Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1959 - 1960::01 December, 1960::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 1 Nollaig, 1960.

Thursday, 1st December, 1960.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Cosgair (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Seán de Brún, Micheál Mac Cárthaigh, Mac Seoin, Ó Maoldhomhnaigh, Ó Tuathail agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1959-60.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1959-60. Críochnaíodh na Cuntais seo a eanas:—An Dánlann Náisiúnta, Oifig an Aire Oideachais, Bunoideachas, Meánoideachas, Ceardoideachas, Eolaíocht agus Ealaín, Scoileanna Ceartúcháin agus Scoileanna Saothair, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, Ollscoileanna agus Coláistí, Tailte, Foraoiseacht, Iascach, Tionscal agus Tráchtáil, Seirbhísí Iompair agus Muirí, Seirbhísí Eitlíochta agus Meitéareolaíochta, An Oifig Chláraitheachta Maoine. Tionscail agus Tráchtála, Cuartaíocht agus Airleacain Iasachtaí Trádála a Aisíoc.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. Mac Riabhaigh (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), T. Ó Raifeartaigh (Rúnaí, An Roinn Oideachais), T. Ó Briain (Rúnaí, An Roinn Tailte), S. Mac Cárthaigh (Rúnaí, An Roinn Tionscail agus Tráchtála), S. Ó Broin, P. MacGuill agus S. Mac an Airchinnigh (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.20 p.m. go dtí 11 a.m., Dé Céadaoin seo chugainn.