Committee Reports::Report No. 03 - Statutory Instruments [15]::02 December, 1959::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 2 Nollaig, 1959.

Wednesday, 2nd December, 1959.

1. Chruinnigh an Coiste ar 5 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Briain (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Artúir, Nic Giolla Chomhghaill, Ó Murchadha agus Ó Riain.


3. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an seasca ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


An tOrdú um an Ordú Táirgí Talmhaíochta (Srian le hOnnmhairiú), 1956 (Leasú), 1959 [I.R. Uimh. 53 de 1959].


An tOrdú Caomhanta Éan Géim, 1959 [I.R. Uimh. 78 de 1959].


An tOrdú um Rás-Rianta Con (An Lá Ceaptha), 1959 [I.R. Uimh. 2 de 1959].


Na Rialacháin um Rás-Rianta Con (Ceadanna do Dhaoine a bheidh ag Comhlíonadh Dualgas Sonraithe), 1959 [I.R. Uimh. 10 de 1959].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Tástálacha Áirithe a Rialú), 1959 [I.R. Uimh. 102 de 1959].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Tastáil 14 Lá) (Leasú), 1959 [I.R. Uimh. 103 de 1959].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Díolacháin Phoiblí Bólachta a Rialú) (Contaetha Shligigh, an Chláir, na Gaillimhe, Liathdroma, Ros Comáin, Dhún na nGall agus Mhuigheo), 1959 [I.R. Uimh. 110 de 1959].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Límistéar atá le Glanadh) (An Cabhán agus Muineachán), 1959 [I.R. Uimh. 117 de 1959].


Na Rialacháin um Chruithneacht Inmheilte, 1959 [I.R. Uimh. 114 de 1959].


An tOrdú Cruithneachta, 1959 [I.R. Uimh. 123 de 1959].


Na Rialacháin um Ghorlanna Éanlaithe Clóis, 1959 [I.R. Uimh. 122 de 1959].


An tOrdú um Oibriú Cora Iascaigh (Uimh. 3), 1959 [I.R. Uimh. 88 de 1959].


Na Rialacháin um Abhainn na hÉirne (Iascaireacht ag Sealbhóirí Ceadúnas Speisialta Áitiúil), 1959 [I.R. Uimh. 90 de 1959].


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Séasúr Coiscthe), 1959.


An tOrdú um an Aire Dlí agus Cirt (Gníomhaireacht), 1959.


An tOrdú um an Acht Airí agus Rúraithe (Leasú), 1959 (An Lá Ceaptha), 1959 [I.R. Uimh. 124 de 1959].


An tOrdú um Pá an Gharda Síochána, 1959 [I.R. Uimh. 51 de 1959].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal Sníofa Abhrais Níolóin, Réóin agus Tirilín) (Eisiamh), 1959 [I.R. Uimh. 120 de 1959].


Scéim Óglaigh na hÉireann (Pinsin) (Leasú), 1959 [I.R. Uimh. 66 de 1959].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (An Tionscal Coisbhirt Chúitsiúic) (Eisiamh), 1959 [I.R. Uimh. 36 de 1959].


Na Rialacháin um Áitribh Oifige (Plódú), 1959 [I.R. Uimh. 30 de 1959].


Na Rialacháin um Áitribh Oifige (Teocht Íosta i Seomraí Oibre agus i Seomraí Éadaí), 1959 [I.R. Uimh. 31 de 1959].


Na Rialacháin um Áitribh Oifige (Áiseanna Sláintíochta), 1959 [I.R. Uimh. 32 de 1959].


Na Rialacháin um Áitribh Oifige (Saoráidí Níocháin), 1959 [I.R. Uimh. 33 de 1959].


Na Rialacháin um Áitribh Oifige (Cóiríocht d’Éadaí), 1959 [I.R. Uimh. 34 de 1959].


Na Rialacháin um Rialú Iomlaoide, 1959 [I.R. Uimh. 44 de 1959].


An tOrdú um Iompar, Breosla agus Cumhacht (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1959 [I.R. Uimh. 125 de 1959].


An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh), 1959 [I.R. Uimh. 77 de 1959].


An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Imdháil), 1959 [I.R. Uimh. 43 de 1959].


Na Rialacháin Aerfoirt Neamhchustam (Réim Dlíthe a Leathnú), 1959 [I.R. Uimh. 79 de 1959].


An tOrdú d’Fhorchur Dleachtanna (Leathán, Stiall agus Scragall Ailimíne), 1959 [I.R. Uimh. 17 de 1959].


An tOrdú d’Fhorchur Dleachtanna (Oinniúin Amha agus Seallóidí Amha), 1959 [I.R. Uimh. 4 de 1959].


An tOrdú d’Fhorchur Dleachtanna (Leathán, Stiall agus Scragall Ailimíne) (Leasú), 1959 [I.R. Uimh. 109 de 1959].


An tOrdú um an Dleacht ar Isingleas agus ar Gheilitín Inite a Fhionraí, 1959 [I.R. Uimh. 65 de 1959].


An tOrdú chun Onnmhaire a Rialú, 1959 [I.R. Uimh. 28 de 1959].


An tOrdú chun Onnmhaire a Rialú (Uimh. 2), 1959 [I.R. Uimh. 52 de 1959].


Barántas Leasaithe an Phoist Intíre (Uimh. 9), 1959 [I.R. Uimh. 46 de 1959].


Barántas Leasaithe an Phoist Choigríche (Uimh. 6), 1959 [I.R. Uimh. 47 de 1959].


Barántas an Bheart-Phoist Choigríche (Uimh. 4), 1959 [I.R. Uimh. 48 de 1959].


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buanchoimeád) (Uimh. 2), 1959.


An tOrdú Bainne (Praghas Mionreaca) (Ceantar Díola Bhaile Átha Cliath) (Leasú), 1959 [I.R. Uimh. 127 de 1959].


An tOrdú um Chiste na Nótaí Dlíthairgthe (Foirm Shócmhainne Bhreise), 1959 [I.R. Uimh. 92 de 1959].


Ordú Bhord Bainne Cheantar Chorcaighe (Lá Toghcháin, 1959), 1959 [I.R. Uimh. 76 de 1959].


An tOrdú um Ola-Thruailliú na Farraige (Tíortha an Choinbhinsiúin) (Ilghnéitheach), 1959 [I.R. Uimh. 69 de 1959].


An tOrdú Bainne (Praghas Mionreaca) (Ceantar Díola Chorcaighe), 1959 [I.R. Uimh. 73 de 1959].


An tOrdú Bainne (Praghas Mionreaca) (Ceantar Díola Bhaile Átha Cliath), 1959 [I.R. Uimh. 72 de 1959].


An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (An Dara Tréimhse Fhostaíochta), 1959 [I.R. Uimh. 93 de 1959].


Rialacháin na dTithe (Ranníocaí i leith Muirear Iasachtaí), 1959 [I.R. Uimh. 87 de 1959].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochair Fhorluiteacha) (Leasú), 1959 [I.R. Uimh. 131 de 1959].


An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (Tréimhse Fhostaíochta), 1959 [I.R. Uimh. 38 de 1959].


An tOrdú um Achtanna Tithe an Lucht Oibre (Foirmeacha) (Leasú), 1959 [I.R. Uimh. 24 de 1959].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Árachas) (Leasú), 1959 [I.R. Uimh. 9 de 1959].


Na Rialacháin um Paistéaradh (Bainne Deighilte) (Leasú Sealadach), 1959 [I.R. Uimh. 112 de 1959].


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buan-choimeád) (Uimh. 1), 1959.


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar an Roinn nó an údarás eile lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


Na Rialacháin um Límistéar an Fheabhail (Ceadúnas a Thabhairt ar Aird), 1959.


Scéim Aoisliúntas Fhoireann Ghaeltarra Éireann.


An tOrdú um Chiste an Gháis (Ranníoc), 1959 [I.R. Uimh. 54 de 1959].


An tOrdú um an Ordú Pá Thalmhaíochta (Rátaí Íosta), 1956 (Cúlghairm), 1959 [I.R. Uimh. 19 de 1959].


An tOrdú Pá Thalmhaíochta (Rátaí Íosta), 1959 [I.R. Uimh. 19 de 1959].


Na Rialacháin Teileafóin, 1959 [I.R. Uimh. 118 de 1959].


(iii) Ordaíodh: Go n-iarrfar ar an Roinn Talmhaíochta meabhrán a chur isteach á insint an féidir na rialacháin go léir faoi thástáil bólachta faoin Scéim chun Eitinn Bhólachta a Scriosadh a chur san aon ionstraim amháin.


4. Athlá.


Chuaigh an Choiste ar athló ar 5.25 p.m.