Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1959 - 1960::07 December, 1960::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 7 Nollaig, 1960.

Wednesday, 7th December, 1960.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Cosgair (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Ó Deasmhumhnaigh, Mac Seoin, Ó Maoldhomhnaigh, agus Sheldon.


3. Rinne an Coiste breithniú.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1959-60.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1959-60. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, Árachas Sóisialach, Cúnamh Sóisialach agus Talmhaíocht.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh P. Ó Céadaigh (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh), S. de Nógla (Rúnaí, An Roinn Talmhaíochta), C. Ó Broin agus P. Mac Guill (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.40 p.m. go dtí 11 a.m., Déardaoin, 15 Nollaig, 1960.