Committee Reports::Joint Committee on Interim, 2nd Interim, 3rd Interim and Final Reports - Electoral Law ::17 August, 1960::Orders of Reference

DÁIL ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA.

8 Márta, 1960:—Beartaíodh: Go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste ar a mbeidh 15 chomhalta den Dáil agus 7 gcomhalta den Seanad a cheapadh chun breithniú agus moltaí a dhéanamh i dtaobh leasú an dlí a bhaineann leis na nithe seo a leanas—


(a) an toghchóras agus clárú toghthóirí do thoghcháin Dála agus toghcháin áitiúla,


(b) seoladh agus costais toghchán Dála agus caiteachais iarrthóirí sna toghcháin sin, agus


(c) cáilíochtaí agus dícháilíochtaí maidir le comhaltas gach Tí den Oireachtas [An tAire Rialtais Áitiúil].


Ordaíodh: Teachtaireacht a chur chun an tSeanaid á iarraidh air comhthoiliú leis an Rún seo.


29 Márta, 1960:—Teachtaireacht ón Seanad:—Fuarthas an Teachtaireacht seo a leanas ón Seanad:—


Tá Seanad Éireann tar éis an Rún seo a leanas a rith:—


“Go n-aontaíonn Seanad Éireann le Dáil Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Sheanad Éireann an 8ú lá de Mhárta, 1960, go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste ar a mbeidh 15 chomhalta den Dáil agus 7 gcomhalta den Seanad a cheapadh chun breithniú agus moltaí a dhéanamh i dtaobh leasú an dlí a bhaineann leis na nithe seo a leanas—


(a) an toghchóras agus clárú toghthóirí do thoghcháin Dála agus toghcháin áitiúla,


(b) seoladh agus costais toghchán Dála agus caiteachais iarrthóirí sna toghcháin sin, agus


(c) cáilíochtaí agus dícháilíochtaí maidir le comhaltas gach Tí den Oireachtas.


Ordaíodh: Go gceapfar Roghchoiste de 15 chomhalta le comhcheangal le Rogha-Choiste a cheapfaidh Seanad Éireann chun breithniú agus moltaí a dhéanamh i dtaobh leasú an dlí a bhaineann leis na nithe seo a leanas—


(a) an toghchóras agus clárú toghthóirí do thoghcháin Dála agus toghcháin áitiúla,


(b) seoladh agus costais toghchán Dála agus caiteachais iarrthóirí sna toghcháin sin, agus


(c) cáilíochtaí agus dícháilíochtaí maidir le comhaltas gach Tí den Oireachtas;


Gur cúigear an córam;


Gurb é an Coiste Roghnóireachta a ainmneoidh an Coiste [An t Aire Rialtais Áitiúil].


Teachtaireacht le cur chun an tSeanaid á chur sin in iúl dó.


7 Aibreán, 1960:—Comhaltaí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:


Lionel Booth, Dan Breen, Seán Browne, Liam Cosgrave, Augustine A. Healy, Denis F. Jones, Michael Kitt, Frank Loughman, John McQuillan, Daniel J. Moloney, William Norton, Donogh O’Malley, Denis J. O’Sullivan, George E. Russell and Gerard Sweetman.


SEANAD ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA.

23 Márta, 1960:—Léadh Ordú an lae chun an Teachtaireacht seo a leanas ó Dháil Éireann a bhreithniú:—


Tá Dáil Éireann tar éis an Rún seo a leanas a rith agus is mian léi Seanad Éireann a aontú leis:—


“Go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste ar a mbeidh 15 chomhalta den Dáil agus 7 gcomhalta den Seanad a cheapadh chun breithniú agus moltaí a dhéanamh i dtaobh leasú an dlí a bhaineann leis na nithe seo a leanas—


(a) an toghchóras agus clárú toghthóirí do thoghcháin Dála agus toghcháin áitiúla.


(b) seoladh agus costais toghchán Dála agus caiteachais iarrthóirí sna toghcháin sin, agus


(c) cáilíochtaí agus dícháilíochtaí maidir le comhaltas gach Tí den Oireachtas.


Beartaíodh: Go n-aontaíonn Seanad Éireann le Dáil Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Sheanad Éireann an 8ú lá de Mhárta, 1960, go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste ar a mbeidh 15 chomhalta den Dáil agus 7 gcomhalta den Seanad a cheapadh chun breithniú agus moltaí a dhéanamh i dtaobh leasú an dlí a bhaineann leis na nithe seo a leanas—


(a) an toghchóras agus clárú toghthóirí do thoghcháin Dála agus toghcháin áitiúla,


(b) seoladh agus costais toghchán Dála agus caiteachais iarrthóirí sna toghcháin sin, agus


(c) cáilíochtaí agus dícháilíochtaí maidir le comhaltas gach Tí den Oireachtas [An Seanadóir Tomás Ó Maoláin].


Teachtaireacht le cur chun Dáil Éireann á chur sin in iúl di.


6 Aibreán, 1960:—Léadh Ordú an lae chun an Teachtaireacht seo a leanas ó Dháil Éireann a bhreithniú:—


Tá Dáil Éireann tar éis an tOrdú seo a leanas a dhéanamh:—


Go gceapfar Roghchoiste de 15 chomhalta le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Seanad Éireann chun breithniú agus moltaí a dhéanamh i dtaobh leasú an dlí a bhaineann leis na nithe seo a leanas—


(a) an toghchóras agus clárú toghthóirí do thoghcháin Dála agus toghcháin áitiúla,


(b) seoladh agus costais toghchán Dála agus caiteachais iarrthóirí sna toghcháin sin, agus


(c) cáilíochtaí agus dícháilíochtaí maidir le comhaltas gach Tí den Oireachtas;


Gur cúigear an córam;


Gurb é an Coiste Roghnóireachta a ainmneoidh an Coiste.


Ordaíodh: Go gceapfar Roghchoiste de 7 gcomhalta le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Dáil Éireann chun breithniú agus moltaí a dhéanamh dtaobh leasú an dlí a bhaineann leis na nithe seo a leanas—


(a) an toghchóras agus clárú toghthóirí do thoghcháin Dála agus toghcháin áitiúla.


(b) seoladh agus costais toghchán Dála agus caiteachais iarrthóirí sna toghcháin sin, agus


(c) cáilíochtaí agus dícháilíochtaí maidir le comhaltas gach Tí den Oireachtas;


Gur triúr an córam;


Gurb é an Coiste Roghnóireachta a ainmneoidh an Coiste [An Seanadóir Tomás Ó Maoláin].


Teachtaireacht le cur chun Dáil Éireann á chur sin in iúl di.


18 Bealtaine, 1960:—Comhaltaí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:


Seán MacGiolla Chomhghaill, Brian Ó Líonacháin, Gearóid Stráinse, Doiminic Ó Murchadha, Tomás Ó Maoláin, Seán Ó Coigligh agus Eoin Ó Riain.