Committee Reports::Joint Committee on Interim, 2nd Interim, 3rd Interim and Final Reports - Electoral Law ::08 June, 1960::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE

Dé Céadaoin, 8 Meitheamh, 1960.

Wednesday, 8th June, 1960.

1. Chruinnigh an Comhchoiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo leanas i láthair:—


Na Teachtaí Booth, Ó Braoin, Seán de Brún, Mac Cosgair, Ó hÉaluighthe, Mac Seoin, Ó Ceit, Loughman, Mac Coilín, Ó Maoldhomhnaigh, Ó Máille agus Suatman, na Seanadóirí Ó Líonacháin, Stráinse, Ó Murchadha, O Maoláin, Ó Coigligh agus Ó Riain.


3. Cathaoirleach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Ó Braoin):


“That Deputy Healy be Chairman of the Joint Committee.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Ó hÉaluighthe i gceannas dá réir sin.


4. Oifigigh Roinne a Bheith i Láthair.


Ordaíodh: Go gceadófar do na hoifigigh sin don Roinn Rialtais Áitiúil a bheidh ag teastáil a bheith i láthair ag cruinnithe den Chomhchoiste.


5. Tuairisc ar Dhíospóireachtaí.


Ordaíodh: Nach ndéanfar díospóireachtaí an Chomhchoiste a thuairisciú go hoifigiúil.


6. Uiríolla ó Chomhlachtaí Lasmuigh.


Chinn an Comhchoiste an cheist i dtaobh uiríolla a lorg ó chomhlachtaí lasmuigh a chur ar athlá.


7. Rinne an Comhchoiste breithniú.


8. Athlá.


Chuaigh an Comhchoiste ar athló ar 5 p.m. go dtí 4.30 p.m. Dé Céadaoin, 6 Iúil, 1960.