Committee Reports::Report No. 03 - Statutory Instruments [15]::06 April, 1960::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 6 Aibreán, 1960.

Wednesday, 6th April, 1960.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.15 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Artúir, Mac Giolla Chomhghaill agus Ó Riain.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Ranna isteach do réir Ordú an 2 Nollaig, 1959, a bhreithniú:—


(i) Aontaíodh: Nár bhain Ordú Tagartha an Choiste leis an ionstraim seo a leanas:—


An tOrdú um Chiste an Gháis (Ranníoc), 1959 [I.R. Uimh. 54 de 1959].


(ii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (iii) den Ordú Tagartha:—


Na Rialacháin Teileafóin, 1959 [I.R. Uimh. 118 de 1959].


(iii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na hionstraimí seo a leanas ar fhoras (vi) den Ordú Tagartha:—


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Ceadúnas a Thabhairt ar Aird), 1959.


An tOrdú um an Ordú Pá Thalmhaíochta (Rátaí Íosta), 1956 (Cúlghairm), 1959 [I.R. Uimh. 19 de 1959].


An tOrdú Pá Thalmhaíochta (Rátaí Íosta), 1959 [I.R. Uimh. 18 de 1959].


4. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis na cúig ionstraim reachtúil is daichead a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


Rialacháin na dTithe (Gaeltacht) (Ginearálta), 1959 [I.R. Uimh. 185 de 1959].


An tOrdú fán Ordú um an Acht Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Onnmhairiú a Rialú), 1947 (Éanlaith Clóis agus Coiníní a Onnmhairiú), 1950 (Leasú), 1959 [I.R. Uimh. 171 de 1959].


An tOrdú um Tháirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Éanlaith Clóis agus Coiníní a Onnmhairiú) (Leasú Sealadach), 1959 [I.R. Uimh. 188 de 1959].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar atá le Glanadh (Luimneach), 1959 [I.R. Uimh. 190 de 1959].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Srian le Gluaiseacht) (Luimneach), 1959 [I.R. Uimh. 191 de 1959].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Srian le Gluaiseacht) (An Cabhán agus Muineachán), 1959 [I.R. Uimh. 116 de 1959].


Na Rialacháin um Im Uachtarlainne (Tobhach) (Leasú), 1959 [I.R. Uimh. 133 de 1959].


Na Rialacháin Aeríoirt Neamhchustam (Réim Dlíthe a Leathnú) (Uimh. 2), 1959 [I.R. Uimh. 161 de 1959].


An tOrdú um an Dleacht ar Lasca Leictreachais a Fhionraí, 1959 [I.R. Uimh. 186 de 1959].


An tOrdú d’Fhorchur Dleachtanna (Iascghlae agus Geilitín Inite), 1959 [I.R. Uimh. 180 de 1959].


An tOrdú d’Fhorchur Dleachtanna (Sorcóirí Tuinsimh Gáis), 1959 [I.R. Uimh. 193 de 1959].


Na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Clárú agus Ceadúnú) (Leasú), 1959 [I.R. Uimh. 217 de 1959].


Na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Treoir-Mharcanna) (Leasú), 1959 [I.R. Uimh. 8 de 1959].


Na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Treoir-Mharcanna) (Leasú) (Uimh. 2), 1959 [I.R. Uimh. 107 de 1959].


Na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Treoir-Mharcanna) (Leasú) (Uimh. 3), 1959 [I.R. Uimh. 136 de 1959].


Na Rialacháin um na Post Office Savings Bank Regulations, 1921 (Leasú) 1959 (Dréacht) [I.R. Uimh. 64 de 1959].


An tOrdú um an Acht Ráthaíocht Stáit, 1954 (Leasú ar an Sceideal), 1959 (Dréacht) [I.R. Uimh. 49 de 1959].


An tOrdú um an Acht Ráthaíocht Stáit, 1954 (Leasú ar an Sceideal) (Uimh. 2), 1959 (Dréacht) [I.R. Uimh. 236 de 1959].


An tOrdú um an Aire Airgeadais (Gníomhaireacht), 1959.


An tOrdú um an Aire Oideachais (Gníomhaireacht), 1959.


An tOrdú um an Aire Tionscail agus Tráchtála (Gníomhaireacht), 1959.


An tOrdú um an Aire Rialtais Áitiúil (Gníomhaireacht), (Uimh. 2), 1959.


An tOrdú um an Aire Dlí agus Cirt (Gníomhaireacht) (Uimh. 2), 1959.


An tOrdú um an Acht Iompair, 1958 (alt 14 (6)), 1959 [I.R. Uimh. 135 de 1959].


An tOrdú um an Acht Iompair, 1958 (alt 14 (6)) (Uimh. 2), 1959 [I.R. Uimh. 166 de 1959].


An tOrdú um an Acht Iompair, 1958 (alt 14 (6)) (Uimh. 3), 1959 [I.R. Uimh. 167 de 1959].


An tOrdú fán Acht um Dhlínse Mhuirí, 1959 (Bunlínte Díreacha), 1959 [I.R. Uimh. 173 de 1959].


An tOrdú fán Acht um Dhlínse Mhuirí, 1959 (Cairteacha), 1959 [I.R. Uimh. 174 de 1959].


Na Rialacháin Loingis Tráchtála (Ainmneacha Long), 1959 [I.R. Uimh. 119 de 1959].


Scéim Aoisliúntais Bhord na Móna (Comhaltaí), 1959.


Rialacha na Comhairle Cláraitheachta (Comhdhéanamh agus Nós Imeachta) (Leasú), 1959 [I.R. Uimh. 197 de 1959].


Na Rialacháin Ghairm-Oideachais (Deontais i leith Scéimeanna Bliantúla Coistí), 1959 [I.R. Uimh. 218 de 1959].


Na Rialacháin fá na Rialacháin um Choistí Talmhaíochta (Tuarastail Oifigeach), 1952 (Leasú), 1959 [I.R. Uimh. 225 de 1959].


Na Rialacháin fá na Rialacháin um Choistí Talmhaíochta (Costais Taistil agus Liúntais agus Costais Chothabhála d’Oifigigh), 1956 (Leasú), 1959 [I.R. Uimh. 226 de 1959].


Na Rialacháin Foirgníochta (Sábháilteacht, Sláinte agus Leas), 1959 [I.R. Uimh. 227 de 1959].


An tOrdú d’Fhorchur Dleachtanna Leathán, Stiall agus Scragall Alúmanaim) (Leasú) (Uimh. 2), 1959 [I.R. Uimh. 224 de 1959].


Ordú na mBannaí Talún, 1959 [I.R. Uimh. 228 de 1959].


Na Rialacháin um Áitribh Oifige (Caighdeáin Shoilsiúcháin), 1959 [I.R. Uimh. 196 de 1959].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Dífhostaíochta) (Coinníoll Breise), 1959 [I.R. Uimh. 200 de 1959].


Na Rialacháin um Rialú Iomlaoide (Leasú), 1959 [I.R. Uimh. 140 de 1959].


Na Rialacháin um Rás-Rianta Con (Suimitheoir), 1960 [I.R. Uimh. 23 de 1960].


Rialacháin Óglaigh na hÉireann:—


Araíonacht, R.Ó.É. A.7—Leasuithe. Leasú Uimh. 25.


Na Rialacháin um Rialacháin an Gharda Síochána (Ceapacháin), 1945 (Leasú), 1959 [I.R. Uimh. 234 de 1959].


An tOrdú um Pá an Gharda Síochána (Uimh. 2), 1959 [I.R. Uimh. 146 de 1959].


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir leis an ionstraim seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann, meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


An tOrdú fán Acht um Scrúdóireacht Scannán, 1923 (Táillí a Leasú), 1959 [I.R. Uimh. 115 de 1959].


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.45 p.m.