Committee Reports::Report No. 03 - Statutory Instruments [15]::26 July, 1961::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 26 Iúil, 1961.

Wednesday, 26th July, 1961.

1. Chruinnigh an Coiste ar 5 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Artúir agus Mac Giolla Chomhghaill.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Ranna isteach de réir Orduithe an 7 Nollaig 1960 agus an 26 Aibreán, 1961, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird spoisialta Sheanad Éireann a dhiriú ar na h-ionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin Leasaithe Orduithe Poist (Intíre) (Uimh. 7), 1960 [I.R. Uimh. 50 de 1960].


Na Rialacháin Leasuithe Orduithe Airgid (Uimh. 16), 1960 [I.R. Uimh. 49 de 1960].


(ii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (iii) den Ordú Tagartha:—


Na Rialacháin um Dhugaí (Sábháilteacht, Sláinte agus Leas), 1960 [I.R. Uimh. 279 de 1960].


(iii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na hionstraimí seo a leanas ar fhoras (v) den Ordú Tagartha:—


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar atá le Glanadh) (Srianta Speisialta), 1960 [I.R. Uimh. 178 de 1960].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Srian le Gluaiseacht), 1960 [I.R. Uimh. 179 de 1960].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Díolacháin Phoiblí Bólachta a Rialú), 1960 [I.R. Uimh. 180 de 1960].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar atá le Glanadh) (Luimneacha), 1960 [I.R. Uimh. 181 de 1960].


Ordú na mBannaí Talún, 1961 [I.R. Uimh. 10 de 1961].


(iv) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (vi) den Ordú Tagartha:—


An tOrdú Ginearálta um Luach Saothair Aturnaetha, 1960 [I.R. Uimh. 165 de 1960].


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.30 p.m.