Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1958 - 1959::20 January, 1960::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 20 Eanáir, 1960.

Wednesday, 20th January, 1960.

1. Chruinnigh an Coiste ar 3 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Cosgair (i gCeannas), na Teachtaí Seán de Brún, Mac Seoin, Ó Tuathail agus Sheldon.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1958-59.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1958-59. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Poist agus Telegrafa, Forleathadh Neamhshreangach, Tailte, Foraoiseacht agus Iascach.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh L. Ó Broin (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa), T. Ó Briain (Rúnaí, An Roinn Tailte), Máire Ní Chadhla agus P. Mac Guill (An Roinn Airgeadais) agus Rúnaí agus Stiúrthóir na hIniúchóireachta.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.15 p.m. go dtí 3 p.m. Dé Céadaoin seo chugainn.