Committee Reports::Report No. 03 - Statutory Instruments [15]::07 December, 1960::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 7 Nollaig, 1960.

Wednesday, 7th December, 1960.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí l Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Artúir, Mac Giolla Chomhghaill, Ó Murchadha, Ó Síthigh Sceimhealtún agus Ó Riain.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Ranna isteach de réir Orduithe an 2 Nollaig, 1959, agus an 6 Aibreán, 1960, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar an ionstraim seo a leanas:—


An tOrdú fán Acht um Scrúdóireacht Scannán, 1923 (Táillí a Leasú). 1959 [I.R. Uimh. 115 de 1959].


(ii) Beartaíodh: Go ndireofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (iv) den Ordú Tagartha:—


Scéim Aoisliúntas Fhoireann Ghaeltarra Éireann.


4. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an seasca ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Imdháil), 1960.


Na Rialacháin um Árthaí Iascaigh Mhara a Cheadúnú, 1960 [I.R. Uimh. 4 de 1960].


An tOrdú Loingis Cheannaíochta (Coinbhinsiún Sábháltachta) (Tíortha lena mBaineann), 1960 [I.R. Uimh. 10 de 1960].


Na Rialacha Loingis Cheannaíochta (Fearais Tarrthála), 1960 [I.R. Uimh. 29 de 1960].


Na Rialacháin um Líomatáiste an Fheabhail (Duánacht ar an Fhachain agus ar an Ruadh), 1959.


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Innill Iascaireachta a Cheadúnú), 1960.


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Tástáil 14 Lá) (Leasú), 1960 [I.R. Uimh. 27 de 1960].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar atá le Glanadh) (Longfort), 1960 [I.R. Uimh. 55 de 1960].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar atá le Glanadh) (An Iarmhí), 1960 [I.R. Uimh. 56 de 1960].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Srian le Gluaiseacht) (Leasú), 1960 [I.R. Uimh. 57 de 1960].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Forálacha Ginearálta) (Leasú), 1960 [I.R. Uimh. 136 de 1960].


—Lorgaí Iarainn nó Cruach do Scáthanna Fearthainne, 1960 [I.R. Uimh. 118 de 1960].


Orduithe d’Fhorchur Dleachtanna:—


—Stiall Bhrata Alúmanaim, 1960 [I.R. Uimh. 13 de 1960].


An tOrdú chun Onnmhairí a Rialú, 1960 [I.R. Uimh. 35 de 1960].


An tOrdú chun Onnmhairí a Rialú (Uimh. 2), 1960 [I.R. Uimh. 61 de 1960].


Na Rialacháin um Rialú Iomlaoide (Leasú), 1960 [I.R. Uimh. 62 de 1960].


Na Rialacháin Aerfoirt Neamhchustam (Réim Dlíthe a Leathnú), 1960 [I.R. Uimh. 109 de 1960].


Na Rialacháin Aerfoirt Neamhchustam (Trácht ar Bhóithre) 1960 [I.R. Uimh. 120 de 1960].


An tOrdú um Cheantar Uirbeach na hUaimhe (Teorainn a Athrú), 1960 [I.R. Uimh. 34 de 1960].


Rialacháin Óglaigh na hÉireann:—


—Pá agus Liúntais (Na BuanÓglaigh), R.O.E. S.3—Leasuithe. Leasú Uimh. 180.


—Pá agus Liúntais (Na BuanÓglaigh), R.Ó. É. R.3—Leasuithe. Leasú Uimh. 183.


Scéim Óglaigh na hÉireann (Pinsin) (Leasú), 1960 [I.R. Uimh. 135 de 1960].


An tOrdú Pá Talmhaíochta (Rátaí Íosta), 1960 [I.R. Uimh. 33 de 1960].


An tOrdú fán Ordú Pá Talmhaíochta (Rátaí Íosta), 1959 (Cúlghairm) 1960 [I.R. Uimh. 32 de 1960].


Na Rialacháin fá na Rialacháin um Choistí Talmhaíochta (Tuarastail Oifigeach), 1952 (Leasú), 1960 [I.R. Uimh. 45 de 1960].


Na Rialacháin fá na Rialacháin um Choistí Talmhaíochta (Costais Taistil agus Liúntas agus Costais Chothabhála d’Oifigigh), 1956 (Leasú), 1960 [I.R. Uimh. 149 de 1960].


Na Rialacháin um Thoradh Talmhaíochta (Uibheacha) (Leasú), 1960 [I.R. Uimh. 116 de 1960].


An tOrdú Cruithneachta, 1960 [I.R. Uimh. 148 de 1960].


An tOrdú Caomhanta Éan Géim, 1960 [I.R. Uimh. 146 de 1960].


An tOrdú um an Údarás Craolacháin (Trasnaíocht a Chosc), 1960 [I.R. Uimh. 113 de 1960].


An tOrdú Tobhaigh (Stoic Ime) (Uimh. 1), 1960 [I.R. Uimh. 77 de 1960].


An tOrdú Tobhaigh (Stoic Ime) (Uimh. 2), 1960 [I.R. Uimh. 78 de 1960].


Na Rialacháin Ime Uachtarlainne (Tobhach), 1960 [I.R. Uimh. 76 de 1960].


An tOrdú Bainne (Praghas Mionreaca) (Ceantar Díola Bhaile Átha Cliath), 1960 [I.R. Uimh. 86 de 1960].


An tOrdú um Bord Bainne Cheantar Bhaile Átha Cliath (Praghsanna Íosta ar Bhainne), 1960 [I.R. Uimh. 79 de 1960].


An tOrdú um Bord Bainne Cheantar Chorcaí (Praghsanna Íosta ar Bhainne), 1960 [I.R. Uimh. 80 de 1960].


Na Rialacháin um Paistéaradh (Bainne Deighilte) (Leasú Sealadach), 1960 [I.R. Uimh. 92 de 1960].


Rialacháin an Gharda Síochána (Ceapacháin), 1960 [I.R. Uimh. 38 de 1960].


Rialacháin an Gharda Síochána (Scor), 1960 [I.R. Uimh. 68 de 1960].


An tOrdú um Pá an Gharda Síochána, 1960 [I.R. Uimh. 102 de 1960].


An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (Tréimhse Fhostaíochta), 1960 [I.R. Uimh. 42 de 1960].


An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (An Dara Tréimhse Fostaíochta), 1960 [I.R. Uimh. 110 de 1960].


Na Rialacháin i dtaobh na Rialachán um Plásáin (Daoine Dífhostaithe), 1945 (Leasú), 1960 [I.R. Uimh. 74 de 1960].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Snoíechán Gloine, Gloine Phort Láirge, Teoranta) (Ógánaigh a Mheastar a bheith ina nOibrithe Aosaithe), 1960 [I.R. Uimh. 72 de 1960].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Cóireála) (Leasú), 1960 [I.R. Uimh. 43 de 1960].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Cóireála) (Leasú) (Uimh. 2), 1960 [I.R. Uimh. 126 de 1960].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Ranníocaí) (Leasú), 1960 [I.R. Uimh. 132 de 1960].


An tOrdú Leasa Shóisialaigh (Comhar-Shocraíochtaí leis an mBreatain Mhór), 1960 [I.R. Uimh. 96 de 1960].


An tOrdú um Chúiteamh do Lucht Oibre (Modhnuithe de bhun Comhar-Shocraíochtaí) (An Bhreatain Mhór), 1960 [I.R. Uimh. 97 de 1960].


Na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Treoir-Mharcanna) (Leasú), 1960 [I.R. Uimh. 46 de 1960].


Na Rialacháin um Fheithiclí Beaga Seirbhíse Poiblí (Leasú), 1960 [I.R. Uimh. 117 de 1960].


An tOrdú Feithiclí Bóthair (Clárú agus Ceadúnú) (Leasú), 1960 [I.R. Uimh. 84 de 1960].


Na Rialacháin um na Rialacháin faoin Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Deontais faoi Alt 109), 1939 (Leasú), 1960 [I.R. Uimh. 69 de 1960].


Na Rialacháin um an Scrúdú Cógaisíochta, 1960.


An tOrdú um an Acht Iompair, 1958 (Alt 14 a chur i mbaint le Fostaithe Áirithe le Córas Iompair Éireann) (Uimh. 2), 1960 [I.R. Uimh. 123 de 1960].


An Barántas Leasaithe Teileagraf (Teleagraim Scríofa Intíre) (Uimh. 7), 1960 [I.R. Uimh. 51 de 1960].


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann, meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


Scéim Aoisliúntais Chóras Iompair Éireann (Comhaltaí), 1960.


Na Rialacháin Leasaithe Orduithe Poist (Intíre) (Uimh. 7), 1960 [I.R. Uimh. 50 de 1960].


Na Rialacháin Leasaithe Orduithe Airgid (Uimh. 16), 1960 [I.R. Uimh. 49 de 1960].


Barántas Leasaithe an Phoist Intíre (Uimh. 10), 1960 [I.R. Uimh. 48 de 1960].


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.20 p.m.