Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1959 - 1960::24 November, 1960::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 24 Samhain, 1960.

Thursday, 24th November, 1960.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Cosgair (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Seán de Brún, Micheál Mac Cárthaigh, Ó Maoldhomhnaigh, Ó Tuathail agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1959-60.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1959-60. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Iompar agus Cumhacht, Rialtas Áitiúil agus Roinn na Gaeltachta.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh Thekla Beere (Rúnaí, An Roinn Iompair agus Cumhachta), S. Ó Gairbhín (Rúnaí, An Roinn Rialtais Áitiúil), S. Ó Braonáin (Rúnaí, Roinn na Gaeltachta), Máire Ní Chadhla agus S. Mac an Airchinnigh (An Roinn Airgeadais) agus Rúnaí agus Stiúrthóir na hIniúchóireachta.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 11.50 a.m. go dtí 11 a.m., Déardaoin seo chugainn.