Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1959 - 1960::17 November, 1960::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 17 Samhain, 1960.

Thursday, 17th November, 1960.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Cosgair (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Mac Eochagáin, Mac Seoin, Ó Maoldhomhnaigh, Ó Tuathail agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1959-60.


Athcromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1959-60. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Scéimeanna Fostaíochta agus Éigeandála, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh R. Ó hÉigeartuigh (Stiúrthóir, Scéimeanna Fostaíochta agus Éigeandála), H. Mundow (Cathaoirleach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí), C. Ó Broin agus S. Mac Gartoll (An Roinn Airgeadais) agus Rúnaí agus Stiúrthóir na hIniúchóireachta.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.20 p.m. go dtí 11 a.m., Déardaoin seo chugainn.