Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1958 - 1959::06 January, 1960::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 6 Eanáir, 1960.

Wednesday, 6th January, 1960.

1. Chruinnigh an Coiste at 3 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Cosgair (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Seán de Brún, Micheál Mac Cárthaigh, Mac Cuinneagáin, Mac Seoin, Ó Maoldhomhnaigh agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1958-59.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1958-59. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—An Dánlann Náisiúnta, Scéimeanna Fostaíochta agus Éigeandála, Gnóthaí Eachtracha, Comhar Idirnáisiúnta agus Talmhaíocht.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. Mac Riabhaigh (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), R. Ó hÉigeartuigh (Stiúrthóir, Scéimeanna Fostaíochta agus Éigeandála) C. Ó Creimín (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), S. de Nógla (Rúnaí, An Roinn Talmhaíochta), Máire Bhreathnach, C. Ó Broin agus S. Mac an Airchinnigh (An Roinn Airgeadais) agus Rúnaí agus Stiúrthóir na hIniúchóireachta.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.40 p.m.