Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1959 - 1960::15 December, 1960::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 15 Nollaig, 1960.

Thursday, 15th December, 1960.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Cosgair (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Mac Cuinneagáin, Mac Eochagáin, Mac Seoin, Tadhg Ó Loingsigh, Ó Tuathail agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1959-60.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1959-60. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, Poist agus Telegrafa, Forleathadh Neamhshreangach, Oifig an Aire Dlí agus Cirt, An Garda Síochána, Príosúin, An Chúirt Dúiche, An Chúirt Chuarda, An Chúirt Uachtarach agus an Ard-Chúirt Bhreithiúnais, Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas, Oifig na nAnnálacha Poiblí, agus An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Réamonn (Cathaoirleach, Na Coimisinéirí Ioncaim), L. Ó Broin (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa), S. Ó Buachalla (Rúnaí Cúnta, An Roinn Dlí agus Cirt), E. Suttle (Rúnaí agus Stiúrthóir na h Iniúchóireachta) S. Mac Gartoll (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.40 p.m.