Committee Reports::Joint Committee on Interim, 2nd Interim, 3rd Interim and Final Reports - Electoral Law ::17 August, 1960::Report

TUARASCÁIL EATRAMHACH

1. Tá dul chun cinn déanta ag an gComhchoiste sna cúrsaí a cuireadh faoina bhráid agus d’aontaigh sé leis an Tuarascáil eatramhach seo a leanas.


2. Cuireadh faoi bhráid an Chomhchoiste scéim ghinearálta (le nótaí míniúcháin ar gach ceann de na tograí inti) le haghaidh Bille Toghcháin (Leasú), ón Aire Rialtais Áitiúil, a raibh an ráiteas seo a leanas mar réamhrá léi:—


“Dúirt an tAire Rialtais Áitiúil sa Dáil agus sa Seanad nach gá gurb ionann na tograí atá sa scéim ghinearálta seo, agus tuairimí an Rialtais. Is mian leis a chur in iúl go mbaineann sin go háirithe le Cuid III den scéim. Níl de chuspóir leis an gCuid sin ach an dlí a chódú agus na forálacha a dhéanamh inoibrithe atá ann faoi láthair i dtaobh intofacht daoine ina gcomhaltaí de Thithe an Oireachtais.”


3. (a) Tá forálacha sa scéim a bhaineann le clárú toghthóirí agus ar dóigh leis an gComhchoiste gur ceart, más féidir é, iad a achtú, faoi réir mholtaí an Chomhchoiste, in am lena gcorprú i gclár na dtoghthóirí a thiocfaidh i bhfeidhm an 15 Aibreán, 1961. Tá na tograí a luaitear sa mhír seo, agus moltaí an Chomhchoiste ina dtaobh, leagtha amach sna míreanna ina dhiaidh seo den Tuarascáil seo faoi na mírchinn seo a leanas:—


(i) Athghairm an toirmisc ar Ghardaí a chlárú mar thoghthóirí Dála (feic mír 4 anseo thíos),


(ii) Clárú comhaltaí den Gharda Síochána mar phostvótálaithe (feic míreanna 5 go 7 anseo thíos),


(iii) Clárú comhaltaí d’Óglaigh na hÉireann mar thoghthóirí (feic míreanna 8 go 11 anseo thíos).


(iv) Ord na n-ainmneacha i liosta na bpost-vótálaithe (feic mír 12 anseo thíos), agus


(v) Áireamh aois toghthóra (feic mír 13 anseo thíos).


(b) Tá togra sa scéim freisin a bhaineann le vótáil ag toghthóirí atá dall agus ag toghthóirí atá éagumasach. Is é tuairim an Chomhchoiste, faoi réir an mholta atá déanta aige, gur ceart an togra sin a reachtú go luath. Tá an togra agus an moladh leagtha amach i mír 14 anseo thíos.


I. ATHGHAIRM AN TOIRMISC AR CHLÁRÚ GARDAÍ MAR THOGHTHÓIRÍ DÁLA.

An Togra: Alt 5 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, a athghairm.


Nóta faoin Togra


Forálann alt 5 nach bhféadfar aon bhall ar lán-tuarastal d’aon fhórsa póílíneachta a chlárú mar thoghthóir Dála ná nach bhféadfaidh a leithéid vótáil in aon toghchán Dála. Tá an tAire tar éis gealltanas a thabhairt go dtabharfar vóta i dtoghcháin Dála do chomhaltaí den Gharda Síochána. Leanfaidh sin as athghairm an ailt sin. Má thugtar ceart vótála dóibh i dtoghcháin Dála bhéarfaidh sin go mbeidh ceart vótála acu freisin i dtoghcháin Uachtaráin, agus i reifrinn. Tá ceart vótála ag Gardaí cheana féin i dtoghcháin áitiúla.


4. Molann an Comhchoiste go nglacfar leis an togra seo.


II. CLÁRÚ COMHALTAÍ DEN GHARDA SÍOCHÁNA MAR PHOST-VÓTÁLAITHE.

An Togra: A fhoráil go bhféadfar comhaltaí den Gharda Síochána a chlárú mar phost-vótálaithe le haghaidh toghcháin Dála.


Nóta faoin Togra


Foráiltear faoin Mírcheann seo go bhféadfar comhaltaí den Gharda Síochána a chlárú mar phost-vótálaithe le haghaidh toghcháin Dála ar an gcuma chéanna ina gcláraítear comhaltaí d’Óglaigh na hÉireann. Tá an fhoráil seo inmhianaithe mar gheall ar dhualgais an Gharda Síochána le linn toghchán.


5. Is léir don Chomhchoiste gur rud contúirteach é na saoráidí le haghaidh post-vótála a leathnú go ró-mhór mar gur fusa míúsáid a bhaint astu ná mar is féidir i gcás vótála i bpearsain. Is dóigh leis, áfach, go bhfuil gá leis an leathnú atá beartaithe agus gur féidir é a oibriú, gan chontúirt mhíchuí, ar an gcuma chéanna ina n-oibrítear an scéim post-vótála do chomhaltaí d’Óglaigh na hÉireann.


Dá réir sin molann an Comhchoiste an togra, faoi réir an mhodhnaithe gur ceart comhaltaí den Gharda Síochána a chlárú mar phost-vótálaithe gan a bheith de rogha acu a gclárú chun vótáil i bpearsain.


6. Sna toghcháin áitiúla féadfaidh an ceann comhairimh, faoin Ordú um Thoghcháin Áitiúla (Leasú) (Uimh. 2), 1955, a údárú do chomhalta den Gharda Síochána, a gcoisceann dualgais a bhaineann leis an toghchán é ó vótáil sa stáisiún vótála a ceapadh dó, vótáil i stáisiún vótála eile sa toghlimistéar céanna. Níl aon fhoráil dá samhail sin ann i gcás an Gharda Síochána a gcoisceann dualgais oifigiúla nach mbaineann le toghchán é ó vótáil. Má thugtar saoráidí post-vótála do chomhaltaí den Gharda Síochána i dtoghcháin Dála is bealach oiriúnach é sin chun a chur ar chumas gach Garda vótáil ar an gcuma chéanna, gan cheataí, i dtoghcháin áitiúla.


Dá réir sin, molann an Chomhchoiste go gclárófaí comhaltaí den Gharda Síochána mar phost-vótálaithe i dtoghcháin áitiúla freisin, gan a bheith de rogha acu a gclárú chun vótáil i bpearsain.


7. Faoi na tograí sin, dhéanfaí comhalta den Gharda Síochána a chlárú chun vótáil mar phost-vótálaí i dtoghcháin Dála agus i dtoghcháin áitiúla sa limistéar ina bhfuil gnáthchónaí air.


III. CLÁRÚ COMHALTAÍ d’ÓGLAIGH NA hÉIREANN MAR THOGHTHÓIRÍ.

An Togra: Fo-ailt (6) agus (7) d’alt 1 agus fo-alt (1) d’alt 21 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, agus alt 302 den Acht Cosanta, 1954, a athghairm, agus a fhoráil mar a leanas:


(1) Déanfar gach comhalta lánaimsire d’Óglaigh na hÉireann a thaifeadadh, más mian leis é, ar liosta na bpost-vótálaithe don dáilcheantar a mbeidh sé cláraithe dó.


(2) Déanfar comhalta lánaimsire d’Óglaigh na hÉireann a chlárú don dáilcheantar a ndeir sé go mbeadh sé ina ghnáthchónaí ann mura mbeadh a sheirbhís.


(3) Mura ndéarfaidh comhalta lánaimsire d’Óglaigh na hÉireann a chónaíonn in aon bheairic nó foirgneamh nó áit eile is leis an Stát nó a sholáthraigh an Stát cad é an dáilcheantar a mbeadh sé ina ghnáthchónaí ann mura mbeadh a sheirbhís, áireofar é mar dhuine a bhfuil ghnáthchónaí air sa bheairic, san fhoirgneamh nó san áit sin.


(4) Míniú mar a leanas a thabhairt ar chomhalta lánaimsire d’Óglaigh na hÉireann


(i) comhalta de na Buan-Óglaigh, nó


(ii) oifigeach de na hÓglaigh cúltaca atá ar fostú go leanúnach ar dualgas nó seirbhís mhíleata i gcaitheamh tréimhse ina bhfuil forógra i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-seirbhís nó i gcaitheamh tréimhse ina bhfuil cúltacairí gairthe amach ar buan-seirbhís faoi alt 88 den Acht Cosanta, 1954,


(iii) cúltacaire atá gairthe amach ar buan-seirbhís.


Nóta faoin Togra


Forálann fo-ailt (6) agus (7) d’alt 1 nach ndéanfar comhalta d’Óglaigh na hÉireann ar lán-phá a chónaíonn i mbeairic a chlárú ansin ach go gclárófar é sa dáilcheantar ina mbeadh gnáthchónaí air ar an dáta cáilitheach, mura mbeadh a sheirbhís. I gcás saighdiúir a bheith ag fónamh le roinnt blianta d’fhéadfadh sé gur beag ar fad an bhaint a bheadh aige lena dháilcheantar dúchais agus i gcás é a bheith lonnaithe i gcearthrúna do lucht pósta (agus gach duine fásta dá theaghlach atá in aontíos leis cláraithe ansin), ní luíonn sé le céill go dtabharfaí air clárú i ndáilcheantar “barúlach.” Ligfidh an fhoráil sa Mhírcheann seo dó clárú ina dháilcheantar dúchais nó i ndáilcheantar a bheairice.


Beartaítear le mír (1) den Mhírcheann seo go n-athachtófaí fo-alt (1) d’alt 21, a ghabhann leis na forálacha eile seo faoi chlárú comhaltaí d’Óglaigh na hÉireann mar thoghthóirí. Athlua ar fhorálacha alt 302 den Acht Cosanta, 1954, atá i mír (4).


8. Aontaíonn an Comhchoiste leis na tograí seo, ach na focail “más mian leis é” a bhaint as fomhír (1). Measann an Comhchoiste gur gá an leasú sin chun a dheimhniú nach gcoiscfear comhalta ar bith d’Óglaigh na hÉireann ó vótáil toisc é a bheith as láthair, ar dualgas nó ar chúis eile, ón gceantar inar cláraíodh é. De réir tograí an Chomhchoiste bheadh rogha ag comhalta d’Óglaigh na hÉireann ar a dháilcheantar vótála, ach is postvótáil a chaithfeadh sé a dhéanamh.


9. Féadfaidh comhaltaí d’Óglaigh na hÉireann vótáil i bpearsain i dtoghcháin áitiúla. Ní féidir leo post-vótáil a dhéanamh.


Molann an Comhchoiste go dtabharfaí feidhm i gcás toghchán áitiúil freisin do na forálacha atá molta acu i gcás toghchán Dála maidir le comhaltaí d’Óglaigh na hÉireann a chlárú mar phostvótálaithe.


10. Faoi na forálacha sin dhéanfaí comhaltaí d’Óglaigh na hÉireann agus den Gharda Síochána a chlárú mar phost-vótálaithe i dtoghcháin Dála agus i dtoghcháin áitiúla.


Measann an Comhchoiste go mbeadh sé fóirsteanach vótálaithe atá ina nGardaí a thaispeáint sa chlár le comhartha atá neamhionann leis an gcomhartha a úsáidtear faoi láthair chun vótálaithe atá ina gcomhaltaí d’Óglaigh na hÉireann a thaispeáint. Taispeántar na comhaltaí deiridh sin sa chlár leis an litir “(a)”.


11. Faoi alt 21 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, ceanglaítear ar an gceann comhairimh, i dtoghchán Dála, dearbhú céannachta a chur go dtí gach post-vótálaí i dteannta pháipéar ballóide an vótálaí sin. Má chuirtear an páipéar ballóide ar ais go dtí an ceann comhairimh, agus an dearbhú comhlánaithe ina theannta, roimh chríochnú na vótaíochta, comhairítear é leis na páipéir bhallóide eile.


Measann an Comhchoiste nach bhfuil aon tairbhe fiúntach sa dearbhú céannachta sin agus gur ceart deireadh a chur leis. Ba leor a iarraidh ar an bpost-vótálaí chun a gcuirtear an páipéar ballóide admháil a shíniú á rá go bhfuair sé é.


IV. ORD NA nAINMNEACHA AR LIOSTA NA bPOST-VÓTÁLAITHE.

An Togra: A fhoráil go ndéanfar na hainmneacha ar liosta na bpost-vótálaithe a leagan amach i cibé ord a ordóidh an tAire, agus riail 16 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, a leasú dá réir.


Nóta faoin Togra


Faoi riail 16, ní foláir na hainmneacha ar liosta na bpost-vótálaithe a chur san ord ina bhfuil siad sa chlár. Teastaíonn ó údaráis an Airm liosta post-vótálaithe a mbeadh na hainmneacha leagtha amach in ord aibítre ann, mar chuirfeadh sin ar a gcumas na páipéir vótála a chur amach go luathlámhach. Tá sé beartaithe cumhacht a thabhairt don Aire a shocrú cad é an t-ord ina leagfaí amach na hainmneacha ar liosta na bpost-vótálaithe.


12. Aontaíonn an Comhchoiste leis an togra sin.


V. ÁIREAMH AOIS TOGHTHÓRA.

An Togra: A fhoráil, chun clár na dtoghthóirí a ullmhú, go measfar gurb é is aois do dhuine an aois a bheidh aige ar an 15 Aibreán i ndiaidh an dáta cháilithigh (15 Meán Fómhair) agus a fhoráil freisin gur tréimhse sé mhí dar críoch an dáta cáilitheach is tréimhse cháilitheach chun críocha an Representation of the People Act, 1918.


Nóta faoin Togra


Is é an cuspóir atá leis an Mírcheann seo, a thabhairt go n-áireofar aois toghthóra de réir an dáta a thagann clár na dtoghthóirí i bhfeidhm de ghnáth (15 Aibreán) in ionad an dáta cháilithigh (15 Meán Fómhair), atá seacht mí níos luaithe faoi láthair.


Maidir le toghthóirí Dála, forálann Airteagal 16.1.2° den Bhunreacht go bhfuil ceart vótála i dtoghchán comhaltaí do Dháil Éireann ag gach saoránach ag a bhfuil 21 bliain slán, faoi réir coinníollacha áirithe. Forálann alt 7 den Acht Timpeall Toghchán, 1923 (mar a cuireadh isteach é le halt 3 den Acht Toghcháin (Dáil Éireann agus Údaráis Áitiúla), 1945) gur tuigthe gurb é is aois do dhuine an aois a bhí aige an 15 Meán Fómhair, is é sin, an dáta cáilitheach. Ciallaíonn sin nach bhféadfaí duine a shlánaigh 21 bliain d’aois ar an 16 Meán Fómhair, 1959, abair, a chlárú go dtí an 15 Aibreán, 1961, tráth a mbeadh sé os cionn 22½ bhliain d’aois.


Is é an cás céanna é mórán ag toghthóirí rialtais áitiúil. Cláraít ear a bhformhór faoi alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil (Reacht-Shaoirse a Leathnú), 1935, a thug ceart vótála i dtoghcháin rialtais áitiúil do shaoránaigh a bhí ina ngnáthchónaí i dtoghlimistéar rialtais áitiúil agus a raibh 21 bhliain d’aois slán acu ar an dáta i áilitheach.


Tá aicme is lú ná sin ann de thoghthóirí rialtais áitiúil ar a n-áirítear daoine lánaoise a bhí cáilithe faoin Representation of the People Act, 1918, de bhua iad a bheith ag áitiú áitribh ar feadh “tréimhse cáilithí” sé mhí. Ó 1924 go 1944 chríochnaigh an tréimhse sin ar an 15 Samhain, an dáta cáilitheach chun toghthóirí Dála a chlárú sna blianta sin. I 1945 athraíodh an dáta cáilitheach do thoghthóirí Dála go dtí an 15 Meán Fómhair ach ní dhearnadh athrú dá réir sa mhíniú ar an tréimhse cháilitheach do na toghthóirí faoi Acht 1918. Beartaítear sa togra an lúb ar lár sin a cheartú agus san am céanna a fhoráil go ndéanfar aois toghthóra faoi Acht 1918 a áireamh ar an modh atá beartaithe do na haicmí eile toghthóirí.


Thabharfadh an togra athghairm ar alt 3 den Acht chun Toghthóirí Rialtais Áitiúil a Chlárú, 1924, agus ar alt 3 den Acht Toghcháin (Dáil Éireann agus Údaráis Áitiúla), 1945, agus leasú ar alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil (Reacht-Shaoirse a Leathnú), 1935.


13. Tá a fhios ag an gComhchoiste go mb’fhéidir go mbeadh sé deacair an togra seo a chur i gcrích i gcás an chláir a thiocfaidh i bhfeidhm an 15 Aibreán, 1961. Mar sin féin measann sé gur togra é ba chóir a chur i gcrích i gcás an chláir sin, má tá sin indéanta, agus mura bhfuil gur ceart é a chur i gcrích chomh luath agus is féidir é ina dhiaidh sin.


VI. VÓTÁIL AG TOGHTHÓIRÍ DALLA AGUS AG TOGHTHÓIRÍ ÉAGUMASACHA.

An Togra: A fhoráil


(a) má chinntíonn toghthóir i dtoghchán Dála don oifigeach ceannais i stáisiún vótaíochta go bhfuil mallachar radhairc nó éagumas eile coirp air sa tslí nach féidir leis vótáil gan chabhair, go bhféadfaidh comrádaí dó a pháipéar ballóide a mharcáil, más mian leis é, in ionad a bheith air vótáil sa tslí a ordaítear i riail 24 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923;


(b) nach bhféadfaidh duine ar bith gníomhú mar chomrádaí níos mó ná dhá uair in aon toghchán áirithe, agus clásal pionóis a fhoráil;


(c) go bhféadfaidh an t-oifigeach ceannais aon duine atá chun vótáil le cúnamh ó chomhrádaí a chur faoi mhionn á dhearbhú go bhfuil mallachar radhairc nó éagumas coirp air sa tslí nach féidir leis vótáil gan chabhair.


Nóta faoin Togra


Is é is cuspóir don Mhírcheann seo a fhoráil go bhféadfaidh toghthóir a chinnteoidh don oifigeach ceannais go bhfuil mallachar radhairc nó éagumas eile coirp air sa tslí nach féidir leis vótáil gan chabhair:—


(a) glacadh leis an nósimeachta atá ann faoi láthair, is é sin, go marcálfadh an t-oifigeach ceannais an páipéar ballóide i láthair gníomhairí na n-iarrthóirí, nó


(b) comrádaí a bheith leis chun a pháipéar ballóide a mharcáil (ní gá gur gaol an comrádaí ná gur duine é atá i dteideal vótáil sa toghchán).


Tá beartaithe a fhoráil freisin nach féidir le duine ar bith gníomhú mar chomrádaí níos mó ná dhá uair in aon toghchán áirithe agus a údarú don oifigeach ceannais in aon chás amhrais a cheangal ar an duine a deir gur dall é nó go bhfuil éagumas eile coirp air mionn nó dearbhasc a dhéanamh á dhearbhú sin sula ligfear dó a pháipéar a chur á mharcáil ag comrádaí.


14. Molann an Comhchoiste go nglacfar leis an togra sin faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:—


(i) go bhféadfaidh gníomhaire d’iarrthóir a cheangal ar an oifigeach ceannais cur in aghaidh an vótálaí nó a chomrádaí agus seasamh air go nglacfar mionn;


(ii) nach bhféadfaidh comrádaí gníomhú ach d’aon duine amháin;


(iii) nach bhféadfaidh comrádaí bheith ina iarrthóir ná ina ghníomhaire d’iarrthóir; agus


(iv) go gcaithfidh comrádaí dearbhú rúndachta a dhéanamh.


(Sínithe) A. Ó hÉALUIGHTHE,


Cathaoirleach.


17 Lúnasa, 1960.