Committee Reports::Report No. 03 - Statutory Instruments [15]::03 August, 1961::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 3 Lúnasa, 1961.

Thursday, 3rd August, 1961.

1. Chruinnigh an Coiste ar 5 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadoir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Artúir, MacGiolla Chomhghaill, Ó Murchada agus Ó Riain.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Bord na gCon isteach de réir Ordú an 26 Aibreán, 1961, a bhreithniú:—


Beartaíodh: Go ndireofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (iii) den Ordú Tagartha:—


Na Rialacháin um Rás-Rianta Con (Rásaíocht), 1960 [I.R. Uimh. 64 de 1960].


4. Tuarascáil an Choiste


Thug an Cathaoirleach Dréacht-Thuarascáil i láthair agus léadh í mar leanas:—


Aontaíodh míreanna 1 go 13 go huile.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil.


Ordaíodh: An Tuarascáil a thíolacadh do Sheanad Éireann.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.25 p.m.