Committee Reports::Joint Committee on Interim, 2nd Interim, 3rd Interim and Final Reports - Electoral Law ::15 March, 1961::Report

AN DARA TUARASCÁIL EATRAMHACH

CLÁR

A.—RÉAMHRÁITEACH


Mír


2

Feidhm a thabhairt do thograí áirithe go luath.

3

Comhdhlúthú.

B.—AN TOGHCHÓRAS AGUS CLÁRÚ TOGHTHÓIRÍ DO THOGHCHÁIN DÁLA AGUS DO THOGHCHÁIN ÁITIÚLA


4-5

An nós imeachta chun toghthóirí a chlárú.

6-7

Foirm na liostaí toghthóirí.

8

Clárú toghthóirí.

9-12

Fórálacha áirithe maidir le clárú agus vótáil a aisghairm.

13

Dátaí le haghaidh foilsiú liostaí na dtoghthóirí agus dátaí eile a bhaineann leo, a ordú.

14

Tosach feidhme chlár na dtoghthóirí.

C.—STIÚRADH AGUS CAITEACHAS I gCÁS TOGHCHÁN DÁLA


15-17

Ainmniú iarrthóirí.

18-22

Bailíocht páipéar ainmniúcháin a chinneadh.

23-27

Foirm nua páipéir ainmniúcháin.

28-29

Tuairisc an Iarrthóra.

30

Páipéir Bhallóide.

31-33

Foirmeacha i dtoghcháin.

D.—COSTAIS A THITFIDH AR IARRTHÓIRÍ I dTOGHCHÁIN DÁLA


34-37

Teorainn le fostaíocht agus le costais.

38

Íocaíochtaí ag an ngníomhaire toghcháin.

39

An tráth le cuntais a chur ar aghaidh.

40

Scrúdú cuntas ag an bpobal.

41

An bunús atá leis an teorainn.

42

Moladh.

E.—MOLTAÍ MAIDIR LE RIARACHÁN


43

Clárú toghthóirí.

AN DARA TUARASCÁIL EATRAMHACH

A.—RÉAMHRÁITEACH.

1. (i) Tá tuilleadh dul chun cinn déanta ag an gComhchoiste sna cúrsaí a cuireadh faoina bhráid agus d’aontaigh sé leis an dara tuarascáil eatramhach seo a leanas:


(ii) Mar atá déanta ina chéad tuarascáil eatramhach, leag an Comhchoiste amach sa chló iodáileach agus i mionchló, nuair ba chuí sin, na tograí agus na nótaí míniúcháin sa scéim ghinearálta do Bhille Toghcháin (Leasú) a chuir an tAire Rialtais Aitiúil faoina bhráid. Níorbh fhéidir go háiseach roinnt de thograí an Choiste a áireamh faoi aon mhírcheann áirithe sa scéim ghinearálta agus tá siad sin leagtha amach ar leithligh sa Tuarascáil.


Feidhm a thabhairt do thograí áirithe go luath.

2. Tá tograí i bpríomhábhar na tuarascála arb é tuairim an chomhchoiste gur ceart iad a achtú le linn saol na Dála atá ann faoi láthair. Tá moltaí áirithe eile i mír 43 a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm mar chúrsa riaracháin. Measann an Coiste gur ceart sin a dhéanamh chomh luath riamh agus is caothúil.


Comhdhlúthú.

3. Tá na dlíthe toghcháin aimhréidh agus ársa ina lán cásanna. Is dóigh leis an gComhchoiste gur ceart sin a sheachaint, go háirithe i gcód a bhaineann le ceisteanna a bhfuil tábhacht bhunúsach iontu. Ceapadh na tograí sa tuarascáil eatramhach seo ní hamháin chun an cód a thabhairt cothrom le dáta, a mhéid a bhaineann le clárú toghthóirí agus le toghcháin Dála, ach ina theannta sin chun é a dhéanamh níos simplí. Molann an Coiste go ndéanfaí na forálacha toghcháin go léir a chomhdhlúthú in aon reacht amháin nó i líon beag reachtanna. Cuspóir é sin a dtógfadh sé tamall cuíosach fada é a thabhairt i gcrích, agus idir an dá linn, má chuirtear achtanna leasúcháin agus orduithe breise lena bhfuil ann díobh cheana, beidh an cód níos aimhréidhe fós. Chun ábhar mearbhaill a laghdú oiread agus is féidir, molann an Coiste:—


(i) go ndéanfaí, a mhéid is féidir é, sa reachtaíocht eatramhach chun feidhm a thabhairt do na tograí seo, na forálacha cuí i reachtanna roimhe seo a aisghairm go hiomlán, reachtaíocht trí thagairt a sheachaint agus na reachtanna a dhéanamh iomlán iontu féin, agus


(ii) go ndéanfadh an Roinn Rialtais Áitiúil, nuair a bheidh an reachtaíocht sin nó an chuid is mó di achtaithe, leabhrán a eisiúint ina leagfar amach i gcaint shimplí, mar eolas d’iarrthóirí agus do dhaoine eile, príomhfhorálacha an dlí toghcháin.


B.—AN TOGHCHÓRAS AGUS CLÁRÚ TOGHTHÓIRÍ DO THOGHCHÁIN DÁLA AGUS DO THOGHCHÁIN ÁITIÚLA.

An nós imeachta chun toghthóirí a chlárú.

4. Bhreithnigh an Comhchoiste an nós imeachta chun toghthóirí a chlárú mar atá sé leagtha amach in Achtanna agus Orduithe, maraon le treoracha breise i leith riaracháin, atá i Meabhrán um an Nós Imeachta chun Toghthóirí a chlárú, a eisíodh i Lúnasa, 1955, agus i gciorcláin éagsúla a d’eisigh an Roinn Rialtais Aitiúil chuig oifigigh chláraitheachta. Thug an Coiste dá aire go háirithe, na treoracha faoi phoiblíocht do na liostaí toghthóirí agus do chearta an phobail maidir le clárú a éileamh. Is iad seo a leanas na treoracha sin:—


“Poiblíocht:


Ba cheart a chur ina luí ar an bpobal gur cóir dóibh cabhrú leis na bailitheoirí rátaí ina gcuid fiosrúchán, go háirithe trí na foirmeacha cláraithe a chomhlánú agus a chur ar ais díreach tar éis an 15 Meán Fómhair. Fágtar faoin oifigeach cláraitheachta a shocrú cad é an méid poiblíochta a úsáidfidh sé chuige sin.


Is ceart don oifigeach cláraitheachta foilsiú liostaí na dtoghthóirí agus cearta an phobail maidir le clárú agus agóidí, a chur in iúl don phobal sna slite seo a leanas:—


(1) trí na liostaí, maraon le fógra feiceálach i gcaint shimplí á insint conas is ceart éilimh agus agóidí a dhéanamh, a chur ar taispeáint—


(a) in oifig an oifigigh chláraitheachta;


(b) i bpost-oifigí;


(c) i stáisiúin Ghardaí;


(d) i leabharlanna poiblí;


(e) in oifigí údarás áitiúil;


(f) in íoclanna;


(g) in áiteanna eile is dóigh leis an oifigeach cláraitheachta a bheith oiriúnach,


agus comhairle a ghlacadh leis na húdaráis i gcás inar gá sin;


(2) trí chóip de na liostaí do dháilcheantar a sholáthar do gach Teachta atá ina ionadaí don dáilcheantar sin;


(3) trí chóip de na liostaí do gach contae, contae-bhuirg, buirg, ceantar uirbeach nó baile mór a sholáthar do gach comhalta den údarás áitiúil is cuí;


(4) trí fhógrán a fhoilsiú sna nuachtáin a bheidh ar aon dul leis an bhfógra atá ar taispeáint i dteannta na liostaí agus trí shocrú a dhéanamh más féidir sin, chun mír nuachta nó stocaireachta a fhoilsiú sna nuachtáin sin i dtaobh ullmhú chlár na dtoghthóirí agus i dtaobh a riachtanaí atá sé go gcuirfeadh an pobal suim sa scéal.


Is ceart cóipeanna de na foirmeacha éilimh a chur ar fáil i ngach áit ina mbeidh na liostaí ar taispeáint don phobal.


I gcás contae-bhuirgí agus buirg Dhún Laoghaire, is ceart treoir aibítreach sráideanna do liostaí toghthóirí na contaebhuirge nó na buirge a chur ar taispeáint agus cóipeanna a chur ar fáil i ngach áit a mbeidh na liostaí sin ar taispeáint go poiblí.


Chun cur leis an bpoiblíocht a dhéanfaidh oifigig cláraitheachta ina limistéir, déanfaidh an Roinn Rialtais Áitiúil socrú chun poiblíocht ghinearálta ar an Raidió a chur ar siúl.”


5. Tarraingítear aird na n-oifigeach cláraitheachta ar na treoracha seo gach bliain. Measann an Coiste gur áis mhór chun poiblíochta na míreanna nuachta agus na haistí neamhfhoirmiúla sna nuachtáin áitiúla agus molann sé leanúint de agus, más féidir é, níos mó feidhme thar mar atá á dhéanamh faoi láthair a bhaint as. I mír 43 tugtar roinnt eile moltaí a bhaineann leis an nós imeachta chun toghthóirí a chlárú.


Foirm na liostaí toghthóirí.

6. Faoin Representation of the People Order, 1918, is é a bhí sna liostaí toghthóirí go hachomair:—


(i)clár na dtoghthóirí le linn na huaire,


(ii)liosta de thoghthóirí nua-cháilithe, agus


(iii)liosta de dhaoine nach bhfuil cáilithe mar thógthóirí feasta


Cloíodh leis an bhfoirm sin, arna modhnú de dhroim liosta ína dtoghthóirí agus na ngiúróirí a chónascadh faoin Ordú um Thoghthóirí a Chlárú (Liostaí Toghthóirí), 1924, a cúlghaireadh leis an Ordú Toghcháin, 1936. Ordaíodh leis an Ordú sin an fhoirm do na liostaí toghthóirí atá ann faoi láthair, i.e. liosta a bhfuil sé ceaptha dó ainmneacha na ndaoine go léir a mbeidh a n-ainmneacha sa chéad chlár eile a bheith ann. Ní thaispeántar ar leithligh san fhoirm sin ainmneacha a cuireadh leis an liosta nó a baineadh de. Sa bhliain 1942, filleadh ar an tseanfhoirm. Ordaíodh athuair leis an Ordú Toghcháin, 1946, an fhoirm atá anois ann.


7. Measann an Comhchoiste go raibh mórán buntáistí ag baint le seanfhoirm na liostaí, óir chuir sí i gcumas daoine na príomhathruithe a bhí beartaithe a dhéanamh ar an gclár a bhí ann, a fheiceáil go héasca soiléir. Molann an Coiste go ndéanfaí an fhoirm sin a ordú arís má fhaightear amach, tar éis an scéal a bhreithniú tuilleadh, nach bhfuil lochtanna móra uirthi. Mura nglactar athuair leis an tseanfhoirm, measann an Coiste gur ceart, in aon chás, liosta de na hainmneacha breise agus de na hainmneacha a scriosadh, a fhoilsiú in éineacht leis na liostaí.


Clárú Toghthóirí.

An Togra:


(1) An tAcht Toghcháin, 1923 a aisghairm agus alt 1 de a athachtú:


(a) i dtreo go scriosfar na tagairtí do chlárú toghthóirí de réir áitíocht áitribh ghnó, agus


(b) i dtreo go gcuirfear isteach san alt na forálacha maidir le clár toghthóirí rialtais áitiúil de réir “gnáth-áit chónaithe” atá san Acht Rialtais Áitiúla (Reacht-Shaoirse a Leathnú), 1935.


(2) Socrú a dhéanamh chun tagairt do thoghthóirí rialtais áitiúil a chur isteach in alt 1 d’Acht 1923, agus chun an tAcht Rialtais Áitiúla (Reacht-Shaoirse a Leathnú), 1935, a aisghairm.


Nóta faoin Togra


Le haghaidh toghchán Dála, féadfar duine a chlárú sa dáilcheantar mar a bhfuil sé, ar an dáta cáilithe:—


(1) ina ghnáthchónaí, nó


(2) ag áitiú áitribh ghnó nach lú ná £10 a luacháil inrátaithe.


Ní féidir é a chlárú níos mó ná uair amháin agus, má tá sé cáilithe faoin dá mhírcheann sin, féadfaidh sé an dáilcheantar inar mian leis go gclárófaí ann é a roghnú. Mura ndéanfaidh sé rogha, cláraítear é de ghnáth sa dáilcheantar ina bhfuil cónaí air. Déantar daoine a chláraítear san áit a bhfuil áitreabh gnó á áitiú acu a idirdhéalú sa chlár, trí bhíthin na litreach “O”. Ní bhíonn ach fíorbheagán den chineál sin ann.


Toisc an dá bhealach cláraithe sin a bheith á gcoinneáil, áfach, tá an clár níos aimhréidhe ná mar is gá agus, go deimhin, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí duine a chlárú faoi dhó mar thogthóir Dála i ndáilcheantair éagsúla d’ainneoin go bhfuil sin coiscthe go sainráiteach le reacht. Moltar go gcuirfí deireadh le háitiú áitribh ghnó mar bhun le haghaidh clárú mar thoghthóir Dála. Ní dhéanfaí ansin toghthóirí Dála a chlárú ach amháin san áit ina mbeidh gnáthchónaí orthu ar an dáta cáilitheach.


I gcás toghchán áitiúil, féadfar toghthóir a chlárú sa limistéar toghcháin áitiúil mar a bhfhuil sé, ar an dáta cáilitheach—


(1) ina ghnáthchónaí, nó


(2) ag áitiú talún nó áitribh mar úinéir nó tionónta ar feadh sé mhí ar a laghad.


Tá sé beartaithe na forálacha a bhaineann le clárú toghthóirí rialtais áitiúil de réir “gnáth-áit chónaithe”, atá san Acht Rialtais Áitiúla (Reacht-Shaoirse a Leathnú), 1935, a chur isteach faoin Mírcheann seo agus an tAcht sin a aisghairm go hiomlán.


8. Ní bhainfidh an togra seo a cheart chun a chláraithe de dhuine ar bith, óir níl ann go bunúsach ach seift chun slacht a chur ar an reachtaíocht. Má thugtar feidhm dó, ní dhéanfar toghthóirí Dála a chlárú ach amháin san áit a mbíonn gnáthchónaí orthu agus déanfar na forálacha reachtúla i dtaobh chlárú toghthóirí rialtais áitiúil de réir a ngnáth-áit chónaithe a chónascadh leis na forálacha dá samhail i dtaobh chlárú toghthóirí Dála. Measann an Comhchoiste go dtiocfadh simpliú inmholta de na tograí seo agus molann sé go nglacfaí leo.


Forálacha áirithe maidir le Clárú agus Vótáil a aisghairm.

An Togra: Aisghairm a dhéanamh:


(1) ar fho-ailt (1) agus (4) d’alt 9 den Representation of the People Act, 1918, agus ar na focail “a person shall not............. ...............a British subject and.................”, i bhfo-alt (3),


(2) ar fho-ailt (1) agus (3) d’alt 4 den Acht Timpeall Toghchán, 1923,


(3) ar riail 10 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, agus


(4) ar riail 23 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923.


Nóta faoin Togra


Foráiltear leis na fo-ailt sin nach mbeidh duine dícháilithe i dtoghchán Dála nó i dtoghchán áitiúil chun a chláraithe ná chun vótáil ar an ábhar—


(1) go bhfuair sé féin nó duine éigin a bhfuil sé freagrach ina chothabháil fóirthint na mbocht nó déirc ar bith eile, nó


(2) go bhfuil sé ar fostú ag iarrthóir i dtoghchán nó thar a cheann, fad is fostaíocht dhlíthiúil í.


Ní ábhar dícháilíochta anois, maidir le clárú ná vótáil, ceachtar cúis acu sin agus mar sin is rud gan ghá an chosaint ó dhícháilíocht a rinne na fo-ailt sin.


Forálann na focail i bhfo-alt (3) d’alt 9 d’Acht 1918 a bhfuil sé beartaithe iad a aisghairm, nach mbeidh duine i dteideal a chláraithe nó i dteideal vótáil mar thoghthóir (Parlaiminte nó) rialtais áitiúil mura géillsineach Briotanach é. Aisghaireadh an tagairt do thoghcháin pharlaiminte leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923.


Leagtar síos le Riail 10 den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1923, na hábhair a fhéadfar a chur i bhfoirm éilimh ar chlárú, eadhon, dearbhú ar cháiliocht an éilitheora chun a chláraithe go bhfuil an aois is gá slánaithe aige, gur saoránach é agus duine den aicme toghthóirí lena mbaineann sé, etc. Is é an tAire a ordaíonn an fhoirm éilimh agus ní mheastar gur gá na coinníollacha a choinneáil a bhaineann leis na nithe is ceart a bheith i bhfoirm éilimh. Tá sé beartaithe na foirmeacha éilimh a dhéanamh níos simplí.


Foráiltear le Riail 23 go bhféadfaidh duine ar bith a bhfuil a ainm ar liosta na dtoghthóirí Dála in aon aonad cláraitheachta in aon dáilcheantar contae, agus a bhfuil cónaí air lasmuigh den cheantar vótaíochta a bhfuil sé i dteideal a chláraithe ann, éileamh a dhéanamh ar vótáil in áit vótaíochta ar bith eile laistigh den dáilcheantar. Féadfaidh an t-oifigeach cláraitheachta neamhaird a thabhairt ar éilimh a gheofar tar éis an 20ú Eanáir, in aon bhliain. Bhí an fhoráil sin ann chomh fada siar, ar a laghad, leis an Registration (Ireland) Act, 1850, nuair a dhéantaí an vótáil go poiblí agus nuair a bhí teorainn leis an gceart vótála. Chomh fada agus is féidir a dhéanamh amach, is fíor-annamh ar fad a bhaintear feidhm aisti anois, má bhaintear feidhm aisti ar chor ar bith. Bheadh an tsaoráid seo ina trúig mhór trioblóide, dá mbaintí feidhm aisti go forleathan, agus mar sin tá sé beartaithe í a aisghairm.


9. Tá forálacha i bhfo-ailt (1) agus (4) d’alt 9 den Representation of the People Act, 1918, agus i bhfo-ailt (1) agus (3) d’alt 4 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, atá mí-aimsearthach nó dooibrithe, agus mar sin molann an Comhchoiste iad a aisghairm. Tugann an Coiste dá aire gurb é a thiocfaidh as na focail a luaitear i bhfo-alt (3) d’alt 9 d’Acht 1918 a aisghairm, go mbeidh sé i gcumas duine ar bith, cibé acu is saoránach Éireannach é nó nach ea, a bheith cláraithe mar thoghthóir rialtais áitiúil má bhí sí ag áitiú maoine ar tionacht ruílse, léasachta nó eile ar feadh sé mhí ar a laghad roimh an dáta cáilitheach. Chun a bheith cláraithe de bhua gnáthchónaí, caithfidh duine bheith ina shaoránach Éireannach, áfach.


10. Má dhéantar aisghairm ar riail 10 den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1923, (lena bhforáiltear an t-eolas is gá a bheith in éileamh ar chlárú) féadfar na foirmeacha éilimh a dhéanamh níos simplí agus gan puinn foirmiúlachta. Tá tuilleadh moltaí faoin bpointe sin le fáil i mír 43.


11. Má dhéantar aisghairm ar riail 23 den Sceideal sin (a chumasaíonn do thoghthóir i ndáilcheantar contae a roghnú go vótalfaidh sé in áit vótaíochta seachas an áit is cuí don cheantar ina bhfuil sé cláraithe) cuirfear ar ceal rud a bheadh, b’fhéidir, ina ábhar mearbhaill le linn toghcháin, agus cabhróidh sé roinnt le foirm an chláir atá ann faoi láthair a shimpliú.


12. Molann an Comhchoiste na tograí sin.


Dátaí le haghaidh foilsiú Liostaí na dToghthóirí, agus dátaí eile a bhaineann leo, a ordú.

An Togra: A fhoráil:


(a) go gceapfaidh an tAire, le hordú, na dátaí chun liostaí na dtoghthóirí a fhoilsiú agus dátaí eile a bhaineann leis sin;


(b) gurb é dáta a cheapfaidh an tAire le liostaí na dtoghthóirí a fhoilsiú an dáta ar a gcaithfidh, nó gur roimhe a chaithfidh, an rúnaí contae nó an baile-chléireach an dréacht-liosta giúróirí a chomhlánú agus a chur chuig an gcláraitheoir contae; agus


(c) aisghairm iarmartach.


Nóta faoin Togra


Tá na dátaí chun líostaí na dtoghthóirí, etc., a fhoilsiú leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, arna leasú leis an Acht Toghcháin (Dáil Éireann agus Údaráis Áitiúla), 1945. Is mar seo a leanas atá siad:—


Foilsiú liostaí na dtoghthóirí (Riail 6)

...

...

...

24 Samhain.

An lá deireanach d’agóidí i gcoinne na liostaí (Riail 12)

...

14 Nollaig.

An lá deireanach d’éilimh (Riail 9)

...

...

...

22 Nollaig.

An lá deireanach d’iarratas ó dhuine gan é a chlárú mar phost-

 

vótálaí (Riail 16)

...

...

...

...

...

...

22 Nollaig.

Foilsiú agóidí i gcoinne na liostaí (Riail 13)

...

...

30 Nollaig.

Foilsiú éileamh (Riail 11)

...

...

...

...

...

6 Eanáir.

An lá deireanach d’agóidí i gcoinne éilitheoirí (Riail 12)

...

20 Eanáir.

Foilsiú agóidí i gcoinne éilitheoirí (Riail 14)

...

...

...

a luaithe is féidir tar éis 20 Eanáir.

An lá deireanach d’éileamh chun vótáil in áit seachas an

 

ghnáth-áit vótaíochta (Riail 23)

...

...

...

...

20 Eanáir.

Táthar tar éis gearáin a fháil nach bhfuil na dátaí sin sásúil. Freagraíonn na dátaí do na céimeanna a bhaineann go formhór le cúrsa riaracháin, agus toisc go n-ordaítear le reacht iad, is beag caoi atá ann chun glacadh le moltaí réasúnacha a chuirfeadh feabhas orthu.


Tá sé beartaithe cumhacht a thabhairt don Aire na dátaí a cheapadh agus a athrú le hordú.


Ní bheadh cumhacht ag an Aire an dáta cáilitheachta chun clárú (15 Meán Fómhair), ná an dáta chun an clár a theacht i ngníomh (15 Aibreán) a athrú.


Foráiltear le halt 13 d’Acht na nGiúirithe, 1927, go gcomhlánóidh an rúnaí contae nó an baile-chléireach dréacht-liosta giúróirí agus go gcuirfidh sé go dtí an cláraitheoir contae é, an 24 Samhain nó roimhe sin. Is ionann an dáta sin agus an dáta chun liostaí na dtoghthóirí a fhoilsiú, ós rud é go bhfreastalaíonn na liostaí céanna ar an dá chuspóir—taispeántar giúróirí leis an litir “J” ar liostaí na dtoghthóirí. Ba mhaith an rud é an t-ionannas dátaí sin a choimeád.


13. Measann an Comhchoiste gur ceart an tréimhse seacht mí idir an dáta cáilitheach agus foilsiú an chláir a laghdú. Ghlac an Coiste comhairle le Cumann na gCláraitheoirí Contae agus d’aontaigh siad sin gur féidir an laghdú sin a dhéanamh. Measann an Coiste gurb iad seo a leanas na dátaí is oiriúnaí laistigh den tréimhse laghdaithe chun na gcríocha a luaitear sa Mhírcheann seo:—


 

Faoi Láthair

Molta

An dáta cáilitheach

..

15 Meán Fómhair

15 Deireadh Fómhair

Foilsiú Liostaí na dToghthóirí

24 Samhain

9 Nollaig

An lá deireanach chun éilimh

 

 

a ghlacadh

..

..

22 Nollaig

 

An lá deireanach chun agóidí

 

15 Eanáir

a ghlacadh

..

..

14 Nollaig

 

Foilsiú Liosta na n-Éileamh

6 Eanáir

20 Eanáir

Foilsiú Liosta na n-Agóidí

30 Nollaig

An lá deireanach chun agóidí

 

 

i gcoinne éileamh a ghlac-

 

 

adh

..

..

..

20 Eanáir

25 Eanáir

Is rud tábhachtach leis an gCoiste an patrún 15 Deireadh Fómhair mar dháta cáilitheach, 15 Eanáir, mar dháta deireanach chun éilimh agus agóidí a ghlacadh agus 15 Aibreán mar dháta foilsithe an chláir. Tá an dáta cáilitheach curtha ar aghaidh toisc locht mór a bheith ar an 15 Meán Fómhair mar gurb é an tráth sin an t-am is broidiúla do na bailitheoirí rátaí, na daoine a dhéanann an chuid is mó den obair bhunaidh. Níl cúis mhaith ar bith ann go mbeadh dátaí éagsúla ann chun éilimh agus agóidí a ghlacadh, agus d’fhéadfaí iad a thógáil le chéile gan cheataí. Lena chois sin, is gnás gan ghá é liostaí na n-agóidí i gcoinne éileamh a fhoilsiú mar, go deimhin, is fíorbheagán agóidí den sórt sin a bhíonn ann. Ba leor a iarraidh ar an agóideoir fógra i scríbhinn i dtaobh a agóide a thabhairt don oifigeach athbhreithnithe agus don éilitheoir ar an 25 Eanáir, nó roimhe sin. Is ceart gach dáta, lena n-áirítear an dáta cáilitheach agus dáta foilsithe an chláir, a ordú le hordú. Is ceart gach ordú den sórt sin a bheith faoi réir a dhaingnithe le rún ó gach Teach de Thithe an Oireachtais.


Tosach Feidhme Chlár na dToghthóirí.

An Togra: Alt 8 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, arna leasú le halt 4 den Acht Toghcháin (Dáil Éireann agus Údaráis Áitiúla), 1945, a aisghairm agus a athachtú leis an bhforáil bhreise seo, más rud é ar chúis ar bith nach mbeifear tar éis clár a fhoilsiú an 15 Aibreán nó roimhe sin, ansin is é an lá a ndeimhneoidh an t-oifigeach cláraitheachta gur air a foilsíodh an clár an lá a thiocfaidh an clár sin i ngníomh, maille le leasuithe iarmartacha.


Nóta faoin Togra


Foráiltear le hAlt 8, arna leasú—


(1) go ndéanfar aon chlár amháin a ullmhú i ngach bliain, de dhaoine a bhí cáilithe mar thoghthóirí an 15 Meán Fómhair roimhe sin,


(2) go dtiocfaidh an clár i bhfeidhm an 15ú lá d’Aibreán an bhliain ina dhiaidh sin agus go bhfanfaidh sé i bhfeidhm go ceann bliana, agus


(3) más rud é ar chúis ar bith nach dtiomsóidh an t-oifigeach cláraitheachta clár nua, go bhfágfar i bhfeidhm an Clár a bhí i bhfeidhm an tráth ba cheart an clár nua a theacht i bhfeidhm.


Ní foláir an clár a fhoilsiú roimh é a theacht i bhfeidhm nó i gcomhthráth lena theacht i bhfeidhm. Is tábhachtach an rud é an lá a cheapadh chun an clár a theacht i bhfeidhm agus ní foláir an clár a bheith ar fáil lena scrúdú agus lena cheannach gach lá, fad a leanfaidh sé i bhfeidhm. Má choisceann imthoscaí ar leith, mar atá dóiteáin nó stailceanna, an t-oifigeach cláraitheachta ar an gclár a fhoilsiú ar an ngnáthdháta, ní ceart go dtiocfadh sé i bhfeidhm go dtí an dáta ar a bhfoilseofar é. Déanfaidh an fhoráil bhreise atá beartaithe an ní sin.


Tiocfaidh leasú iarmartach as alt 12 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1927, mar déantar tagairt san alt sin do dháta an chláir a theacht i bhfeidhm.


14. Molann an Comhchoiste an togra sin.


C.—STIÚRADH AGUS CAITEACHAS I gCÁS TOGHCHÁN DÁLA.

Ainmniú Iarrthóirí.

An Togra: Fo-ailt (1), (2) agus (3) d’alt 19 den Acht Timpeall Toghchán, 1923 (arna oiriúnú leis an Ordú chun an tAcht Timpeall Toghchán, 1923, a Oiriúnú, 1945) agus alt 5 den Acht Timpeall Toghchán (Leasú), 1927, a aisghairm agus a athachtú mar alt amháin, agus an tAcht deiridh sin a leasú trí “cibé uair a thiocfaidh clár nua toghthóirí do dháilcheantar ar bith i bhfeidhm” a chur in ionad “pé uair a tharlóidh don dáta a ceaptar leis an bPríomh-Acht nó leis an Acht so chun clár nua de thoghthóirí do theacht i bhfeidhm.”


Nóta faoin Togra


Le fo-ailt (1), (2) agus (3) d’alt 19 faoi seach déantar foráil faoi iarrthóirí i dtoghcháin Dála a bheith le hainmniú ag tairgtheoir, cuiditheoir agus ochtar aontaitheoirí, ar toghthóirí cláraithe iad go léir, faoi thoghchán iomaíochta a chur ar athló le haghaidh vótaíochta, agus faoi iarrthóirí a tharraingt siar. De dhroim an Bunreacht a achtú, rinneadh athrú leis an Ordú chun an tAcht Timpeall Toghchán, 1923, a Oiriúnú, 1945, eadhon, cuireadh na focail “lena lán-scuirfear Dáil Éireann” in ionad “lena bhfógrófar gairm an Oireachtais” i bhfo-alt (1). Tá foráil in alt 5 den Acht Timpeall Toghchán (Leasú), 1927, arb é seo is éifeacht di: aon uair a thiocfaidh an 15 Aibreán (an dáta atá ceaptha le clár nua a theacht i bhfeidhm) tar éis an rit do thoghchán Dála a eisiúint, agus ar an lá deireanach chun ainmniúcháin a ghlacadh nó roimhe sin, beidh duine atá cláraithe sa sean-chlár nó san chlár nua ina “thoghthóir cláraithe” chun a lámh a chur le páipéar ainmniúcháin. Caithfear an fhoráil a leasú mar atá beartaithe thuas toisc go mb’fhéidir go mbeadh an dáta ar a dtiocfaidh an clár do dháilcheantar i bhfeidhm faoin togra i Mírcheann 9 níos déanaí ná an 15 Aibreán.


15. Faoi alt 19 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, ní foláir do dhuine, lena ainmniú mar iarrthóir i dtoghchán Dála, tairgtheoir, cuiditheoir agus ochtar aontaitheoirí a bheith aige agus gach duine acu ina thoghthóir cláraithe freisin. Lena ainmniú mar iarrthóir i dtoghchán áitiúil, ní gá do dhuine ach tairgtheoir agus cuiditheoir, agus iad ina dtoghthóirí cláraithe freisin, a bheith aige.


16. Is ón Ballot Act, 1872, a tógadh na forálacha maidir leis na hurraí is gá le haghaidh ainmniúcháin i dtoghcháin Dála.


17. Measann an Comhchoiste nach bhfuil feidhm a thuilleadh leis na coinníollacha faoinar ceapadh forálacha 1872. Is cúis trioblóide agus ceataí gan ghá d’iarrthóirí, do chuiditheoirí agus do chinn chomhairimh, gan a chothrom de bhuntáiste a bheith ann, chomh fada agus is léir don choiste, an ceanglas sin i dtaobh deichniúr urra. Measann an Coiste gur leor mar chosaint i gcoinne ainmniúchán místaidéarach an ceanglas go gcaithfidh an t-iarrthóir suim £100 a chur síos, agus go gcaillfidh sé an tsuim sin i dtoghchán iomaíochta, mura mó ná trian an chuóta na vótaí a bheidh chun creidiúna dó, tráth a eisiata nó sa chomhaireamh deireanach. Dá bhrí sin, molann an Coiste—


(i) go n-aisghairfí an ceanglas go gcaithfidh iarrthóir bheith ainmnithe ag tairgtheoir, cuiditheoir agus ochtar aontaitheoir, agus


(ii) gurb é an t-iarrthóir féin nó a ghníomhaire toghcháin a dhéanfadh an t-ainmniúchán i dtoghchán Dála.


Bailíocht Páipéar Ainmniúcháin a chinneadh.

An Togra: Riail 12 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, a leasú chun a fhoráil gurb é an ceann comhairimh a thabharfaidh cinneadh ar bhailíocht gach páipéir ainmniúcháin a ndéanfar agóid ina choinne agus nach mbeidh sé i dteideal an páipéar a áireamh mar pháipéar neamhbhailí ach amháin sa chás nach ndearnadh an páipéar amach i gceart. Tabharfaidh an ceann comhairimh a chinneadh ar aon agóid a luaithe is féidir tar éis an agóid a dhéanamh. I gcás ina gcinnfidh sé páipéar ainmniúcháin a bheith bailí beidh a chinneadh ina chinneadh críochnaitheach agus ní féidir é a thabhairt faoi cheist in imeachtaí ar bith.


Nóta faoin Togra


Faoi rialacha 11 agus 12 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, féadfaidh an ceann comhairimh nó duine éigin eile agóid a dhéanamh i gcoinne páipéar ainmniúcháin agus “is é an ceann comhairimh a thabharfaidh breith ar éifeachtúlacht gach agóide a chuirfear i gcoinne páipéir ainmniúcháin, agus ní bheidh dul thar an mbreith sin más breith in aghaidh na hagóide í; agus más breith í a luálfidh an agóid féadfar í do chlaochlú má dhéantar impí a chuirfidh an toghchán nó an toradh faoi cheist”. Tá sé beartaithe faoin Mírcheann seo nach mbeadh de dhlínse ag an gceann comhairimh ach rialú a thabhairt ar an gceist cé acu atá an páipéar ainmniúcháin i bhfoirm chuí agus í comhlánaithe go cuí nó nach bhfuil, agus go mbeadh a chinneadh i dtaobh páipéar a ghlacadh ina chinneadh críochnaitheach. De ghnáth, ní théann na cinn chomhairimh thairis sin i bhfeidhmiú a gcumhachtaí maidir le rialú a thabhairt i dtaobh páipéar ainmniúcháin, mar níl siad i riocht ceisteanna a chinneadh faoi cháilíochtaí ná inniúlacht iarrthóirí le haghaidh toghcháin. Is nithe do chúirt toghcháin iad sin.


18. Molann an Comhchoiste an togra sin.


19. Faoi riail 2 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, tá sé ceangailte ar an gceann comhairimh ainmniúcháin a ghlacadh ar an lá deireanach chuige sin i gcaitheamh dhá uair a chloig as a chéile idir 10 a.m. agus 3 p.m. a bheidh ceaptha aige (“an aimsir chun ainmniúcháin a ghlacadh”). Ní foláir don cheann comhairimh aon pháipéar ainmniúcháin a sheachadfar dó roimh an am chun ainmniúcháin a ghlacadh a choimeád agus iad a thabhairt ar aird i gcaitheamh an ama sin.


20. Faoi riail 7, is iad daoine (seachas an ceann comhairimh agus a chúntóirí, a bheidh i dteideal a bheith i láthair le linn an rialaithe i dtaobh na n-ainmniúchán ná an t-iarrthóir mar aon lena thairgtheoir agus a chuiditheoir, agus duine amháin eile a roghnóidh sé, agus sin a mbeidh.


21. Faoi riail 4, ní cheadófar agóid i gcoinne páipéir ainmniúcháin ar an ábhar nár tugadh leorthuairisc ar an iarrthóir murab é an ceann comhairimh féin a dhéanfaidh í, nó murab agóid í a dhéanfaidh duine éigin chun an chinn chomhairimh le linn an ama chun ainmniúcháin a ghlacadh. Faoi riail 11, féadfaidh an ceann comhairimh nó duine éigin eile agóidí i gcoinne páipéir ainmniúcháin a dhéanamh roimh dul in éag don am chun ainmniúchán a ghlacadh, nó laistigh d’uair an chloig ina dhiaidh sin.


22. Ceapadh na forálacha sin d’aon ghnó de réir dealraimh chun go bhféadfaí rialú a thabhairt ar ainmniúcháin leis an bhfoirmiúlacht is mó is féidir. Má ghlactar le moltaí an chomhchoiste atá i mír 17, ní bheidh tairgtheoir, cuiditheoir ná aontaitheoirí le hainmniúcháin ann, ar ghá a fhíordheimhniú go raibh siad bona fide. Thairis sin, faoin togra sa mhírcheann seo, déanfar feidhmeanna an chinn chomhairimh a theorannú go sonrach chun nach bhféadfaidh sé rialú a dhéanamh go bhfuil páipéar ainmniúcháin neamhbhailí ach amháin sa chás nach mbeidh sé déanta amach go cuí. Faoin moladh i mír 28, beidh air agóid a dhéanamh i gcoinne páipéir ainmniúcháin ar fhorais áirithe eile, ach is forais iad sin de chineál gur chóir nach mbeadh sé deacair iad a chinneadh láithreach. An cheist is tábhachtaí, is é sin, cé acu atá iarrthóir cáilithe go cuí chun a thofa nó nach bhfuil, bheadh sí le socrú, mar atá faoi láthair, ag cúirt toghcháin de dhroim achainí agus ar an gcuma sin amháin. Mar sin, braitheann an Coiste go bhféadfaí, sna himthoscaí sin, feidhmeanna teoranta an chinn chomhairimh le linn ainmniúcháin a chomhlíonadh láithreach, agus molann sé mar chéim eile ar aghaidh chun an nós imeachta i gcás ainmniúcháin a dhéanamh níos rianúla—


(i) gur ag an iarrthóir féin, nó ag a ghníomhaire toghcháin i bpearsain, a bheadh an páipéar ainmniúcháin le seachadadh don cheann comhairimh, am ar bith idir am an fhógra phoiblí i dtaobh an toghcháin agus an lá deireanach chun ainmniúcháin a ghlacadh,


(ii) go ndéanfadh an ceann comhairimh, laithreach bonn, rialú a thabhairt i dtaobh bailíocht an pháipéir ainmniúcháin, agus


(iii) go mbeadh ar an gceann comhairimh a bheith ar fáil ag iarrthóirí ina oifig an lá roimh an lá deireanach chun ainmniúcháin a ghlacadh agus an lá deireanach sin freisin.


Foirm Nua Páipéir Ainmniúcháin.

An Togra: A fhoráil go mbeadh foirm nua páipéir ainmniúcháin ann in ionad Foirm 5 i gCuid III den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, agus go leanfaí amach go hachomair ann na forálacha maidir le cáilíochtaí, dícháilíochtaí agus éagumais le haghaidh toghcháin (mar a fhoráiltear sa Bhunreacht agus i gCuid III den Scéim seo) agus go mbeadh dearbhú ann ón iarrthóir gur léigh sé na forálacha sin agus go gcreideann sé go bhfuil sé intofa chun na Dála.


Nóta faoin Togra


Níl ceann comhairimh i riocht an cheist faoi cé acu atá iarrthóir intofa nó nach bhfuil a chíoradh. Má ainmnítear duine nach bhfuil intofa agus má thoghtar é, is féidir le cúirt an toghcháin a chur ar ceal ar achainí thoghcháin. Is nós imeachta ciotach neamhdheimhnitheach é sin chun cose a chur le toghadh daoine nach bhfuil intofa. Tá sé beartaithe sa Mhírcheann sin thuas an fhoirm ainmniúcháin a athrú chun go mbeadh ar an iarrthóir a dhearbhú go gcreideann sé go bhfuil sé intofa. Beidh d’eifeacht leis an bhforáil sin go dtabharfaidh sé go soiléir faoi umhail gach iarrthóra an dícháilíocht maidir le toghchán.


Tá foráil sna foirmeacha ainmniúcháin i gcás toghcháin don Seanad le haghaidh dearbhú ón ainmnitheoir go bhfuil an duine atá ainmnithe cáilithe chun a thofa mar chomhalta den Seanad agus nach bhfuil sé dícháilithe chuige. Níor foráladh pionós ar bith i gcás dearbhuithe bréagacha.


23. Bhreithnigh an Comhchoiste an cheist ar ceart pionós a ordú i gcás dearbhú bréagach ó iarrthóir go bhfuil sé intofa agus chinn sé gur ceart pionós nach mó ná £100 agus/nó príosúnacht sé mhí a ordú. Dá dtoghfaí iarrthóir nach raibh intofa d’fhéadfaí, ar ndóigh, é a chur as a shuíochán faoin gnáth-nós imeachta.


24. Ní thugtar sa tuarascáil seo moltaí an Chomhchoiste faoi cháilíochtaí, dícháilíochtaí agus éagumais maidir le comhaltas Thithe an Oireachtais—tá siad sin le breithniú fós ag an gCoiste. B’fhéidir, mar sin, nach mbeadh sé inmholta ag an gcéim seo na forálacha sin a leagan amach sa pháipéar ainmniúcháin.


25. I dteannta na leasuithe ar fhoirm an pháipéir ainmniúcháin is gá chun feidhm a thabhairt don Mhírcheann seo, beidh gá le tuilleadh leasuithe mar gheall ar thogra an Chomhchoiste i mír 17 chun deireadh a chur le hainmnitheoirí, cuiditheoirí agus aontaitheoirí le hainmniúcháin.


26. Toisc gur dócha go mbeidh gá leis na leasuithe sin san am atá le teacht, measann an Comhchoiste nach ceart foirm an pháipéir ainmniúcháin a leagan síos le reacht, agus molann sé go nglacfaí cumhacht lena hordú, le hordú. Measann an Coiste, ar aon nós, gur ar éigin má tá an fhoirm tábhachtach go leor chun go dtabharfaí aitheantas reachtúil go sonrach di.


27. Faoi réir na moltaí sin molann an Comhchoiste an Mírcheann seo.


Tuairise an Iarrthóra.

An Togra : Riail 4 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, a aisghairm agus a athachtú i dtreo go mbeidh foráil inti go gcuirfidh an ceann comhairimh i gcoinne tuairisc iarrthóra ar pháipéar ainmniúcháin


(a) má nochtar go díreach inti a thuairimí nó a ghníomhaíochtaí polaitíochta, nó


(b) más dóigh leis an gceann cómhairimh go bhfuil sí ró-fhada.


I gcás agóide den sórt sin ó cheann comhairimh, cuirfidh sé a agóid in iúl i dtosach an dá uair a chloig a bheidh ceaptha chun ainmniúchán a ghlacadh ar an lá deireanach dóibh nó, i gcás páipéir a shínfear isteach i gcaitheamh na tréimhse sin, a luaithe is féidir tar éis é a fháil, agus ceadóidh sé don iarrthóir nó dá ionadaí an tuairisc a leasú am ar bith i gcaitheamh na tréimhse sin, agus leasófar an tuairisc amhlaidh déanfaidh an ceann comhairimh, díreach tar éis an tréimhse sin a bheith caite, an tuairisc a leasú nó a scriosadh, ach amháin ainmneacha agus áit chónaithe an iarrthóra, de réir mar is cuí leis, tar éis dó chomhairle a ghlacadh leis an iarrthóir nó lena ionadaí, má bhíonn ceachtar acu láithreach san am sin.


Nóta faoin Togra


Foráiltear le riail 4 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, go n-áireofar sa tuairisc ar iarrthóir ina pháipéar ainmniúcháin, a ainmneacha, a áit chónaithe, agus a chéim, a ghairm bheatha nó a shlí bheatha. Ní foláir an tuairisc ar iarrthóir sa pháipéar ballóide a bheith ar aon dul leis an tuairisc a tugadh sa pháipéar ainmniúcháin. Tá sé ina nós go dtí seo gan a thaispeáint sna páipéir ainmniúcháin cad é an páirtí polaitíochta lena mbaineann an t-iarrthóir, ach níl údarás sonrach ar bith ann faoi láthair chun cur i gcoinne tuairisc ina nochtar tuairimí polaitíochta an iarrthóra. Tá sé beartaithe socrú a dhéanamh faoina bhféadfadh an t-iarrthóir féin, nó a ionadaí (is é sin, gníomhaire, ainmnitheoir nó cuiditheoir an iarrthóra) nó, dá éagmais sin, an ceann comhairimh, leasú a dhéanamh ar pháipéir ainmniúcháin a nochtann go díreach polaitíocht an iarrthóra.


Is inlochtaithe tuairisc an-fhada toisc go dtarraingíonn sé an iomad umhaile ar an iarrthóir. Tá sé beartaithe socrú a dhéanamh chun a leithéid sin de thuairisc a leasú freisin.


28. Aontaíonn an Comhchoiste gur ceart go gcuirfí de dhualgas ar an gceann comhairimh cur i gcoinne tuairiscí ar iarrthóirí má tá siad ró-fhada. Má ghlactar leis na tograí i mír 22, beidh ar an gceann comhairimh a chinneadh a thabhairt ar bhailíocht páipéir ainmniúcháin, tar éis é a shíneadh isteach. Is gá an dara mír den Mhírcheann seo a mhodhnú dá réir sin.


29. Molann an Comhchoiste gur ceart go mbeadh iarrthóir i dteideal ainm an dreama polaitíochta ar díobh é a chur isteach sa pháipéar ainmniúcháin agus sa pháipéar ballóide agus go bhféadfadh iarrthóir an abairt “Neamhspleách” a úsáid gan a thuilleadh foirmiúlachta. Tá an cheist á breithniú ag an gCoiste agus cuirfidh sé ar fáil go luath a mholadh maidir le feidhm a thabhairt dó.*


Páipéir Bhallóide.

An Togra : Foirm nua pháipéar ballóide a ordú le haghaidh toghchán Dála a dhéanfadh an gnó d’olltoghcháin agus do chorrthoghcháin, agus a mbeidh na mírchinn i nGaeilge agus i mBéarla ann; foirmeacha Uimh. 6 agus 7 i gCuid III a aisgharm agus riail 20 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, arna leasú le halt 6 den Acht Timpeall Toghchán (Leasú), 1927, a leasú.


Nóta faoin Togra


Beartaíonn an Mírcheann seo athrú a dhéanamh ar fhoirm an pháipéir ballóide chun a áirithiú go mbeidh na mírchinn i nGaeilge agus i mBéarla. Dhiultaigh cinn chomhairimh páipéar ballóide a chló sa dá theanga ar an ábhar nach n-ordaítear foirm pháipéar ballóide den sórt sin do thoghcháin Dála. In Acht Toghchán an Uachtaráin, 1937, tá na mirchinn sa dá theanga oifigiúla ar fhoirm an pháipéir ballóide. Tá sé beartaithe, freisin, na samplaí a athrú chun a thaispeáint conas is ceart ainmneacha Gaeilge agus Béarla a chur san aon liosta de réir na haibítre. (Ní foláir ainm, seoladh, agus tuairisc an iarrthóra a thabhairt sa pháipéar ballóide san fhoirm agus sa teanga chéanna leo sin a úsáideadh ina pháipéar ainmniúcháin). Ordaíodh foirm speisialta san Acht Timpeall Toghchán, 1923, do pháipéar ballóide nach mbeadh ann ach dhá ainm. Níl gá leis sin agus táthar chun é a aisghairm.


30. Molann an Comhchoiste an togra seo. Molann an Coiste an cló Rómhánach a úsáid do na mírchinn Ghaeilge sa pháipéar ballóide atá beartaithe agus na mírchinn—“Ainmneacha na nIarrthóirí” agus “Names of Candidates” a fhágáil ar lár.


Foirmeacha i dToghcháin.

An Togra: An fógra atá ag bun Foirm Fógra Dáil-Toghcháin (Uimh. 4 i gCuid III den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923) a leasú trí “pionós a fhoráiltear le dlí” a chur in ionad “na bpionóisí a luaitear ina chóir sin” in Acht Coiscthe na gCleachtanna Coirpe, 1854, agus sna hAchtanna a leasaíonn an tAcht san, fé mar a cuireadh iad in oiriúint leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923,nó faoi.”


Nóta faoin Togra


Is rabhadh é an fógra atá i gceist go ndlífear pionóis a chur ar dhaoine a chiontófar i gcleachtais éillitheacha sa toghchán. Is é an tAcht chun Droch-Bhearta Toghcháin a Chosc, 1923, ba cheart a lua san fhógra anois ach i dtreo gur féidir cibé athruithe is gá a dhéanamh san am atá le teacht, tá sé beartaithe gan aon Acht áirithe a lua ach amháin a rá go ndlífear “pionóis a fhoráiltear le dlí” a chur ar dhaoine a chiontófar sna cionta sin.


31. Tá an Comhchoiste tar éis a lua cheana, i mír 26, go mbeadh sé níos oiriúnaí an páipéar ainmniúcháin i dtoghcháin Dála a ordú le hordú ná le reacht. Tá roinnt eile foirmeacha sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, a d’fhéadfaí a chur san áireamh céanna. Is iad seo iad—


Cuid II—Treoracha d’Oifigigh Ceannais i dtaobh Páipéir Bhallóide a Mharcáil de réir Riail 24 de Chuid 1 den Sceideal seo.


Foirm 4.—Foirm Fógra Dáil-Toghcháin.


Foirm 8.—Foirm na dTreoracha chun Treoraithe an Vótálaí le linn Vótála (I gcóir na dtoghchán sin amháin nach bhfuil thar beirt iarrthóir iontu).


Foirm 9.—Foirm na dTreoraithe chun Treoraithe an Vótálaí le linn Vótála (I gcóir na dtoghchán sin amháin nach bhfuil thar beirt iarrthóir iontu) agus


Foirm 10.—Fógra Poiblí ar Thoradh an Toghcháin agus ar Aistriú na Vótaí.


Toisc gur le reacht a ordaítear na foirmeacha sin, is gá reacht a thabhairt isteach chun iad a athrú, fiú sna mionslite atá beartaithe sa Mhírcheann seo d’Fhoirm 4. Níl an oiread sin tábhachta ag baint leis na foirmeacha sin go mbeadh an fhoirmiúlacht sin inmholta agus measann an Coiste gur ceart na foirmeacha sin a ordú le hordú, mar atá molta i gcás na bpáipéar ainmniúcháin, agus gur ceart iad a dhéanamh chomh simplí agus is féidir. Is ceart leanúint, áfach, d’fhoirm na rite agus d’fhoirm an pháipéir ballóide a leagan síos le reacht.


32. Cibé acu a dhéanfar na foirmeacha a ordú le hordú nó nach ndéanfar, caithfear leasú breise a dhéanamh ar Fhoirm 4, má ghlactar leis an togra i mír 17 chun deireadh a chur le tairgtheoirí, cuiditheoirí agus aontaitheoirí le haghaidh na n-ainmniúchán.


33. Tuigtear don Chomhchoiste go gcuirtear sraitheanna ar leith de na foirmeacha, etc., ar fáil i ngach stáisiún vótaíochta le haghaidh toghchán áitiúil. Ní gá don cheann comhairimh ach fios a chur ar an méid beartán is cuí agus iad a imdháil ar na stáisiúin vótaíochta. I dtoghchán Dála, cuireann an ceann comhairimh fios ar sholáthairtí de gach ní ar leith agus is é féin a chaithfidh socrú a dhéanamh na beartáin aonair a dhéanamh suas. Is ualach breise, agus ceann nach bhfuil gá leis, é sin, tráth broide agus fuadair toghcháin, agus comhairlíonn an Coiste gur ceart d’Oifig an tSoláthair glacadh i gcás toghcháin Dála freisin leis an gcleachtas atá á úsáid anois do thoghcháin áitiúla.


D.—COSTAIS A THITFIDH AR IARRTHÓIRÍ I dTOGHCHÁIN DÁLA.

Teorainn le Fostaíocht agus le Costais.

34. Faoi alt 8 den Acht chun Droch-Bhearta Toghcháin a Chosc, 1923, agus an Chéad Sceideal a ghabhann leis, tá teorainn mar leanas leis na costais atá ceadaithe d’iarrthóir agus leis an líon daoine a fhostóidh sé i dtoghchán Dála:—


I. Teorainn le fostaíocht:


(i) aon ghníomhaire toghcháin amháin,


(ii) aon ghníomhaire pearsanaíochta amháin i ngach stáisiún vótaíochta,


(iii) i ndáilcheantar contae—


(a) aon fhoghníomhaire amháin le gníomhú laistigh de gach ceantar vótaíochta ar leith,


(b) cléireach amháin agus teachtaire amháin do sheomra an phríomhchoiste, in aghaidh gach 5,000 nó cuid de 5,000 toghthóir,


(c) cléireach amháin agus teachtaire amháin le haghaidh gach ceantair vótaíochta ar leith, nó i gcás inar mó ná 500 an líon toghthóirí i gceantar vótaíochta, cléireach amháin agus teachtaire amháin in aghaidh gach 500 nó cuid de 500.


(iv) i ndáilcheantar buirge—cléireach amháin agus teachtaire amháin in aghaidh gach 500 nó cuid de 500 toghthóir.


II. Teorainn le costais:


(i) costais phearsanta (ní foláir do ghníomhaire an iarrthóra costais ar bith is mó ná £100 a íoc),


(ii) costais chlódóireachta, fógraíochta, foilsiúcháin, eisiúna agus imdháilte a bhaineann le haithisc agus fógraí,


(iii) costas stáiseanóireachta, teachtaireachtaí, postais agus teileagram,


(iv) an costais a bhaineann le tionól cruinnithe poiblí,


(v) i ndáilcheantar contae, costais seomra príomhchoiste, agus ina theannta sin costais seomra coiste amháin in aghaidh gach ceantair vótaíochta, agus i gcás inar mó ná 500 an líon toghthóirí i gceantar vótaíochta, féadfar aon seomra coiste breise amháin a fhruiliú in aghaidh gach slán-líon 500 toghthóir sa cheantar thar an gcéad 500.


(vi) i ndáilcheantar buirge, costais aon seomra coiste amháin in aghaidh gach slán-líon 500 nó cuid de 500 toghthóir.


(vii) costais a bhaineann le nithe ilghnéitheacha seachas iad sin atá luaite ag (I) agus san fhomhír seo, fad nach ndeachthas fúthu i dtaobh aon ní is cion ann.


35. Ní cead na costais faoina rachfar chun na gcríocha sin a bheith níos mó ná 5d. in aghaidh gach toghthóra i dtoghchán contae agus 4d. in aghaidh gach toghthóra i dtoghchán buirge. Ní áirítear chun críocha na teorann seo an táille don ghníomhaire toghcháin (suas go dtí £75 i gcás toghcháin contae agus suas go dtí £50 i gcás toghcháin buirge) ná costais phearsanta an iarrthóra, suas go dtí £100.


36. Tá foráil in alt 48 den Corrupt and Illegal Practices Prevention Act, 1883, le breis costais a cheadú chun vótálaithe a iompar de mhuir go dtí áit vótaíochta.


37. Tá foráil i gCuid IV den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1923, á ordú, i gcás ina mbeidh comhiarrthóirí i dtoghchán, gurb é uasmhéid na gcostas do gach duine de na comhiarrthóirí an tsuim a fhaightear tríd an uasmhéid d’iarrthóir aonair a mhéadú faoi a haon go leith agus an toradh a roinnt ar an líon comhiarrthóirí.


Íocaíochtaí ag an nGníomhaire Toghcháin.

38. Faoi alt 33 d’Acht 1923, ní cead d’iarrthóir i dtoghchán Dála aon íocaíocht, réamhíocaíocht ná éarlais a thabhairt, mura bhfuil sin ceadaithe go sonrach faoin Acht, i leith aon chostais faoina rachfar “ar son nó i dtaobh stiúradh nó bainistí an toghcháin sin,” ach amháin trína ghníomhaire toghcháin, a cheaptar an lá deireanach chun ainmniúcháin a ghlacadh, nó roimhe sin.


An Tráth le Cuntais a chur ar aghaidh.

39. Laistigh de 35 lá d’éis an lae a dhearbhófar iarrthóir a bheith tofa, ní foláir dá ghníomhaire toghcháin, faoi alt 38 d’Acht 1923, cuntas costas a chur chuig an gceann comhairimh san fhoirm ordaithe. Ní foláir dearbhú san fhoirm ordaithe a rinne an gníomhaire toghcháin os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche nó feidhmeannaigh síochána a bheith in éineacht leis. Ordaíodh na foirmeacha sin le hordú a rinne an tAire Rialtais Aitiúil, an 13ú Meán Fómhair, 1923, agus ní dhearnadh athrú orthu ó shin. Mura gcuirtear na cuntais ar aghaidh roimh dheireadh na tréimhse 35 lá, ní fhéadfaidh an t-iarrthóir suí ná vótáil sa Dáil go dtí go gcuirfear an cuntas ar aghaidh nó go nglacfaidh an Ard-Chúirt nó cúirt toghcháin, faoi alt 39, le leithscéal faoi nár cuireadh ar aghaidh é.


Scrúdú Cuntas ag an bPobal.

40. Faoi alt 40 d’Acht 1923, ceanglaítear ar an gceann comhairimh fógra a fhoilsiú in dhá nuachtán laistigh de 10 lá tar éis an cuntas a fháil i dtaobh an ama agus na háite ina bhféadfar an cuntas agus na dearbhuithe a scrúdú. Caithfidh an ceann comhairimh na cuntais agus na dearbhuithe sin a choimeád go ceann dhá bhliain agus féadfar iad a scrúdú ach táille ls. a íoc. Ní foláir cóipeanna a chur ar fáil arna n-éileamh ar 2d. in aghaidh gach 72 focal.


An Bunús atá leis an Teorainn.

41. Dealraíonn sé gurb é an bunús atá leis an dlí a chuireann teorainn le caiteachais iarrthóra i dToghchán Dála ná—


(i) nach bhfuil i dtoghchán ach cnuasach feachtas i ndáilcheantar, agus


(ii) nach mbaineann an caiteachas iomchuí ina leith ach le roinnt seachtainí roimh an lá vótaíochta.


Ní dhéanann an dlí iarracht ar bith ar theorainn a chur leis an gcostas faoina rachaidh páirtithe polaitíochta ar leibhéal náisiúnta, nó eagrais atá comhcheangailte leis na páirtithe sin, ná ní dhealraíonn sé go bhfuil teorainn ar bith le costas roimh an bhfeachtas.


An Moladh.

42. San 19ú aois is ea a smaoiníodh ar dtús ar theorainn a chur leis an gcostas faoin a rachadh iarrthóir i dtoghchán parlaiminte. Níl bailíocht a thuilleadh leis an mbunús atá leis an teorannú sin. Leis an méadú atá tagtha ar an litearthacht agus ar na hollghléasanna cumarsáide ní fíor a thuilleadh a rá nach bhfuil i dtoghchán ach sraith d’fheachtais leithleacha i ndáilcheantair ná go mbraitheann rath aon pháirtí, an oiread a chuirtear i gcéill leis an teorainn ar chaiteachas, ar a dtarlaíonn sa chúpla seachtain roimh an lá vótaíochta agus an tráth a dtagann na teorainneacha i bhfeidhm. Chomh fada agus is féidir leis an gCoiste a dhéanamh amach tá an teorannú neamhéifeachtúil, a bheag nó a mhór, sa chuid is mó de na tíortha a bhfuil feidhm leis fós. I roinnt tíortha, go háirithe an Danmhairg, an Ollainn agus an tSualainn, níl teorainn ar bith i bhfeidhm. Ní mar a chéile an córas vótála atá sna tíortha sin agus sa tír seo ach ní bhaineann sin ó bhailíocht na n-argóintí go bhfuil na teorainneacha sin ó fheidhm agus gan tairbhe ar bith iontu. Is fiú a thabhairt faoi deara nach bhfuil teorainn ar bith curtha le fostaíocht ná le caiteachas in Achtanna Toghchán an Uachtaráin a ritheadh tamall gearr ó shin. Molann an Comhchoiste deireadh a chur leis na teorainneacha sin agus aisghairm a dhéanamh dá réir sin ar na forálacha iomchuí.


E.—MOLTAÍ MAIDIR LE RIARACHÁN.

Clárú Toghthóirí.

43. Molann an Comhchoiste gur cheart déileáil mar ghnó riaracháin leis na nithe seo a leanas a bhaineann le clárú toghthóirí:—


(i) Is ceart a iarraidh ar oifigigh cláraitheachta a chur in iúl do chomhaltaí na Dála agus gach údaráis áitiúil, cad é an t-am agus an áit a dtionólfar cúirteanna athbhreithniúcháin chun éilimh agus agóidí a éisteacht i leith cúrsaí cláraitheachta a bhaineann lena ndáilcheantar nó lena dtoghcheantar agus cóip a chur chucu de liosta na n-agóidí agus na n-éileamh atá le héisteacht.


(ii) Is ceart soláthar d’fhoirmeacha éilimh a cheangal de gach sraith de liostaí toghthóirí a chuirfear chuig gach comhalta den Dáil agus d’údarás áitiúil, mura bhfuil sin déanta cheana. San fhógra maidir leis an gcaoi chun éileamh agus agóidí a dhéanamh is ceart aird a tharraingt ar na foirmeacha agus a rá freisin, gur ceart, má bhíonn deacracht ag baint lena gcomhlánú, nóta beag a chur chuig an oifigeach cláraitheachta (is ceart a sheoladh sin a thabhairt) ag iarraidh clárú. Is ceart gach fógra foirmiúil a dhéanamh chomh simplí agus is féidir.


(iii) Is ceart do gach oifigeach cláraitheachta féachaint chuige nach gcoimeádfar seanliostaí ar taispeáint i bpost-oifigí, etc., ina limistéar nuair is iad na liostaí reatha ba cheart a bheith curtha suas lena scrúdú.


(iv) Is ceart don Roinn Rialtais Áitiúil socrú a dhéanamh le fógra caighdeánach i bhfocail shimplí a thabhairt do gach oifigeach cláraitheachta lena thaispeáint go feiceálach in áiteanna (lena n-áirítear bothanna teileafóin i bpost-oifigí) mar a mbíonn liostaí na dtoghthóirí ar fáil lena scrúdú ag an bpobal, á chur in iúl go bhfuil na liostaí toghthóirí sin ar taispeáint, agus is ceart don Roinn sin freisin comhoibriú a iarraidh ar an Aire Poist agus Telegrafa le poiblíocht a chur ar fáil sna háitribh atá faoina urlámhas.


(v) Is ceart an phoiblíocht raidió a shocróidh an Roinn Rialtais Aitiúil a chraoladh, más féidir é, le linn tráthanna barréisteachta, go háirithe, go déanach oícheanta Domhnaigh chomh maith leis na gnáththráthanna. Fad a bheidh na liostaí ar fáil lena scrúdú, is ceart fógraí gearra a dhéanamh uair amháin ar a laghad sa tseachtain á iarraidh ar dhaoine na liostaí a scrúdú.


(vi) Is ceart na foirmeacha éilimh a ordaítear leis an Ordú Toghcháin, 1946 (Foirmeacha E.A.7 agus E.A.8) a shimpliú agus iad a leagan amach ar shlí gur féidir iad a chur chuig na hoifigigh cláraitheachta saor ar an bpost. Is ceart an fhoirm Éilimh ag Duine thar Ceann Duine Eile (E.A.8) a leagan amach ar shlí gur féidir an t-aon fhoirm amháin a úsáid chun éilimh a dhéanamh thar ceann líon daoine. Ba cheart freisin, féachaint an bhféadfaí na foirmeacha a chónascadh le chéile.


(vii) Chun go ndéanfaí an obair chláraitheachta níos cruinne is ceart an difríocht sa táille a íoctar le bailitheoirí rátaí faoin Scála Costas Cláraitheachta, 1952, “más deimhin leis an oifigeach cláraitheachta gur cóir é mar gheall ar an modh ar a ndearna an duine na dualgais sin,” a mhéadú thar an ráta atá ann faoi láthair, is é sin, 4d. do bhailitheoirí rátaí uirbeacha agus 5d. do bhailitheoirí rátaí tuaithe.


(viii) Is ceart a mheabhrú go speisialta d’oifigigh chláraitheachta gur gá liostaí na dtoghthóirí agus an clár a sheiceáil sna profaí.


(ix) Ar thaobh amháin den duilleog is ceart gach cóip den chlár a chló.


(x) Is ceart cóip cheangailte den chlár a chur ar fáil d’aon duine a thabharfaidh fógra don oifigeach cláraitheachta go dteastaíonn sí uaidh agus go bhfuil sé sásta íoc as costas breise an cheangail.


(xi) Is ceart na codanna den chlár a bhaineann le ceantar vótaíochta amháin a cheangal le chéile le bioráin nó le fáiscíní más rud é nach leis an aon aonad amháin cláraitheachta a bhaineann siad.


(Sínithe) A. A. Ó hÉALUIGHTHE,


Cathaoirleach.


15 Márta, 1961.


* Feic an Tríú Tuarascáil Eatramhach (T. 179 : Pr. 5991).