mar tharla ar Na Dorsaí i 1948, agus go gcuirfear moill ar an vótaíocht. Faoi láthair caithfidh an ceann comhairimh a iarraidh ar an Aire Rialtais Aitiúil “ordú deacrachta” a dhéanamh chun ceadú an vótaíocht a bheith déanach. Tograítear cumhacht a thabhairt don cheann comhairimh déileáil le cor den sórt seo gan é a chur faoi bhráid an Aire.


D’fhéadfadh gur ghá leasú a dhéanamh ar alt 41 den Acht Timpeall Toghchán, 1923 arna chur isteach le halt 2 den Acht Toghcháin (Leasú), 1946. Forálann an t-alt sin go ndéanfar gach olltoghchán faoi leith a chomóradh ar an aon lá amháin, agus gurb é an lá céanna a bheidh ann ar fud an Stáit.


53. Molann an Comchoiste an togra seo.


Páipéir bhallóide a mharcáil.

54. Forálann alt 26 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, go mbeidh páipéar ballóide i dtoghchán Dála neamhbhailí agus nach gcomhairfear é—


(1) mura mbeidh an marc oifigiúil air,


(2) mura mbeidh an figiúr 1 ina aonar air ag taispeáint an chéad rogha d’iarrthóir éigin,


(3) má bhíonn an figiúr 1 ina aonar ag taispeáint an chéad rogha os coinne ainmneacha bhreis agus aon iarrthóir amháin,


(4) má bhíonn an figiúr 1 ina aonar ag taispeáint an chéad rogha agus figiúirí éigin eile os coinne ainm an iarrthóra chéanna, nó


(5) aon ní scríofa nó marcáilte, ach amháin an uimhir ar a chúl, as a bhféadfaí an vótálaí a aithint.


55. Foráiltear fós le halt 26 agus riail 22 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht go marcáilfear an páipéar ballóide tráth na vótála ar gach taobh leis an marc oifigiúil. Is é brí a bhaintear as sin go gcaithfear é a stampáil ar an dá thaobh. Leis na cnagstampaí atá á n-úsáid anois is féidir marc a dhéantar ar thaobh amháin den pháipéar a fheiscint go soiléir ar an taobh eile agus má stampáiltear an páipéar dhá uair ní hamháin go gcuireann sé am amú ach cabhraíonn sé leis an bpáipéar a stracadh. Molann an Comhchoiste go leasófaí an dlí chun a fhoráil go marcáilfí na páipéir bhallóide ionas gur léir an marc oifigiúil ar an dá thaobh. Molann an Coiste freisin go leasófaí foirm an pháipéir bhallóide chun go mbeadh spás air le haghaidh an mhairc oifigiúil. Cabhróidh sé sin le cur i gcuimhne d’oifigigh ceannais gur gá gan teip na páipéir bhallóide a mharcáil roimh iad a eisiúint.


56. I limistéir áirithe, má aontaíonn na gníomhairí leis, glacann na cinn chomhairimh le “X” ar pháipéar ballóide mar vóta bailí. I limistéir eile ní dhéanann. Ba chóir go mbeadh cinn chomhairimh ar aon aigne i dtaobh an phointe sin. Tá sé riachtanach freisin go mbeadh na rialacha soiléir cinnte i dtaobh cad leis go bhféadfadh ceann comhairimh glacadh mar vóta bailí. Ní dhealraíonn sé go bhfuil aon rud ró-mhór in aghaidh an marc “X” a cheadú nó na focail “aon,” “dó,” etc., má thaispeánann siad an rogha go soiléir. Molann an Comhchoiste go leasófaí an t-alt dá réir sin. D’fhéadfadh gur gá leasú iarmartach a dhéanamh i riail 34 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht.


Rúndacht na ballóide.

57. Rud ar a ndearna an Comhchoiste an-chuid breithniú go scríobhtar ar chomhdhuillí na bpáipéar ballóide uimhir gach toghthóra ar chlár na dtoghthóirí nuair a shíntear a pháipéar ballóide chuige i dtoghchán. Ceanglaítear é sin a dhéanamh le fo-alt (3) d’alt 26 agus le riail 22 den Chuigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, agus ceapadh é chun go n-aithneofaí vóta neamhbhailí agus go ndílamhálfaí é dá mba ghá, ar achainí. Cuireann an cleachtas seo míshuaimhneas ar an bpobal, áfach, agus mheas an Coiste gur ghá mionscrúdú a dhéanamh ar na forálacha a bhaineann leis an gceist ag féachaint go mór mhór d’Airteagal 16.1.4° den Bhunreacht a fhorálann:


“Ní cead do thoghthóir ar bith thar aon vóta amháin a thabhairt i dtoghchán do Dháil Éireann, agus is le rúnbhallóid a dhéanfar an vótáil.”


58. Faoi rialacha 19 agus 49 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, arna leasú, ní fhéadfar a cheadú bheith sa stáisiún vótaíochta, lasmuigh de na toghthóirí a bhíonn ag caitheamh a gcuid vótaí agus daoine a bhíonn ag cabhrú le vótálaithe dalla nó vótálaithe éagumasacha ach amháin an t-oifigeach ceannais, na cléirigh vótaíochta, Gardaí ar dualgas, na hiarrthóirí agus a ngníomhairí. Ceanglaíonn riail 52 ar na hoifigigh agus ar na gníomhairí, sara dtosóidh an vótaíocht, gealltanas a shíniú go gcoimeádfaidh siad rún na ballóide agus baineann pionóis le haon scaoileadh rúin. Bíonn stáisiúin vótaíochta socraithe chun go bhféadfaidh na vótálaithe a gcuid vótaí a chaitheamh faoi rún agus ní mór dóibh a gcuid páipéar ballóide a chur, fillte, sa bhosca ballóide agus cuirtear an bosca faoi shéala.


59. A luaithe is féidir tar éis deireadh na vótaíochta, ní foláir don oifigeach ceannais roinnt doiciméad, ar a n-áirítear cóip mharcáilte den chlár agus comhdhuillí na bpáipéar ballóide a dhéanamh suas i bpacáidí ar leithligh, agus iad séalaithe lena shéala féin, i láthair na ngníomhairí. Cibé gníomhairí ar mian leo sin a dhéanamh féadfaidh siad a séalaí a ghreamú ar na pacáidí agus ansin cuirtear na pacáidí chun an chinn chomhairimh. (Tá an Comhchoiste tar éis comhaontú i mír 80 leis an togra chun a chur in iúl go soiléir go reachtúil go gcuirtear na comhdhuillí (atá faoi rún) agus na cóipeanna marcáilte den chlár (nach bhfuil faoi rún) i bpacáidí ar leithligh).


60. Fad a bhíonn na vótaí á gcomhaireamh ní mór don cheann comhairimh, faoi riail 32, féachaint chuige go gcoimeádfar gach páipéar ballóide aghaidh in uachtar agus go ndéanfar gach cúram cuí chun nach bhfeicfidh aon duine na huimhreacha ar a gcúl. Tá feidhm freisin ag forálacha riail 52 agus alt 28 maidir le rún a choinneáil.


61. Forálann riail 35 nach n-osclóidh an ceann comhairimh na pacáidí ina bhfuil an clár marcáilte agus na comhdhuillí. Caithfidh sé iad a chur go dtí Cléireach na Dála, agus ní mór dó sin iad a choinneáil gan oscailt go ceann bliana agus ansin iad a dhíthiú mura n-ordaítear a mhalairt le hordú ón Dáil nó ón Ard-Chúirt.


62. Faoi riail 39, ní fhéadfaidh duine ar bith, ach amháin le hordú ón Dáil nó ó bhinse atá in aitheantas ar achainithe ag gearán i dtaobh toradh nó toghadh míchuí, na pacáidí séalaithe comhdhuillí a oscailt. Forálann an riail go gcaithfear aire a thabhairt chun nach nochtfar an modh inar vótáil toghthóir go dtí go gcruthófar gur vótáil sé agus gur dhearbhaigh cúirt inniúil gur neamhbhailí dá vóta. Forálann alt 38 nach ndéanfar, in aon imeacht dlíthiúil ag ceistiú toghcháin, a cheangal ar aon duine a vótáil sa toghchán a rá cé dó gur vótáil sé. Féadfar na cóipeanna marcáilte den chlár a iniúchadh faoi réir cibé rialachán a bheidh forordaithe ag Cléireach na Dála.


63. Is cinnte leis an gComhchoiste, ach na forálacha sin a chomhlíonadh, gur deimhin nach féidir a fháil amach cé dó gur vótáil aon toghthóir áirithe murar dhearbhaigh cúirt inniúil gur neamhbhailí dá vóta.


64. Ó 1922 ní dhearnadh aon achainí ag ardú ceist i dtaobh toradh toghcháin chomhalta Dála. Rinneadh dhá achainí i gcás toghcháin áitiúla. Níor tharla de dhroim cheachtar acu sin, áfach, gur scrúdaíodh na páipéir bhallóide. Is dóigh leis an gCoiste gur chóir fiafraí, dá bhrí sin, cén chúis go leanfaí mar nós de uimhir an toghthóra a mharcáil ar chomhdhuillí na bpáipéar ballóide.


65. Dealraíonn sé nach bhfuil ach baol fánach ag baint le deireadh a chur leis an nós, agus cuireadh i bhfeidhm ar an gComhchoiste go raibh cúiseanna láidre ann chun go gcuirfí deireadh leis. Ar an leith eile, measann an Coiste, dá gcuirtí deireadh leis an nós, gurb é leigheas amháin a bheadh ann dá gcruthaítí go ndearnadh pearsanáil fairsing nó gur tharla cleachtais éillitheacha eile i dtoghchán, a dhearbhú go raibh an toghchán gan bhrí agus toghchán eile a chur ar siúl. Sa dara toghchán seo tabharfaí caoi a dtofa arís, ar shlí, do na daoine a bhí ciontach sna cionta, ach mura ndéantaí ach na vótaí neamhbhailí a scriosadh de thoradh iniúchta d’fhéadfadh gurb é a thiocfadh de go dtoghfaí na hiarrthóirí—rud contrártha don intinn a bhí ag na ciontóirí. Ar gach rud a mheá, measann an Coiste gur bac an cleachtas atá ann faoi láthair, agus gur cosaint luachmhar é, i gcoinne phearsanáil fairsing agus cleachtais éillitheacha eile i dtoghcháin agus nár cheart deireadh a chur leis d’fhonn amhras nach bhfuil bunús leis a mhaolú. Dá bhrí sin, molann an Coiste gan aon athrú a dhéanamh maidir leis sin.


Dearbhú rúndachta.

An Togra: Riail 52 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, a leasú, chun go bhforáilfear, i gcás ina ngníomhaíonn iarrthóir i dteannta nó in ionad a ghníomhaire agus é i láthair ag stáisiún vótaíochta nó ag comhaireamh na vótaí, go síneoidh sé gealltanas go gcoimeádfaidh sé rún na ballóide agus fós go ndéanfaidh gach duine a bheidh ceaptha chun cabhrú leis an gceann comhairimh ag comhaireamh na vótaí gealltanas den sórt sin a shíniú freisin.


Nóta faoin Togra


Faoin togra seo tograítear go ndéanfaidh iarrthóir an gnáth-dhearbhú rúndachta má ghníomhaíonn sé go páirteach mar ghníomhaire dó féin. Tograíonn sé freisin locht teicniúil san Acht a leigheas tríd an dearbhú sin a chur d’oibleagáid ar gach duine a bheidh ceaptha ag an gceann comhairimh chun cabhrú leis ag comhaireamh na vótaí. Ní bhaineann an riail faoi láthair ach lena “chléirigh”.


66. Molann an Comhchoiste an togra seo.


67. Measann an Comhchoiste gur chóir an dearbhú rúndachta a bheith ceaptha sa tslí go bhféadfaidh gach duine a chaithfidh é a shíniú ag an vótaíocht agus ag an gcomhaireamh an t-aon dearbhú amháin a shíniú, in ionad é a bheith ar gach duine, mar atá faoi láthair, dearbhú ar leithligh a shíniú.


Oifigigh ceannais agus cléirigh vótaíochta.

68. A bhfuil ann de theorainneacha reachtúla ar chumhacht an chinn chomhairimh chun oifigigh ceannais nó cléirigh vótaíochta a cheapadh tá siad:—


(1) in alt 35 agus i riail 19 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, a cheanglaíonn ar cheann comhairimh oifigeach ceannais a cheapadh chun bheith i gceannas ar gach stáisiún vótaíochta,


(2) in alt 36 d’Acht 1923 adeir nach ngníomhóidh “aon cheann comhairimh dá mbeidh in aon toghchán, ná a ionadaí, ná aon pháirtí ná cléireach d’éinne acu” mar ghníomhaire d’iarrthóir, agus


(3) i riail 47 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin a fhorálann nach bhfostóidh ceann comhairimh chun aon chríche a bhaineann le toghchán aon duine a bhí ar fostú ag aon duine eile sa toghchán sin nó maidir leis.


Ní gá ceadú an Aire le haghaidh ceapachán.


69. Síleann an Comhchoiste gur chóir forálacha riail 47 a leathnú chun a fhoráil nach bhfostófar mar oifigeach ceannais i dtoghchán aon duine, a gcruthófar don cheann comhairimh go raibh sé ag saothrú go gníomhach thar ceann aon iarrthóra sa toghchán sin. D’fhonn a bheith deimhin go n-oibreoidh an toirmeasc sin, molann an Coiste go mbeadh sé de theideal ag gach iarrthóir i dtoghchán nó ag a ghníomhaire ainmneacha na ndaoine a bheartaíonn sé a cheapadh a fháil, ar iad a iarraidh, ón gceann comhairimh.


70. Is iad na huaireanta vótaíochta 9 a.m. go dtí 9 p.m. nó 9.30 p.m. agus de réir mholtaí an Chomhchoiste rithfidís ó 10 a.m. go dtí 10 p.m. Nuair a chuirtear san áireamh nach cead don oifigeach ceannais an stáisiún vótaíochta a fhágáil le linn na tréimhse sin agus ina theannta sin an t-am nach foláir dó caitheamh roimh an tréimhse vótaíochta agus dá éis is fada an lá oibre é. Táthar tar éis a chur i láthair an Choiste gur chóir teorainn aoise a shonrú mar gheall air sin le haghaidh ceapachán chun poist oifigigh cheannais agus chléirigh vótaíochta. Ní mheasann an Coiste, áfach, go mbeadh sé sin riachtanach. Ní mór don cheann comhairimh i dtoghchán cúram a ghlacadh ag déanamh ceapachán mar gheall ar an fhreagracht reachtúil atá air i dtaobh stiúradh an toghcháin. Ina theannta sin d’fhéadfaí pionóis throma a ghearradh sa chúirt air féin nó ar an oifigeach ceannais, de réir na gcúinsí, faoi alt 63 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, mar gheall ar mhainneachtain, diúltú nó faillí a dhualgais a chomhlíonadh. Is ró-dhócha nach dtabharfaí an cás chun na cúirte mura mbeadh cúis an-mhór leis. Molann an Coiste, áfach, go dtabharfadh an ceann comhairimh rabhadh do gach oifigeach ceannais go sonrach, roimh é cheapadh, nach n-íocfar a tháillí leis mura gcomhlíonfaidh sé a dhualgais go sásúil agus má tharlaíonn aon mhírialtachtaí móra (mar shampla, gan an marc oifigiúil a chur ar pháipéir bhallóide) go bhféadfadh go laghdófaí a tháille nó nach bhfaigheadh sé in aon chor é agus nach gceapfaí é arís.


Ceisteanna agus mionnaí i dtoghcháin.

An Togra: (1) A fhoráil mar leanas:


(a) Faoi réir forálacha an Mhírchinn seo, beidh cead ag gach duine a mbeidh a ainm ar an gclár de thoghthóirí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire do dháilcheantar, agus ní bheidh cead ag aon duine eile, vóta a chaitheamh i dtoghchán sa dáilcheantar sin.


(b) Measfar ainm duine a bheith ar chlár má bhíonn ainm ar an gclár cosúil le hainm an duine sin agus gur dóigh leis an gceann comhairimh nó leis an oifigeach ceannais é bheith ar intinn gurb é ainm an duine sin é. Féadfaidh an ceann comhairimh nó an t-oifigeach ceannais, as a chonnlán féin agus, má iarrtar sin air thar ceann aon toghthóra déanfaidh sé, na ceisteanna a chur ar dhuine nó duine a chur faoin mionn atá leagtha amach sna forálacha ina dhiaidh seo den Mhírcheann seo.


(c) Féadfaidh an ceann comhairimh nó an t-oifigeach ceannais, agus má iarrtar sin thar ceann aon iarrthóra, déanfaidh sé, le linn aon duine a bheith ag beartú vótáil ach ní dá éis sin, na ceisteanna seo leanas, nó aon cheann acu, a chur ar an duine sin, eadhon:


(i) An aon duine amháin tusa agus an duine a bhfuil an ainm AB air ar an gClár Toghthóirí atá i bhfeidhm anois do dháilcheantar … ?


(ii) Ar vótáil tú cheana sa toghchán seo?


(iii) An bhfuil 21 bliain slán agat?


agus mura bhfreagrófar an chéad cheist agus an tríú ceist go dearfach agus an dara ceist go diúltach, ní cheadófar don duine sin vótáil.


(d) Féadfaidh an ceann comhairimh nó an t-oifigeach ceannais agus, má iarrtar sin air thar ceann aon iarrthóra déanfaidh sé, le linn aon duine a bheith ag beartú vótáil ach ní dá éis sin, an duine sin a chur faoi mhionn (i gcás aon duine atá in aghaidh mionn a ghlacadh ar fhorais choinsiasa) faoi dhearbhascadh san fhoirm seo leanas:—


Bheirim Dia na nUile-Chumhacht (nó dearbhaím agus dearbhascaim go sollúnta agus go fírinneach) gurb aon duine amháin mise agus an duine a bhfuil an ainm AB air ar an gclár toghthóirí atá i bhfeidhm anois do dháilcheantar … nár vótáil mé cheana sa toghchán seo agus go bhfuil 21 bliain slán agam


agus mura nglacfaidh an duine sin an mionn sin (nó mura ndéanfaidh sé an dearbhascadh sin) ní cheadófar dó vótáil.


(e) Ach amháin mar fhoráiltear sa togra seo agus sna forálacha i dtaobh vótálaithe dalla agus vótálaithe éagumasaithe do vótáil ní chuirfear aon cheist, ní dhéanfar aon fhiosrú ná ní cheadófar aon agóid tráth na vótála i dtaobh cirt aon duine chun vótáil ná ní dhéanfaidh aon cheann comhairimh nó oifigeach ceannais agóid ina choinne sin ná ní ghlacfaidh le haon agóid den sórt sin, ná ní bheidh sé dleathach a iarraidh ar aon vótálaí in aon toghchán aon mhionn a ghlacadh maidir lena cheart chun vótáil ná maidir le haon ní eile.


(f) Ní fhorléireofar aon ní sa Mhír seo mar ní a thugann teideal d’aon duine áirithe vótáil agus gan é i dteideal é sin a dhéanamh, ná mar ní a fhuasclaíonn é ó aon phionóis a mbeadh sé dlite iad a chur air mar gheall ar vótail.


(2) Ailt 3, 29, agus 37 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, a aisghairm agus an tAcht Toghcháin, 1941 a aisghairm ach alt 1 de a athachtú.


Nóta faoin Togra


Is é éifeacht an togra seo go n-athachtaíonn sé na forálacha a aisghairmeann sé i dteannta roinnt mionleasuithe atá ceaptha chun athbhríonna a ghlanadh astu agus intinn na n-altanna a léiriú. Tá an príomh-leasú ar áireamh i mír (b) a chuireann in iúl go soiléir intinn an chéad chinn de na ceisteanna reachtúla dá dtagraítear i mír (c).


Tá sé curtha in iúl go soiléir freisin go gcaithfear páipéar ballóide a thabhairt do dhuine nuair a thugann sé freagraí sásúla ar na ceisteanna nó nuair a ghlacann sé an mionn a iarrtar air. Má dhéanann sé mionnú éithigh féadfaidh na cúirteanna déileáil leis.


71. Molann an Comhchoiste an togra seo. Rinne an Coiste breithniú féachaint an bhféadfaí aon bhearta a dhéanamh a áiritheodh go mbeadh ceart vótála ag toghthóir nach bhfuil a ainm ar an gclár, agus chinneadar nach féidir aon bheart eile a dhéanamh ach go bhfoilseodh an t-oifigeach cláraitheachta forlíonadh ar an gclár ina mbeidh ainmneacha na dtoghthóirí a fágadh as trí dhearmad, fé mar mholtar i mír 18 den Tuarascáil seo.


B. AN COMHAIREAMH AGUS INA DHIAIDH.

An áit le haghaidh comhaireamh na vótaí.

An Togra: Alt 3 den Acht Toghcháin (Leasú), 1946, a leasú, ionas go bhforáilfear go bhféadfaidh ceann comhairimh do dháilcheantar ina bhfuil cuid de contae-bhuirg áit sa chontae-bhuirg nó áit sa dáilcheantar a cheapadh le haghaidh comhaireamh na vótaí.


Nóta faoin Togra


Chuir alt 3 riail nua in ionad riail 30 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, lena n-áirítear na forálacha seo leanas:


“30. Déanfaidh an ceann comhairimh do dháilcheantar na nithe seo a leanas—


(a) ceapfaidh sé, mar áit a gcomhairfear na vótaí ann—


(i) i gcás an dáilcheantar a bheith comhshuite ar fad nó i bpáirt de chontae-bhuirg, áit éigin sa chontae-bhuirg, nó


(ii) in aon chás eile, áit éigin sa dáilcheantar, ach féadfaidh sé, le toiliú an Aire (toiliú nach dtabharfar mura deimhin leis an Aire nach bhfuil ar fáil, laistigh den dáilcheantar, aon áit oiriúnach chun na vótaí a chomhaireamh) áit éigin lasmuigh den dáilcheantar, ach é comhgarach dó, a cheapadh,”


Tá de bhrí bainte as fo-mhír (i) go gcuireann sé de cheangal ar an gceann comhairimh do Dhún Laoghaire agus Ráth an Dúin, áit a cheapadh sa chontae-bhuirg le haghaidh comhaireamh na vótaí mar áirítear cuid an-bheag den chontaebhuirg sa dáilcheantar, ón leathnú deiridh a rinneadh ar theorainn na contaebhuirge. Níl sé ar intinn go mbeadh an áit chomhairimh sa chonate-bhuirg i gcúrsaí den sórt sin agus dealraíonn sé nár mhór fo-mhír (i) a mhodhnú.


An Togra: A fhoráil, d’fhonn deireadh a chur le hamhrais, go mbeidh sé de dhualgas ar cheann comhairimh i dtoghchán, leorchóiríocht agus an trealamh uile is gá le haghaidh comhaireamh na vótaí a sholáthar.


Nóta faoin Togra


Faoi riail 30 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, arna chur isteach le halt 3 d’Acht 1946, ceanglaítear ar cheann comhairimh an áit a cheapadh ina gcomhairfear na vótaí. I bhformhór na limistéar baintear de bhrí as an riail seo go gceanglaíonn sé ar an oifigeach cláraitheachta cóiríocht le haghaidh comhairimh a sholáthar. Tá ceann comhairimh amháin ar a laghad, áfach, a mheasann go gcuireann alt 3 den Acht Tithe Cúirte (Soláthar agus Cothabháil), 1935, an dualgas sin ar an gcomhairle chontae. Forálann an t-alt sin go gcaithfidh comhairle chontae cibé cóiríocht tí cúirte a chothabháil a ordóidh an tAire Dlí agus Cirt go ginearálta nó i gcás áirithe chun go ndéanfaí, inter alia, an gnó a cheaptar le dlí d’aon oifig chúirte nó oifigeach, nó a dhéanann aon oifig chúirte nó a dhéantar ann nó a dhéanann aon oifigeach, de ghnáth, le linn suí na Cúirte agus gach tráth eile, cibé acu ar gnó cúirte an gnó sin nó nach ea. Tograítear deireadh a chur le haon amhras i dtaobh freagracht an chinn chomhairimh chun saoráidí comhairimh a sholáthar.


72. Molann an Comhchoiste na tograí sin.


73. Eisíonn an Roinn Rialtais Aitiúil treoracha ó am go ham á threorú gur chóir an comhaireamh a shocrú ionas go bhféadfadh na hiarrthóirí agus a ngníomhairí a fheiscint cad a bhíonn á dhéanamh ag an gceann comhairimh, a chúntóirí agus a chléirigh maidir leis an gcomhaireamh.


74. Measann an Comhchoiste gur rí-thábhachtach an rud na treoracha sin a eisiúint arís, agus más gá, iad a fholú i rialacháin reachtúla. Molann an Coiste freisin go gcuirfeadh an Roinn sna treoracha comhairle shonrach do chinn chomhairimh na boird a shocrú i bhfoirm leath-chiorcail nó i bhfoirm U le linn comhairimh, agus bealach a bheith ann chun go bhféadfadh na gníomhairí agus a n-iarrthóirí siúl timpeall lasmuigh den fhál agus an comhaireamh a fhaire.


Gníomhairí i láthair ag comhaireamh.

75. Faoi riail 31 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, ní cheadaítear bheith i láthair ag comhaireamh na vótaí ach an ceann comhairimh, a fhoireann agus gníomhairí na n-iarrthóirí agus aon daoine eile a cheadóidh an ceann comhairimh a bheith ann. Forálann riail 49 den Sceideal sin go bhféadfaidh iarrthóir bheith i láthair in aon áit a bhféadfaidh a ghníomhaire, de réir an Achta, bheith i láthair ann. Níl aon teorainn reachtúil leis an méid gníomhairí a fhéadfaidh iarrthóir a cheapadh le bheith i láthair thar a cheann ag an gcomhaireamh, ach i gcásanna áirithe cuireann an ceann comhairimh teorainn leis an méid gníomhairí i leith gach iarrthóra mar bíonn cóiríocht na háite ina mbíonn na vótaí á gcomhaireamh ró-chúng. Measann an Comhchoiste gur chóir go bhféadfaí oiread cóiríochta a fháil agus a áiritheodh go bhféadfadh iarrthóir, go pearsanta nó trína ghníomhairí, deimhin a dhéanamh dó féin go bhfuil páipéar ballóide a chomhairtear mar rogha d’iarrthóir áirithe bailí agus go bhfuil rogha den sórt sin ann. Má chuirtear teorainn leis an méid gníomhairí a ligtear isteach chun comhairimh i leith gach iarrthóra, b’fhéidir nach bhféadfaí é sin a dhéanamh. Molann an Coiste go ndéanfaí, i dteannta é chur d’oibleagáid reachtúil ar an gceann comhairimh leor-chóiríocht a chur ar fáil don chomhaireamh, foráil bhreise a achtú á cheadú do gach iarrthóir bheith i láthair go pearsanta ag an gcomhaireamh agus, ina theannta sin, cúigear gníomhaire ar a mhéid a cheapadh le bheith i láthair. Molann an Coiste freisin gur chóir don cheann comhairimh, nuair a bheidh sé ag feidhmiú a rogha maidir leis an méid daoine a ligfear isteach chun an chomhairimh, aird speisialta a thabhairt ar an fhreagracht atá air an comhaireamh a stiúradh go héifeachtúil agus a áirithiú go dtabharfar áis freisin do ghníomhairí na n-iarrthóirí chun a ngnóthaí maidir leis an gcomhaireamh a dhéanamh go héifeachtúil.


An t-am le haghaidh comhairimh.

76. Faoi rialacha 30 agus 33 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, bhí ar an gceann comhairimh socruithe a dhéanamh chun na vótaí a chomhaireamh “chomh luath agus is féidir tar éis críochnú na vótaíochta” agus na vótaí a chomhaireamh go leanúnach, gan stad ach chun bia nó deoch a chaitheamh, agus le sos (ach amháin sa mhéid go socróidh sé féin agus na gníomhairí a mhalairt) óna seacht a chlog istoíche go dtí a naoi a chlog maidin lá ar na mhárach.” D’athraíodh na forálacha seo le halt 3 den Acht Toghcháin (Leasú), 1946, a fhorálann gur chóir don cheann comhairimh an comhaireamh a thosú ar a 9 a.m. an lá tar éis deireadh na vótaíochta agus, a mhéid is féidir é, dul ar aghaidh le comhaireamh na vótaí gan stad ach amháin chun bia a chaitheamh, agus na huaire idir 11 p.m. agus 9 a.m. an mhaidin ina dhiaidh sin a eisceadh (ach amháin sa mhéid go n-aontóidh sé féin agus na gníomhairí ar a mhalairt).


77. Tá an Comhchoiste tar éis uiríolla a fháil gur chóir na huaire sin a athrú chun go mbeadh lá dhá uair déag ann mar bhun-tréimhse chomhairimh, agus é ag tosú ó 9 a.m. an mhaidin i ndiaidh lá na vótaíochta. Cé go dtuigeann an Coiste go lánmhaith do na hoifigigh atá freagrach i stiúradh an toghcháin, agus go mbíonn mór-strus orthu ar feadh tamaill roimh an gcomhaireamh, go speisialta i gcás olltoghcháin, is é a mbarúil gur rí-thábhachtach an rud, ar mhaithe leis an bpobal, toradh an toghcháin a fháil amach a luaithe is féidir. Molann an Coiste, dá bhrí sin, nár chóir an dlí maidir leis an ní sin a athrú.


Páipéir bhallóide tairgthe a chomhaireamh.

An Togra: A fhoráil go ndéanfar páipéar ballóide tairgthe a chomhaireamh i dtoghchán Dála agus go gceadófar do dhuine a thairgfidh vóta den sórt sin dearbhú reachtúil a dhéanamh in ionad a cheangal air mionn a ghlacadh.


Nóta faoin Togra


I gcás ina n-éileoidh duine gur vótáil duine eile ina ionad ní féidir leis vótáil mura rachaidh sé faoi mhionn gurb é an duine é atá i dteideal an vóta. Tugtar páipéar ballóide ar malairt datha dó nach gcomhairtear mura ndéantar achainí. Meastar nach bhfuil sé sin cothrom don vótálaí agus beartaítear ligean dó dearbhú reachtúil a dhéanamh in ionad dul faoi mhionn agus gach vóta tairgthe den sórt sin a chomhaireamh. Beidh pionóis ann i leith dearbhuithe falsa a dhéanamh agus féadfar na vótaí tairgthe a aithint fós i gcás achainí.


Vótaí a aistriú.

An Togra: Mír 5 (a) de riail 6 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, a leasú, chun go bhforálfaidh sé nach gá don cheann comhairimh barrachas a aistriú nuair atá an barrachas sin i dteannta aon bharrachais eile nár aistríodh níos lú ná an difríocht atá idir na méideanna vótaí a creidiúnaíodh don dá iarrthóir is ísle, agus


(i) gur mó an méid vótaí a creidiúnaíodh ag an gcomhaireamh sin don iarrthóir is ísle ná an tríú cuid den chuóta, nó


(ii) gur mó an tríú cuid den chuóta ná chomshuim na vótaí a creidiúnaíodh ag an gcomhaireamh sin don iarrthóir is ísle i dteannta an bharrachais sin agus aon bharrachais eile nár aistríodh.


Nóta faoin Togra


Forghéilleann iarrthóir éarlais mura mó ná an tríú cuid den chuóta na vótaí a creidiúnaíodh dó tráth a eisiaimh nó ag críoch an chomhairimh dheiridh. Faoi na rialacha comhairimh atá ann faoi láthair ní mór barrachas nach n-aistreofaí d’eile (e.g. nuair nach bhféadfadh an t-aistriú cor an iarrthóra is ísle a athrú nó nuair a bheadh na folúntais uile líonta) a aistriú má bhíonn níos lú ná an tríú cuid den chuóta ag an iarrthóir is ísle. Níl feidhm ar bith, áfach, le barrachas a aistriú mura dtiocfadh den aistriú go bhfaighfí an oiread vótaí agus ba ghá chun éarlais an iarrthóra a shábháil. Tograítear, dá bhrí sin, na rialacha a leasú trí fhocail ar nós iad sin a bhfuil líne fúthu thuas a chur leo ionas nach mbeadh aon oibleagáid ann aistriú gan tairbhe a dhéanamh.


78. Molann an Comhchoiste na tograí seo, ach foráil a dhéanamh (a) á áirithiú gurb ionann páipéar ballóide tairgthe agus gnáthpháipéar ballóide agus nach bhféadfar é a aithint le linn an chomhairimh agus (b) le haghaidh aon taifid is gá a choimeád i dtaobh méideanna na vótaí tairgthe i ngach áit vótaíochta.


Ceann comhairimh d’athchomhaireamh vótaí.

An Togra: Riail 10(1) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, a leasú d’fhonn é chur in iúl go soiléir, (a) maidir le cumhacht chinn chomhairimh páipéir a athchomhaireamh, más maith leis é, in aon chás nach mbeidh sé sásta i dtaobh cruinnis aon chomhairimh, go mbaineann an chumhacht sin le páipéir lenar déileáladh i gcomhaireamh níos luaithe ná an comhaireamh a críochnaíodh díreach ag an am, agus (b) i gcás ina nochtfar earráid de thoradh athchomhairimh, go ndéanfaidh an ceann comhairimh, más gá, aon torthaí a fhógair sé roimhe sin a cheartú.


Nóta faoin Togra


Faoin nós imeachta atá ann faoi láthair le haghaidh comhaireamh na vótaí i dtoghchán Dála fógraítear toradh gach comhairimh tar éis deireadh an chomhairimh sin. D’fhéadfadh, áfach, nach dtabharfaí faoi deara dearmad a rinneadh le linn comhairimh go dtí go mbeidh aistriú eile ar na vótaí á dhéanamh ag céim níos déanaí, ach níl sé soiléir go leor go bhfuil cumhacht ag ceann comhairimh na páipéir a bhain le comhaireamh roimhe sin a athchomhaireamh nó na figiúirí a cheartú má gheibhtear dearmad agus, más gá, a mheas gur toghadh a mhalairt de dhuine. Beidh foráil ann á áirithiú, maidir leis na páipéir bhallóide lenar déileáladh in athchomhaireamh, go leanfaidh siad an bealach céanna agus leanadar sa chomhaireamh bunaidh, ach amháin go gceartófar dearmadaí.


79. Aontaíonn an Comhchoiste gur chóir é chur in iúl go soiléir go bhféadfaidh ceann comhairimh, más maith leis é, na páipéir a bhain le comhaireamh roimh an gcomhaireamh deiridh a athchomhaireamh, nó na figiúirí a cheartú má gheibhtear dearmad. Measann an Coiste gur chóir, ina theannta sin, go mbeadh teideal ag gach iarrthóir a leanfaidh de bheith san iomaíocht athsheiceáil amháin a éileamh ar gach beart páipéar ballóide le linn an chomhairimh. Le linn an athsheiceála sin níor chóir uimhir ná ord na bpáipéar in aon bheart a chur as riocht. Má tharlaíonn, áfach, san athsheiceáil, go bhfaighfear amach dearmad tábhachtach bá chóir ceart a bheith ag iarrthóir athchomhaireamh iomlán a éileamh amhail ón bpointe ag ar tharla an dearmad.


Sonraí a bheidh le tabhairt ag ceann comhairimh.

An Togra: An litir “(a)” a scriosadh i mir 2 de riail 34 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923.


Nóta faoin Togra


Is é an chúis atá leis an togra seo athluaiteachas a cheartú. Ceanglaíonn Riail 34 ar an gceann comhairimh sonraí a thabhairt ina thuarascáil do Chléireach na Dála ar an méid páipéir dar dhiúltaigh sé toisc gan marc oifigiúil a bheith orthu agus na sonraí sin a bheith faoin dá mhírcheann seo a leanas, eadhon,


“1. Easba an mhairc oifigiúil.


2. Neamhbhailí faoi mhíreanna (a)......d’fho-alt (4) d’alt 26.”


Ní bhaineann mír (a) d’fho-alt (4) d’alt 26 ach amháin le páipéir bhallóide nach bhfuil marc oifigiúil orthu.


Doiciméid a dhiúscairt tar éis toghcháin.

An Togra: Rialacha 27, 35 agus 36 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, a aisghairm agus iad a athachtú ionas go bhforáilfear:


(a) go séalóidh an t-oifigeach ceannais comhdhuillí marcáilte na bpáipéar ballóide i bpacáid ar leithligh ó aon doiciméid eile, agus


(b) go gcuirfidh an ceann comhairimh na pacáidí séalaithe ina mbeidh na comhdhuillí marcáilte, na páipéir bhallóide marcáilte agus na páipéir bhallóide diúltaithe (nach mbeidh fáil ar aon cheann acu ach amháin le hordú ón Dáil nó ón Ard-Chúirt) go dtí Cléireach na Dála i gcoimeádán nó i gcoimeádáin séalaithe ar leithligh ó na doiciméid toghcháin eile a cheanglaítear air a chur chun an Chléirigh.


Nóta faoin Togra


Ordaíonn Rialacha 27, 35 agus 36 an nós imeachta atá le leanúint ag cur doiciméad ar aghaidh tar éis toghcháin. Ní mór do gach oifigeach ceannais ag deireadh na vótaíochta, doiciméid éagsúla, etc., a dhéanamh suas ina bpacáidí séalaithe ar leithligh, agus tá sonrú ar cheann acu sin i riail 27 mar leanas:—


“(4) na cóipeanna marcáilte de chlár na dtoghthóirí, agus comhdhuillí na bpáipéar ballóide.”


Nuair a bhítear ag déanamh de réir na rialach seo is é brí a bhainear as go gcaithfear na comhdhuillí marcáilte agus na cóipeanna marcáilte den chlár a chur sa phacáid séalaithe céanna. Is féidir leis an gcleachtas seo bheith ina chúis le deacrachtaí tráth níos déanaí nuair a chuirtear na pacáidí go dtí Cléir each na Dála le coinneáil go ceann bliana tar éis an toghcháin, mar is doiciméid rúnda na comhdhuillí marcáilte nach féidir a iniúchadh ach amháin le hordú ón Dáil nó ó chúirt toghcháin, ach is féidir leis an bpobal na cóipeanna marcáilte den chlár a iniúchadh faoi rialacháin a ordóidh Cléireach na Dála.


Ar an bhfáth céanna ba chóir a fhoráil go ndéanfadh an ceann comhairimh, nuair a bheidh sé ag cur na gcomhdhuillí marcáilte agus na bpáipéar ballóide marcáilte agus diúltaithe go dtí Cléireach na Dála, iad a chur i gcoimeádán ar leithligh (úsáidtear málaí nó sacanna poist de ghnáth chuige sin). Is doiciméid rúnda freisin na páipéir bhallóide, idir chinn mharcáilte agus diúltaithe, nach féidir a iniúchadh ach amháin le hordú ón Dáil nó ón Ard-Chúirt agus faoi choinníollacha a bheir gur faoi rún daingean a dhéanfar sin.


An tréimhse a choinneofar doiciméid tar éis toghcháin.

An Togra: Na focail “tar éis an dáta a rinneadh an vótaíocht” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “go ceann bliana” i riail 37 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923.


Nóta faoin Togra


Forálann Riail 37 go gcoimeádfaidh Cléireach na Dála “go ceann bliana” gach páipéar ballóide agus doiciméad eile a bhaineann le toghchán sul a ndítheoidh sé iad. Ba mhaith an rud dá socrófaí níos cruinne cén dáta díreach atá deireadh leis an tréimhse choinneála seo.


80. Molann an Comhchoiste na tograí seo.


Cleachtais éillitheacha agus cleachtais neamhdhleathacha.

81. Rinne an Comhchoiste athbhreithniú ar fhorálacha an Achta chun Droch-Bhearta Toghcháin a Chosc, 1923, a bhaineann le cleachtais éillitheacha agus cleachtais neamhdhleathacha i dtoghcháin. Airítear de ghnáth gur rud é cleachtas éillitheach a bhaineann leis an aigne agus gur rud é cleachtas neamhdhleathach a bhfuil rún ag an bparlaimint é stopadh, bíodh sé déanta go macánta nó go mímhacánta. Tá miniú ar chleachtais éillitheacha in ailt 1 go 5 agus in alt 36 den Acht chun Droch-Bhearta Toghcháin a Chosc, 1923, mar leanas:—


(a) breabaireacht,


(b) pearsanáil, nó pearsanáil a thabhairt chun críche nó cabhrú le pearsanáil a dhéanamh,


(c) seasamh dí,


(d) tionchar míchuí,


(e) ráiteas bréagach a fhoilsiú roimh thoghchán nó lena linn, á rá go bhfuil iarrthóir sa toghchán sin tar éis tarraingt siar, agus


(f) dearbhú falsa i dtaobh costas toghcháin a dhéanamh go feasach.


Pionóis ar chleachtais éillitheacha.

82. Faoi alt 6 den Acht is iad na pionóis ar chleachtais éillitheacha:—


(a) i gcás aon cheann de na cleachtais ach amháin pearsanáil nó pearsanáil a thabhairt chun críche nó cabhrú le pearsanáil a dhéanamh—ar chiontú achomair, príosúnacht, le daorobair nó gan daorobair, go ceann téarma nach sia ná bliain;


(b) i gcás pearsanála nó pearsanáil a thabhairt chun críche nó cabhrú le pearsanáil a dhéanamh—


(i) ar chiontú achomair, príosúnacht, le daorobair nó gan daorobair, go ceann téarma nach lú ná 2 mhí i gcás an chéad chiona, nó nach lú ná 6 mhí i gcás cionta ina dhiaidh sin, ach gan dul thar 12 mhí príosúnachta i ngach cás. Féadfar fíneáil nach mó ná £100 a fhorchur freisin,


(ii) ar chiontú ar dhíotáil, in aghaidh an dara ciona nó ciona ina dhiaidh sin, príosúnacht, le daorobair nó gan daorobair, go ceann 6 mhí ar a laghad nó 12 mhí ar a mhéid, nó pianseirbhís go ceann 3 bliana; agus i gceachtar cás, féadfar fíneáil nach mó ná £200 a fhorchur;


(c) i dteannta na bpionós sin roimhe sin, ní bheidh teideal, go ceann tréimhse 7 mblian tar éis a chiontaithe, ag duine ar bith a ciontaíodh i gcleachtas éillitheach:—


(i) é a chlárú mar thoghthóir Dála, Seanaid nó rialtais áitiúil,


(ii) vóta a chaitheamh i dtoghcháin Dála, Seanaid nó rialtais áitiúil ná i reifreann,


(iii) aon oifig bhreithiúnach a shealbhú, nó


(iv) bheith ina chomhalta den Dáil, den Seanad nó d’aon údarás áitiúil.


83. Ina theannta sin, faoi alt 7, má thuairiscíonn cúirt thoghcháin gur cruthaíodh go ndearnadh cleachtas éillitheach i dtoghchán i bhfios d’iarrthóir agus lena thoil, ní bheidh ar chumas an iarrthóra sin bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas choíche, i dteannta pionóis eile a ghearradh air.


Má thuairiscíonn cúirt toghcháin gur cruthaíodh go ndearna gníomhaire iarrthóra cleachtas éillitheach, ní bheidh ar chumas an iarrthóra sin bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas go ceann 7 mblian. Ina theannta sin, faoi alt 38, dlífear an pionós ar mhionnú éithigh a chur ar iarrthóir nó ar ghníomhaire toghcháin, ar a chiontú ar dhíotáil mar gheall ar chuntas bréagach ar chostais toghcháin a thabhairt go feasach.


Cleachtais neamhdhleathacha.

84. Faoi ailt 8 go dtí 14, 17 go dtí 20 agus alt 34 folaíonn cleachtais neamhdhleathacha:


*(a) fostú iomarcach,


*(b) íocaíocht iomarcach,


(c) vótáil ag daoine toirmiscthe,


(d) vótáil le linn bheith dícháilithe,


(e) vótáil níos mó ná uair amháin,


(f) ráitis bhréagacha a dhéanamh mar gheall ar iarrthóir,


(g) iompar mí-ordúil ag cruinniú poiblí toghcháin,


(h) iarrthóir nó gníomhaire iarrthóra d’fhaillí ainm an chlódóra agus an fhoilsitheora a bheith aige ar bhillí, clárfhógraí agus postaeirí,


*(i) daoine neamhúdaraithe d’íoc costais,


*(j) costais a íoc tar éis an ama cheaptha,


*(k) éilimh dhéanacha a íoc,


*(l) gan tuairisceán agus dearbhú ar chostais a dhéanamh san fhoirm chuí,


*(m) íocaíochtaí neamhdhleathacha,


*(n) fostú neamhdhleathach,


(o) fruiliú neamhdhleathach.


Pionóis ar chleachtais neamhdhleathacha.

85. Faoi ailt 15 agus 16, is iad na pionóis ar chleachtais neamhdhleathacha:—


(a) ar chiontú achomair, fíneáil nach mó ná £100 agus, go ceann 5 bliana óna chiontú, dícháiliú chun bheith cláraithe mar thoghthóir Dála, Seanaid nó rialtais áitiúil, nó chun vótáil i dtoghchán Dála nó rialtais áitiúil nó i reifreann;


(b) má thuairiscíonn cúirt toghcháin gur cruthaíodh go ndearna aon iarrthóir cleachtas neamhdhleathach nó go ndearnadh é i bhfios d’aon iarrthóir nó lena thoil, ní fhéadfaidh an duine sin bheith ina chomhalta den Oireachtas go ceann 7 mbliana ó dháta na tuairisce;


(c) má thuairiscíonn cúirt toghcháin gur cruthaíodh go ndearna gníomhaire iarrthóra cleachtas neamhdhleathach, ní fhéadfaidh an t-iarrthóir bheith ina chomhalta den Dáil “an fad a leanfaidh an tOireachtas sin,” ná den Seanad “roimh na céad-thoghcháin trí-bhliantúla eile chun an tSeanaid.”


Cleachtais éillitheacha agus cleachtais neamhdhleathacha áirithe a chur ar ceal.

86. Má dhéantar de réir mholtaí an Chomhchoiste i gcuid D den dara tuarascáil eatramhach uaidh go gcuirfí ar ceal na teorainneacha atá ann faoi láthair ar na costais faoina bhféadfaidh iarrthóir dul nó ar an méid daoine a bhféadfaidh sé iad a fhostú i dtoghchán, scoirfidh na cionta atá marcáilte le réilthín i míreanna 81 agus 84 de bheith ina gcleachtais éillitheacha nó ina gcleachtais neamhdhleathacha. Ní mór na reachta iomchuí a leasú dá réir sin.


87. Phléigh an Comhchoiste ailt 1 agus 4 den Acht chun Droch-Bhearta Toghcháin a Chosc, 1923, a bhaineann le “traeteáil” agus síleann siad go bhfuil réim na n-alt, mar tá siad, ró-leathan ar fad. Measann an Coiste go bhféadfaí “traeteáil” mhíchuí a áireamh mar bhreabaireacht agus molann siad dá bhrí sin “traeteáil” mar chleachtas éillitheach ann féin a chur ar ceal.


88. Molann an Comhchoiste freisin go gcuirfí deireadh mar chleachtas neamhdhleathach le ráitis bhréagacha a dhéanamh mar gheall ar iarrthóir. Ba chóir gur faoin dlí a bhaineann le leabhal nó clúmhilleadh a déileálfaí le cion den sórt atá i gceist. Má chuirtear deireadh leis an bpionós go mbainfear cead vótála de dhuine mar gheall ar chleachtais éillitheacha agus cleachtais neamhdhleathacha agus faoin Forfeiture Act, 1870, fé mar mholann an Coiste i míreanna 90 agus 112 beidh deireadh mar chleachtas neamhdhleathach le vóta a chaiteamh le linn bheith dícháilithe. Ba chóir na reachta iomchuí a leasú mar ba ghá.


89. Measann an Comhchoiste freisin gur chóir aisghairm a dhéanamh ar ailt 19 agus 20 den Acht chun Droch-Bhearta Toghcháin a Chosc, 1923, a dhéanann cion (“cíosú neamhdhleathach”) de bhialanna, áitribh cheadúnaithe, clubanna agus bunscoileanna áirithe a úsáid mar sheomra coiste i dtoghchán. Ní oireann na hailt sin do chúrsaí an lae inniu.


Pionóis mar gheall ar chleachtais éillitheacha agus cleachtais neamhdhleathacha a mhodhnú.

90. Measann an Comhchoiste freisin gur chóir, i gcoitinne, déileáil le cleachtais éillitheacha agus cleachtais neamhdhleathacha sa tslí chéanna ina ndéileáltar le cionta eile agus gur chóir deireadh a chur leis an bhforáil maidir le pionóis thánaisteacha mar atá cead vótála a bhaint de dhuine, é dhícháiliú chun bheith i seilbh oifige, etc. Molann an Coiste, dá bhrí sin, go ndéanfaí aisghairm ar na forálacha a bhacann ar dhaoine a ciontaíodh, agus ar iarrthóirí ar ciontaíodh a ngníomhairí, i gcleachtais éillitheacha nó i gcleachtais neamhdhleathacha, iad a chlárú mar thoghthóirí, agus vóta a chaitheamh i dtoghcháin. Ba chóir, áfach, an uastréimhse phríosúnachta agus méid uasta na bhfíneálacha a mhéadú. Molann an Coiste freisin go n-aisghairfí na dícháilíochtaí sonracha maidir le comhaltas Dála agus Seanaid mar gheall ar chleachtais éillitheacha agus cleachtais neamhdhleathacha agus go n-aisghairfí freisin an dícháilíocht shonrach 7 mbliana maidir le hoifig bhreithiúnach a shealbhú mar gheall ar chiontú i gcleachtas éillitheach.


Liosta de chleachtais éillitheacha agus de chleachtais neamhdhleathacha.

91. Faoi riail 8 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, agus alt 43 den Acht chun Droch-Bhearta Toghcháin a Chosc, 1923, ní foláir do gach oifigeach cláraitheachta liosta de na daoine ina limistéar a dícháilíodh chun vótáil mar gheall ar iad a bheith ciontach i gcleachtais éillitheacha agus i gcleachtais neamhdhleathacha a fhoilsiú agus a chur go dtí gach oifigeach cláraitheachta eile. De bharr an liosta seo a chur timpeall cabhraítear le bheith deimhin, i gcás aon duine a dícháilíodh chun a chláraithe mar thoghthóir nó chun vótála, go mbeidh sé gan chlárú agus gan chead vótála. Má dhéantar de réir mholadh an Chomhchoiste i mír 90 nach cuí a thuilleadh go mbainfeadh an pionós a fhágfadh duine gan vóta le cleachtais éillitheacha nó cleachtais neamhdhleathacha ní bheidh a thuilleadh gnó den liosta agus dá bhrí sin molann an Coiste deireadh a chur leis.


Comhdhlúthú a dhéanamh ar fhorálacha roimh 1923 a bhaineann le cleachtais éillitheacha agus cleachtais neamhdhleathacha.

92. Rinne an tAcht chun Droch-Bhearta Toghcháin a Chosc, 1923, comhdhlúthú ar chuid mhór de na forálacha reachtúla a bhí ann agus a bhain le cleachtais éillitheacha agus cleachtais neamhdhleathacha. Tá cuid de na forálacha sin, áfach, le fáil fós i reachta níos sine, go háirithe sna Corrupt and Illegal Practices Prevention Acts, 1854 and 1883. Molann an Comhchoiste gur chóir na forálacha sna sean-reachta a chorprú i bhfoirm suaschun-dáta sa reachtaíocht a chomhlíonfaidh a moltaí ar an ábhar.


Pionós ar chleachtas neamhdhleathach.

An Togra: Alt 15 den Acht chun Droch-Bhearta Toghcháin a Chosc, 1923, a leasú chun go gceadófaí do Bhreitheamh agus é ag ciontú duine i gcleachtas éillitheach, tréimhse dhícháilíochta níos giorra chun vótáil i dtoghcháin Pharlaiminte nó i dtoghcháin áitiúla ná an tréimhse chúig bliana a shocraítear san alt, a chur ar an duine sin más rogha leis.


Nóta faoin Togra


Forálann alt 15 go ndlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar dhuine a bheidh ciontach i gcleachtas neamhdhleathach ar é a chiontú go hachomair, agus nach bhféadfar é a chlárú, agus nach bhféadfaidh sé vótáil, mar thoghthóir Parlaiminte nó rialtais áitiúil, go ceann cúig bliana ó dháta a chiontaithe. Taibhsíonn sé go bhfuil an dícháilíocht uathoibreach seo ró-dhian i gcás cionta áirithe, e.g. iompar mí-ordúil ag cruinniú toghcháin.


93. Tá sé molta ag an gComhchoiste i mír 90 go n-aisghairfí an fhoráil ag dícháiliú daoine a ciontaíodh i gcleachtais neamhdhleathacha chun bheith cláraithe mar thoghthóirí nó chun vótáil i dtoghcháin Pharlaiminte nó i dtoghcháin áitiúla agus dá dhroim sin ní mheasann siad go bhfuil gá leis an togra seo.


Folúntais sa Dáil a tharla ar shlí seachas trí lánscor.

An Togra: Alt 53 den Acht Timpeall Toghchán, 1923 (a bhaineann le corrfholúntais sa Dáil a lionadh) a leasú ionas go mbeidh feidhm aige in aon chás ina scoireann duine de bheith ina chomhalta den Dáil ar shlí seachas de dhroim lánscoir, agus an míniú ar chorrthoghchán in alt 65 a oiriúnú dá réir sin.


Nóta faoin Togra


Déanann alt 53 foráil i dtaobh lionadh folúntais a tharla de dheasca comhalta den Dáil d’fháil bháis, d’éirí as nó do theacht faoi dhícháilíocht. Féadfaidh co rrfholúntas tarlódh freisin má éiríonn duine as a shuíochán ar é theacht chun bheith ina Uachtarán nó ina chomhalta den Seanad faoi fho-alt 2° d’alt 6 d’Airteagal 12 agus faoi alt 14 d’Airteagal 15 den Bhunreacht faoi seach agus ba mhaith an rud ailt 53 agus 65 a leasú ionas go mbeadh feidhm acu maidir leis na cásanna sin.


Míniú ar olltoghchán.

An Togra: An míniú ar olltoghchán in alt 65 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, a leasú ionas go gciallóidh sé olltoghchán do chomhaltaí Dháil Éireann arna chomóradh de réir fhó-altd’alt 3 d’Airteagal 16 den Bhunreacht.


Nóta faoin Togra


Forálann alt 65 go gciallóidh an abairt “olltoghchán” comhaltaí a thoghadh chun fónamh i nDáil Oireachtais nua. Toisc nach lánscoirtear an tOireachtas iomlán riamh faoin mBunreacht atá ann faoi láthair tá an míniú mí-oiriúnach. Forálann fo-alt 2 d’alt 3 d’Airteagal 16 den Bhunreacht nach foláir “olltoghchán do chomhaltaí do Dháil Éireann a bheith ann lá nach déanaí ná tríocha lá tar éis Dáil Éireann a lánscor”.


Míniú a leasú.

An Togra: Riail 6 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, a leasú trí thagairt d’iarrthóir a meastar a bheith tofa a chur in ionad na tagairte d’iarrthóir tofa gach áit a bhfuil an abairt dheiridh sin, agus mír (10) de riail 12 den leagan Béarla a leasú trí “result of the” a chur roimh “poll.”


Nóta faoin Togra


Baineann riail 6 le vótaí barrachais a aistriú i gcás iarrthóra a mheastar a bheith tofa faoi riail 5. Tagraítear dó i míreanna (1), (2) (a) agus (b) agus 5 (a) de riail 6 mar “iarrthóir tofa” agus dealraíonn sé gur tagairt iomrallach é sin mar i mír (3) de riail 6 agus i rialacha eile tagraítear dó mar iarrthóir a mheastar a bheith tofa. Is é an difríocht mar a deirtear i mír (10) de riail 12 go gciallaítear lena rá go meastar duine a bheith tofa go meastar é a bheith tofa chun críche comhairimh na vótaí, ach sin gan dochar d’fhógairt toradh na vótaíochta. Tá na focail “result of the” fágtha ar lár as an míniú seo sa leagan Béarla den Acht, ach ba shoiléire é dá gcuirtí isteach iad, agus tograítear iad a chur isteach agus an tagairt iomrallach i riail 6 a cheartú.


“Dáil Éireann” a chur in ionad “an tOireachtas”.

An Togra: Riail 7 den Acht Timpeall Toghchán (Leasú), 1927 a aisghairm agus a athachtú, agus “Dáil Éireann” a chur in ionad “an tOireachtas”.


Nóta faoin Togra


Forálann an t-alt seo mar a leanas:—


“Is í tréimhse is sia dlitear an tOireachtas do leanúint gan scor ná cúig bliana ó dháta an chéad thionóil ag Dáil Éireann tar éis an scortha dheiridh roimhe sin agus mura scoirtear an tOireachtas roimh lá dheiridh aon tréimhse chúig bliana den sórt sin scoirfear an tOireachtas an lá deiridh sin.”


Ma chuirtear “Dáil Éireann” in ionad “an tOireachtas” beidh an fhoráil sin de réir alt 5 d’Airteagal 16 den Bhunreacht a fhorálann: “ní bheidh de ré ag aon Dáil Éireann ach seacht mbliana ó lá a céad-tionóil: féadfar ré is giorra ná sin a shocrú le dlí”. Ní dhéantar an tOireachtas go léir a lánscor faoin mBunreacht atá ann faoi láthair.


An tAcht Toghcháin (Dáil Éireann agus Údaráis Áitiúla), 1945, a aisghairm.

An Togra: An tAcht Toghcháin (Dáil Éireann agus Udaráis Aitiúla), 1945, a aisghairm agus ailt 2 agus 7 de a athachtú.


Nóta faoin Togra


Chuir Acht 1945 an 15 Meán Fómhair in ionad an 15 Samhain mar dháta cáilitheach le haghaidh clárú toghthóirí Dála (alt 2) agus toghthóirí rialtais áitiúil a bheidh cáilithe ó thaobh cónaithe (alt 7). Rinne alt 2 é sin trí alt nua mar leanas a chur in ionad ailt 6 den Acht Timpeall Toghchán, 1923:


“6—An 15ú lá de Mheán Fómhair an dáta cáilitheach do gach clár.”


Rinne alt 7 foráil go gciallóidh an abairt “dáta cáilíochta” i bhfo-alt (1) d’alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil (Reacht-Shaoirse a Leathnú), 1935, an 15ú lá de Mheán Fómhair.


Féadfar na seacht n-alt atá fágtha d’Acht 1945 a aisghairm má ghlactar leis na tograí sa Scéim Ghinearálta seo. Meastar go mb’fhearr ar mhaithe le simplíocht an tAcht go léir a aisghairm agus an dá alt ghearra nach ndéantar difir dóibh a athachtú.


Tagairt atá i léig a aisghairm.

An Togra: Foráil a dhéanamh le haghaidh alt 59 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, a leasú, trí fhocail éigin ar nós “a bhunaítear le dlí” a chur i mír (b) in ionad “bunuítear leis an Acht so.”


Nóta faoin Togra


Tagraíonn an t-alt do “dháilcheanntair a bunuítear leis an Acht so”. Tá an tagairt seo i léig anois.


94. Molann an Comhchoiste na sé thogra roimhe seo. Ní bheidh gá leis an togra dar mírcheann “An tAcht Toghcháin (Dáil Éireann agus Údaráis Aitiúla), 1945, a Aisghairm” má dhéantar de réir an mholta, atá i mír 13 den dara tuarascáil eatramhach uaidh, gur chóir cumhacht a bheith ag an Aire Rialtais Áitiúil dátaí a ordú chun críocha cláraitheachta.


Achtacháin a oiriúnú.

An Togra: A fhoráil go bhféadfaidh an tAire le hordú cibé oiriúnú nó modhnú a dhéanamh ar aon reacht ordú nó rialachán a bhaineann le toghthóirí Dála nó rialtais áitiúil a chlárú nó le toghcháin Dála, Seanaid nó toghcháin rialtais áitiúil a stiúrú is dóigh leis is gá chun go mbeadh éifeacht aige faoi réir forálacha na Scéime Ginearálta seo, agus a fhoráil go ndéanfar gach ordú faoin bhforáil seo a leagan os comhair cheachtar Teach den Oireachtas agus go mbeidh na gnáth-fhorálacha i dtaobh neamhniúcháin ann.


Nóta faoin Togra


Is é sin an ghnáth-fhoráil a thugann go bhféadfar aon fhorálacha láithreacha a bhíonn ar neamhréir le haon Acht a oiriúnú má gheibhtear aon cheann acu nár déileálaidh léi sa Scéim Ghinearálta. Cuirfear é in áit an ailt oiriúnúcháin (al t 5) den Acht chun Toghthóirí Rialtais Áitiúla a Chlárú, 1924, agus dá dhroim sin is féidir an tAcht sin go léir a aisghairm mar déanfar aisghairm ar na hailt “bheo” atá fágtha, ailt 3 agus 4, de dhroim tograí eile atá sa scéim.


95. Measann an Comhchoiste go bhfuil réim an togra seo ró-leathan. Ba chóir an reachtaíocht a thabharfadh éifeacht dó a dhréachtú chun a fhoráil go bhféadfaidh an tAire reachta a oiriúnú nó a mhodhnú ach amháin le linn éigeandála nó chun déileáil le deacrachtaí speisialta, agus gan é a dhéanamh ansin ach amháin ar shlí nach mbeidh contrártha le spiorad an reachta iomchuí.


Aisghairm.

An Togra: A fhoráil, d’fhonn deireadh a chur le hamhrais, go n-aisghairfear aon achtachán acu sin atá leagtha amach i mír 112, sa mhéid go bhfuil sé i bhfeidhm.


Nóta faoin Togra


Is é atá sna hachtacháin a luaitear i mír 112 forálacha a bhaineann le toghcháin agus atá caite, i léig, in aghaidh an bhunreachta, aisghairthe go hintuigthe nó athachtaithe i reachtaíocht ina dhiaidh sin. Baineann cuid mhór de na hachtacháin sin le dícháilíochtaí agus éagumais chun comhaltais Pharlaiminte, a bhfuil nóta ina leith ag gabháil le mír 98.


96. Molann an Comhchoiste an togra seo. D’fhéadfadh go nochtfaí a thuilleadh achtachán atá i léig, nó a bhfuil achtacháin curtha ina n-ionad, de bharr a thuilleadh scrúdaithe. Má tharlaíonn sin, ba chóir iad a aisghairm ionas go nglanfaí leabhar na reacht oiread agus is féidir den dlús mór marbh-reacht i dtaobh cúrsaí toghcháin atá faoi láthair mar ualach air.


97. Molann an Comhchoiste gur chóir a bhreithniú an ndéileálfar le cuid ar a laghad den aisghairm atá leagtha amach i mír 112 in Acht Toghcháin (Achtacháin a Aisghairm) speisialta. Dá ndéanfaí sin ní tharlódh an mhoill ba dhócha a tharlódh dá ndéanfaí an aisghairm in Acht Toghcháin ginearálta ina mbeadh forálacha eile.


IV. CÁILÍOCHTAÍ AGUS DÍCHÁILÍOCHTAÍ CHUN COMHALTAIS DE GACH TEACH DEN OIREACHTAS.

Cáilíochtaí chun comhaltais na Dála.

An Togra: D’ainneoin aon ní in aon achtachán roimhe sin, a fhoráil, i gcás gach saoránaigh a bhfuil 21 bhliain d’aois slán aige nach bhfuil dícháilithe nó curtha faoi dhícháilíocht nó faoi éagumas ag an mBunreacht ag an gCuid seo den Bhille seo nó ag an dlí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le cleachtais éillitheacha agus cleachtais neamhdhleathacha agus cionta eile i dtoghcháin, go mbeidh teideal aige go dtoghfaí é faoi réir Buan-Orduithe Dháil Éireann a chomhlíonadh, go suífeadh sé mar chomhalta den Dáil. Alt 51 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, alt 3 den Acht Toghcháin (Leasú), 1933, ailt 19 (4) (a) agus 23(6) d’Acht an Bhainc Cheannais, 1942 agus achtacháin roimh 1922 i dtaobh dícháilíocht no éagumas chun comhaltais Thithe Coitiannach na hÉireann nó na Breataine a aisghairm.


Nóta faoin Togra


Is é a bheartaítear leis an togra seo a fhoráil go sainráiteach nach mbeidh aon dícháilíochtaí ná éagumais eile ann chun comhaltais na Dála ach iad seo leanas—


(a) iad sin a fhoráiltear sa Bhunreacht, eadhon, nach bhféadfaidh an tUachtarán, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ná na Breithiúin bheith ina gcomhaltaí de Thithe an Oireachtais agus nach mbeidh duine ina chomhalta den dá Theach san am céanna;


(b) iad sin a luaitear sa chéad dá thogra eile a athachtaíonn fara leasuithe na dícháilíochtaí agus na héagumais atá in alt 51 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, agus


(c) iad sin a fhorchuireann an dlí a bhaineann le cionta toghcháin. Is é an dlí atá ann faoi láthair maidir leis seo an tAcht chun Droch-Bhearta Toghcháin a Chosc, 1923, a deir go mbeidh daoine a fuarthas ciontach, nó iarrthóirí a bhfuarthas a ngníomhairí ciontach, i gcionta toghcháin áirithe, éagumasach go ceann tréimhsí éagsúla chun bheith ina gcomhaltaí den Dáil nó den Seanad de réir mar a bheidh.


Cuirfear an togra seo agus an dá thogra ina dhiaidh seo in ionad alt 51 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, arna leasú le halt 3 den Acht Toghcháin (Leasú), 1933, agus tograítear, dá bhrí sin, na hailt sin a aisghairm. Tograítear freisin aisghairm a dhéanamh ar fhorálacha Acht an Bhainc Cheannais, 1942, a fhorchuireann dícháilíocht chun comhaltais Thithe an Oireachtais ar Ghobharnóir agus Stiúrthóirí an Bhainc Cheannais. Is é an cleachtas atá sa reachtaíocht uile le déanaí a bhaineann le leas-chomhlachtaí Stáit go bhforáiltear nach mbeidh comhalta den Dáil ná den Seanad ina chomhalta den Chomhlacht agus má thagann aon chomhalta den chomhlacht chun bheith ina chomhalta den Dáil nó den Seanad go scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den chomhlacht. Is é an prionsabal a leantar san cásanna seo gur ag an Oireachtas atá tosach éilimh ar sheirbhísí an duine nuair nach féidir bheith ina chomhalta den Oireachtas agus ina chomhalta den chomhlacht san am céanna.


Ná forálacha atá in Acht an Bhainc Cheannais agus a fhorchuireann dícháilíochtaí chun comhaltais thithe an Oireachtas airbheartaíonn siad freisin dícháilíocht den sórt céanna a fhorchur i gcás oifig an Uachtaráin. Tograítear é sin a aisghairm mar meastar go bhfuil sé in aghaidh an Bhunreachta.


Tograítear freisin na forálacha líonmhara roimh 1922 a fhorchuireann dícháilíochtaí nó éagumais chun comhaltais Theach na gCoitiannach a aisghairm. Bhí d’éifeacht ag alt 51 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, gur chuir sé na forálacha sin ar neamhbhrí, ach ba mhaith an rud aisghairm shonrach chun deireadh a chur le haon bhaol go dtarlódh iomrall tuisceana. Ar na haicmí daoine lenar bhain na hAchtanna sin bhí—sealbhóirí oifigí nó ionaid sochair faoin gCoróin (Succession to the Crown Act, 1707); Conraitheoirí don Rialtas, agus Coimisinéirí Custam agus Máil (House of Commons (Disqualifications) Act, 1801); eaglaisigh áirithe (House of Commons (Clergy Disqualification) Act, 1801); Sagairt (Roman Catholic Relief Act, 1829—alt 9); Coimisinéirí agus oifigigh Oibreacha Poiblí (Public Works (Ireland) Act, 1831); Tréatúirí agus feileoin go dtí go maitear dóibh nó go mbeidh a bpionós críochnaithe (Forfeiture Act, 1870); comhaltaí agus oifigigh de Choimisiún Talún na hÉireann (Land Law (Ireland) Act, 1881); Oifigigh Chomhairlí Contae (Local Government (Ireland) Act, 1898—alt 83). San am céanna tograítear go n-aisghairfí, mar nithe iomarcacha, na hachtacháin a deir nach bhfuil aicmí áirithe daoine dícháilithe nó éagumasach chun bheith ina gcomhaltaí Parlaiminte, e.g., Pinsinéirí Státseirbhíse (Pensioners Civil Disabilities Relief Act, 1869) agus mná (Parliament (Qualification of Women) Act, 1918).


98. Tá sé molta cheana féin ag an gComhchoiste i mír 90 nár chóir go ndéanfadh cleachtas éillitheach nó cleachtas neamhdhleathach ann féin duine a dhícháiliú chun comhaltais Dála nó Seanaid. Ba chóir an togra sin a mhodhnú dá réir sin. Faoi réir an mhéid sin, molann an Coiste é.


Cáilíochtaí chun comhaltais an tSeanaid.

An Togra: A foráil, d’fhonn duine bheith i dteideal a thofa chun Seanad Éireann, go gcaithfidh sé, i dteannta aon cháilíochtaí eile a bheidh ag teastáil bheith, ina shaoránach d’Éirinn a mbeidh 21 bhliain d’aois slán aige agus nach mbeidh dícháilithe ná curtha faoi mhíchumas nó éagumas at an mBunreacht, ag an gCuid seo den Bhille seo nó ag an dg a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le cleachtais éillitheacha agus cionta eile i dtoghcháin.


Nóta faoin Togra


Tá sé ceaptha leis an togra seo agus leis na tograí i dtaobh dícháilíochtaí agus éagumais a leanann é comhlíonadh a dhéanamh ar alt 2 d’Airteagal 18 den Bhunreacht a fhoráileann mar leanas: “Ionas go mbeadh duine inghlactha ar chomhaltas Sheanad Éireann ní foláir é a bheith inghlachta ar chomhaltas Dháil Éireann”. Is iad na “cáilíochtaí eile a bheidh ag teastáil” dá dtagraíonn an togra eolas agus cleachtadh ar ghnóthaí agus seirbhísí áirithe a bheidh ag teastáil i gcás rolla-chomhaltaí.


99. Forálann alt 2 d’Airteagal 18 den Bhunreacht—


“Ionas go mbeadh duine inghlactha ar chomhaltas Sheanad Éireann ní foláir é a bheith inghlactha ar chomhaltas Dháil Éireann.”


Faoi Airteagal 16, d’fhonn bheith i dteideal chomhaltas Dháil Éireann, ní mór do dhuine a bheith ina shaoránach a bhfuil 21 bhliain d’aois slán aige. Ní shíleann an Comhchoiste gur maith an rud na forálacha seo a chur isteach arís go sonrach i reacht mar a thograítear. Measann sé freisin gur chóir an togra a mhodhnú de réir an mholta uaidh i mír 90 nár cheart go ndícháileodh sé duine chun comhaltais Dála ná Seanaid é a bheidh ciontaithe i gcleachtas éillitheach nó i gcleachtas neamhdhleathach. Faoi réir na dtuairimí sin, molann an Coiste an togra seo.


Dícháilíochtaí chun comhaltais Thithe an Oireachtais.

An Togra: A fhoráil mar a leanas:—


(a) Duine atá faoi phianbhreith phianseirbhíse nó phríosúnachta go ceann aon tréimhse is faide ná sé mhí arna fhorchur ag cúirt dlínse inniúla sa Stát beidh sé dícháilithe chun a thofa mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, mura rud é:—


(i) go ndearnadh an phianbhreith sin a fhorchur tráth nach luaithe ná 14 lá roimh lá an toghcháin, nó


(ii) gur taisceadh achomharc i gcoinne na pianbhreithe sin agus nár cinneadh é roimh lá an toghcháin.


(b) I gcás ina gcuirfidh Cúirt dlínse inniúla sa Stát pianbhreith phianseirbhíse nó phríosúnachta go ceann aon tréimhse is faide ná sé mhí ar chomhalta de cheachtar teach den Oireachtas nó i gcás ina dtoghfar chun ceachtar Tí duine ar ar cuireadh pianbhreith amhlaidh, ansin cuirfidh an Cláraitheoir nó Cléireach na Cúirte an méid sin in iúl do Chathaoirleach an Tí a luaithe is féidir ar thréimhse 14 lá a bheith caite tar éis dáta na pianbhreithe mura ndearnadh aon achomharc laistigh den tréimhse sin, nó, i gcás ina ndearnadh achomharc amhlaidh, a luaithe is féidir tar éis an chúirt achomhairc do thabhairt a breithe má dhaingnigh an chúirt achomhairc sin an phianbhreith nó má chuir sí pianbhreith ina hionad ar tréimhse phianseirbhíse í nó breis agus sé mhí príosúnachta. Ar an tuairisc sin a fháil don Chathaoirleach beidh suíochán an chomhalta folamh, agus tuairisceoidh an Cathaoirleach dá réir sin don Teach a luaithe is féidir.


(c) Duine a bheidh á choinneáil go dleathach i bhforas meabhairghalar lá an toghcháin agus a bhí á choinneáil sa bhforas meabhair-ghalar céanna nó i bhforas meabhairghalar eile go ceann triéimhse leanúnaí nach giorra ná sé mhí beidh sé dícháilithe chun a thofa mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas.


(d) I gcás ina mbeidh comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas á choinneáil go dleathach i bhforas meabhairghalar, nó i gcás ina ndéanfar duine a bheidh á choinneáil a thoghadh go cuí ina chomhalta de cheachtar Teach acu sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo leanas:—


(i) Cuirfidh an duine a bheidh i bhfeighil an fhorais ina bhfuil an comhalta á choinneáil scéala a luaithe is féidir go dtí Cathaoirleach an Tí á rá go bhfuif sé á choinneáil amhlaidh.


(ii) Más rud é, tar éis tréimhse sé mhí a bheith caite, go mbeidh na comhalta á choinneáil fós i bhforas meabhair-ghalar, cuirfidh an duine i bhfeighil an fhorais scéala a luaite is féidir go dtí Cathaoirleach an Tí á rá go bhfuil sé á choinneáil i gcónaí. Ar an tuairisc sin a fháil don Chathaoirleach beidh suíochán an chomhalta folamh, agus tuairisceodh an Cathaoirleach dá réir sin don Teach a luaithe is féidir.


(iii) Foráil a dhéanamh maidir le pionóis i gcás ina mainneoidh an duine i gceannas forais go feasach scéala a chur go dtí Cathaoirleach an Tí mar cheanglaítear leis an togra seo.


(e) Féadfaidh duine ar bith a bheidh i bhfeighil forais meabhairghalar sonraí ar ainm agus seoladh aon duine a toghadh le fónamh i gceachtar Teach den Oireachtas a fháil ar iad a iarraidh ó Chléireach an Tí sin.


(f) A mhíniú go bhfolaíonn foras meabhair-ghalar foras meabhair-ghalar chun críche an Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945, agus Príomh-Ghealtlann Choiriúil Dhún Droma.


(g) A fhoráil go measfar duine a bheith á choinneáil i bhforas meabhair-ghalar ón am a glacadh ann é go dtí go n-urscaoilfear é nó dtabharfar go cuí deimhniú nach gá a thuilleadh é a choinneáil agus nach measfar aon duine a bheith á choinneáil amhlaidh le linn dó bheith ina othar saorálach.


(h) Duine a breithníodh bheith ina fhéimheach ag cúirt dlínse inniúla in Éirinn tráth nach luaithe ná sé mhí roimh lá an toghcháin beidh sé, murar cuireadh an t-ordú breithnithe ar neamhní nó mura bhfuair sé deimhniú comhlíonta, dícháilithe chun a thofa mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas.


(i) I gcás ina mbeidh cúirt dlínse inniúla in Éirinn tar éis comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas a bhreithniú ina fhéimheach nó i gcás ina mbeifear tar éis duine a breithníodh ina fhéimheach amhlaidh a thoghadh go cuí ina chomhalta de cheachtar Teach acu sin agus nach mbeidh an t-ordú breithnithe sin curtha ar neamhní laistigh de shé mhí ó dháta an ordaithe nó nach mbeidh an duine lena mbaineann tar éis deimhniú comhlíonta a fháil, ansin cuirfidh an Cláraitheoir i bhFéimheacht scéala go dtí Cathaoirleach an Tí a luaithe is féidir tar éis an tréimhse sin a bheith caite. Ar an tuairisc sin a fháil don Chathaoirleach beidh suíochán an chomhalta folamh, agus tuairisceoidh an Cathaoirleach dá réir sin don Teach a luaithe is féidir.


(j) Mar áis do chomhlíonadh na forála roimhe seo ag an gCláraitheoir i bhFéimheacht, déanfaidh Cléireach na Dála nó Cléireach an tSeanaid, de réir mar bheidh, ar chomhalta a bheith tofa chun fónamh sa Dáil nó sa Seanad faoi seach, ainm agus seoladh an chomhalta sin a chur in iúl láithreach don Chláraitheoir sin.


(k) Sa togra seo ciallaíonn an abairt “lá an toghcháin” maidir le toghchán iomaíochta an lá a dhéanfar an vótaíocht, nó, leis an bpost a dhéanfar vótáil, an lá deiridh le haghaidh na bpáipéar ballóide a fháil, agus maidir le toghcháin eile, an lá deiridh le haghaidh ainmniúcháin a fháil.


Nóta faoin Togra


Faoi fho-alt (2) d’alt 51 den Acht Timpeall Toghchán, 1923 tá na daoine seo a leanas dícháilithe chun a dtofa nó chun suí mar chomhaltaí Dála—


(a) duine atá faoi phianbhreith phríosúnachta le daorobair go ceann aon tréimhse is faide ná sé mhí nó faoi phianbhreith phianseirbhíse go ceann aon téarma,


(b) leathmheabhrach agus aon duine mímheabhrach,


(c) féimheach neamhurscaoilte faoi bhreithniú ag cúirt dlínse inniúla, agus


(d) duine a fuarthas ciontach i gcionta toghcháin a bhforordaítaer dícháilíocht ina leith le dlí.


Baineann an togra seo leis na chéad trí aicme dícháilíochta. Déileáltar san Acht chun Droch-Bhearta Toghcháin a Chosc, 1923, le dícháilíocht mar gheall ar chionta toghcháin.


An dícháilíocht mar gheall ar phianbhreith phríosúnachta nó phianseirbhíse ní thiocfaidh sé in éifeacht go ceann tríocha lá ó dháta na pianbhreithe i gcás duine is comhalta den Dáil, nó má dhéantar achomharc, tríocha lá ó dháta an ordaithe a dhaingneoidh an phianbhreith. Forálann fo-alt (4) d’alt 51 go scoirfidh comhalta den Dáil de bheith ina chomhalta ar theacht dó faoi aon cheann de na dícháilíochtaí a luaitear.


Faoin togra seo beidh na daoine seo a leanas dícháilithe chun iad a thoghadh mar chomhaltaí, nó chun bheith ina gcomhaltaí, de Thithe an Oireachtais:—


(a) duine atá faoi phianbhrieth phríosúnachta go ceann tréimhse is faide ná 6 mhí nó atá faoi phianbhreith phianseirbhíse.


(b) duine atá faoi choinneáil go dleathach i bhforas meabhair-ghalar, agus


(c) duine a breithníodh bheith ina fhéimheach, murar cuireadh an t-ordú breithnithe ar neamhní nó mura bhfuair sé deimhniú comhlíonta.


I ngach cás beidh tréimhse bhreise sul a dtiocfaidh na dícháilíochtaí in éifeacht, mar a leanas—


(a) Daoine i bpríosún—14 lá tar éis na pianbhreithe chun am a thabhairt le haghaidh achomhairc, nó go dtí dáta foirceannta an achomhairc, más aon dáta é,


(b) Cásanna Meabhair-ghalair—6 mhí tar éis coinneála chun am a thabhairt le haghaidh téarnamh ó bhuairt shealadach, agus


(c) Féimheacht—6 mhí tar éis breithnithe chun am a thabhairt deimhniú comhlíonta a fháil.


Má thoghtar duine dícháilithe beidh a thoghadh neamhbhailí agus féadfar é a chur ar ceal le hachainí toghcháin. Ní thograítear déileáil sa Bhille seo le hachainíocha toghcháin ach, ina ionad sin, beidh tograí eile ann ina dtaobh sin nuair a shocrófar na cáilíochtaí agus na dícháilíochtaí le haghaidh comhaltas Thithe an Oireachtais.


Má thagann comhalta de cheachtar Teach faoi dhícháilíocht tuairisceofar do Chathaoirleach an Tí na rudaí ba chúis leis an dícháilíocht agus ar é d’fháil na tuairisce sin, beidh an suíochán folamh. I gcásanna príosúnachta, is ar chláraitheoir nó ar chléireach na cúirte a bheidh sé de dhuagas an tuairisc a thabhairt don Chathaoirleach, i gcásanna meabhair-ghalair, is ar an duine i bhfeighil an fhorais ina bhfuil an comhalta a choinneáil a bheidh sé, agus i gcásanna féimheachta is ar an gCláraitheoir i bhFéimheacht a bheidh sé. Sna cásanna meabhairghalair ní mór réamh-thuairisc a chur freisin go dtí Cathaoirleach an Tí a luaithe a choinnítear an comhalta.


Má dhéantar príosúnach nó féimheach a bheidh dlite teacht faoi dhícháilíocht a thoghadh sul a dtáinig an dícháiliocht in éifeacht, ansin is bailí dá thoghadh, ach i ndeireadh na tréimhse breise, beidh sé dícháilithe chun fanúint ina chomhalta den Oireachtas, má bhíonn cúis na dícháilíochta ar marthain fós. I gcásanna den sórt sin beidh feidhm ag an nós imeachta a luaitear thuas maidir le comhalta dícáilithe d’éirí as suíochán. Má dhéantar duine a coinníodh ar feadh tréimhse i lú ná 6 mhí de dheasca easláine meabhrach, etc., a thoghadh chun ceachtar Tí bheidh sé d’oibleagáid ar an duine i bhfeighil an fhorais tuairisc a chur a luaithe is féidir go dtí Cathaoirleach an Tí. Tár éis na tréimhse 6 mhí, a fhéadfaidh rith ó thús na coinneála, cuirfear an dara tuairisc chun an Chathaoirligh má bhíonn an duine faoi choinneáil fós agus beidh an suíochán folamh ansin.


D’fhonn go mb’fhusa na forálacha sin a chomhlíonadh beidh sé de theideal ag daoine i bhfeighil foras meabhair-ghalar sonraí a fháil ar na comhaltaí a toghadh ar iad a iarraidh, agus beidh sé d’oibleagáid ar Chléirigh na Dála agus an tSeanaid na sonraí sin a chur go dtí an Cláraitheoir i bhFéimheacht.


100. Is iad seo a leanas, a go comair, na daoine a thograítear dícháiliú chun bheith ina gcomhaltaí den Dáil agus den Seanad:—


(1) daoine atá faoi phianbhreith phríosúnachta go ceann téarma is faide ná sé mhí, nó atá faoi phianbhreith phianseirbhíse;


(2) daoine atá faoi choinneáil go dleathach i bhforas meabhairghalar, agus


(3) féimhigh.


Is é an togra na dícháilíochtaí atá ann a choimeád ar marthain le modhnuithe a thabharfadh go mb’fhusa iad a oibriú. Ní shíleann an Comhchoiste go bhfuil cás maith ann chun na dícháilíochtaí sin a choimeád ar marthain. Síleann an Coiste nach foláir a mheas go bhfuil na toghthóirí stuama go leor chun ionadaithe den sórt a theastaíonn uathu a thoghadh agus glacadh le toradh a mbirt má thagann na daoine a toghadh chun bheith éagumasach ar ghníomhú le linn a dtréimhse oifige mar gheall ar phríosúnacht, mímheabhracht nó féimheacht. Tabharfar faoi deara go mbaineann an prionsabal seo le hoifig an Uachtaráin, oifig nach mbaineann aon dícháilíochtaí reachtúla leis. Síleann an Coiste, áfach, gur chóir eisceacht a dhéanamh i gcás duine a chiontaíodh i dtreas, mar mhínítear in Airteagal 39 den Bhunreacht nó i gcion faoi na hAchtanna um Rúin Oifigiúla. Ba chóir duine den sórt sin a dhícháiliú chun bheith ina chomhalta, má tá sé ina chomhalta, ach níor chóir é a dhícháiliú chun seasamh sa chorrthoghchán a bheadh ann dá dhroim sin ná in aon toghchán ina dhiaidh sin.


101. Ar dhícháilíochtaí aonraice, síleann an Comhchoiste má bhíonn duine ina chomhalta den Dáil nó den Seanad agus go ndéanfar, i dteannta na ngnáth-phionós príosúnachta agus/nó fineáil a chur air, é a dhícháiliú chun comhaltais má fhorchuirtear air pianbhreith phianseirbhíse nó phríosúnachta is faide ná sé mhí, nó aon tréimhse eile a shonrófar, go dtiocfaidh de sin gur leasc le cúirt pianbhreith níos faide ná an tréimhse shonraithe a chur air, fiú amhain má mheasann sí gur cheart pianbhreith mar sin a chur air. Mar sin, d’fhéadfadh go mbeadh d’éifeacht leis an dícháiliú mar gheall ar phianbhreith phríosúnachta go maolódh sé na pionóis in ionad bheith ina phionós breise mar a beartaíodh.


102. Tá an claonadh sa reachtaíocht le déanaí deireadh a chur leis an idirdhealú idir easláinte choirp agus easláinte mheabhrach. Comhalta ar a bhfuil galar a choisceann é ar feadh i bhfad ar a dhualgais a chomhlíonadh mar ionadaí poiblí, ní bhíonn sé dícháilithe mar gheall air. Más easláinte mheabhrach a bhíonn air, áfach, tá sé dícháilithe. Chítear don Chomhchoiste nach bhfuil aon loighic san idirdhealú sin.


103. Chuirfí deireadh leis an dícháilíocht mar gheall ar fhéimheacht dá nglacfaí leis an bprionsabal maidir le lánfhreagracht toghcháin, agus de réir an phrionsabail sin is ea a mholann an Comhchoiste deireadh a chur leis na dícháilíochtaí eile.


Dícháilíocht mar gheall ar asláithreacht.

104. Rud eile a cuireadh i láthair is ea gur chóir duine a dhícháiliú má bhíonn sé as láthair ar feadh i bhfad gan chúis mhaith ó imeachtaí na Dála nó an tSeanaid. Tá foráil den sórt sin déanta i gcás údarás áitiúil le hAirteagal 12 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898. Measann an Comhchoiste nár chóir foráil den sórt sin a chur i bhfeidhm i gcás Tithe an Oireachtais. Is iomadúla na dualgais nach mbaineann le bheith i láthair ag díospóireachtaí nó cruinnithe foirmiúla a bhíonn ar chomhalta Oireachtais ná mar bhíonn ar chomhaltaí údaráis áitiúla. Ina theannta sin, ba ró-fhurasta teacht timpeall ar an bhforáil. Ar deireadh thiar, mura gcomhlíonann comhalta a dhualgais chun sástachta na ndaoine a thug a gcuid vótaí dó tá an leigheas ag na daoine féin.


Éagumais chun comhaltais Thithe an Oireachtais.

An Togra: (1) A fhoráil nach bhféadfar duine a thoghadh ina chomhalta ná nach bhféadfaidh sé bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, ar duine díobh seo a leanas é


(a) comhalta lánaimsire d’Óglaigh na hÉireann;


(b) comhalta den Gharda Síochána;


(c) státseirbhíseach;


(d) breitheamh dúiche;


(e) comhalta tuata de Choimisiún Talún na hÉireann; nó


(f) “Oifigeach de Thithe an Oireachtais” mar mhínítear in Acht Rialaithe na Stát-Sheirbhíse, 1956, arna leasú leis an Acht um Fhoireann Thithe an Oireachtais, 1959.


Comhalta lán-aimsire d’Óglaigh na hÉireann a mhíniú mar a leanas:—


(i) comhalta de na Buan-Óglaigh, nó


(ii) comhalta de na hÓglaigh Cúltaca a bheidh fostaithe go leanúnach ar seirbhís mhíleata nó ar dualgas le linn tréimhse a bhfuil forógra i bhfeidhm á údarú na cúltacairí ar buanseirbhís a ghairm amach, nó le linn tréimhse a ghairfear cúltacairí amach ar buanseirbhís faoi alt 88 den Acht Cosanta, 1954,


(iii) cúltacaire a gairmeadh amach ar buan-seirbhís.


Státseirbhíseach a mhíniú mar dhuine is státseirbhíseach chun críocha Acht Rialaithe na Stát-Sheirbhíse, 1956, arna leasú.


(2) A fhoráil, i gcás comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas d’éirí éagumasach, cibé acu de bhua an ailt seo nó de dhroim a cheaptha mar bhreitheamh nó mar Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach, measfar gur éirigh sé as a shuíochán agus cuirfidh sé é sin iúl do Chathaoirleach an Tí a luaithe is féidir, agus cuirfidh an Cathaoirleach in iúl don Teach é a luaithe is féidir. A fhoráil freisin, i gcás inar tháinig comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas chun bheith ina chomhalta de na hÓglaigh Cúltaca (nach comhalta lánaimsire de na Fórsaí Cosanta) measfar gur éirigh sé as a shuíochán agus cuirfidh sé é sin iúl do Chathaoirleach an Tí a luaithe is féidir agus tuairisceoidh an Cathaoirleach é sin don Teach a luaithe is féidir.


(3) Foráil a dhéanamh le haghaidh pionóis mar gheall ar mhainneachtain tuairisc a thabhairt don Chathaoirleach faoi fhorálacha an togra seo.


Nóta faoin Togra


Togra é seo le haghaidh athachtú fo-alt (3) agus (4) d’alt 51 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, arna leasú sna slite seo a leanas:—


(1) Beidh feidhm ag an bhforáil nua maidir leis an Seanad agus leis an Dáil.


(2) Míneoidh an fhoráil nua go soiléir na haicmí de Chomhaltaí Óglaigh na hÉireann nach féidir leo bheith ina gcomhaltaí de Thithe an Oireachtais, mar gheall ar sheirbhís lánaimsire; ní deir an fhoráil atá ann ach “ball ar lántuarastal d’fhórsa cosanta (na hÉireann).”


(3) Ar na nGarda Síochána amháin a bheidh am t-éagumas a bhaineann le póilíní chun bheith ina gcomhaltaí den Oireachtas; faoi láthair baineann sé le “ball ar lántuarastal d’aon fhórsa póilíneachta (in Éirinn)”—a fholaíonn comhlachtaí eile ar nós póilíní cuain


(4) Faoi láthair ní féidir duine a thoghadh ná ní féidir leis suí mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas “más duine i Státseirbhís na hÉireann go sealadach nó go seasmhach é mura dtugann téarmaí a fhostaíochta cead speisialta dhó chun bheith ina bhall de Dháil Éireann”. Tograítear a fhoráil freisin nach bhféadfar státseirbhíseach a thoghadh ná nach féidir leis suí agus “státseirbhíseach” a mhíniú mar dhuine is státseirbhíseach chun críocha Acht Rialaithe na Stát-Sheirbhíse, 1956, arna leasú leis an Acht um Fhoirinn Thithe an Oireachtais, 1959, Tugann Acht 1956 míniú ar “státseirbhíseach” agus forálann sé freisin má tharlaíonn aon cheist i dtaobh cé acuatá nó a bhí aon duine ina státseirbhíseach, chun críocha an Achta seo, gurb é an tAire Airgeadais a chinnfidh an cheist agus gur cinneadh críochnaitheach a chinneadh. Ní bhaineann an tAcht seo leis na Coimisinéirí Talún tuatacha, ná le sibhialtaigh atá fostaithe faoi alt 30 den Acht Cosanta, 1954, ag an Aire Cosanta leis na fórsaí cosanta, nó i monarcha atá curtha suas aige. Áireofar Coimisinéirí Talún tuata ar na daoine a ndéarfar nach féidir iad a thoghadh ná nach féidir leo suí mar chomhaltaí de Thithe an Oireachtais. Fágfar ar lár an fhoráil maidir le cás ina gceadófaí go sainráiteach go mbeadh státseirbhíseach ina chomhalta den Dáil. Ní maith an rud go dtabharfaí an cead sin ná go gcuirfí aon fhoráil sa Bhille a chuirfeadh in iúl go gceadófar do dhaoine a bheidh ar fónamh mar státseirbhísigh bheith ina gcomhaltaí de Thithe an Oireachtais.


(5) Aireofar breithiúin dúiche ar na daoine nach féidir leo bheith ina gcomhaltaí de Thithe an Oireachais. Foráileadh le halt 1 den Acht um Ghiúistísí Dúiche (Forálacha Sealadacha), 1923, nach bhféadfar duine ar bith, le linn dó bheith i seilbh oifige mar bhreitheamh dúiche, a thoghadh ina chomhalta ná bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas. Níl an t-achtachán sin i bhfeidhm a thuilleadh, ach áirítear breithiúin dúiche de ghnáth mar bhreithiúin chun críche Airteagail 35.3 den Bhunreacht a fhoráileann nach cead aon bhreitheamh a bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas. B’inmholta an rud foráil shainráiteach a dhéanamh sa chéill sin le reacht.


(D’fhéadfadh nach mbeadh gá leis an bhforáil sin má thagann Bille na gCúirteanna (Bunú agus Comhdhéanamh) chun bheith ina dhlí.)


(6) Foráileann alt 51(4) go scoirfidh comhalta den Dáil de bheith ina chomhalta a mhlaidh má thagann sé faoi aon cheann de na dícháilíochtaí a luaitear san alt sin. Tá foráil á dhéanamh sa togra roimhe seo go mbeidh comhalta a thiocfaidh faoi dhícháilíocht phearsanta curtha as a shuí ochán leis sin. Sa togra seo tograítear a fhoráil go ndéanfaidh comhalta de cheachtar Teach a ghlacfaidh le post éagumais é sin a chur in iúl do Chathaoirleach an Tí lena mbaineann sé agus go measfar é d’éirí as an Teach. I dteannta na n-éagumas atá leagtha amach sa togra seo, ní cead do bhreithimh ná don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas de réir Airteagal 35.3 agus 33.3 faoi seach, den Bhunreacht agus tograítear go mbeadh feidhm ag an nós imeachta céanna i gcás comhaltaí a cheapadh chun na n-oifigí sin. Mura gcuirfidh comhalta faoi éagumas in iúl do Chathaoirleach an Tí i dtaobh a éagumais, tograítear go gcuirfí pionós i bhfeidhm mar thograítear i gcás a shamhail d’fhaillí ag duine i bhfeighil forais.


(7) Faoi ailt 48 agus 74 den Acht Cosanta, 1954, scoirfidh duine de na hÓglaigh Cúltaca a thiocfaidh chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachats de bheith ina chomhalta den Chúltaca. Déantar foráil sa togra seo le haghaidh a chontrárthacht sin, eadhon, go scoirfidh duine de cheachtar Teach den Oireachtas a théann sa Chúltaca de bheith ina chomhalta de cheachtar Teach. Is é an intinn atá leis sin duine a bhac ó bheith ina chomhalta den Chúltaca agus de Theach den Oireachtas san am céanna ach ligean dó rogha a dhéanamh eatarthu.


Gníomhaíochtaí polaitíochta státseirbhíseach.

105. I dteannta forálacha alt 51 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, tá baint le hábhar an togra seo ag na sleachta seo a leanas as ciorcláin d’eisigh an Roinn Airgeadais.


“Duine ar bith i státseirbhís an Stáit a bheidh ag lorg … suíocháin san Oireachtas … déanfaidh sé, a thúisce a thiocfaidh ar intinn dó bheith ina iarrthóir, é sin a chur in iúl láithreach do Cheann na Roinne, agus éireoidh sé as a oifig a luaithe a eiseoidh sé a aitheasc chun na dtoghthóirí, nó a luaithe a ghlacfaidh sé le hainmniú, nó a fhógróidh sé é féin nó a chuirfidh sé faoi deara go bhfógrófar é, in aon slí eile, mar iarrthóir le haghaidh toghcháin.” (Ciorclán Uimh. 23/25 de 3 Iúil, 1925).


“Is eol don Aire gurb é dearcadh na Státseirbhíse féin nach bhfuil aon ní le cur ar shon an oifigigh a ghlacann páirt ghníomhach nó páirt phoiblí i gcúrsaí polaitíochta, agus go ndéanann a leithéid sin dochar don Seirbhís i gcoitinne. Ba chóir go dtuigfeadh gach Státseirbhíseach gur cheart dó, mar gheall ar chineál agus coinníollacha a fhostaíochta, seachantacht áirithe a chleachtadh i gcúrsaí polaitíochta, agus gan é féin a chur chun tosaigh ar thaobh ná ar thaobh eile, agus bheith cúramach nach ndéanfaidh sé aon rud a thabharfadh le tuiscint in aon slí go raibh tionchar ar bith ag aidhmeanna páirtí, ná go bhféadfadh tionchar a bheith acu, ar a ghníomhartha oifigiúla…. Aon Státseirbhíseach nach gcloífidh leis an neamhchlaoine oifigiúil sin beidh sé le smachtú.” (Ciorclán Uimh. 21/32, 3 Meitheamh, 1932).


106. Aontaíonn an Comhchoiste leis an tuairim atá i gciorclán an 3 Meitheamh, 1932, nár chóir do státseirbhíseach aon rud a dhéanamh a thabharfaidh le rá go raibh tionchar, nó go bhféadfadh tionchar a bheith, ag cúiseanna páirtí ar a bhearta oifigiúla. Tá tábhacht an-mhór leis sin i gcás státseirbhíseach a mbíonn baint acu le polasaí a cheapadh nó a bhíonn fostaithe in aon phost cléireachais nó maoirseachta agus níor mhaith an rud ligean do na daoine sin seasamh i dtoghchán.


107. Níl baint chomh dlúth sin ag na cúrsaí céanna le daoine i ngrádanna eile den státseirbhís. Maidir leis sin cuireadh uiríolla faoi bhráid an Chomhchoiste ag tagairt don tsaoirse atá ag gráid áirithe státseirbhíseach sa Ríocht Aontaithe chun gabháil do chúrsaí polaitíochta. Rinne an Coiste breithniú freisin ar alt 9 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1958, faoinar féidir oifigeach nó seirbhíseach do Bhord Soláthair an Leictreachais a thiocfaidh chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas a thabhairt ar iasacht óna fhostaíocht leis an mBord go ceann tréimhse a chomhaltais. Tá claonadh sa reachtaíocht is déanaí saoirse den tsamhail chéanna a thabhairt d’fhostaithe chomhlachtaí Stáit eile. Gabhann an claonadh seo leis an bprionsabal a mholtar sa nóta atá leis an gcéad togra i gCuid IV den Tuarascáil seo gur chóir gur ag an bparlaimint a bheadh tosach éilimh ar sheirbhísí duine. Aontaíonn an Coiste go hiomlán leis an bprionsabal seo. Is rí-thábhachtach an rud go mbeadh réim rogha chomh fairsing agus is féidir ag an bparlaimint lena comhaltaí a tharraingt as agus níor cheart duine ar bith a bhac óna chur féin ar aghaidh mar iarrthóir gan cúiseanna rí-mhóra rí-dhearfa polasaí poiblí a bheith leis. Tar éis don Choiste breithniú an-chúramach a dhéanamh ar an gceist, measann siad nach bhfuil na cúiseanna sin ann i gcás daoine atá fostaithe sna grádanna lámh-oibre sa Roinn Poist agus Teileagrafa agus i ngrádanna comhréire i Ranna eile, agus go bhfuil an toirmeasc atá ann ina chúis le míréireachtaí nach bhfuil cosaint orthu amhail idir oibrithe i mBord Soláthair an Leictreachais agus i mBoird nó údaráis eile a fhaigheann a gcuid airgid go léir, nó cuid mhór de, ón Stát agus ar féidir lena gcuid oibrithe seasamh le haghaidh toghcháin gan phionós fad is nach féidir leo sin sa Roinnt Poist agus Teilegrafa, abair, seasamh gan a bpostanna a chailliúint. Molann an Coiste, dá réir sin, gur chóir ceadú do státseirbhísigh i ngrádanna lámh-oibre sa Roinn Poist agus Teilegrafa agus i ngrádanna comhréire i Ranna eile seasamh le haghaidh toghcháin don Dáil nó don Seanad ar na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu i gcás fostaí le Bord Soláthair an Leictreachais.


Dícháilíocht mar gheall ar bheith ina chomhalta d’Óglaigh na hÉireann.

108. Faoi ailt 48 agus 74 den Acht Cosanta, 1954, ní foláir do Chomhalta de na hÓglaigh Cúltaca scor de bheith ina chomhalta den Chúltaca ar é theacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas.


Má bhíonn duine ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas caithfidh sé teacht i láthair i mBaile Átha Cliath, agus d’fhéadfadh sin bheith ag teacht in aghaidh a chomhaltais sna hÓglaigh Cúltaca mar b’fhéidir go mba ghá dó dá réir sin bheith i láthair ina mhalairt d’áit. Gabhann sé le réasún nach minic a tharlódh go mbeadh an dá am ag teacht in aghaidh a chéile mar sin agus ní hé leas an Stáit a ionad sna hÓglaigh Cúltaca a bhaint de dhuine toisc é theacht chun bheith ina chomhalta den Dáil nó den Seanad. Measann an Comhchoiste a chontrárthacht a bheith fíor freisin—nár chóir comhalta den Dáil nó den Seanad a théann sa Chúltaca nó is comhalta den Chúltaca do scor mar gheall air sin de bheith ina chomhalta den Dáil nó den Seanad.


109. Má ghairtear cúltacairí amach ar buanseirbhís, áfach, bheadh an dá dhualgas ag teacht go lomdíreach in aghaidh a chéile. I gcás den sórt sin measann an Comhchoiste gur chóir go mbeadh sé de rogha ag cúltacaire is comhalta de cheachtar Teach saoire a bheith aige ó Óglaigh na hÉireann fad a leanfaidh sé de bheith ina chomhalta den Teach. Mura mbainfidh sé feidhm as an tsaoire seo ba cheart deireadh a chur lena chomhaltas den Teach. Tá a fhios ag an gCoiste go ndealraíonn go bhféadfaí tuiscint as an moladh seo nach gá do chúltacaire dul amach nuair is mó a bhíonn gá leis, is é sin, nuair a ghairtear amach ar buanseirbhísé. Measann an Coiste, áfach, go bhfuil an prionsabal gur an bparlaimint atá tosach éilimh ar sheirbhís duine ina leor-thaca leis an gceart a bheith acu sa togra seo. Molann sé forálacha an togra seo maidir le hÓglaigh na hÉireann faoi réir na modhnuithe seo.


Dualgas a bheith ar dhuine ceapachán éagumais a thuairisciú.

110. I gcás ina n-éireoidh comhalta de cheachtar Teach éagumasach mar gheall ar é a cheapadh chun poist lena ngabhann éagumas chun comhaltais, tograítear é a chur d’oibleagáid air a éagumas a thuairisciú do Chathaoirleach an Tí agus tograítear pionóis a fhoráil mura ndéanfaidh sé amhlaidh. Molann an Comhchoiste go gcuirfí an oibleagáid ina ionad sin ar an údarás a cheapann chun an phoist é agus nár chóir aon fhoráil a dhéanamh i dtaobh pionós mar gheall ar gan éagumas a thuairisciú.


111. Faoi réir na bhforcoimeád sna míreanna roimhe seo molann an Comhchoiste na tograí sin.


V. ACHTACHÁIN LE hAISGHAIRM.

Achtacháin le hAisgairm.

112. Leagann an mhír seo amach na hachtacháin a dtograítear i míreanna 96 agus 98 iad a aisghairm. Iad sin a bhaineann le bheith i dteideal comhaltais Pharlaiminte tá siad marcáilte le réilthín. Nuair a thagraítear sna nótaí ar na forálacha sin do dhuine a bheith “neamhintofa” ciallaíonn sé go bhfuil toirmiscthe air é a thoghadh mar chomhalta nó suí mar chomhalta, nó go bhfuil sé éagumasach nó dícháilithe chun a thofa mar chomhalta nó chun suí mar chomhalta de Theach na gCoitiannach. Faoi alt 5 den Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922, d’fhéadfaí tagairtí do Theach na gCoitiannach a fhorléiriú mar thagairtí don Dáil.


I gcás Achtanna ar achtanna toghcháina iad go príomha tagraítear an tAcht iomlán a aisghairm cibé áit is féidir.


CUID I.—REACHTANNA BRIOTANACHA (ROIMH AN AONTACHT).

1275—3 Edw. 1. c. 5.


Gan fear ar bith do bhac fir eile ó shaor-thoghchán a chomóradh.


1313—7 Edw. 2. c. 1.


Gan fir do theacht faoi airm chun na Parlaiminte.


1382—5 Rich. 2. st. 2 c. 4.


Sirriam nach gcuirfidh toradh riteanna chun na Parlaiminte a phionósú “in the manner as was accustomed to be done in times past.”


*1693—5. W. & M. c. 7.


Ní bheidh baint ag aon Chomhalta den Teach le hioncam Stáit a bhailiú, ach amháin na coimisinéirí státchiste, custam, mál agus cánach talún.


1695-6—7 & 8 Will. 3. c. 7.


Acht á thoirmeasc toghadh falsa agus toghadh dúbailte a dhéanamh ar chomhaltaí le fónamh i bParlaimint.


1695-6—7 & 8 Will. 3. c. 25.


(Nóta.—Tá an nós imeachta a rialaíonn seachadadh riteanna i 53 Geo. 3. c. 89.)


A. 1.—Teorainn ama daichead lá le haghaidh rit a chur ar ais. Riteanna a eisiúint ar luas agus iad a sheachadadh don oifigeach cuí.


A. 2.—Gan an sirriam, etc., do ghlacadh táille i leith rit a sheachadadh, a admháil, a chur ar ais nó a chomhlíonadh.


A. 5.—An sirriam do sheachadadh cóip den vótaíocht do dhuine ar bith a bheidh á lorg.


*A. 7.—Ní bheidh cead vótála ag daoine faoi 21 agus beidh siad neamhintofa. (Alt 1, An tAcht Toghcháin, 1941, agus alt 51, An tAcht Timpeall Toghchán, 1923.)


1700-1—12 & 13 Will. 3. c. 2.


Gan a bheith ar chumas éinne a rugadh lasmuigh de Shasana, d’Albain nó d’Éirinn nó de na Tiarnais, cé gur saoránach é (ach amháin duine ar Sasanaigh a thuismitheoirí) a bheith ina chomhalta de cheachtar Teach Parlaiminte.


*1700-1—12 & 13 Will. 3. c. 10.


A. 87 agus 88.—Coimisinéir custam nó léasaitheoir custam a bheith neamhintofa.


*1706-7—6 Anne c. 41. (Succession to the Crown Act.)


A. 24.—Aon sealbhóir ar “oifig nua” a rinneadh tar éis 25 Deireadh Fómhair, 1705, agus sealbhóirí oifige sonraithe áirithe beidh siad neamhintofa.


A. 25.—Caithfidh comhalta Tí a ghlacfaidh aon oifig bhrabúis faoin gCoróin éirí as ach féadfar é a atoghadh.


A. 27.—Ní bhaineann an tAcht le Coimisiúin Airm nó Cabhlaigh.


A. 28.—Beidh pionós £500 iníoctha ag aon duine a dhícháileofar leis an Acht ar agra aon duine a dhéanfaidh agra ina leith.


A. 29.—Daoine atá neamhintofa do Pharlaimint Shasana tá siad neamhintofa d’aon Pharlaimint sa Bhreatain Mhóir.


1715—1 Geo. 1 st. 2. c. 38.


Parlaimintí do leanúint go ceann seacht mblian, mura lánscoirtear iad roimhe sin. (Airteagal 16.5 den Bhunreacht agus alt 7 den Acht Timpeall Toghchán (Leasú), 1927.)


*1715—1 Geo. 1. st. 2. c. 56. (Crown Pensioners Disqualification Act.)


Tá pinsinéirí corónach neamhintofa.


*1741-2—15 Geo. 2. c. 13. (Bank of England Act.)


A. 8.—Níl Gobharnóirí, etc., Bhanc Shasana neamhintofa.


*1741-2—15 Geo. 2. c. 22. (House of Commons Disqualification Act.)


Tá na Coimisinéirí Ioncaim in Éirinn agus Státseirbhísigh áirithe neamhintofa. Beidh a dtoghadh sin ar neamhní agus tá foráil ann le haghaidh pionóis, is iníoctha le faisnéisí.


*1781-2—22 Geo. 3. c. 45. (House of Commons (Contractors’ Disqualification) Act.)


Tá conraitheoirí poiblí, le heisceachtaí áirithe, neamhintofa.


*1781-2—22 Geo. 3. c. 45. (Civil List and Secret Service Money Act.)


A. 2.—Má athdhéantar oifigí cosúil le hoifigí áirithe a cuireadh ar ceal lena n-áirítear “príomh-oifigigh Bhord na nOibreacha” measfar gur “oifigí nua” iad.


1784—24 Geo. 3. sess. 2, c. 26. (Recess Elections Act.)


A. 2-4.—Féadfaidh an Ceann Comhairle barántas a eisiúint le haghaidh rit do chorrthoghchán le linn sosa i gcás báis chomhalta nó i gcás tiarna a dhéanamh de.


A. 5-8.—Féadfaidh an Ceann Comhairle a údarú do líon comhaltaí ó thriúr go seachtar gníomhú san ábhar seo má bhíonn sé as láthair.


A. 9.—Foilsitheoir an Gazette do thabhairt admhála ar fhógraí. (Dealraíonn sé gur cuireadh A. 54 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, ina ionad seo.)


CUID II.—REACHTA EIREANNACHA (ROIMH AN AONTACHT).

1790—30 Geo. 3. c. 20.


A. 10.—Gan léasaithe, etc., talún faoin Royal Canal Company do vótáil i dtoghcháin.


*1793—33 Geo. 3. c. 34.


A. 21.—Tá an t-ailtire a mhaoirseoidh foirgnimh phoiblí neamhintofa.


*1793—33 Geo. 3. c. 41.


A. 1.—Tá na daoine seo a leanas neamhintofa:


(a) iad sin a cheapfar chun “oifige nua” brabúis faoin gCoróin a rinneadh tar éis an Achta;


(b) iad sin ag a mbeidh pinsean le blianta nó fad agus is toil é;


(c) iad sin a bhfuil pinsean den sórt sin ag a gcuid banchéile;


(d) státseirbhísigh éagsúla ainmnithe, agus cosaint i gcás daoine eile.


A. 2.—Oifigí a athnuafar tar éis iad a bheith ar ceal le 5 bhliain nó a gcuirfear £100 sa bhliain de bhreis leis an tuarastal measfar gur “oifigí nua” iad.


A. 8.—Ní bhaineann an tAcht le comhaltaí ar oifigigh iad san Arm, sa Mhílíste nó sa Chabhlach, nó le haon duine ag a bhfuil nó a ghlacfaidh oifig go ceann saoil nó fad is deaiompair é.


A. 9.—Beidh toghadh daoine neamhintofa ar neamhní agus, má bhíonn na daoine sin ag gníomhú, féadfar pionóis a agairt orthu.


*1795—35 Geo. 3. c. 28.


A. 6.—Níl an Príomh-Ghlacadóir dleachtanna neamhintofa.


1795—35 Geo. 3. c. 29.


A. 2.—Ionad toghcháin forordaithe (ionad chúirt an tseisiúin de ghnáth).


A. 22.—Féadfaidh an ceann comhairimh abhcóide a fhostú agus féadfaidh iarrthóirí cibé méid is cuí leo a íoc i leith táille.


A. 25.—Gan aon duine faoi bhun 21 bhliain do vótáil (foráil lena aghaidh san Acht Toghcháin, 1941).


A. 26.—Gan aon duine do vótáil a bhfuil a ruílsí ligthe nó forléasaithe chun daoine óna dteachtann siad, más faoi bhun £20, nó má bhíonn siad ligthe chun aon duine eile go ceann an téarma ar ina aghaidh a theachtann sé (i léig).


A. 28.—Gan aon duine do vótáil de bhua ruílsí ar malairt, etc., nó i gcomaoin ar mhéadú cíosa (i léig).


*1797—37 Geo. 3. c. 47.


A. 20.—Toghadh mionúir a bheith gan bhrí.


*1798—38 Geo. 3. c. 36.


Aon chomhalta a ghlacann oifig ó ghobharnóir na ríochta nó faoi réir a cheadaithe beidh a shuíochán folamh ach beidh sé i dteideal a atofa (leasaíonn sé 33 Geo. 3. c. 41).


1800—40 Geo. 3. c. 29.


A. 2.—Dáilcheantair.


A. 3.—Gan aon toghcháin a chomóradh le haghaidh limistéar eile.


A. 7.—Riteanna (caite) le haghaidh parlaimint nua na Ríochtá Aontaithe.


CUID III.—REACHTA BRIOTANACHA (R.A.).

1800—39 & 40 Geo. 3. c. 67. (Acht na hAontachta.)


Airteagal a Ceathair.—Uaisle agus coitiannaigh Éireannacha do shuí i bParlaimint Shasana.


1801—41 Geo. 3. (U.K.) c. 52. (House of Commons (Disqualification) Act.)


A. 2.—Daoine atá neamhintofa do Theach Coitiannach na hÉireann tá siad neamhintofa do Theach Coitiannach na Ríochta Aontaithe.


A. 3.—Daoine atá neamhintofa de réir dlí na Breataine níl siad tríd sin i dteideal suí d’Éirinn.


A. 4.—Tá siad seo a leanas (in Éirinn) neamhintofa—


(a) Coimisinéirí custam, máil, stampaí, etc.


(b) Gníomhairí airm.


(c) Conraitheoirí don Rialtas (ach amháin comhaltaí de chomhlachtaí trádála láithreacha).


(d) Fir ionaid agus cléirigh in oifigí áirithe Rialtais.


A. 5.—Daoine atá i seilbh oifigí nua faoin bhFear Ionaid a bheith neamhintofa.


A. 6.—Beidh toghadh na ndaoine sin ar neamhní— pionóis.


A. 8.—Ní bheidh feidhm ag an Acht i gcás oifigí a shealbhófar go ceann saoil nó fad is bheifear dea-iompair.


A. 9.—Comhalta a ghlacfaidh aon oifig Chorónach in Éirinn ní foláir dó éirí as a shuíochán, ach féadfar é a atoghadh mura mbeidh sé neamhintofa.


*1801—41 Geo. 3. (U.K.) c. 63. (House of Commons (Clergy Disqualification) Act.)


Tá pearsain eaglaise neamhintofa. (Dealraíonn sé sin a bheith in aghaidh an Bhunreachta—vide Airt. 44.2.3°.)


*1802—42 Geo. 3. c. 116. (Land Tax Reduction Act.)


A. 185.—Gan Coimisinéirí faoin Acht d’éirí as suíochán i bParlaimint.


*1808—48 Geo. 3. c. 140. (Dublin Police Magistrates Act.)


A. 14.—Tá giúistísí, glacadóir agus póilíní cheannchathartha Bhaile Átha Cliath neamhintofa.


A. 15.—Ní cead d’aon duine a cheapfar faoin Acht vótáil (ná canbhasáil) agus é i seilbh oifige, ná go ceann 6 mhí ina dhiaidh sin, i dtoghadh Chomhaltaí Parlaiminte do chathair nó contae Bhaile Átha Cliath. Pionós £100, a leath sin a bheith iníoctha leis an bhfaisnéisí (ní dócha go bhfuil feidhm leis anois).


1810—50 Geo. 3. c. 33.


A. 3.—Gan deontaithe ná léasaithe a bheith cáilithe chun vótáil de bhua deonú nó léasa faoin Acht.


*1812—52 Geo. 3. c. 144. (Members of Parliament (Bankruptcy) Act.)


A. 1.—Comhaltaí féimheacha a fhionraí.


(Forálann Alt 51 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, go mbeidh deireadh lena gcomhaltas.)


A. 2-3.—Comhaltaí féimheacha d’éirí as a suíocháin agus rit a eisiúint le haghaidh corrthoghcháin.


*1813—54. Geo. 3. c. 16. (House of Commons (Disqualification) Act.)


41 Geo. 3. (U.K.) c. 52 a léiriú.


1816—56 Geo. 3. c. 98. (Consolidated Fund Act.)


A. 16.—Níl na Coimisinéirí Státchiste neamhintofa.


1817—57 Geo. 3. c. 62. (Public Offices (Ireland) Act.)


Leasaíonn sé 41 G. 3. (U.K.) c. 52.


1820—60 Geo. 3 and 1 Geo. 4. c. 11. (Parliamentary Elections (Ireland) Act.)


(Nóta—Ní bhaineann an tAcht seo ach le contaetha.)


A. 5.—An sirriam d’fhormhuiniú an dáta a fuarthas an rit le haghaidh toghcháin chontae.


A. 22.—Féadfaidh an ceann comhairimh constáblaí, etc., a ghairm chun bheith i láthair in ionaid vótaíochta agus féadfaidh sé constáblaí speisialta a cheapadh.


A. 24.—Leas-Cheann Comhairimh do ghníomhú i gcás báis nó breoiteachta chinn comhairimh nó leas-chinn chomhairimh. (Foráil ina leith in Alt 7 den Acht Toghcháin (Leasú), 1946).


A. 25.—Pionós a chur ar oifigigh ceannais a bheidh ag gníomhú go héillitheach nó go claon.


A. 26.—An Ceann Comhairimh d’íoc na gcostas toghcháin sa chéad ásc. (B’ionann agus aisghairm air seo a rinneadh le halt 29 den Representation of the People Act, 1918.)


*1821—1 & 2 Geo. 4. c. 44. (House of Commons Disqualification Act, 1821.)


A. 2.—Toghadh daoine ag a mbeidh oifigí breithiúnais áirithe a bheith ar neamhní.


*1821—1 & 2 Geo. 4. c. 58. (Parliamentary Elections (Ireland) Act.)


A. 3.—Daoine atá ciontach i mbreabadh cinn chomhairimh, etc., tá siad neamhintofa.


*1823—4 Geo. 4. c. 7.


A. 2.—Gan seansailéir státchiste Shasana d’éirí as a suíochán má thagann sé chun bheith ina sheansailéir ar státchiste na hÉireann.


1823—4 Geo. 4. c. 55. (Parliamentary Elections (Ireland) Act.)


(Nóta.—Ní bhaineann an tAcht seo ach le bailte móra agus cathracha).


A. 33.—Sirriaim nó cinn chomhairimh eile d’fhormhuiniú ar rit an dáta a fuarthas é.


A. 63.—Leas-Chinn Chomhairimh, cléirigh, constáblaí, etc., a fhanfaidh as láthair ó thoghcháin, forghéillfidh siad cúiteamh i leith teacht i láthair agus féadfaidh an ceann comhairimh iad a bhriseadh agus daoine a chur ina n-ionad.


A. 66.—Féadfaidh ceann comhairimh constáblaí, báillí, etc., a ghairm chun teacht i láthair go dtí ionaid vótaíochta agus féadfaidh sé constáblaí speisialta a cheapadh (cf. A. 22 d’Acht 1820).


A. 67.—Leas-cheann comhairimh do ghníomhú i gcás báis nó breoiteachta chinn chomhairimh nó leas-chinn chomhairimh (Cf. A. 24 d’Acht 1820). (Foráil lena aghaidh san Acht Toghcháin (Leasú), 1946.)


A. 73.—Gan aon táillí ná luach saothair a thabhairt don cheann comhairimh.


A. 74.—Beidh toghadh daoine faoi bhun 21 bhliain ar neamhní. (Alt 51, An tAcht Timpeall Toghchán, 1923).


A. 75.—Ceann comhairimh a ghníomhóidh go héillitheach nó go claon a phionósú. (Forálann A. 63 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, go ngearrfaidh an chúirt pionóis i gcásanna den sórt sin).


A. 86.—Costais faoi thrí a dhámhachtain má bhíonn an cás dí-agartha.


A. 87.—Beart a thosú laistigh de bhliain tar éis an chiona. (Tá an fhoráil seo in Alt 52 den Acht Chun Droch-Bhearta Toghcháin a Chosc, 1923).


(Is ionann aisghairm na n-alt sin agus aisghairm an Achta go léir).


*1827—7 & 8 Geo. 4. c. 53. (Excise Management Act.)


A. 8.—Gan comhalta ar bith a bheith ina choimisinéir ná ina oifigeach máil.


*1827—7 & 8 Geo. 4. c. 65.


A. 5.—Gan comhaltas de chomhairle na hAimiréalachta a bheith ina oifig nua ná ina phost brabúis.


*1829—10 Geo. 4. c. 7. (Roman Catholic Relief Act.)


A. 2.—Féadfaidh Caitlicigh suí agus vótáil i bParlaimint.


A. 5.—Féadfaidh Caitlicigh vótáil i dtoghcháin Pharlaiminte.


A. 9.—Tá sagairt neamhintofa. (Dealraíonn sé sin a bheith in aghaidh an Bhunreachta—féach Airt. 44. 2.3°.)


*1831—1 & 2 Will. 4. c. 33. (Public Works (Ireland) Act.)


A. 11.—Tá Coimisinéir nó oifigeach Oibreacha Poiblí in Éirinn neamhintofa.


*1832—2 & 3 Will. 4. c. 21. (The Admiralty Act, 1832.)


A. 1 (Foráil)—Gan na coimisinéirí Aimiréalachta a bheith dícháilithe agus gan níos mó ná cúigear coimisinéirí do shuí i dTigh na gCoitiannach d’aon tráth.


1832—2 & 3 Will. 4. c. 69. (The Corporate Property (Elections) Act, 1832.)


Forálann sé nach mbeidh sé dleathach do bhardais úsáid a bhaint as maoin bhardasach le haghaidh costais toghchán parlaiminte.


*1832—2 & 3 Will. 4. c. 87. (Registry of Deeds (Ireland) Act.)


A. 36—Tá Cláraitheoir na nDintiúirí in Éirinn neamhintofa.


1832—2 & 3 Will. 4. c. 88. (Representation of the People (Ireland) Act.)


A. 11-12.—Na dáilcheantair agus an méid comhalta a bheidh le toghadh.


1832—2 & 3 Will. 4. c. 89. (Parliamentary Boundaries (Ireland) Act.)


Déanann sé foráil i dtaobh teorainneacha na ndáilcheantar, codanna scoite de pharóistí, etc.


*1835—5 & 6 Will. 4. c. 35. (Paymaster General Act.)


A. 5.—Gan oifig an Phá-Mháistir Ghinearálta a mheas a bheith ina “oifig nua”.


1850—13 & 14 Vic. c. 68. (Parliamentary Elections (Ireland) Act.)


A. 5.—Cathracha áirithe a roinnt ina gceantair vótaíochta (caite).


A. 21.—Níl dliteanas ar iarrthóirí maidir le táillí measúnóirí a cheap an ceann comhairimh.


1850—13 & 14 Vic. c. 69. (Representation of the People (Ireland) Act.)


A. 108.—Leabhair rátaí a bheith ina bhfianaise prima facie maidir le clárú toghthóirí Parlaiminte.


*1851—14 & 15 Vic. c. 42. (Crown Lands Act.)


A. 20.—Níl an chéad Coimisinéir Oibreacha neamhintofa.


*1851—14 & 15 Vic. c. 57. (Civil Bill Courts (Ireland) Act.)


A. 2.—Tá abhcóidí cúnta do chontaetha neamhintofa.


1852—15 & 16 Vic. c. 23. (Meeting of Parliament Act.)


A. 1.—An t-am le haghaidh tionól Parlaiminte tar éis lánscoir a cheapadh le forógra; 35 lá ar a mhéid tar éis an fhorógra.


1858—21 & 22 Vic. c. 106. (Government of India Act.)


A. 4.—Féadfaidh 4 Phríomh-Rúnaí Stáit agus 4 Fo-Rúnaí Stáit ar a mhéid suí mar chomhaltaí Parlaiminte.


1858—21 & 22 Vic. c. 110. (Election of Members during Recess Act.)


Leathnaíonn sé 24 Geo. 3. seis. 2, c. 26 chun baint le folúntais a tharla mar gheall ar chomhaltaí a cheapadh chun oifigí lena ngabhann éirí as suíochán.


1862—25 & 26 Vic. c. 92. (Elections (Ireland) Act.)


A. 3-4.—Riteanna a chur chun cinn chomhairimh buirgí. Sirriam contae a bheith ina cheann comhairimh i mbuirg ina bhfuil oifig an chinn chomhairimh folamh. Riteanna a bheith de réir an Achta seo.


1863—26 & 27 Vic. c. 20. (Elections in Recess Act.)


Leasaíonn sé 24 Geo. 3. seis. 2, c. 26 agus 21 & 22 Vic. c. 110 maidir le tréimhse fógra.


*1863—26 & 27 Vic. c. 65. (Volunteer Act.)


A. 5.—Má ghlacann comhalta Parlaiminte coimisiún i “bhFórsa na nÓglach” ní gá dó éirí as a shuíochán dá chionn.


1864—27 & 28 Vic. c. 34. (House of Commons (Vacation of Seats) Act.)


A. 1.—Oifig a ghlacadh mar Fho-Rúnaí nuair atá ceathrar Fo-Rúnaí ina suí déanann sé toghadh neamhbhailí.


A. 2.—Foráil i gcás níos mó Rúnaí nó Fo-Rúnaí Stáit a roghnú ná mar atá ábalta suí.


A. 3.—Foráil i gcás oifigí eile.


*1866—29 & 30 Vic. c. 39. (Exchequer and Audit Departments Act.)


A. 3.—Tá an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a Chúntóir neamhintofa (cf. Airt. 33.3 den Bhunreacht).


*1866—29 & 30 Vic. c. 55.


A. 1.—Ní “oifig nua” oifig an Phá-Mháistir Ghinearálta ach aon chomhalta den Teach a ghlacfaidh leis an oifig éireoidh sé as a shuíochán ach beidh sé i dteideal a atofa.


*1867—30 & 31 Vic. c. 44. (Chancery (Ireland) Act.)


A. 4.—Tá Leas-Sheansailéir na hÉireann neamhintofa.


1867—30 & 31 Vic. c. 72. (Board of Trade (Parliamentary Secretary) Act.)


A. 1.—Féadfaidh an Státchiste Rúnaí Parlaiminte a cheapadh don Bhord Trádála agus féadfaidh sé bheith ina chomhalta Parlaiminte.


*1869—32 & 33 Vic. c. 15. (Pensioners Civil Disability Relief Act.)


A. 1.—l pinsinéirí Státseirbhíse ná sealbhóirí aoisliúntais neamhintofa.


*1869—32 & 33 Vic. c. 43. (Diplomatic Salaries, etc., Act.)


A. 17.—l pinsinéirí taidhleoireachta neamhintofa.


*1870—33 & 34 Vic. c. 10. (Coinage Act.)


A. 14.—Níl an Seansailéir Státchiste neamhintofa de dhroim é a bheith ina mháistir ar an Mionta.


*1870—33 & 34 Vic. c. 17. (War Office Act.)


A. 2-3.—Féadfaidh Príomh-Shuirbhéir an Ordanáis agus Rúnaí Airgeadais na hOifige Cogaidh bheith ina gComhaltaí Parlaiminte.


*1870—33 & 34 Vic. c. 23. (Forfeiture Act.)


A. 2.—Tá tréatúirí agus feileoin neamhintofa go dtí go bhfaighidh siad pardún nó go dtí go gcríochnóidh siad a bpionós, agus níl cead vótála acu in aon toghchán parlaiminte nó bardais.


*1870—33 & 34 Vic. c. 91. (Clerical Disabilities Act.)


Ítim 1 den Chéad Sceideal. Níl Eaglaisigh ar scor d’Eaglais Shasana neamhintofa tar éis a scor d’oifig eaglaise a thaifeadadh go cuí.


1872—35 & 36 Vic. c. 33. (Ballot Act.)


A. 31.—Gan feidhm a bheith ag an Acht seo maidir le toghcháin Ollscoile.


A. 32.—Aisghairm.


An Tríú Sceideal (Feidhmiú Achtanna a bhaineann le Cláraitheacht).


An Ceathrú Sceideal (Aisghairm Achtanna a bhaineann le Sasana).


An Cúigiú Sceideal (Aisghairm Achtanna a bhaineann le hAlbain).


An Séú Sceideal (Aisghairm Achtanna a bhaineann le hÉirinn).


*1872—35 & 36 Vic. c. 44. (Court of Chancery (Funds) Act.)


A. 4.—Níl an Pá-Mháistir Ginearálta neamhintofa de dhroim é d’fheidhmiú cumhachtaí Ard-Chuntasóra na Cúirte Seansaireachta.


1872—35 & 36 Vic. c. 58. (Bankruptcy (Ireland) Amendment Act.)


A. 41.—Comhalta den Teach a breithníodh a bheith ina fhéimheach a fhionraí go huathoibreach.


A. 42.—Ar dheimhniú féimheachta ón gcúirt arna thabhairt bliain tar éis an bhreithnithe beidh an suíochán folamh.


A. 43 & 44.—Foráil i dtaobh rit a eisiúint don chorrthoghchán dá dhroim sin le linn sosa.


*1877—40 & 41 Vic. c. 57. (Supreme Court of Judicature (Ireland) Act.)


A. 13.—Tá Breitheamh den Ard-Chúirt in Éirinn nó den Chúirt Achomhairc in Eirinn neamhintofa (cf. Airt. 35.3 den Bhunreacht).


*1881—44 & 45 Vic. c. 49. (Land Law (Ireland) Act.)


A. 54.—Tá comhaltaí agus Oifigigh de Choimisiún Talún na hÉireann neamhintofa.


*1883—46 & 47 Vic. c. 52. (Bankruptcy Act.)


Tá forálacha in ailt 32-33 maidir le féimheachtaí Sasanacha cosúil le 35 & 36 Vic. c. 58.


1885—48 & 49. Vic. c. 17. (Parliamentary Registration (Ireland) Act.)


A. 12.—Ranníocaíohtaí ó bhailecheantair Phembróc agus na Carraige Duibhe chun costa cláraitheachta toghthóirí i mBuirg Bhaile Átha Cliath. (I léig).


A. 16.—Ní mór do chláraitheoirí maoirseachta breitheanna agus básanna tuairisceán bliantúil a thabhairt an 15 Iúil don oifigeach cláraitheachta ar bhásanna daoine os cionn 21. (I léig anois.)


A. 32.—Léiriú.


A. 33.—Feidhmiú agus Teideal.


An Chéad Sceideal agus an Tríú Sceideal. Foirmeacha.


1885—48 & 49 Vic. c. 23. (Redistribution of Seats Act.)


An tAcht iomlán.


1886—49 & 50 Vic. c. 16. (Lunacy (Vacating of Seats) Act.)


A. 1.—Gearrtheideal.


A. 2.—Nós imeachta le haghaidh folamhú suíocháin chomhalta de Theach a glacadh mar ghealt i ngealtlann, etc.


A. 3.—Pionós ar dhochtúirí agus ar oifigigh ghealtlainne mar gheall ar neamhchomhlíonadh an Achta.


*1898—61 & 62 Vic. c. 37. (Local Government (Ireland) Act.)


A. 83 (10).—Tá oifigigh íoctha lán-aimsire do chomhairlí contae neamhintofa.


*1906—6 Edw. 7. c. 28. (Crown Lands Act.)


A. 1. (Cuid).—Níl Uachtarán an Bhoird Talmhaíochta agus Iascaigh neamhintofa.


*1907—7 Edw. 7. c. 9. (Territorial and Reserve Forces Act).


A. 23 (1).—Bheith ina chomhalta d’Fhórsa Áitiúil dhéanann sé duine neamhintofa.


A. 36.—Teacht chun bheith ina oifigeach den Chúltaca ní dhéanann sé duine neamhintofa.


*1909—9 Edw. 7. c. 14. (Assistant Postmaster General Act.)


A. 1.—Níl an Príomh-Phostmháistir Cúnta neamhintofa.


1911—1 & 2 Geo. 5. c. 13. (Parliament Act, 1911.)


A. 7.—Ré na Parlaiminte (Leasaíonn sé an Septennial Act, 1715.)


*1914—4 & 5 Geo. 5. c. 59. (Bankruptcy Act.)


A. 106 (2).—An Chúirt do chur in iúl don Teach i dtaobh féimheacht chomhalta 6 mhí tar éis an ordaithe.


A. 120.—Tá cláraitheoirí agus oifigigh a bhaineann le cúirteanna féimheachta neamhintofa.


*1914—5 & 6 Geo. 5. c. 7. (Finance Act, 1914 (Session 2) ).


A. 14 (2).—Má dhéanann comhaltaí ranníoc le hiasactraí náisiúnta ní thagann de sin go n-éireoidh siad as a suíocháin.


*1915—5 & 6 Geo. 5. c. 55. (War Loan Act.)


A. 1 (2).—Feidhmíonn sé alt 14 (2) den Finance Act, 1914, maidir le hIasacht Chogaidh.


*1915—5 & 6 Geo. 5. c. 62. (Finance Act.)


A. 26.—Má dhéanann duine ranníoc le Billí Státchiste in aimsir chogaidh ní dhéanann sin neamhintofa é.


*1915—5 & 6 Geo. 5. c. 96. (Government War Obligations Act.)


A. 2 (4).—Urrúis a thaisceadh agus a mhalartú leis an Státchiste ní dhéanann sin duine neamhintofa.


*1916—6 & 7 Geo. 5. c. 24. (Finance Act.)


A. 58 (2) agus 68 (3).—Má dhéanann duine ranníocaíocht le Bannaí Státchiste, etc., ní dhéanann sin neamhintofa é.


*1916—6 & 7 Geo. 5. c. 67. (War Loan Act.)


A. 1 (2).—Feidhmíonn sé alt 14 (2) den Finance Act, 1914, maidir le hIasacht nua.


*1917—7 & 8 Geo. 5. c. 25. (Courts (Emergency Powers) Act.)


A. 9.—Ní dhéanann conarthaí maidir le maoin foréilithe an conraitheoir neamhintofa.


*1917—6 & 7 Geo. 5. c. 4. (War Loan Act.)


A. 1 (2).—Feidhmíonn sé alt 14 (2) den Finance Act 1914, maidir le hIasacht nua.


*1918—8 & 9 Geo. 5. c. 25. (War Loan Act.)


A. 1 (2).—Feidhmíonn sé alt 14 (2) den Finance Act, 1914, maidir le hIasacht nua.


*1918—8 & 9 Geo. 5. c. 47. (Parliament (Qualification of Women) Act.)


Deir sé nach bhfuil mná neamhintofa mar gheall ar ghnéas nó pósadh.


*1919—9 & 10 Geo. 5. c. 2. (Re-election of Ministers Act.)


A. 1.—Ní gá do chomhalta Parlaiminte éirí as a shuíochán ar ghlacadh le hoifig bhrabúis mura sonraítear í a bheith ina hoifig éagumais agus má ghlacann sé léi laistigh de naoi mí tar éis forógra ag gairm Parlaiminte nua.


(Ní háirítear na Chiltern Hundreds, etc., san fhoráil seo.)


A. 2.—Gan Airí áirithe a bheith neamhintofa.


*1919—9 & 10 Geo. 5. c. 37. (War Loan Act.)


A. 1 (4).—Feidhmíonn sé alt 14 (2) den Finance Act, 1914, maidir le hIasacht nua.


*1919—9 & 10 Geo. 5. c. 50. (Ministry of Transport Act.)


A. 27.—Níl an tAire Iompair ná an Rúnaí san Aireacht Iompair neamhintofa.


CUID IV.—ACHTANNA ÓN OIREACHTAS.

*1923—Uimh. 12 de 1923. (An tAcht Timpeall Toghchán.)


A. 61.—Daingniú ar rúin toghchórais (caite).


(Sínithe) A. Ó hÉALUIGHTHE,


Cathaoirleach.


12 Iúil, 1961.